Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0690

    Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/18/2021/INIT

    IO L 153, 3.5.2021, p. 1–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/690/oj

    3.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 153/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/690 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Aibreán 2021

    lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114, Airteagal 168(4)(b) agus Airteagail 173 agus 338 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is bunchloch de chuid an Aontais é an margadh inmheánach. Ó bunaíodh é, tá sé tar éis cur go mór leis an bhfás, leis an iomaíochas agus leis an bhfostaíocht agus ba cheart dó leanúint de bheith ag dul chun tairbhe go cothrom do na saoránaigh agus na gnólachtaí ar fad. Leis an margadh inmheánach, cuireadh deiseanna nua agus barainneachtaí scála nua ar fáil do ghnólachtaí an Aontais, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus neartaíodh a n-iomaíochas tionsclaíoch. Leis an margadh inmheánach, cabhraíodh poist a chruthú agus ba mhó, dá bharr, an rogha de tháirgí agus seirbhísí ardcháilíochta ar phraghsanna ní b’ísle a cuireadh ar fáil. Leanann an margadh inmheánach de bheith ina spreagadh chun margadh níos comhtháite agus geilleagar níos láidre, níos cothroime agus níos córa a chur ar bun. Is ceann de mhóréachtaí an Aontais é agus is é an tsócmhainn is láidre atá aige i ngeilleagar atá níos domhandaithe anois ná riamh, chomh maith le bheith ar cheann de na croímhíreanna chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chuig geilleagar inbhuanaithe a bhaint amach, ina fhreagairt freisin ar bhrú méadaitheach na hathraithe aeráide.

    (2)

    Ní mór don mhargadh inmheánach oiriúnú, ar bhonn leanúnach, do thimpeallacht na réabhlóide digití agus an domhandaithe atá ag athrú go tapa. I ngeall ar ré nua na nuálaíochta digití, leantar de dheiseanna a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair agus cruthaítear táirgí, seirbhísí agus próisis nua, samhlacha nua gnó agus deiseanna le haghaidh táirgeadh éifeachtúil de staidreamh ardcháilíochta. Ar an gcuma chéanna, is dúshlán an ré nua sin ó thaobh rialála, forfheidhmithe, cosaint tomhaltóirí agus sábháilteachta.

    (3)

    Tá corpas substaintiúil de dlí an Aontais ina bhonn agus ina thaca ó thaobh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Baineann sé, go háirithe, leis an iomaíochas, leis an gcaighdeánú, leis an aitheantas frithpháirteach, leis an measúnú comhréireachta, le cosaint tomhaltóirí agus le faireachas margaidh. Cuimsítear leis freisin rialacha maidir le gnó, trádáil agus idirbhearta airgeadais, maidir le réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, le táirgeadh an staidrimh Eorpaigh agus le hiomaíocht chóir a chur chun cinn. Leis an gcorpas substaintiúil de dhlí an Aontais, déantar foráil do chothrom na Féinne atá ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun tairbhe na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí.

    (4)

    Mar sin féin, is ann fós do bhacainní idirdhealaitheacha díréireacha gan údar cuí ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus tá constaicí nua ag teacht chun cinn. Níl i nglacadh rialacha ach an chéad chéim, agus tá sé chomh tábhachtach céanna iad a chur ag feidhmiú. Le dúshláin reatha a bhaineann le forfheidhmiú na rialacha atá ann cheana, na bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus leibhéil ísle an tsoláthair phoiblí trasteorann, cuirtear teorainn leis na deiseanna do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. Sa deireadh, baineann aghaidh a thabhairt ar bhacainní den sórt sin leis an iontaoibh atá ag saoránaigh san Aontas, mar aon lena chumas beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus lena chumas poist agus fás a chruthú agus, san am céanna, leas an phobail a chosaint.

    (5)

    Roimhe seo, bhí ann do chláir gníomhaíochta de chuid an Aontais in earnáil an iomaíochais i dtaca le fiontair, go háirithe FBManna, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais agus i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha. Maoiníodh go díreach roinnt gníomhaíochtaí breise faoi línte buiséid an mhargaidh inmheánaigh. Is gá anois sineirgí idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chuíchóiriú agus a shaothrú agus creat níos solúbtha, níos trédhearcaí, níos simplithe agus níos lúfaire a sholáthar chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh margadh inmheánach dea-fheidhmiúil inbhuanaithe a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart clár nua a bhunú lena dtugtar le chéile gníomhaíochtaí a maoiníodh roimhe seo faoi na cláir eile sin agus faoi línte ábhartha eile buiséid. Chomh maith leis sin, ba cheart tionscnaimh nua a áireamh sa chlár sin arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus le gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint ag an am céanna.

    (6)

    Bhí forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) faoi réir Clár Staidrimh Eorpach ar leith arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun leanúnachas a sholáthar maidir leis an staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart a áireamh sa chlár nua freisin gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag an gClár Staidrimh Eorpach roimhe seo trí chreat a chur ar fáil chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Leis an gclár nua, ba cheart an creat airgeadais don staidreamh Eorpach a chur ar bun chun staidreamh Eorpach ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun tacú le beartais uile an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Meastar gur réamhriachtanas é neamhspleáchas gairmiúil d’fhorbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh.

    (7)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, clár a bhunú chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe FBManna, ar chaighdeánú, faireachas margaidh agus cosaint tomhaltóirí, ar réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus ar staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) (‘an Clár’). Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil do na bliana 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 (6) ón gComhairle.

    (8)

    Leis an gClár, ba cheart tacú le reachtaíocht de chuid an Aontais mar bhonn taca do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Leis an gClár, ba cheart tacú le coinníollacha cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh a chumhachtú, lena n-áirítear gnólachtaí, saoránaigh, lena n-áirítear tomhaltóirí agus fostaithe, ionadaithe na sochaí sibhialta agus údaráis phoiblí. Chuige sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár iomaíochas, fothú acmhainneachta agus inbhuanaitheacht fiontar a chothú, go háirithe FBManna, lena n-áirítear na cinn a bhíonn ag feidhmiú in earnáil na turasóireachta. Tá inbhuanaitheacht fiontar tábhachtach chun a n-iomaíochas fadtéarmach a choimeád agus cuidíonn sí leis an aistriú chuig Aontas a bheidh níos inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de, agus ba cheart di a bheith fite fuaite le digitiú agus le rannpháirtíocht i gcleachtais ghnó inbhuanaithe. Leis an gClár, ba cheart tacú le forfheidhmiú rialacha cosanta agus sábháilteachta tomhaltóirí freisin. Ba cheart leis freisin an fheasacht a mhéadú i ndáil le gnólachtaí agus daoine aonair maidir lena gcearta trí na huirlisí cearta, an fhaisnéis agus an cúnamh iomchuí a sholáthar dóibh chun cinntí eolasacha a dhéanamh agus chun a rannpháirtíocht i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais a neartú. Anuas air sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár comhar rialála agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin cláir oiliúna, an dea-chleachtais a mhalartú agus cur leis an mbonn eolais agus leis an mbonn inniúlachtaí, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as soláthar poiblí straitéiseach. Ba cheart freisin é a bheith mar aidhm ag an gClár tacú le caighdeáin agus ceapadh rialacha ardcháilíochta de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta a fhorbairt, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht leathan geallsealbhóirí, a bheadh ina mbonn taca chun reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme.

