Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1229

    Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

    PE/33/2021/REV/1

    IO L 274, 30.7.2021, p. 1–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1229/oj

    30.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 274/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/1229 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Iúil 2021

    maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus an chéad mhír d’Airteagal 322 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 11 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” ina cuireadh treochlár i láthair ina leagtar amach straitéis fháis nua don Eoraip agus cuspóirí uaillmhianacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an comhshaol a chosaint. I gcomhréir leis an gcuspóir sprioc aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, ar bhealach a bheidh éifeachtach agus cóir go sóisialta, fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir ann, lena soláthrófaí achmhainní chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an phróisis aistrithe i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030 agus an chuspóra Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050, ag an am céanna, gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Is iad na réigiúin agus na daoine is leochailí is mó a bhíonn neamhchosanta ar thionchar díobhálach an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil. Ginfidh an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach deiseanna nua eacnamaíocha, agus poitéinseal nach beag ann poist a chruthú, go háirithe i gcríocha atá ag brath ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Féadfaidh sé rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh agus leis an athléimneacht freisin. D’fhéadfadh an t-aistriú costais ghearrthéarmacha shóisialta agus eacnamaíocha a spreagadh i gcríocha ina bhfuil próiseas um dícharbónú mór ar bun, áfach, críocha atá lagaithe cheana féin ag éifeachtaí suaiteacha eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19.

    (2)

    Beidh athruithe struchtúracha móra ag teastáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon chun an t-aistriú a bhainistiú. Chun go n-éireoidh leis an aistriú, ní mór neamhionannais a laghdú leis an aistriú, éifeacht ghlan fostaíochta a chruthú leis, le poist nua ardcháilíochta, agus ní mór dó a bheith cóir agus inghlactha go sóisialta do gach duine, agus an t-iomaíochas á threisiú ag an am céanna. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach gur féidir tacú leis na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca na haistrithe, go háirithe réigiúin mianadóireachta guail, chun a ngeilleagair áitiúla a éagsúlú agus a athbheochan agus chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe a chruthú do na hoibrithe a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu.

    (3)

    An 14 Eanáir 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal “Plean Infheistíochta don Eoraip - Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip”, inar bheartaigh sé Sásra um Aistriú Cóir atá dírithe ar na réigiúin agus ar na hearnálacha ina n-imreoidh an t-aistriú an tionchar is mó mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, amhail gual, móin agus sceall ola, nó a spleáchas ar phróisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, ach a bhfuil cumas níos lú acu na hinfheistíochtaí is gá a mhaoiniú. Dearbhaíodh chomh maith sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020 go gcruthófaí Sásra um Aistriú Cóir. Tá trí cholún sa Sásra um Aistriú Cóir: Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, Scéim Thiomnaithe um Aistriú Cóir faoi InvestEU, agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí chun infheistíochtaí breise a fhorscaoileadh sna réigiúin lena mbaineann. Leis na trí cholún sin, tugtar tacaíocht chomhlántach do na réigiúin sin, d’fhonn an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach faoi 2050 a chothú.

    (4)

    Chun clársceidealú agus cur chun feidhme CUAC a fheabhsú, bunófar pleananna críochacha um aistriú cóir, ina leagfar amach príomhchéimeanna agus amlíne phróiseas an aistrithe agus ina sainaithneofar na críocha is mó a ndéanfaidh an t-aistriú go geilleagar aeráid-neodrach difear dóibh agus a bhfuil inniúlacht níos lú acu dul i ngleic le dúshláin an aistrithe. Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir le hullmhú i gcomhar leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus beidh na comhpháirtithe ábhartha uile rannpháirteach iontu i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Féadfar iad a leasú, mar aon leis na cláir chomhfhreagracha arna dtacú ag CUAC, i gcomhréir le forálacha Airteagal 24 den Rialachán sin, chun críocha nua a chur san áireamh, a mbeadh tionchar an-mhór ag an aistriú aeráide orthu ar bhealach nach rabhthas ag súil leis tráth ar glacadh ar dtús iad.

    (5)

    Ba cheart saoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) a bhunú. Is í an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir í, arb é is aidhm di tacú le heintitis earnál poiblí infheistíochtaí a dhéanamh, i bhfianaise an phríomhróil atá ag an earnáil phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sin na riachtanais forbartha a eascraíonn as na dúshláin aistrithe a chomhlíonadh, dúshláin a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoi mar atá formheasta ag an gCoimisiún. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a bhfuiltear ag brath orthu le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid a bheith comhsheasmhach agus comhlántach le gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin dá cholún eile den Sásra um Aistriú Cóir. Chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 (“CAI 2021-2027”) a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6), ba cheart an tSaoráid a bhunú ar feadh tréimshe 7 mbliana.

