This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0984
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/984 of 17 June 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/466 as regards the period of application of temporary measures (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/984 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/984 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4252
IO L 216, 18.6.2021, pp. 202–203
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 01/09/2021
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Extended validity | 32020R0466 | 02/07/2021 | 01/09/2021 | ||
| Modifies | 32020R0466 | Athchur | airteagal 6 mír neamhuimhrithe 2 Téacs | 02/07/2021 |
|
18.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/202 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/984 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 141(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le, inter alia, déanamh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát. Chomh maith leis sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta sealadacha is gá a ghlacadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh, i gcás ina bhfuil fianaise aige ar chliseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit. |
|
(2) |
Chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha atá ann i ngeall ar an ngéarchéim reatha a bhaineann le galar an choróinvíris (COVID-19), faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 (2) ón gCoimisiún is féidir leis na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i ndáil le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile. |
|
(3) |
I bhfianaise na géarchéime a bhaineann le COVID-19, chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún nach réiteofar an cliseadh tromchúiseach a tharlaíonn i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe roimh an 1 Iúil 2021, go háirithe de dheasca deacrachtaí i ndéanamh na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ar dheimhnithe oifigiúla agus ar fhianuithe oifigiúla maidir le haistriú ainmhithe agus earraí isteach san Aontas agus laistigh den Aontas. |
|
(4) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh tromchúiseach sin ar dócha go mbeidh sé fós ann sna míonna atá romhainn, agus chun pleanáil agus rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a éascú le linn na géarchéime a bhaineann le COVID-19, ba cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466, an dara mír de, cuirtear an dáta “1 Meán Fómhair 2021” in ionad “1 Iúil 2021”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn cliseadh tromchúiseach i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, 31.3.2020, lch. 30).