This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1088
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1088 of 7 April 2021 amending Regulation (EU) No 748/2012 as regards updating the references to the environmental protection requirements (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2104
IO L 236, 5.7.2021, p. 3–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.A.130 pointe (b) pointe 4 | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.A.145 pointe (b) abairt 1 | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.A.145 pointe (b) pointe 1 | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.A.147 pointe (a) | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.A.801 pointe (a) | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | iarscríbhinn I airteagal 21.B.85 | 25/07/2021 | |
Modifies | 32012R0748 | Athchur | airteagal 9 mír 4 | 25/07/2021 |
5.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 236/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1088 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Aibreán 2021 ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe 2021/1087 (2) lena ndéantar na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago, ina bhfuil na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, a thabhairt cothrom le dáta. |
(2) |
Ba cheart d’aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus a trealamh neamhshuiteáilte, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh amhail ón 1 Eanáir 2021. |
(3) |
Ba cheart na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (3) a thabhairt cothrom le dáta. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú dá réir. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 03/2020 arna heisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an eagraíocht táirgthe iarratas ar dhíolúintí ó na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.” |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe 2021/1087 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
(1) |
i bpointe 21.A.130(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):
|
(2) |
i bpointe 21.A.145(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an réamhrá agus phointe (1):
|
(3) |
i bpointe 21.A.147, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(4) |
i bpointe 21.A.801, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.85: “21.B.85 Na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil is infheidhme a ainmniú maidir le deimhniú cineáil nó deimhniú srianta ar chineál
|