    (6)

    Chun cur le comhtháthú agus éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu, ba cheart raon leathan infheistíochtaí inbhuanaithe a chumhdach leis an tSaoráid, ar choinníoll go rannchuidíonn infheistíochtaí den sórt sin le riachtanais forbartha na gcríoch seo a chomhlíonadh, ar riachtanais iad atá mar thoradh ar an aistriú i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030, arna bhunú i Rialachán (AE) 2021/1119, agus le hAontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a thuairiscítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Chun éifeachtacht na Saoráide a fheabhsú, ba cheart, faoin tSaoráid, an fhéidearthacht a bheith ann tacú le tionscadail incháilithe ar cuireadh tús le céim an chur chun feidhme maidir leo sular cuireadh an t-iarratas isteach go dtí an tSaoráid ag tairbhithe. Níor cheart go dtacófar leis an tSaoráid le hinfheistíochtaí lena chumhdaítear aon cheann de na gníomhaíochtaí a eisiatar faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2012/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ach féadfar a chumhdach leis infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite agus i soghluaisteacht ghlas agus inbhuanaithe, lena n-áirítear hidrigin ghlas a chur chun cinn, líonraí éifeachtúla le haghaidh téamh ceantair, taighde poiblí, an digiteáil, i mbonneagar comhshaoil don bhainistíocht chliste dramhaíola agus uisce, agus féadfar a chumhdach leis fuinneamh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta lánpháirtithe, lena n-áirítear athchóiriú agus athnuachan foirgneamh, athnuachan agus athghiniúint uirbeach, an aistriú chuig geilleagar ciorclach, athchóiriú agus dí-éilliú talún agus éiceachóras, agus an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” á chur san áireamh, an bhithéagsúlacht, chomh maith le huas-sciliú agus hathsciliú, bonneagar oiliúna agus sóisialta, lena n-áirítear saoráidí cúraim agus tithíocht shóisialta.

    (7)

    D’fhéadfaí a áireamh ar fhorbairtí bonneagair tionscadail trasteorann agus réitigh as a dtiocfaidh athléimneacht fheabhsaithe chun seasamh in aghaidh tubaistí éiceolaíocha chomh maith, go háirithe na tubaistí sin a thugtar chun suntais leis an athrú aeráide. Ba cheart tús áite a thabhairt do chur chuige infheistíochta cuimsitheach, go háirithe le haghaidh críocha a bhfuil riachtanais aistrithe thábhachtacha acu. D’fhéadfaí tacú le hinfheistíochtaí in earnálacha eile freisin dá mbeidís comhsheasmhach leis na pleananna críochacha um aistriú cóir a formheasadh. Trí thacú le hinfheistíochtaí nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, ba cheart, leis an tSaoráid, go mbeadh sé d’aidhm na hacmhainní breise is gá a sholáthar d’eintitis earnála poiblí, acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chríochacha, shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascróidh as an gcoigeartú mar gheall ar an aistriú. Chun cabhrú le hinfheistíochtaí atá incháilithe faoin Saoráid agus ag a bhfuil tionchar mór dearfach comhshaoil, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a shainaithint, ba cheart don Choimisiún tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh aige ar an tSaoráid. Ba cheart do na comhpháirtithe airgeadais uile úsáid a bhaint, i gcás inarb infheidhme, as tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” chun foráil do thrédhearcacht maidir le tionscadail inbhuanaithe.

    (8)

    Ba cheart go ndéanfaí urraim do chearta bunúsacha agus comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú, agus, go háirithe, ba cheart comhionannas inscne a áirithiú, de réir mar is iomchuí, i rith ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na dtionscadal incháilithe faoin tSaoráid. Sa tslí chéanna, ba cheart do na tairbhithe agus don Choimisiún aon idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a sheachaint le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na dtionscadal incháilithe. Ba cheart cuspóirí na Saoráide a shaothrú i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (8) (“Comhaontú Pháras”) agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

    (9)

    Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (10)

    Ba cheart, leis an tSaoráid, tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas arna gcur ar fáil ag an Aontas mar aon le hiasachtaí arna gcur ar fáil ag comhpháirtí airgeadais i gcomhréir lena rialacha, a mbeartais agus a nósanna imeachta maidir le hiasachtú. Ba cheart imchlúdach airgeadais na comhpháirte deontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún trí bhainistíocht indíreach, a bheith i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais, i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart an saghas sin maoinithe a bheith ina chuidiú le tionscnóirí tionscadail a spreagadh chun rannpháirtiú i gcuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus chun cur leo i mbealach éifeachtúil i gcomparáid le méid na hiasachta. Ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta (“BEI”) an chomhpháirt iasachta a sholáthar. Ba cheart fhéidearthacht a bheith ann, an tSaoráid a leathnú freisin chun chur ar chumas comhpháirtithe airgeadais eile an chomhpháirt iasachta a sholáthar, i gcás ina gcuirtear acmhainní breise ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais nó i gcás ina bhfuil sí ag teastáil do cur chun feidhme cuí na saoráide. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin rún an tSaoráid a leathnú agus comhpháirtithe airgeadais breise a roghnú, ag cur san áireamh a gcumas cuspóirí na Saoráide a chomhlíonadh, chun rannchuidiú le hacmhainní dílse agus chun cumhdach geografach iomchuí a áirithiú.

    (11)

    Ba cheart comhaontuithe riaracháin a shíniú idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe airgeadais. Ba cheart na socruithe cur chun feidhme chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar na tionscadail a leagan amach sna comhaontuithe sin, chomh maith le cearta sonracha agus oibleagáidí gach páirtí faoi seach, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le hiniúchtaí, tuairisciú agus cumarsáid. Ba cheart go n-áireofaí leis na socruithe cumarsáide„ go háirithe, oibleagáid maidir le faisnéis a fhoilsiú i ndáil le gach tionscadal nó scéim iasachta ar leith a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid.

