Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0876

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar údarú agus tuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil leis na húsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide agus i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/3748

    IO L 192, 1.6.2021, p. 3–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/876/oj

    1.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 192/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/876 ÓN gCOIMISIÚN

    an 31 Bealtaine 2021

    lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar údarú agus tuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil leis na húsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide agus i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 74 (1) agus Airteagal 132 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 leagtar amach ceanglas údaraithe chun substaintí ar údar mór imní iad a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin a chur ar an margadh agus a úsáid. I gcásanna áirithe, is ualach riaracháin sonrach ar ghnóthais atá i gcomhlíonadh an cheanglais sin. D’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht an 18 Meitheamh 2014 dar teideal “Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT): Staid na hImeartha agus Ionchas” (2) go raibh breithniú á dhéanamh aige próiseas an údaraithe a shimpliú i roinnt cásanna sonracha. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 dar teideal “Tuarascáil Ghinearálta ón gCoimisiún maidir le hoibriú REACH agus athbhreithniú ar ghnéithe áirithe” (3), sainaithníodh simpliú na n-iarratas ar úsáid leantach substaintí ar údar mór imní iad i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide mar cheann de na gníomhaíochtaí.

    (2)

    I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal “An Ciorcal a shlánú – Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach” (4) tugtar tuairisc ar an gcaoi a gcabhraíonn fadú saolré táirgí trí dheisiú le diomailt a sheachaint. I gconclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir leis an bplean gníomhaíochta sin (5) iarrtar ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na tionscnaimh a fhéadfaidh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun gur féidir saolré táirgí a fhadú, go háirithe trí infhaighteacht páirteanna spártha a chur chun cinn.

    (3)

    Chun dífheidhmeacht anabaí a sheachaint d’earraí nó do tháirgí casta (6) nach dtáirgfear a thuilleadh tar éis na ndátaí deiridh dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is gá leanúint de pháirteanna spártha chomh maith le substaintí agus meascáin atá riachtanach chun na hearraí nó na táirgí casta sin a dheisiú a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. I gcás ina úsáideadh substaint a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun na hearraí nó na táirgí casta sin a tháirgeadh agus, i gcás nach bhféadfar an pháirt spártha a tháirgeadh tar éis an dáta deiridh nó nach bhféadfaí an táirge a dheisiú gan an tsubstaint sin a úsáid, ba cheart na ceanglais maidir le hinneachar an iarratais ar údarú agus inneachar na tuarascála athbhreithniúcháin ar údarú i gcomhair na n-úsáidí sin a shoiléiriú ar mhaithe leis na hiarratais sin ar údarú a shimpliú.

    (4)

    Maidir leis an anailís ar roghanna malartacha dá dtagraítear in Airteagal 62(4)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, lena léirítear nach dtáirgfear an t-earra nó an táirge casta a thuilleadh tar éis an dáta deiridh, nach bhféadfadh sé feidhmiú mar a beartaíodh dó gan an pháirt spártha agus nach bhféadfadh an pháirt spártha sin a tháirgeadh gan an tsubstaint, nó nach bhféadfar an táirge casta a dheisiú ar bhealach ar bith eile seachas tríd an tsubstaint a úsáid, ba cheart a mheas gur leor an méid sin chun tuairim a thabhairt ar an easpa roghanna malartacha oiriúnacha atá ann. Ós rud é go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar úsáid na substainte i dtáirgeadh na bpáirteanna spártha sin nó i ndeisiú na n-earraí nó na dtáirgí casta sin, ó tharla gur le haghaidh táirge nach dtáirgtear a thuilleadh an úsáid a bheartaítear di, agus ós rud é gur dócha go mbeidh na costais ionadaíochta a bhaineann le taighde agus forbairt, tástáil, cáilíocht agus tionsclú na roghanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na n-úsáidí sin ard i bhfianaise go bhfuiltear ag súil le go dtiocfaidh laghdú ar an treocht, meastar go bhfuil údar leis an bhforáil sin.