    Leis sin, ba cheart réimse an tuairiscithe airgeadais agus iniúchóireachta a chumhdach agus, ar an dóigh sin, cur le trédhearcacht agus dea-fheidhmiú mhargaí caipitil an Aontais agus cosaint infheisteoirí a fheabhsú. Ba cheart é a bheith mar chuspóir an Chláir freisin tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais chun foráil a dhéanamh le leibhéal ard sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí, le cosaint ar mhaithe le dea-bhail na ndaoine agus leas na n-ainmhithe, sábháilteacht bia agus beatha a chosaint agus ag an am céanna prionsabail na forbartha inbhuanaithe a urramú agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí. Thairis sin, leis an gClár, ba cheart tacú le táirgeadh staidrimh Eorpaigh ardcháilíochta i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus a léirmhíníodh tuilleadh i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh.

    (9)

    Cuireann margadh inmheánach úrnua atá bunaithe ar phrionsabail na cothroime, na trédhearcachta agus na hiontaoibhe frithpháirtí an iomaíocht chun cinn agus téann sé chun tairbhe do thomhaltóirí, gnólachtaí agus fostaithe. De thoradh úsáid níos fearr a bhaint as an margadh inmheánach do sheirbhísí, ar margadh é a bhíonn de shíor ag forbairt, ba cheart go dtabharfaí cúnamh do ghnólachtaí an Aontais poist a chruthú agus fás thar theorainneacha, rogha níos leithne seirbhísí a sholáthar ar phraghsanna níos ísle, agus caighdeáin arda a choimeád do thomhaltóirí agus fostaithe. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart, leis an gClár rannchuidiú le faireachán níos fearr a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh inmheánach, chomh maith le bacainní idirdhealaitheacha, gan údar nó díréireacha atá fós ann a shainaithint agus a bhaint, agus a áirithiú gur féidir leis an gcreat rialála freastal ar gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear forbairtí agus próisis teicneolaíochta nua, samhlacha gnó na nuálaíochta seirbhíse, samhlacha an gheilleagair chomhoibríoch agus shóisialta, nuálaíocht shóisialta agus nuálaíocht neamhtheicneolaíoch.

    (10)

    Baineadh constaicí rialála roimh tháirgí tionsclaíocha sa mhargadh inmheánach trí shásraí coiscthe, trí rialacha comhchoiteanna a ghlacadh agus, i gcás nach bhfuil rialacha den sórt sin ag an Aontas, trí bhíthin phrionsabail an aitheantais fhrithpháirtigh. I réimsí nach ann do reachtaíocht de chuid an Aontais, tá feidhm ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus mar thoradh air sin tá ceart saorghluaiseachta ag earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin agus is féidir iad a dhíol i mBallstát eile. I gcás ina bhfuil forais ag an mBallstát lena mbaineann chun cur i gcoinne mhargú na n-earraí, féadfaidh sé srian a fhorchur, ar choinníoll nach bhfuil srian den sórt sin neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil údar maith leis an srian sin le cuspóirí dlisteanacha leas an phobail, mar a leagtar amach in Airteagal 36 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó mar atá aitheanta le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar chúis sháraitheach leasa phoiblí, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an aidhm atá á saothrú. Más rud é nach ndéantar prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm go leormhaith, mar shampla trí shrianta gan údar nó srianta díréireacha a fhorchur, is deacra a bhíonn sé do chuideachtaí rochtain a bheith acu ar mhargaí i mBallstáit eile. D’ainneoin leibhéal ard an chomhtháthaithe margaidh i réimse na n-earraí, cailltear deiseanna sa gheilleagar i gcoitinne mar gheall air. Le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), táthar ag súil go gcuirfear borradh faoi na tairbhí eacnamaíocha sa réimse sin. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár, dá bhrí sin, feabhas a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse na n-earraí, lena chumas iomlán a bhaint amach. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár freisin líon na n-earraí neamhdhleathacha agus neamhchomhlíontacha atá ag teacht isteach sa mhargadh a laghdú trí fheasacht a mhúscailt agus oiliúint spriocdhírithe a chur ar fáil, tacú le Pointí Teagmhála do Tháirgí, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/515 agus comhar níos fearr i measc údaráis inniúla le haghaidh aitheantas frithpháirteach.

    (11)

    Baineann dúshláin nua ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de le timpeallacht na réabhlóide digití atá ag athrú go tapa agus le saincheisteanna amhail an cibearshlándáil, cosaint sonraí agus príobháideachas, idirlíon na rudaí nithiúla nó an intleacht shaorga agus caighdeáin eiticiúla ghaolmhara. Ní mór rialacha dochta maidir le sábháilteacht táirgí agus soiléireacht maidir le dliteanas a bheith ann chun a áirithiú go bhféadfaidh shaoránaigh an Aontais, tomhaltóirí agus gnólachtaí san áireamh, tairbhe a bhaint as cosaint iomchuí i gcás díobhála. Leis an gClár, mar sin, ba cheart rannchuidiú le córas de chuid an Aontais maidir le dliteanas i leith táirgí a ghlacadh go tapa agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, ar córas é lena gcothaítear an nuálaíocht agus sábháilteacht agus slándáil úsáideoirí á áirithiú ag an am céanna.

    (12)

    Agus táirgí nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha, á gcur ar an margadh, cuirtear saoránaigh an Aontais, lena n-áirítear tomhaltóirí, chomh maith le húsáideoirí deiridh eile, i mbaol. Oibreoirí eacnamaíocha a dhíolann táirgí comhlíontacha ar mhodhanna traidisiúnta nó leictreonacha, bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar iomaíocht shaofa uathu siúd nach gcomhlíonann na rialacha de bharr easpa eolais, d’aon ghnó chun buntáiste iomaíoch a fháil nó mar thoradh ar ilroinnt an fhaireachais margaidh ar fud an Aontais. Is minic nach gcuirtear go leor airgid ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh agus go mbíonn siad srianta le teorainneacha náisiúnta ach, ina choinne sin, bíonn fiontraithe ag trádáil ar leibhéal an Aontais nó, fiú ar an leibhéal domhanda. Ó thaobh na ríomhthráchtála de, go háirithe, is rí-dheacair do na húdaráis um fhaireachas margaidh rianú a dhéanamh ar earraí neamh-chomhlíontacha a allmhairítear ó thríú tíortha agus na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach astu laistigh dá ndlínse a shainaithint.

    Is mór na deacrachtaí a bhíonn acu freisin measúnuithe riosca agus tástálacha a dhéanamh de dheasca easpa rochtana fisiciúla ar tháirgí. Dá bhrí sin, leis an gClár, ba cheart féachaint le comhlíonadh táirgí a neartú trí fheasacht a mhéadú i dtaobh rialacha infheidhme an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí, trí sheiceálacha ar chomhlíonadh a threisiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus trí chomhar trasteorann níos dlúithe a chur chun cinn i measc na n-údarás forfheidhmiúcháin. Ina theannta sin, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú leis an gcreat atá ann faoi láthair maidir le gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chomhdhlúthú, gníomhaíochtaí comhpháirteacha ag údaráis faireachais margaidh ó Bhallstáit éagsúla a spreagadh, malartú faisnéise a fheabhsú agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chóineasú agus a chomhtháthú ar bhealach níos dlúithe a chur chun cinn. Leis an gClár, ba cheart é sin a dhéanamh go háirithe trína áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go docht na ceanglais nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1020 chun cosc a chur ar dhíol táirgí neamhchomhlíontacha le tomhaltóirí, chomh maith le húsáideoirí deiridh eile. Dá bhrí sin, leis an gClár, ba cheart cumas na n-údarás faireachais margaidh a neartú ar fud an Aontais, rannchuidiú le haonchineálacht níos mó i bhforfheidhmiú rialacha idir Bhallstáit, agus a chur ar chumas na mBallstát tairbhe chomhionann a bhaint as an margadh inmheánach ó thaobh fás eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht de.