    (12)

    Trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta na gcríoch is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca na haistrithe aeráide, ba cheart don tSaoráid a bheith ina rannchuidiú tábhachtach chun gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú. Dá bhrí sin, cabhróidh acmhainní ó chomhpháirt deontais na Saoráide leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach a mhéid céanna le CUAC.

    (13)

    Ba cheart EUR 250 000 000 den chomhpháirt deontais a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus ba cheart é sin a bheith ina shuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo achmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (14)

    Ba cheart EUR 275 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide a mhaoiniú le haisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Eascraíonn an t-ioncam sin as cláir a bhfuil deireadh curtha leo gan beann ar an tSaoráid agus ba cheart é a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar phointe (f) d’Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE.

    (15)

    Ba cheart EUR 1 000 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide a mhaoiniú le barrachas ionchasach an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart maolú a dhéanamh ó phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, lena mbeartaítear oibleagáid maidir le haon bharrachas soláthairtí le haghaidh ráthaíocht buiséadach a chur ar ais sa bhuiséad, chun an barrachas sin a shannadh don tSaoráid. Ba cheart an t-ioncam sannta sin a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar phointe (f) Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE.

    (16)

    I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, féadfar na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta seachtrach a thabhairt ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gclár comhleanúnach nó chuig an ngníomhaíocht chomhleanúnach. Leis an bhforáil sin ceadaítear sceideal ilbhliantúil an ioncaim shannta a mheaitseáil le bealach cur chun feidhme na dtionscadal arna maoiniú ag an tSaoráid.

    (17)

    Ba cheart foráil a dhéanamh d’acmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach freisin chun ullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal a chur chun cinn chomh maith le hullmhú tionscadal go luath sula dtíolacfaidh an tairbhithe an t-iarratas chuig an tSaoráid. Ba cheart sciar de na hacmhainní sin a dhíriú ar tacaíocht a thabhairt d’inniúlacht inginiúil na dtairbhithe chun inbhuanaitheacht na dtionscadal incháilithe a áirithiú.

    (18)

    Chun a áirithiú go mbeidh gach Ballstát in ann tairbhe a bhaint as an gcomhpháirt deontais, ba cheart sásra a bhunú chun sciartha náisiúnta a leithdháileadh roimh ré le linn na chéad chéime, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1056. Chun an cuspóir sin a thabhairt chun réitigh leis an ngá le héifeacht eacnamaíoch na Saoráide agus cur chun feidhme na Saoráide a optamú, áfach, níor cheart na sciartha náisiúnta sin a leithdháileadh roimh ré le haghaidh na tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2025. Ina dhiaidh sin, ba cheart na hacmhainní atá fágtha agus atá ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais a sholáthar gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais, agus san am céanna tuarthacht na hinfheistíochta a áirithiú agus cur chuige a bhunófar ar riachtanais chomh maith lena bheith ina chóineasú réigiúnach a leanúint.

    (19)

    Ba cheart na coinníollacha incháilitheachta sonracha agus critéir dhámhachtana sonracha a leagan amach sa chlár oibre agus sa ghlao ar thograí. Sna coinníollacha incháilitheachta agus sna critéir dhámhachtana sin ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh: ábharthacht an tionscadail i gcomhthéacs na riachtanas forbartha a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir, an cuspóir foriomlán cóineasú réigiúnach agus críochach a chur chun cinn agus suntas na comhpháirte deontais maidir le hinmharthanacht an tionscadail. Ina theannta sin, ba cheart do na cláir oibre critéir dhámhachtana a shocrú i gcás nach mbeadh acmhainní leordhóthanach chun tacú le tionscadail incháilithe. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha, do thionscadail a chuireann go díreach le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus do thionscadail arna gcur chun cinn ag eintitis phoiblí a bhfuil pleananna dícharbónaithe glactha acu de réir ordlathas comhfhreagrach na gcritéar sin, nuair is infheidhme sin. Níor cheart Tacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid a bheith ar fáil ach do na Ballstáit ar formheasadh plean críochach amháin um aistriú cóir dá gcuid ar a laghad. Sa chlár oibre agus sna glaonna ar thograí, ba cheart a chur san áireamh freisin na pleananna críochacha um aistriú cóir a chuirfidh na Ballstáit isteach chun comhleanúnachas a áirithiú thar cholúin dhifriúla an tSásra. Le go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag an tSaoráid, níor cheart go bhfaigheadh tionscadail aonair a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais, seachas chun tionscadail a ullmhú. I gcás oibríochtaí atá comhdhéanta de thionscadail inaitheanta ar leithligh, is féidir tacú leis na tionscadail sin le cláir éagsúla de chuid an Aontais, áfach, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta is infheidhme.

    (20)

    Chun éifeachtacht chúnamh an Aontais a bharrfheabhsú agus chun cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha, níor cheart tacaíocht a sholáthar faoin tSaoráid ach do thionscadail nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach. Gan aistrithe buiséadacha a chur san áireamh, ba cheart an t-ioncam sin a bheith ag teacht leis an ioncam a ghintear go díreach trí na gníomhaíochtaí a dhéantar sa tionscadal, amhail díolachán, táillí nó dolaí agus coigilteas incriminteach a ghintear trí shócmhainní atá ann cheana a uasghrádú.