    (5)

    Ar an gcaoi chéanna, an réasúnú lena léirítear nach dtáirgfear an t-earra nó an táirge casta a thuilleadh tar éis an dáta deiridh, nach bhféadfaidh sé feidhmiú mar a beartaíodh dó gan an pháirt spártha agus nach bhféadfar an pháirt spártha sin a tháirgeadh gan an tsubstaint, nó nach bhféadfar an t-earra ná an táirge casta a dheisiú ar bhealach ar bith eile seachas tríd an tsubstaint a úsáid, ba cheart a mheas gur leor an méid sin chun na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann leis an tsubstaint a úsáid san anailís shocheacnamaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 62(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a léiriú. I gcás nach mbeadh páirteanna spártha ar fáil nó mura mbeifí in ann earraí nó táirgí casta a dheisiú nach dtáirgtear a thuilleadh gan an tsubstaint sin a bheith ann, bheadh an t-earra sin nó na dtáirgí casta sin as feidhm go hanabaí roimh dheireadh a saolré úsáide agus, dá bhrí sin, dhéanfaí iad a dhiúscairt roimh am, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le costais arda d’oibreoirí, do thomhaltóirí nó don tsochaí. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar líon na n-úsáidí agus ar chainníochtaí na substainte a úsáidtear le haghaidh na bpáirteanna spártha sin, rud a fhágfaidh go laghdófar an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a bhaineann le nochtadh don tsubstaint a úsáidtear nó le hastú na substainte sin. Dá bhrí sin, is iomchuí go gcuirfidh an t-iarratasóir ábhar na hanailíse socheacnamaíche ar fáil i bhfoirm gonta, ar ábhar é dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 62(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tá an méid sin gan dochar don bhreithniú ar an riosca a bhaineann le húsáid na substainte do shláinte an duine nó don chomhshaol agus don ghá atá leis an iarratasóir a léiriú gur mó na tairbhí shocheacnamaíocha ná an riosca sin.

    (6)

    Maidir le soiléiriú ar inneachar na n-iarratas ar údarú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha le haghaidh deisithe nó i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtairgtear a thuilleadh, ba cheart gurbh é an toradh a bheadh air sin laghdú ar ualach oibre na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar údarú sna cásanna sonracha sin. Ba cheart na táillí a thoibheofar ar na hiarratais sin a bheith comhréireach le hualach oibre ionchasach na Gníomhaireachta i gcásanna den sórt sin agus, dá bhrí sin, go laghdófaí iad nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an táille a thoibheofar ar na hiarratais ar úsáidí eile. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart na táillí is infheidhme maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar údaruithe arna ndeonú i gcomhair na n-úsáidí sin a laghdú de réir na cionmhaireachta céanna.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 (7) ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme Airteagal 61(1), Airteagal 62(4)(e) agus Airteagal 62(5)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le hiarratais ar údarú agus ar thuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil le haon cheann de na húsáidí seo a leanas a bhaintear as substaint, léi féin nó i meascán, a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin:

    (a)

    páirteanna spártha a tháirgtear mar earraí nó mar tháirgí casta chun earraí nó táirgí casta a dheisiú a bhfuil deireadh tagtha lena dtáirgeadh nó a mbeidh deireadh tagtha lena dtáirgeadh roimh dháta deiridh na substainte sin a shonraítear in Iarscríbhinn XIV, i gcás inar úsáideadh an tsubstaint sin i dtáirgeadh na n-earraí nó na dtáirgí casta agus nach bhféadfadh siad feidhmiú mar a bheartaítear gan an pháirt spártha sin agus nach bhféadfar an pháirt spártha a tháirgeadh gan an tsubstaint sin (“táirgeadh páirteanna spártha leagáide”);

    (b)

    earraí nó táirgí casta a dheisiú, a bhfuil deireadh tagtha lena dtáirgeadh nó a mbeidh deireadh tagtha lena dtáirgeadh roimh dháta deiridh na substainte sin a shonraítear in Iarscríbhinn XIV, i gcás inar úsáideadh an tsubstaint sin le linn do na hearraí sin nó na táirgí casta sin a tháirgeadh agus nach bhféadfar iad a dheisiú seachas trí úsáid a bhaint as an tsubstaint sin (“earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú”).

    Airteagal 2

    1.   Maidir le hiarratas ar údarú de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, measfar go gcomhlíonann sé pointe (e) d’Airteagal 62(4) den Rialachán sin nuair a áirítear ann an méid seo a leanas:

    a)

    tuairisc agus anailís ar fheidhm na substainte, agus

    b)

    réasúnú lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí.

    2.   Maidir le hiarratas ar údarú de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, measfar go gcomhlíonann sé pointe (a) d’Airteagal 62(5) den Rialachán sin nuair a áirítear ann an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisc gonta ar an tionchar ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa tuarascáil ar shábháilteacht cheimiceach;

    (b)

    tuairisc ghonta ar na tairbhí shocheacnamaíocha maidir leis an úsáid a ndéantar iarratas ina leith, lena n-áirítear réasúnú lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí;

    (c)

    conclúid bunaithe ar chomparáid idir na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le húsáid na substainte a ndéantar iarratas ina leith, mar a thuairiscítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo.