    (13)

    Cé nach gcuimsítear sa Chlár cuspóirí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cearta maoine intleachtúla a chosaint, mar sin féin, ba cheart a choimeád i gcuimhne nach gcomhlíonann táirgí góchumtha na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí go minic, agus go mbaineann baol leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, go háirithe nuair a cheannaítear táirgí den sórt sin ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart leis an gClár sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais a mhéadú i réimse na gclár um chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe an Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim arna bunú faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim.

    (14)

    Chun comhlíonadh catagóirí táirgí comhchuibhithe a mbaineann riosca bunúsach níos airde leo a éascú, chuir an tAontas ar bun córas creidiúnaithe do chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta, lena bhfíoraítear go bhfuil siad inniúil, neamhchlaonta agus neamhspleách. Tá sé riachtanach go bhfuil na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta iontaofa agus inniúil, ós rud é go bhfíoraíonn siad an gcomhlíonann táirgí na ceanglais sábháilteachta sula gcuirtear na táirgí sin ar an margadh. Is é an dúshlán is mó atá ann anois a áirithiú go leanann an córas creidiúnaithe de bheith ar an teicneolaíocht is úrnua agus go gcuirtear i bhfeidhm é leis an dúthracht chéanna ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, leis an gClár, ba cheart tacú le bearta chun a áirithiú go leanann comhlachtaí measúnaithe comhréireachta dá gceanglais rialála a chomhlíonadh, mar shampla neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, go háirithe trí chreidiúnú a úsáid. Ar an dóigh chéanna, leis an gClár, ba cheart tacú freisin le bearta chun feabhas a chur ar an gcóras creidiúnaithe Eorpaigh, go háirithe i réimsí nua beartais, trí thacaíocht a thabhairt don chomhar Eorpach um chreidiúnú dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

    (15)

    Ós rud é, leis an bhforbairt ar sheirbhísí trádála agus taistil ar líne, nach ann do theorainneacha i gcás margaí tomhaltóirí, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí atá ag cur fúthu san Aontas tairbhe a bhaint as an ardleibhéal céanna cosanta nuair a bhíonn earraí agus seirbhísí á n-allmhairiú ó oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe i dtríú tíortha, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad á ndíol ar líne. Leis an gClár, ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith indéanta, i gcás inar gá, tacú le comhar le comhlachtaí ábhartha atá lonnaithe i dtríú tíortha, mar shampla, maidir le malartú faisnéise faoi tháirgí neamhchomhlíontacha.

    (16)

    Baineann údaráis phoiblí úsáid as soláthar poiblí chun a áirithiú go bhfaighfear luach mar is ceart ar an airgead poiblí a chaitear agus chun rannchuidiú le go mbeidh an margadh inmheánach níos nuálaí, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos iomaíche. Áirítear leis sin critéir mheastóireachta a chur i bhfeidhm lena sainítear ní hamháin an tairiscint is fearr praghas, ach an tairiscint is buntáistí ó thaobh fhiúntas an luacha phoiblí de nuair a bheidh tairiscintí á roghnú de réir an chóimheasa ‘praghas-cáilíochta’. I gcás ina mbeidh sé sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, ba cheart gnéithe comhshaoil, cóirthrádála agus sóisialta a chur san áireamh agus ba cheart tairiscintí a roinnt ina mbaisceanna arna gcur chun cinn le haghaidh mórthionscadal bonneagair. Le Treoireacha 2014/23/AE (10), 2014/24/AE (11) agus 2014/25/AE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear ar fáil an creat dlíthiúil maidir le comhtháthú agus feidhmiú éifeachtach na margaí soláthair phoiblí arb iad 14 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais iad, rud a théann chun sochair d’údaráis phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, tomhaltóirí san áireamh. Is uirlis ríthábhachtach iad rialacha soláthair phoiblí arna gcur chun feidhme i gceart chun an margadh inmheánach a neartú agus chun borradh a chur faoi fhás cuideachtaí san Aontas agus faoi phoist san Aontas. Leis an gClár, mar sin, ba cheart tacú le bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfí úsáid níos leithne as soláthar poiblí straitéiseach, go ndéanfaí ceannaitheoirí poiblí a ghairmiúlú, go n-éascófaí agus go bhfeabhsófaí rochtain do FBManna ar mhargaí soláthair, go háirithe trí sheirbhísí comhairleacha agus oiliúint, go gcuirfí le trédhearcacht, sláine agus sonraí feabhsaithe, go spreagfaí claochlú digiteach an tsoláthair phoiblí agus cur chun cinn an tsoláthair chomhpháirtigh trí chur chuige comhpháirtíochta leis na Ballstáit a neartú, go bhfeabhsófaí an chaoi a ndéantar sonraí a bhailiú agus a anailísiú, lena n-áirítear trí uirlisí tiomnaithe TF a fhorbairt, agus go dtacófaí le malartú taithí agus dea-chleachtas, go ndéanfaí tagairt do chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, go gcuirfí treoir ar fáil, go ndéanfaí comhaontuithe trádála tairbhiúla a shaothrú, go neartófaí comhar idir údaráis náisiúnta agus go seolfaí treoirthionscadail.

    (17)

    Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus chun an saol a éascú do shaoránaigh agus gnólachtaí, ní mór seirbhísí poiblí ardcháilíochta a chur ar bun, seirbhísí atá dírithe ar an úsáideoir agus ar seirbhísí digiteáilte, lán-inrochtana iad, níos mó agus níos mó. Ní mór dlús a chur le hiarrachtaí ríomh-riaracháin agus ríomhrialtais freisin, agus cosaint sonraí agus príobháideacht iomchuí á n-áirithiú ag an am céanna. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar riaracháin phoiblí páirt a ghlacadh i gcomhchruthú na seirbhísí poiblí sin le saoránaigh agus gnólachtaí. Thairis sin, i ngeall ar an méadú leanúnach agus rialta ar ghníomhaíochtaí trasteorann sa mhargadh inmheánach, is gá go mbeadh faisnéis chothrom le dáta, bheacht agus atá éasca le tuiscint ar fáil faoi chearta gnólachtaí agus saoránaigh. Ciallaíonn sé sin gur cheart faisnéis shimplithe lena mínítear na foirmiúlachtaí riaracháin a chur ar fáil. Lena chois sin, is den riachtanas é comhairle dlí a chur ar fáil agus cuidiú chun fadhbanna a bhíonn ann ar leibhéal trasnáisiúnta a réiteach. Ina theannta sin, ba cheart tacú le dua na n-údarás poiblí agus iad ag iarraidh na cuspóirí sin a bhaint amach, mar shampla trí riaracháin náisiúnta a nascadh ar bhealach simplí éifeachtúil, agus trí fhaisnéis a chur ar fáil agus trí mhalartú faisnéise a éascú lena mínítear an chaoi a bhfeidhmíonn an margadh inmheánach ar an bhfód. Tá ról tábhachtach cheana féin ag uirlisí rialachais an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis sin, agus ba cheart a gcáilíocht, a n-infheictheacht, a dtrédhearcacht agus a n-iontaofacht a fheabhsú níos mó fós. Leis an gClár, mar sin, ba cheart tacú le na huirlisí rialachais seo a leanas de chuid an mhargaidh inmheánaigh, atá ann cheana: an tairseach An Eoraip Agatsa, rud ar cheart a bheith ina cnámh droma don tairseach aonair dhigiteach atá ar na bacáin, An Eoraip Agatsa – Comhairle, an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT), Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh.