    (21)

    Toisc gur cheart riachtanais forbartha éagsúla na réigiún ó Bhallstát go chéile a chur san áireamh sa chomhpháirt deontais, ba cheart an tacaíocht sin a choigeartú, i bhfabhar na réigiún beagfhorbartha. Agus é á chur san áireamh gur gnách go mbíonn acmhainneacht infheistíochta poiblí níos lú ag eintitis earnála poiblí i réigiúin bheagfhorbartha, ba cheart do na rátaí deontais a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtaí a sholáthraítear do na heintitis sin a bheith níos airde i gcomparáid le réigiúin eile.

    (22)

    Chun cur chun feidhme éifeachtach na Saoráide a áirithiú, féadfar gá a bheith ann le tacaíocht chomhairleach a sholáthar maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil trí Mhol Comhairleach InvestEU do thionscadail incháilithe agus chun tionscadail a ullmhú sula gcuirfear na hiarratais isteach, agus aird ar leith á tabhairt ar thairbhithe a bhfuil acmhainneacht riaracháin níos ísle acu nó atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann tacaíocht den sórt sin a dheonú freisin faoi chláir eile de chuid an Aontais.

    (23)

    Chun éifeachtacht na Saoráide a thomhas, a hacmhainneacht na cuspóirí a bhaint amach a thomhas agus tacú leis an ullmhúchán chun go bhféadfaí fad a chur léi níos faide anonn ná 2027, ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht chríochnaitheach a dhéanamh, lena n áirítear measúnú ar an bhféidearthacht forálacha maidir le measúnú tionchair inscne a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, agus ba cheart dó na tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12) ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, a sheachaint.

    (24)

    Chun an cur chun feidhme a bhrostú agus chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní go tráthúil, ba cheart coimircí sonracha atá le háireamh sna comhaontuithe deontais a leagan síos leis an Rialachán seo. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith ábalta aon tacaíocht ón Aontas a laghdú nó a fhoirceannadh i gcás ina mbíonn easpa tromchúiseach dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscadail. Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an tSaoráid. Chun comhleanúnachas a áirithiú agus cláir chistiúcháin an Aontais á gcur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gcomhpháirt deontais agus le hacmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach faoin tSaoráid.

    (25)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (16), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear an chalaois, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i leith na mBallstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (26)

    Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus dul chun cinn na Saoráide. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (27)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le cláir oibre agus leis na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le comhpháirtithe airgeadais seachas BEI a roghnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    (28)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon go rachadh sé chun tairbhe na gcríoch is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca an aistrithe i dtreo aeráid-neodracht trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha comhfhreagracha trí bhíthin infheistíochtaí poiblí a ghiaráil, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, i ngeall ar na deacrachtaí a bhíonn ag eintitis phoiblí tacú le hinfheistíochtaí nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, agus ós rud é gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an ngá le creat comhleanúnach cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta faoi mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Bunaítear leis an Rialachán seo an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) do ré CAI 2021-2027, i dtacaíocht le heintitis earnála poiblí trí dheontais ó bhuiséad an Aontais a chónascadh le hiasachtaí a bhronn na comhpháirtithe airgeadais, agus leagtar amach ann cuspóirí na Saoráide. Leagtar síos leis rialacha le haghaidh chomhpháirt deontais na Saoráide, agus na nithe seo a leanas á gcumhdach go sonrach: a buiséad, foirmeacha na tacaíochta ón Aontas agus forálacha maidir le hincháilitheacht.

    Soláthrófar leis an tSaoráid tacaíocht a rachaidh chun sochair chríocha de chuid an Aontais a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascróidh as an aistriú i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030 agus i dtreo an chuspóra Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “comhaontú riaracháin” ionstraim dlí lena mbunaítear an creat comhair idir an Coimisiún agus comhpháirtí airgeadais, creat lena leagtar amach na cúraimí agus na freagrachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na Saoráide i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (2)

    ciallaíonn “tairbhí” eintiteas dlítheanach arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí, nó mar chomhlacht arna rialú ag an dlí phríobháideach agus ar a gcuirtear misean seirbhíse poiblí de chúram air, ar shínigh an Coimisiún comhaontú deontais faoin tSaoráid leis;

    (3)

    ciallaíonn “comhpháirtithe airgeadais” BEI, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear institiúidí príobháideacha airgeadais, a shíníonn an Coimisiún comhaontú riaracháin leo chun oibriú i gcomhar leo laistigh den tSaoráid;

    (4)

    ciallaíonn “tionscadal” aon ghníomhaíocht atá sainaitheanta ag an gCoimisiún mar cheann incháilithe do thacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid, atá beartaithe ann féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, a bhfuil cuspóir réamhshainithe leis agus lena mbaineann tréimhse shocraithe inar ghá é a chur chun feidhme agus a thabhairt chun críche;

    (5)

    ciallaíonn “plean críochach um aistriú cóir” plean arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 agus arna fhormheas ag an gCoimisiún;