    3.   I gcás ina gcuirtear isteach an t-iarratas ar údarú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, faisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, mar aon le rannchuidiú tríú páirtí maidir le roghanna malartacha a d’fhéadfaí a bheith ann a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is leor an fhaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar na tosca socheacnamaíocha agus ar oiriúnacht na roghanna malartacha a bhaineann le húsáid na substainte.

    4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le tuarascálacha athbhreithniúcháin a chuirtear isteach de bhun Airteagal 61(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a bhaineann le húdarú arna dheonú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh.

    5.   Faoin 5 Iúil 2021 cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) ar fáil go poiblí formáidí sonracha chun anailís a dhéanamh ar roghanna malartacha agus an anailís shocheacnamaíoch a úsáidfear in iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, chomh maith le tuarascálacha athbhreithniúcháin a bhaineann le húdarú arna dheonú i gcomhair na n-úsáidí sin, arna gcur isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo, ina léireofar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

    Airteagal 3

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 8(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

    ‘Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille laghdaithe mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo ar iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide chun earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú mar a thuairiscítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 (*1) ón gCoimisiún agus i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh mar a thuairiscítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán sin, a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 an 31 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar údarú agus tuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil leis na húsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide agus i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 (IO 192).’"

    (2)

    In Airteagal 9(2), cuirtear an fhomhír a leanas tar éis an cheathrú fomhír deiridh:

    ‘Toibheoidh an Ghníomhaireacht muirear laghdaithe mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo ar iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide chun earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú mar a thuairiscítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 agus i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh mar a thuairiscítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán sin, a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin’.

    (3)

    Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní VI agus VII.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

    (2)  COM(2014) 368 final

    (3)  COM(2018) 116 final

    (4)  COM(2015) 614 final

    (5)  An Ciorcal a shlánú – Plean Gníomhaíochta an AE don Gheilleagar Ciorclach - Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016, ST 10518 2016 INIT.

    (6)  “Táirgí Casta” mar a thuairiscítear i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2015, Fédération des entreprises du commercial et de la distribution (FCD) agus Fédération des magasins de bricolage et de l’aménagement de la maison (FMB), C-106/14, ECLI:EU:C:2015:576, míreanna 48-54.

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2008 maidir leis na táillí agus na muirir iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 107, 17.4.2008, lch. 6).


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN VI

    Táillí le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

    1.   

    Táillí le haghaidh iarratais ar údarú

    Tábla 1

    Táillí caighdeánacha

    Buntáille

    EUR 54 100

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 10 820

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 48 690

    Tábla 2

    Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide

    Buntáille

    EUR 40 575

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 8 115

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 36 518

    Tábla 3

    Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga

    Buntáille

    EUR 24 345

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 4 869

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 21 911

    Tábla 4

    Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

    Buntáille

    EUR 5 410

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 1 082

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 4 869

    2.   

    Táillí le haghaidh iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nach dtáirgtear a thuilleadh nó táirgí casta dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an cúigiú fomhír

    Tábla 1

    Táillí caighdeánacha

    Buntáille

    EUR 27 050

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 5 410

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 24 345

    Tábla 2

    Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide

    Buntáille

    EUR 20 287

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 4 057

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 18 259

    Tábla 3

    Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga

    Buntáille

    EUR 12 172

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 2 434

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 10 955

    Tábla 4

    Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

    Buntáille

    EUR 2 705

    Táille bhreise in aghaidh na substainte

    EUR 541

    Táille bhreise in aghaidh na húsáide

    EUR 2 434

    IARSCRÍBHINN VII

    Muirir le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 61 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

    1.   

    Muirir le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar údarú

    Tábla 1

    Muirir chaighdeánacha

    Bunmhuirear

    EUR 54 100

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 10 820

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 48 690

    Tábla 2

    Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide

    Bunmhuirear

    EUR 40 575

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 8 115

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 36 518

    Tábla 3

    Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga

    Bunmhuirear

    EUR 24 345

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 4 869

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 21 911

    Tábla 4

    Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga

    Bunmhuirear

    EUR 5 410

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 1 082

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 4 869

    2.   

    Muirir le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar údarú arna dheonú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nach dtáirgtear a thuilleadh nó táirgí casta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 9(2)

    Tábla 1

    Muirir chaighdeánacha

    Bunmhuirear

    EUR 27 050

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 5 410

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 24 345

    Tábla 2

    Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide

    Bunmhuirear

    EUR 20 287

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 4 057

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 18 259

    Tábla 3

    Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga

    Bunmhuirear

    EUR 12 172

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 2 434

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 10 955

    Tábla 4

    Muirir laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

    Bunmhuirear

    EUR 2 705

    Muirear breise in aghaidh na substainte

    EUR 541

    Muirear breise in aghaidh na húsáide

    EUR 2 434


    Top