    (18)

    Leis an gClár, ba cheart tacú le creat rialála de chuid an Aontais a fhorbairt sna réimsí maidir le dlí na gcuideachtaí agus i réimse an rialachais chorparáidigh, agus dhlí na gconarthaí, d’fhonn gnólachtaí, go háirithe FBManna, a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche agus, san am céanna, cosaint a chur ar fáil do gheallsealbhóirí a ndéanann oibríochtaí cuideachta difear dóibh, agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn ar cheart do bheartas dul i ngleic leo. Leis an gClár, ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfaí meastóireacht iomchuí ar an acquis ábhartha, agus go ndéanfaí é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach iomchuí, go gcuirfí geallsealbhóirí ar an eolas agus go gcuideofaí leo, agus go gcuirfí malartú faisnéise chun cinn sa réimse. Ba cheart leis an gClár tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na tionscnaimh ón gCoimisiún chun tacú le creat dlíthiúil soiléir agus oiriúnaithe maidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe agus an nuálaíocht. Is gá na tionscnaimh sin chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha, go háirithe maidir le dliteanas, slándáil, eitic agus príobháideacht ó thaobh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail idirlíon na rudaí nithiúla, an intleacht shaorga, an róbataic agus priontáil 3T. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár forbairt gnólachtaí sonraíbhunaithe a spreagadh, ós rud é go mbeidh gnólachtaí den sórt sin ríthábhachtach d’fheidhmíocht gheilleagar an Aontais san iomaíocht dhomhanda.

    (19)

    Leis an gClár freisin, ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil an Aontais maidir leis an bhfrithsciúradh airgid agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus ina iomláine agus ba cheart beartais don todhchaí a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua sna hearnálacha sin. Ina theannta sin, leis an gClár, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach acu, amhail an Coiste Saineolaithe maidir le Meastóireacht ar Bhearta Frithsciúrtha Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta de chuid Chomhairle na hEorpa.

    (20)

    Maidir le cur chun feidhme agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais, na cobhsaíochta airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, lena n-áirítear maoiniú inbhuanaithe, braitheann an cuspóir sin go mór ar bhearta beartais fianaisebhunaithe a dhéanann an tAontas. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag an gCoimisiún chun an cuspóir sin a bhaint amach, trí fhaireachán síoraí a dhéanamh ar na margaí airgeadais agus ar an gcobhsaíocht airgeadais, measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ag na Ballstáit, an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mheas le feiceáil an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá léi, agus, nuair a thagann rioscaí nua chun cinn, trí réimsí gníomhaíochta féideartha a shainaithint, agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a áirithiú le linn an timthrialla beartais. Is ar anailísí, staidéir, ábhair oiliúna, suirbhéanna, measúnuithe comhréireachta, meastóireachtaí agus staidreamh ardcháilíochta a tháirgeadh a bhraitheann na gníomhaíochtaí sin agus tacaítear leo trí bhíthin córais teicneolaíochta faisnéise agus uirlisí cumarsáide.

    (21)

    Le CFAE, áirítear córas rialacha chun a áirithiú nach saobhtar iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le beartas iomaíochta an Aontais, lena n-áirítear tríd an gcomhar le líonraí agus leis na húdaráis náisiúnta agus na cúirteanna a fheabhsú agus a threisiú agus an comhar idirnáisiúnta a neartú, trí fhor-rochtain a áirithiú freisin le grúpa níos leithne geallsealbhóirí chun cearta, tairbhí agus oibleagáidí bheartas iomaíochta an Aontais a chur in iúl agus a mhíniú. Leis an gClár, ba cheart cuidiú freisin le hanailís agus measúnú ar fhorbairtí sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as fiosrúcháin earnála agus uirlisí eile imscrúdaithe margaidh agus trí fhaisnéis agus dea-chleachtais a roinnt go córasach laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Leis sin, ba cheart cuidiú le hiomaíocht chóir agus leis an gcothrom iomaíochta, lena n-áirítear ar an leibhéal domhanda, agus gnólachtaí, go háirithe FBManna, agus tomhaltóirí a chumhachtú chun tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach.

    (22)

    Leis an gClár, is gá, go háirithe, dul i ngleic leis na himpleachtaí radacacha atá ann don iomaíocht agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de thoradh aistriú glas agus aistriú digiteach reatha an gheilleagair agus thimpeallacht an ghnó, go háirithe a bhuí leis an bhfás easpónantúil atá ag teacht ar an méid sonraí agus ar an úsáid a bhaintear astu, ag cur san áireamh gur níos mó agus níos mó atá cuideachtaí agus a gcomhairleoirí ag dul i muinín na hintleachta saorga, algartaim mórshonraí agus uirlisí agus saineolas TF eile. Tá sé ríthábhachtach freisin, leis an gClár, go dtacaítear le líonraí agus go gcothaítear comhar níos leithne agus níos doimhne leis na Ballstáit agus lena n-údaráis agus a gcúirteanna, ós rud é go bhfuil iomaíocht neamhshaofa ann agus go bhfuil feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ag brath go mór ar chaingean na n-eintiteas sin. I bhfianaise an róil ar leith atá ag an mbeartas iomaíochta maidir le cosc a chur le díobháil don mhargadh inmheánach de thoradh iompar frithiomaíoch lasmuigh de theorainn an Aontais, leis an gClár, ba cheart tacaíocht a thabhairt do chomhar le húdaráis tríú tíortha de réir mar is iomchuí. Ar deireadh, ní mór cur le gníomhaíochtaí cumarsáide chun gur féidir le tuilleadh saoránach agus gnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Leis sin, ba cheart tacú le hiarrachtaí chun tairbhí bheartas iomaíochta an Aontais a léiriú níos fearr do shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le hionadaithe ghrúpaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha. Ceaptar go mbeidh gá le solúbthacht i gcur chun feidhme na coda sin den Chlár a bhaineann le hiomaíocht chun freagairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn a bhfuil tionchar orthu ag forbairtí dinimiciúla tapa i ndálaí iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh ar deacair meastachán a dhéanamh orthu ó thaobh luais agus méid. Baineann sé sin go háirithe le forbairtí maidir leis an digiteáil, an intleacht shaorga, algartaim, mórshonraí, an chibearshlándáil agus an teicneolaíocht fhóiréinseach.