    (6)

    ciallaíonn “scéim iasachta” iasacht arna bronnadh ag comhpháirtithe airgeadais ar thairbhí a bhfuil mar aidhm léi roinnt tionscadal réamhchinntithe a mhaoiniú faoin tSaoráid;

    (7)

    ciallaíonn “réigiún beagfhorbartha” réigiún beagfhorbartha dá dtagraítear in Airteagal 108(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    1.   Is é cuspóir ginearálta na Saoráide aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus an cuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, (an Dlí Aeráide Eorpach), agus é sin a dhéanamh chun tairbhe chríocha an Aontais a aithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

    2.   Is é is cuspóir sonrach don tSaoráid, infheistíochtaí ón earnáil phoiblí, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais forbartha na gcríoch a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir a mhéadú, trí mhaoiniú na dtionscadal nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach a éascú, d’fhonn cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha.

    3.   Agus iarracht á déanamh an cuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 2 a shaothrú, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo freisin a áirithiú go soláthrófar tacaíocht chomhairleach maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal incháilithe i gcás inar gá, lena n-áirítear tacaíocht maidir le tionscadail a ullmhú sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Soláthrófar an tacaíocht chomhairleach sin i gcomhréir leis na rialacha agus modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mhol Comhairleach InvestEU a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

    Airteagal 4

    Prionsabail chothrománacha

    1.   Déanfar urraim do chearta bunúsacha agus do comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, comhionannas inscne a áirithiú, de réir mar is iomchuí, le linn ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht tionscadal incháilithe.

    2.   Seachnóidh na tairbhithe agus an Coimisiún aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach le linn chur chun feidhme na Saoráide. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, i gcás inarb ábhartha, a chur san áireamh le linn ullmhú agus chur chun feidhme tionscadal incháilithe.

    3.   Saothrófar cuspóirí na Saoráide i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an prionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”, Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

    Airteagal 5

    Buiséad

    1.   Gan dochar do na hacmhainní breise a leithdháileadh i mbuiséad an Aontais le haghaidh na tréimhse 2021-2027, maoineofar an chomhpháirt deontais faoin tSaoráid ó na foinsí seo a leanas:

    (a)

    acmhainní ó bhuiséad an Aontais, ar mhéid arb ionann é agus EUR 250 000 000 i bpraghsanna reatha, agus

    (b)

    ioncam sannta dá dtagraítear i mír 2 suas le huasmhéid EUR 1 275 000 000 i bpraghsanna reatha.

    2.   Soláthrófar an t-ioncam sannta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 trí aisíocaíochtaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, suas le huasmhéid EUR 275 000 000, agus ó bharrachas an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017, suas le huasmhéid EUR 1 000 000 000.

    3.   Féadfar na hacmhainní agus an t-ioncam sannta dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó chomhlachtaí nach comhlachtaí a bunaíodh faoi CFAE nó faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach iad. Ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais sin.

    4.   De mhaolú ar phointe (f) d’Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as na haisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagail seo. De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as barrachas soláthair do rathaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagail seo.

    5.   Féadfar méid suas le 2 % de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin le haghaidh cur chun feidhme na Saoráide, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchta agus meastóireachta, lena n-áirítear i dtaca le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, chomh maith le caiteachais riaracháin agus táillí na gcomhpháirtithe airgeadais.

    6.   Soláthrófar acmhainní suas le méid arb ionann é agus EUR 35 000 000 agus a áirítear iontu siúd dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(3), as a dtacóidh EUR 10 000 000 ar a laghad le hacmhainn riaracháin na dtairbhithe, go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha.

    7.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha do ghníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla a íocfar thar thréimhse roinnt blianta.

    CAIBIDIL II

    TACAÍOCHT ÓN AONTAS

    Airteagal 6

    Foirm na tacaíochta ón Aontas agus modh cur chun feidhme

    1.   Déanfar tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid a sholáthar i bhfoirm deontas i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    2.   Cuirfear tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 7

    Infhaighteacht acmhainní

    1.   Úsáidfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3), tar éis soláthar a asbhaint le haghaidh caiteachas teicniúil agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5(5), chun tionscadail a mhaoiniú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

    2.   Maidir le deontais a dámhadh de bhun glaonna ar thograí a fhoilseofar tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, ní rachaidh tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe i mBallstát thar na sciartha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1056.

    3.   Maidir le deontais arna ndámhachtain de bhun glaonna ar thograí a foilseofar amhail ón 1 Eanáir 2026, soláthrófar tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais go dtí go n-ídeofar na hacmhainní atá fós ann. Agus na deontais sin á ndámhachtain, cuirfear san áireamh an gá le hintuarthacht infheistíochta agus le cur chun cinn an chóineasaithe réigiúnaigh a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin bheagfhorbartha, i gcomhréir leis na critéir dhámhachtana dá bhforáiltear in Airteagal 14(2).