    (23)

    Tá sé ríthábhachtach iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontar an Aontais a neartú agus, san am céanna, cothrom na Féinne éifeachtach agus margadh inmheánach atá oscailte agus iomaíoch a áirithiú. Is iad FBManna bunchloch gheilleagair an Aontais. Comhdhéanann FBManna 99,8 % de na gnólachtaí uile san Aontas, a sholáthraíonn dhá thrian de phoist, agus a rannchuidíonn go mór le poist d’ardchaighdeán cáilíochta i ngach earnáil a chruthú a bhfuil gné réigiúnach agus áitiúil ag baint leo, agus dá bharr sin, le comhtháthú sóisialta a chruthú. Tá ról lárnach ag FBManna i nuachóiriú na tionsclaíochta agus in aistriú glas agus aistriú digiteach an gheilleagair, lena n-áirítear neodracht aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, leis an gClár, ba cheart tacú lena n-iarrachtaí éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus táirgí agus seirbhísí ardcháilíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt. Sa chaoi sin, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú freisin le hiomaíochas FBManna ar an margadh domhanda a fheabhsú.

    (24)

    Tá dúshláin choiteanna ag FBManna nach mbíonn a oiread céanna tionchair acu ar ghnólachtaí móra. Áirítear ar na dúshláin choiteanna sin maoiniú a fháil, fórsa oibre oilte a earcú, a n-ualach riaracháin a mhaolú, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a ghlacadh, inter alia trí sholáthar poiblí, agus rochtain a fháil ar mhargaí domhanda agus ar shlabhraí luacha chun a gcuid gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe a fhorbairt. Leis an gClár, ba cheart aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh den sórt sin ar bhealach comhréireach ach, san am céanna, gan an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh go míchuí. Leis an gClár, ba cheart freisin na riachtanais ar leith atá ag cineálacha sonracha FBManna a chur san áireamh, amhail micrifhiontair, FBManna atá i mbun seirbhísí agus FBManna atá i mbun gníomhaíochtaí ceardaíochta, chomh maith le FBManna arb iad daoine féinfhostaithe atá iontu, na gairmeacha beatha liobrálacha agus fiontair de chuid an gheilleagair shóisialta. Áirítear ar fhiontair an gheilleagair shóisialta san Aontas cineálacha éagsúla fiontar agus eintiteas sa gheilleagar sóisialta, amhail comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, comhlachais neamhbhrabúsacha, fondúireachtaí, fiontair shóisialta agus cineálacha eile fiontar. Ós rud é go bhfuil siad dírithe go príomha ar luach comhroinnte agus tionchar sóisialta a chruthú do dhaoine níos mó ná brabús a dhéanamh, tá siad in ann gníomhú mar uirlis ar mhaithe leis an nuálaíocht shóisialta, an rialachas trédhearcach agus an dlúthpháirtíocht, trí fhormhór a mbrabús nó a mbarrachas á athinfheistiú acu ina gcuspóirí. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar na riachtanais ar leith atá ag fiontraithe ionchasacha nua, amhail fiontraithe óga agus banfhiontraithe, daoine aosta agus daoine faoi mhíchumas.

    (25)

    Leis an gClár seo, ba cheart FBManna a chur san áireamh, mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13). Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm maidir le FBManna, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna agus Eagraíochtaí Cur chun cinn Trádála na mBallstát.

    (26)

    Leis an gClár, ba cheart tacú le cultúr nuálaíochta agus é a chur chun cinn, agus éiceachórais thionsclaíocha á bhforbairt ar féidir leis gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh agus fás FBManna a chothú, agus aird á díriú ar na FBManna ar fad atá in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus ar thimpeallacht atá ag éirí níos iomaíche agus ag athrú níos gasta. Leis an gClár, ba cheart iarracht a dhéanamh tacú leis an bpróiseas glactha nuálaíochta trí shamhlacha nua gnó comhoibríocha a chur chun cinn, trí líonrú agus trí eolas agus acmhainní a chomhroinnt, lena n-áiritear trí chomhpháirtíochtaí Eorpacha de bhraislí fiontar agus d’eagraíochtaí de líonraí gnó.

    (27)

    Agus cláir oibre á mbunú chun tacú le FBManna, ba cheart forálacha straitéiseacha straitéis FBM agus an Ghnímh um Ghnólachtaí Beaga a chur san áireamh, chomh maith leis an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn FBManna, mar a tuairiscíodh san athbhreithniú ar fheidhmíocht FBManna. Ba cheart aird a thabhairt ar Líonra Toscairí FBManna.

    (28)

    Baineann cuid mhór d’fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna maidir le teacht ar mhaoiniú. Tagann na deacrachtaí sin chun cinn toisc go mbíonn FBManna ag streachailt chun a n-acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc nach mbíonn dóthain sócmhainní acu mar urrús d’iasachtóirí (i.e., comhthaobhacht/ráthaíochtaí) nó nach mbíonn dóthain eolais acu faoi na sásraí atá ann chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí atá cheana ann ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal áitiúil. Tagann dúshláin bhreise mhaoinithe as an ngá atá ag FBManna le leanúint de bheith iomaíoch trí inter alia páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí glactha nuálaíochta agus i ngníomhaíochtaí digitithe, gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe agus, chomh maith le trí oiliúint bhreise agus athoiliúint a chur ar a gcuid oibrithe. De thoradh rochtain theoranta ar mhaoiniú, imrítear tionchar diúltach ar chruthú gnólachtaí, ar a bhforbairt agus ar a rátaí marthanais agus, lena chois sin, ar ullmhacht fiontraithe nua dul i mbun cuideachtaí inmharthana i gcomhthéacs comharbas gnó.

    (29)

    Is constaic mhór í d’fhás na bhfiontar san Aontas an easpa scileanna. Chun fiontraíocht a chothú san Aontas agus chun tacú le fás FBManna agus lena n-aistriú digiteach agus a n-aistriú glas, leis an gClár, ba cheart rochtain ar scileanna agus scéimeanna meantóireachta a chur chun cinn agus a éascú do FBManna, agus go háirithe scileanna teicneolaíochta, fiontraíochta agus bainistíochta a fhorbairt. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh le tionscnaimh a dhéantar i gcláir eile de chuid an Aontais, i gcláir náisiúnta agus réigiúnacha chun sineirgí a mhéadú agus dúbláil a sheachaint.

    (30)

    Chun teipeanna margaidh a shárú agus chun a áirithiú go leanann FBManna, lena n-áirítear fiontair nuathionscanta agus gnólachtaí i mbun fáis, dá ról a imirt mar bhunchloch d’iomaíochas gheilleagar an Aontais, ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt do FBManna i bhfoirm ionstraimí fiachais agus cothromais arna mbunú faoi ghné beartais FBM de Chiste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (14). Tá sé cruthaithe go bhfuil breisluach ag baint leis an tSaoráid Ráthaíochta Iasachta, a cuireadh i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus meastar go ndéanfar leis sin rannchuidiú dearfach le 500 000 FBM ar a laghad. D’fhéadfaí níos mó airde a thabhairt ar fheasacht a mhéadú, ó thaobh tairbhithe ionchasacha de, i ndáil le Clár InvestEU a bheith ar fáil do FBManna.

    (31)

    Le gníomhaíochtaí faoin gClár, ba cheart iarracht a dhéanamh cuspóirí beartais an Chláir a bhaint amach ní hamháin trí dheontais ach freisin trí rochtain a éascú ar ionstraimí airgeadais agus ar ráthaíochtaí buiséadacha arna mbunú faoi ghné beartais FBM de Chiste InvestEU agus ba cheart sineirgí a fheabhsú le cláir eile de chuid an Aontais. Ba cheart breisluach soiléir an Aontais a bheith ag gabháil leis na gníomhaíochtaí uile.

    (32)

    Leis an gClár, ba cheart tacaíocht éifeachtach a sholáthar do FBManna le linn a saolré, cúnamh á chur ar fáil ó chuidiú le FBManna comhpháirtithe a aimsiú i gcomhair tionscadal comhpháirteach go tráchtálú agus rochtain ar an margadh, fothú acmhainneachta agus an comhar a spreagadh le braislí agus eagraíochtaí líonraí gnó. Leis sin, ba cheart tacú freisin le haistriú glas agus aistriú digiteach FBManna agus go cur leis an eolas agus leis an saineolas atá forbartha i dtaobh FBManna, chomh maith leis an taithí sheanbhunaithe ó bheith ag obair le geallsealbhóirí an Aontais, geallsealbhóirí náisiúnta agus geallsealbhóirí réigiúnacha. Leis an tacaíocht sin, ba cheart cur le taithí an Líonra Fiontar Eorpaigh (EEN) mar ionad ilfhreastail chun iomaíochas FBManna a fheabhsú agus a ngnó a fhorbairt laistigh den margadh inmheánach agus lasmuigh de. Le EEN, leantar de seirbhísí a sholáthar thar ceann cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe an clár dar teideal Fís Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle (16), agus úsáid á baint as acmhainní airgeadais na gclár sin. Le ENN, ba cheart freisin rannpháirtíocht fheabhsaithe FBManna a éascú i dtaobh tionscnamh a fhorbairt maidir le beartas an mhargaidh inmheánaigh, amhail soláthar poiblí agus próisis chaighdeánaithe. Le ENN, ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar le Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha faoin gClár don Eoraip Dhigiteach arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle (17) agus le Mol Comhairleach InvestEU. Ina theannta sin, ba cheart leanúint den scéim meantóireachta rathúil - Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga - chun gur féidir le fiontraithe nua nó daoine a dteastaíonn uathu a bheith ina bhfiontraithe taithí ghnó agus bhainistíochta a fháil trí iad a mheaitseáil le fiontraithe seanchleachta ó thír eile agus trí foghlaim uathu agus, ar an dóigh sin, a gcumas fiontraíochta a neartú. Ba cheart cumhdach geografach an Chláir a leathnú agus raon níos leithne féidearthachtaí meaitseála a thairiscint d’fhiontraithe i gcomhlántacht le tionscnaimh eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha.

    (33)

    Ba cheart iarrachtaí breise a dhéanamh chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun tionscnaimh an Chláir a dhéanamh níos inrochtana trí na costais ar phróisis chasta iarratais agus ceanglais chasta rannpháirtíochta a laghdú do FBManna. Sa chomhthéacs sin, ba cheart EEN a bheith mar phríomhphointe faisnéise do FBManna ar spéis leo rochtain a bheith acu ar chistí de chuid an Aontais, agus é ag feidhmiú mar ionad ilfhreastail agus ag cur treoir shaincheaptha ar fáil dóibh. Tá sé tábhachtach go gcuirfear leis an taithí a fuarthas faoi na bearta atá ann cheana chun tacú le FBManna, ach ag an am céanna a bheith oscailte do na bearta sin a oiriúnú i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha do FBManna sa mhargadh aonair, go háirithe iad sin a bhaineann le digiteáil agus leis an ualach rialála.

    (34)

    Ós rud é go gcruthaítear le braislí fiontar timpeallacht atá fabhrach agus athléimneach do ghnó, is uirlis straitéiseach iad chun tacú le hiomaíochas FBManna agus chun iad a chur ag gníomhú ar scála níos leithne. Féadfaidh siad aistriú glas agus aistriú digiteach na tionsclaíochta a éascú, lena n-áirítear seirbhísí, agus féadfaidh siad forbairt eacnamaíoch na réigiún a neartú trí fhás agus poist a chruthú. Tá sé tábhachtach, le Tionscnaimh Chomhpháirteacha le haghaidh Braislí Fiontar, mais chriticiúil a bhaint amach ós rud é go gcuirfear leis sin dlús le fás FBManna. De thoradh éiceachórais thionsclaíocha speisialaithe a nascadh, cruthaítear le braislí fiontar deiseanna nua gnó do FBManna agus déantar iad a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr i slabhraí luacha straitéiseacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Trí thacaíocht ón Ardán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha agus a Lárionad Eorpach um Eolas maidir le hÉifeactúlacht Acmhainní, ba cheart tacú le straitéisí comhpháirtíochta trasnáisiúnta agus idir-réigiúnacha a fhorbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme. Leis an tacaíocht sin, ba cheart a áireamh freisin cuidiú le FBManna dul i gcomhar le FBManna ó thríú tíortha. Ba cheart comhpháirtíocht inbhuanaithe a spreagadh trí leanúint de mhaoiniú a chur ar fáil má bhaintear amach spriocanna feidhmíochta agus rannpháirtíochta. Ba cheart tacaíocht dhíreach do FBManna a threorú trí eagraíochtaí de bhraislí fiontar leis an méid a leanas: úsáid ardteicneolaíochtaí, samhlacha nua gnó, réitigh ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, cruthaitheacht agus dearadh, seisiúin oiliúna, daoine inniúla a mhealladh, dlús a chur leis an bhfiontraíocht, agus an t-idirnáisiúnú. Gníomhaithe ar speisialtóirí iad i dtacaíocht a chur ar fáil do FBManna, ba cheart iad a bheith rannpháirteach sa tacaíocht dhíreach do FBManna d’fhonn athrú tionsclaíoch a éascú agus in straitéisí um speisialtóireacht chliste a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, leis an gClár bonn taca a chur faoi naisc a chruthú le moil nuálaíochta an Aontais, go háirithe lena Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha, agus le hinfheistíochtaí arna gcur ar bun faoi réir an Bheartais Comhtháthaithe agus an chláir Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí sineirgí le clár Erasmus+ arna bhunú le Rialachán (AE) XXXX/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a fhiosrú.

    (35)

    Leis an gClár, ba cheart cuidiú leis an gcaidreamh idir gnólachtaí a neartú, go háirithe FBManna agus ollscoileanna, lárionaid taighde agus institiúidí eile atá rannpháirteach i dtáirgeadh agus scaipeadh eolais. Leis an gcaidreamh sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas gnólachtaí maidir le dul i ngleic leis na dúshláin straitéiseacha a bhaineann leis an gcomhthéacs nua idirnáisiúnta.

    (36)

    Ós rud é go mbíonn FBManna níos lú ó thaobh méid de, bíonn constaicí sonracha rompu i dtéarmaí fáis. Bíonn sé thar a bheith deacair dóibh cuid dá ngníomhaíochtaí gnó a fhás agus a mhéadú. Bunaithe ar an rath a bhí ar an Ionstraim FBM agus ar thionscadail an Aontais maidir le braislí fiontar le haghaidh slabhraí luacha tionsclaíocha nua faoi chlár Fís 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1291/2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle (19), agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus an taithí a fuarthas uathu sin, leis an gClár, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do FBManna a ngníomhaíochtaí a mhéadú ag gach céim ríthábhachtach dá bhforbairt, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe, úsáide nuálaíochta agus tráchtálaithe. Chomhlánódh an tacaíocht sin tacaíocht ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach faoi chlár Fís Eorpach, lena ndíreofar den chuid is mó ar nuálaíocht cheannródaíoch shuaiteach, agus da réir sin ar FBManna nuálacha, lena ndíreofar go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthaítear margaí, agus lena dtacófar freisin le gach cineál nuálaíochta, an nuálaíocht incriminteach san áireamh.