    Airteagal 8

    Comhaontuithe riaracháin le comhpháirtithe airgeadais

    Roimh chur chun feidhme na Saoráide le comhpháirtí airgeadais, síneoidh an Coimisiún agus an comhpháirtí airgeadais comhaontú riaracháin. Leagfar amach sa chomhaontú cearta agus oibleagáidí faoi seach gach páirtí sa chomhaontú, lena n-áirítear socruithe iniúchóireachta agus cumarsáide, ar a n-áireofar, go háirithe, an oibleagáid maidir le faisnéis a fhoilsiú do gach tionscadal a mhaoinítear tríd an tSaoráid agus raon feidhme na scéimeanna iasachta.

    CAIBIDIL III

    INCHÁILITHEACHT

    Airteagal 9

    Tionscadail incháilithe

    1.   Is iad na tionscadail a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir, agus na tionscadail sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta ón Aontas faoin tSaoráid:

    (a)

    bíonn tionchar intomhaiste ag na tionscadail agus áirítear orthu táscairí aschuir, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus an cuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí agus rachaidh siad chun tairbhe na gcríoch a sainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir, fiú mura bhfuil na tionscadail lonnaithe sna críocha sin;

    (b)

    ní fhaigheann na tionscadail tacaíocht faoi aon chlár eile de chuid an Aontais;

    (c)

    faigheann na tionscadail iasacht ó chomhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid; agus

    (d)

    ní ghineann na tionscadail sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, d’fhonn cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha;

    2.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh tionscadail a fhaigheann tacaíocht an Aontais faoin tSaoráid tacaíocht chomhairleach agus cúnaimh theicniúil a fháil ó chláir eile de chuid an Aontais freisin chun iad a ullmhú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

    3.   Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí atá eisiata faoi Airteagal (9) de Rialachán (AE) 2021/1056.

    Airteagal 10

    Daoine agus eintitis incháilithe

    D’ainneoin na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad na heintitis dhlítheanacha arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí nó mar chomhlacht arna rialú ag an dlí phríobháideach agus ar cuireadh misean seirbhíse poiblí de chúram air, agus iadsan amháin, a bheidh incháilithe le hiarratas a dhéanamh mar thairbhithe féideartha faoin Rialachán seo.

    CAIBIDIL IV

    DEONTAIS

    Airteagal 11

    Deontais

    1.   Beidh deontais i bhfoirm maoinithe nach mbeidh nasctha le costais, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    2.   Ní rachaidh méid an deontais thar 15 % de mhéid na hiasachta a sholáthróidh an comhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid. Maidir le tionscadail lonnaithe i gcríocha réigiún beagfhorbartha, ní rachaidh méid an deontais thar 25 % de mhéid na hiasachta a sholáthróidh an comhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid.

    3.   Féadfar íocaíochtaí deontais arna ndámhachtain a roinnt ina dtráthchodanna éagsúla nasctha le dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcur chun feidhme de réir mar a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

    Airteagal 12

    Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh

    1.   De bhreis ar na forais a shonraítear in Airteagal 131(4) den Rialachán Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfaidh an Coimisiún méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh mura síneofar, laistigh de 2 bhliain ó dháta sínithe an chonartha deontais, an conradh soláthair, an conradh oibreacha nó an conradh seirbhísí is suntasaí go heacnamaíoch, i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe an conradh sin a thabhairt i gcrích de bhun an chomhaontaithe deontais.

    2.   Nuair a dhéantar tacaíocht ón Aontas a chomhcheangal le scéimeanna iasachta nó nuair nach bhfuil conradh soláthair, conradh oibreacha ná conradh seirbhíse beartaithe, níl feidhm ag mír 1.

    I gcásanna den sórt sin, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfaidh an Coimisiún méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh, agus féadfaidh sé aon mhéid gaolmhar a ghnóthú, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

    CAIBIDIL V

    SEIRBHÍSÍ UM THACAÍOCHT CHOMHAIRLEACH

    Airteagal 13

    Seirbhísí um thacaíocht chomhairleach

    1.   Faoin Rialachán seo cuirfear tacaíocht chomhairleach chun feidhme le bainistiú indíreach, i gcomhréir leis na rialacha agus na modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mhol Comhairleach InvestEU.

    2.   Beidh na gníomhaíochtaí is gá chun tacú le hullmhú, le forbairt agus le cur chun feidhme tionscadal incháilithe le haghaidh tacaíocht chomhairleach agus maoineofar iad i gcomhréir le hAirteagal 5(6).

    CAIBIDIL VI

    CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 14

    Cláir oibre

    1.   Cuirfear an tSaoráid chun feidhme le cláir oibre arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Áireofar sna cláir oibre critéir dhámhachtana a chuirtear i bhfeidhm aon uair a sháródh an tacaíocht deontais iomlán incháilithe na hacmhainní atá ar fáil. Áireofar leis na critéir sin, i gcás inarb infheidhme, na tosaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    tionscadail arna gcur chun cinn ag tairbhithe atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha

    (b)

    tionscadail a rannchuidíonn go díreach le gnóthú spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus leis an gcuspóir Aontais aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí; agus

    (c)

    tionscadail arna gcur chun cinn ag tairbhithe a ghlac pleananna don dícharbónú.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20.

    Airteagal 15

    Comhpháirtithe airgeadais a roghnú cé is moite de BEI

    1.   Leagfaidh an Coimisiún amach na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun comhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI a roghnú trí bhithín ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20.

    2.   Léireofar cuspóirí na Saoráide leis na coinníollacha maidir le comhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI a roghnú.