    (37)

    Tá an chruthaitheacht agus gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear an nuálaíocht a bhaineann le héifeachtúlacht fheabhsaithe acmhainní agus fuinnimh, ríthábhachtach d’iomaíochas shlabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais. Leis sin, spreagtar nuachóiriú na hearnála gnó agus na hearnála tionsclaíche agus rannchuidítear le fás atá cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Mar sin féin, tá FBManna ar gcúl go fóill i dtaca lena n-úsáid. Dá réir sin, ba cheart, leis an gClár, tacú le gníomhaíochtaí, líonraí agus comhpháirtíochtaí spriocdhírithe ar an nuálaíocht atá bunaithe ar an gcruthaitheacht chun a chur ar chumas FBManna an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach ar fud na slabhraí luacha agus éiceachórais tionsclaíocha.

    (38)

    Tá ról tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha sa mhargadh inmheánach. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh a iomaíche atá gnóthais, go háirithe FBManna. Is uirlis ríthábhachtach iad na caighdeáin Eorpacha freisin chun bonn taca a chur faoi reachtaíocht agus beartais an Aontais i roinnt príomhréimsí arb é is aidhm leo an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú, amhail an fuinneamh, an t-athrú aeráide agus cosaint chomhshaoil, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, úsáid inbhuanaithe agus athchúrsáil acmhainní, an nuálaíocht, sábháilteacht táirgí, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe, agus aosú an daonra agus, ar an dóigh sin, tairbhe a dhéanamh don tsochaí i gcoitinne. Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as rannchuidiú an gcaighdeáin sin, is léir ón taithí a fuarthas gur gá luas agus tráthúlacht leagan amach na gcaighdeán a fheabhsú agus gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun gach geallsealbhóir ábhartha, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí, a bheith páirteach ar bhealach níos fearr.

    (39)

    Rialaítear gníomhaíochtaí caighdeánaithe Eorpacha le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus cuirtear chun feidhme na gníomhaíochtaí sin trí bhíthin comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí sheanbhunaithe atá fíorthábhachtach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus chun na cuspóirí atá i mbeartais ghinearálta agus beartais earnálacha de chuid an Aontais i dtaca le caighdeánú, a bhaint amach.

    (40)

    Tá creat coiteann tuairiscithe airgeadais agus neamhairgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don mhargadh inmheánach, d’fheidhmiú éifeachtach na margaí airgeadais agus chun margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais i gcomhthéacs an Aontais Bhaincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil.

    (41)

    I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), maidir le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh ag Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta, agus léirmhínithe lena mbaineann ó Choiste Léirmhíniúcháin na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, níor cheart iad a ionchorprú i ndlí an Aontais chun a bheith curtha i bhfeidhm ag comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ach amháin má chomhlíonann IFRS na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin, lena n-áirítear an ceanglas go dtugtar sna cuntais “léargas fíor agus cothrom” dá bhforáiltear i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus go mbeidh siad ina gcuidiú don leas poiblí Eorpach. Ní foláir caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta den sórt sin a fhorbairt ar bhealach trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Dá bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus, dá bhrí sin, tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraítear leis an bpróiseas lena ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas, caighdeáin atá ag teacht le ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a bhunú d’Fhondúireacht IFRS sa Chlár.

    (42)

    Agus ról an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á chur san áireamh maidir le measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann IFRS ceanglas dlí agus beartais an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, is gá don Aontas freisin maoiniú cobhsaí EFRAG a áirithiú agus, dá bhrí sin, rannchuidiú lena chistiú tríd an gClár. Ba cheart obair theicniúil EFRAG a dhíriú ar chomhairle theicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le formhuiniú IFRS chomh maith le leibhéal iomchuí de rannpháirtíocht an Aontais i bpróiseas forbartha IFRS, sin agus ba cheart a áirithiú go gcuirfear leasanna an Aontais san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas bunaithe caighdeán idirnáisiúnta. Ba cheart a áireamh ar na leasanna sin coincheap na “stuamachta”, an ceanglas a choimeád maidir le “léargas fíor agus cothrom”, arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE, agus an leas poiblí Eorpach, arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, tionchar IFRS ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an ngeilleagar á chur san áireamh. Bunaíodh an tsaotharlann Eorpach maidir le tuairisciú corparáideach mar chuid de EFRAG, chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais i dtuairisciú corparáideach a fhorbairt. Is fóram é trínar féidir le cuideachtaí agus infheisteoirí dea-chleachtais a chomhroinnt, go háirithe sa réimse maidir leis an tuairisciú neamhairgeadais agus i dtaobh na hinbhuanaitheachta. Ag cur leis an obair sin, ba cheart do EFRAG rannchuidiú freisin le caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais a fhorbairt.

    (43)

    In earnáil na hiniúchóireachta reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an athchóiriú rialachais ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Is é ról PIOB maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas is bunús le glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus ar ghníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail. Is féidir ISAnna a ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur forbraíodh iad faoi phróiseas cuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Ag cur san áireamh tabhairt isteach ISAnna san Aontas agus ról ríthábhachtach PIOB maidir le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar leis na ISAnna sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin do PIOB a bhunú sa Chlár.

    (44)

    Trí thacaíocht a thabhairt do bheartas na mBallstát lena ndéantar iarracht a áirithiú gur féidir le saoránaigh, agus iad ag gníomhú mar thomhaltóirí, tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus trí na bearta sin a chomhlánú, bíonn an tAontas ina chuidiú leibhéal ard cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, cumhacht a thabhairt dóibh agus iad a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an dóigh sin, déantar a sábháilteacht agus a leasanna dlí agus eacnamaíocha a chosaint go cuí trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla. Is gá freisin don Aontas deimhin a dhéanamh de go bhforfheidhmítear ar an talamh dlíthe maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus táirgí i gceart agus go cothrom agus gur féidir le gnólachtaí tairbhe a bhaint as cothrom na Féinne agus mar sin d’iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Anuas air sin, is gá tomhaltóirí a chumhachtú, a spreagadh agus is gá cuidiú leo chun roghanna inbhuanaithe agus eolasacha a dhéanamh agus, ar an dóigh sin, tacú le geilleagar ciorclach atá inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh agus na n-acmhainní de.