    3.   Go háirithe, nuair a bheidh an Coimisiún ag roghnú na comhpháirtithe airgeadais, cuirfidh sé acmhainneacht comhpháirtithe airgeadais féideartha san áireamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    chun a áirithiú go mbeidh a mbeartas maidir le hiasachtaí i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais agus le spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus leis an gcuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050;

    (b)

    chun rannchuidiú le hacmhainní dílse leordhóthanacha chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag an deontas ón Aontas;

    (c)

    chun a áirithiú go mbeidh cumhdach geografach iomchuí ar an tSaoráid agus chun maoiniú tionscadal aonair níos lú a cheadú;

    (d)

    chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 155(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach, imghabháil cánach agus dlínsí neamh-chomhoibríocha a chur chun feidhme go hiomlán;

    (e)

    chun trédhearcacht agus infheictheacht leordhóthanach a áirithiú maidir le gach tionscadal a mhaoinítear tríd an tSaoráid.

    4.   Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhpháirtithe airgeadais a roghnaíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    Airteagal 16

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   In Iarscríbhinn II leagtar amach eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus dhul chun cinn na Saoráide maidir le baint amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí maidir leis na táscairí dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Cuirfidh tairbhithe agus comhpháirtithe airgeadais na sonraí maidir leis na táscairí sin ar fáil don Choimisiún i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais agus riaracháin, faoi seach.

    3.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain féilire, ag tosú le 2022, eiseoidh an Coimisiún tuairisc faoi chur chun feidhme na Saoráide. Sa tuairisc sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le leibhéal chur chun feidhme na Saoráide i ndáil lena cuspóirí, lena coinníollacha agus lena táscairí feidhmíochta.

    4.   I gcás ina bhfaightear sa tuairisc mheastóireachta eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 17(2) nach gceadaítear measúnú cuí ar an tSaoráid leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na heochairtháscairí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.

    Airteagal 17

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na Saoráide agus ar an acmhainneacht atá aici na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach ar bhealach sách tráthúil chun gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh.

    2.   Déanfar meastóireacht eatramhach faoin 30 Meitheamh 2025 agus cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mheastóireacht eatramhach sin. Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar:

    (a)

    an méid a rannchuidigh an tacaíocht ón Aontas a soláthraíodh faoin tSaoráid le riachtanais na gcríoch a chuireann na pleananna críochacha um aistriú cóir chun feidhme;

    (b)

    an gcaoi ar cuireadh na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 4 san áireamh;

    (c)

    a riachtanaí atá sé measúnú tionchair inscne a dhéanamh;

    (d)

    chur i bhfeidhm na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 9 agus ar an gcaoi ar cuireadh na hoibleagáidí infheictheachta i bhfeidhm;

    (e)

    an méid a rannchuidigh an tSaoráid leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) freisin, ar bhonn na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid, agus na critéir scagtha is infheidhme dá bhforáiltear sa Rialachán sin á gcur san áireamh.

    Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil meastóireachta eatramhaí, ina gcuirfear san áireamh, go háirithe, coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na coinníollacha incháilitheachta.

    3.   Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir le torthaí agus tionchar fadtéarmach na Saoráide a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar na nithe a leagtar amach i mír 2 a mheas freisin.

    Airteagal 18

    Iniúchtaí

    1.   Is Iniúchtaí ar úsáid na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, lena n-áirítear iniúchtaí a rinne daoine nó eintitis seachas iad siúd a bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, a bheidh ina mbonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Déanfaidh na tairbhithe agus na comhpháirtithe airgeadais, i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais agus riaracháin faoi seach, gach doiciméad atá ar fáil agus is gá a sholáthar don Choimisiún agus d’aon iniúchóirí ainmnithe le go gcuirfidh siad a gcuid cúraimí iniúchta i gcrích.

    3.   Is í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfaidh an t-iniúchadh seachtrach ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húsáid na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE. Chun na críocha sin, tabharfar rochtain don Chúirt Iniúchóirí, arna hiarraidh sin di, agus, ar aon doiciméad nó ar aon fhaisnéis is gá chun dul i mbun a cuid cúraimí iniúchóireachta, lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir leis na meastóireachtaí ar iarratais agus maidir lena dtorthaí, i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE.

    Airteagal 19

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(4) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 16(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú (dhá mhí) ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 20

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an Coiste a bhunaítear le hAirteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 21

    Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

    1.   Áiritheoidh tairbhithe agus comhpháirtithe airgeadais infheictheacht na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, go háirithe agus na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe a sholáthar do lucht spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid, leis na tionscadail a maoiníodh agus torthaí na dtionscadal sin. Áirítear leis sin, go háirithe, na Ballstáit a chur ar an eolas faoin rún atá ag an gCoimisiún an tSaoráid a oscailt do chomhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi na glaonna ar thograí a foilsíodh, chomh maith le feasacht a mhúscailt maidir leis an tacaíocht theicniúil agus riaracháin arna soláthar do thairbhithe. Leis na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid, rannchuideofar freisin le cumarsáid a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na tionscadal arna maoiniú faoin tSaoráid a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta.

    Airteagal 22

    Forálacha idirthréimhseacha

    Más gá, féadfar leithreasuithe a chur isteach sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) a chumhdach ionas go mbeifear in ann bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027.

    Airteagal 23

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  IO C 373, 4.11.2020, lch. 1

    (2)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 240

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2021.

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn, Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

    (8)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (10)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (11)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

    (12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (16)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (17)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir le comhrac na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (19)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107 26.3.2021, lch. 30).

    (20)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN I

    Ionstraimí airgeadais ar féidir aisíocaíochtaí a úsáid astu le haghaidh na Saoráide

    A.   Ionstraimí Cothromais:

    An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF98): Cinneadh Uimh. 98/347/CE an 19 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43);

    TTP: Cinneadh ón gCoimisiún lena nglactar cinneadh comhlántach maoinithe i ndáil le gníomhaíochtaí a mhaoiniú don ghníomhaíocht “An margadh inmheánach in earraí agus beartais earnálacha” de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007 agus lena nglactar an cinneadh réime maidir le maoiniú na réamhghníomhaíochta “An ról atá le himirt ag an Aontas Eorpach sa saol domhandaithe” agus maidir le maoiniú ceithre threoirthionscadal de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007, is iad sin “Fiontraithe óga Erasmus”, “Bearta chun comhar agus comhpháirtíochtaí idir micrifhiontair agus FBManna a chur chun cinn”, “An tAistriú Teicneolaíoch” agus “Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa” (C(2007)531);

    An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84);

    An tSaoráid Bhonneagair Dhomhanda: Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15);

    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129), arna mhodhnú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1);

    COSME EFG: Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33);

    Cothromas InnovFin:

    Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

    Cinneadh Uimh. 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965);

    An Réimse de chuid EaSI “Infheistíocht d’Fhothú Acmhainneachta”: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

    B.   Ionstraimí Ráthaíochta:

    Saoráid Ráthaíochta FBManna “98 (SMEG98): Cinneadh 98/347/CE ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43);

    Saoráid Ráthaíochta FBManna “01 (SMEG01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84);

    Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna “07 (SMEG07): Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15);

    Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Ráthaíocht (EPMF-G): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1);

    Ionstraimí Comhroinnte Riosca:

    Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007-2013) Ráitis ón gCoimisiún (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1);

    Cinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach “Comhar” lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 86);

    Cinneadh 2006/974/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach: Inniúlachtaí lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 299);

    Ráthaíocht EaSI: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238);

    Saoráid Ráthaíochta Iasachta COSME (COSME LGF): Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33);

    Fiachas InnovFin:

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

    Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

    Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965);

    Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCS GF): Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 1718/2006/CE, Uimh. 1855/2006/CE agus Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221);

    Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn (SLGF): Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt; agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 1719/2006/CE, Uimh. 1720/2006/CE agus Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50);

    Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

    C.   Ionstraimí Roinnte Riosca:

    InnovFin:

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

    Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

    Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF DI): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129);

    An tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha (NCFF): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

    D.   Meáin Infheistíochta Thiomanta:

    An tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Fonds commun de placements – fonds d’investissements spécialisés (EPMF FCP-FIS): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1);

    Ciste Marguerite:

    Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (IO L 162, 22.6.2007, lch. 1);

    Cinneadh ón gCoimisiún an 25.2.2010 maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh i gCiste Eorpach 2020 le haghaidh Fuinnimh, an Athraithe Aeráide agus Bonneagair (Ciste Marguerite) (C(2010) 941);

    An Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh (CEEF): Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 346, 30.12.2010, lch. 5).


    IARSCRÍBHINN II

    Eochairtháscairí feidhmíochta (1)

    1.   

    Líon na ndeontas a dámhadh

    2.   

    Líon na n-iasachtaí a síníodh

    2.1.

    Iasachtaí aonair

    2.2.

    Scéimeanna iasachta

    3.   

    Foriomlán na hinfheistíochta a slógadh, roinnte mar a leanas

    3.1

    Méid an mhaoiniúcháin phríobháidigh a slógadh

    3.2

    Méid an mhaoiniúcháin phoiblí a slógadh

    4.   

    Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht, arna mhiondealú mar a leanas

    4.1.

    Tír

    4.2.

    Réigiún NUTS 2

    4.3.

    Críoch um aistriú cóir lena dtacaítear

    5.   

    Líon na dtionscadal a fhaigheann maoiniú faoin tSaoráid

    6.   

    Líon na dtionscadal de réir earnála

    6.1.

    Iompar

    6.2.

    Bonneagar sóisialta

    6.3.

    Fóntas poiblí (uisce, fuíolluisce, téamh ceantair, fuinneamh, bainistiú dramhaíola)

    6.4.

    Tacaíocht dhíreach chun an t-aistriú i dtreo na haeráid-neodrachta a éascú (fuinneamh inathnuaite, dícharbónú, éifeachtúlacht fuinnimh)

    6.5.

    Cuspóirí comhshaoil

    6.6.

    Bonneagar uirbeach agus tithíocht

    6.7.

    Eile

    7.   

    Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcás inarb ábhartha

    8.   

    Cruthú post, i gcás inarb ábhartha


    (1)  Déanfar na táscairí ar fad a mhiondealú de réir réigiúin, i gcás inarb ábhartha. Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne, i gcás inarb ábhartha.


    Top