    (45)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár feasacht a ardú, ar thaobh na dtomhaltóirí, na ngnólachtaí, ionadaithe na sochaí sibhialta agus na n-údarás, maidir le dlíthe tomhaltóirí agus sábháilteachta an Aontais. Ba cheart leis freisin tomhaltóirí agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha a chumhachtú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart leis é sin a dhéanamh go háirithe trí thacú leis an eagraíocht tomhaltóirí Eorpach BEUC (Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí), ar eagraíocht neamhrialtasach í atá seanbhunaithe agus aitheanta go maith agus a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i ndáil le beartais ábhartha uile an Aontais, agus ar an gcaoi sin ag cur ar chumas na heagraíochta sin sineirgí feabhsaithe a thógáil chun abhcóideacht tomhaltóirí a neartú. Ba cheart leis freisin é sin a dhéanamh trí thacú leis an gComhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC), a dhéanann ionadaíocht ar leas tomhaltóirí i ndáil le saincheisteanna caighdeánaithe. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais mhargaidh nua maidir le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí dhíriú go háirithe ar ghníomhaíochtaí lena ndéantar na cleachtais dhífheidhmeachta phleanáilte sin atá míthreorach agus cleachtais mhíthreoracha eile amhail éilimh bhréagacha chomhshaoil a chomhrac, trí thomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi mharthanacht agus faoi dheisiú táirgí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leochaileachtaí a chosc chomh maith le dúshláin a eascraíonn as digitiú an gheilleagair a chosc, i ndáil le, mar shampla, táirgí bainteacha, idirlíon na rudaí nithiúla, an intleacht shaorga agus úsáid a bhaint as algartaim, agus maidir le patrúin tomhaltais agus samhlacha gnó nua a fhorbairt. Leis an gClár, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí chun forbairt a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha i dtaca le margaí, lena n-áirítear foilsiú scórchlár tomhaltóirí an Aontais.

    (46)

    Leis an gClár, ba cheart tacú le húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear na húdaráis sin atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, a chomhoibríonn go háirithe trí bhíthin chóras mear-rabhaidh an Aontais do tháirgí contúirteacha. Ina theannta sin, ba cheart leis tacú le forfheidhmiú Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, agus leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus le comhar idirnáisiúnta idir na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha agus san Aontas. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an gClár freisin rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus ar líne a áirithiú do thomhaltóirí agus trádálaithe uile, mar aon le faisnéis maidir leis an bpróiseas chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a lorgaíonn sásaimh.

    (47)

    Leis an gClár, ba cheart tacú freisin le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, a thugann cabhair do thomhaltóirí na cearta atá acu ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais a chur chun sochair nuair a cheannaíonn siad earraí agus seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), bíodh sé ar líne nó le linn dóibh a bheith ag taisteal. Tá sé cruthaithe ag an líonra sin, a bhfuil 29 lárionad aige agus atá cistithe go comhpháirteach le breis is 15 bliana anuas ag cláir tomhaltóirí an Aontais, go bhfuil breisluach ag baint leis maidir le hiontaoibh tomhaltóirí agus trádálaithe as an margadh inmheánach a neartú. Déileálann sé le breis agus 120 000 iarraidh ó thomhaltóirí in aghaidh na bliana agus bíonn teagmháil aige leis na milliúin saoránach trína ghníomhaíochtaí faisnéise preasa agus ar líne. Tá sé ar cheann de na líonraí cúnaimh do shaoránaigh de chuid an Aontais is mó a bhfuil meas air agus tá pointí teagmhála lonnaithe i bhformhór d’ionaid an líonra agus cuirtear comhairle ar fáil iontu maidir le gnéithe de dhlí an mhargaidh inmheánaigh amhail Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). De thoradh na meastóireachta a rinneadh air, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfaidh ionadaí dá chuid oibríochtaí. Féadfaidh Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí a bheith ina fhoinse faisnéise freisin i dtaca leis na dúshláin agus na fadhbanna a thagann roimh thomhaltóirí ar an leibhéal áitiúil, atá ábhartha do cheapadh beartas an Aontais agus do leasanna tomhaltóirí a chosaint. Tá pleananna ann freisin don líonra socruithe cómhalartachta le comhlachtaí comhchosúla i dtríú tíortha a fhorbairt.

    (48)

    Glacadh Treoracha 98/6/CE (26), 2005/29/CE (27), 2011/83/AE (28), (AE) 2019/2161 (29) agus (AE) 2020/1828 (30) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun a áirithiú, inter alia, go gcaitear go cothrom le tomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le saincheisteanna trasteorann, amhail táirgí neamhchomhlíontacha a dhíol in earnáil na mótarfheithiclí, caighdeáin décháilíochta do tháirgí, nó na fadhbanna a bhí ag paisinéirí i gcás cealuithe eitiltí nó moilleanna fada eitiltí. Tá sé mar aidhm leo freisin cumas forfheidhmithe na mBallstát a neartú, sábháilteacht táirgí a fheabhsú agus comhar idirnáisiúnta agus deiseanna nua maidir le sásamh a mhéadú, go háirithe trí chaingne ionadaíocha ó eintitis cháilithe. I mí na Bealtaine 2017, rinne an Coimisiún seiceála oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais,, a léiríodh gur ghá rialacha a fhorfheidhmiú ar dhóigh níos fearr agus sásamh a éascú nuair a dhéantar díobháil do thomhaltóirí de dheasca sáruithe ar dhlíthe tomhaltóirí. I bhfianaise na seiceála oiriúnachta sin, ba cheart é a bheith ina thosaíocht tacú leis na Treoracha agus na caingne sin a chur chun feidhme ina n-iomláine agus a bhforfheidhmiú trasteorann a chur chun cinn.

    (49)

    Imríonn feidhmiú na margaí airgeadais tionchar mór ar shaoránaigh agus dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí ar an eolas tuilleadh iad maidir le cearta, rioscaí agus tairbhí ábhartha. Is dlúthchuid den mhargadh inmheánach iad margaí airgeadais agus ní mór creat stóinseach rialála agus maoirseachta a bheith ann lena n-áirithítear ní hamháin cobhsaíocht airgeadais agus geilleagar inbhuanaithe ach, lena chois sin, lena soláthraítear leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe cistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna. Ba cheart don Chlár rannchuidiú le hacmhainneacht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais a fheabhsú chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartais, lena n-áirítear trí fhaisnéis shoiléir, iomlán agus soláimhsithe don úsáideoir a tháirgeadh agus a scaipeadh maidir le táirgí a chuirtear ar fáil sna margaí airgeadais.

    (50)

    Leis an gClár, mar sin, ba cheart leanúint de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí sonracha a chumhdaítear le Clár Fothaithe Acmhainneachta 2017–2020 lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), lena leantar de threoirthionscadal agus réamhbheart na mblianta 2012–2017. Is gá sin chun a áirithiú go mbeidh lucht ceaptha beartas ar an eolas faoi thuairimí geallsealbhóirí nach gairmithe de chuid na hearnála airgeadais iad agus chun a áirithiú gur fearr an ionadaíocht a dhéantar ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais. Ba cheart modheolaíocht agus dea-chleachtais an Chláir a fhorbairt go leanúnach maidir le conas rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh seirbhísí airgeadais a mhéadú chun na saincheisteanna atá ábhartha do cheapadh beartais an Aontais a shainaithint agus chun cosaint leasanna tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiú. Leis sin ba cheart feabhas a chur ar bheartais i leith seirbhísí airgeadais, go háirithe iad siúd a bhfuil sé mar aidhm leo tuiscint níos fearr a chothú i measc an phobail ar na saincheisteanna i gceist i dtaca le rialáil airgeadais agus tuiscint fheabhsaithe airgeadais.

    (51)

    I gcomhthéacs an treoirthionscadail agus an réamhbhirt do na bliana 2012–2017 agus, bhronn an Coimisiún deontais ar dhá eagraíocht tar éis glao oscailte bliantúil ar thograí. Is iad Finance Watch, a cuireadh ar bun le deontais ón Aontas in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge, agus Better Finance, a tháinig as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann. Leis an gClár Fothaithe Acmhainneachta a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/826, sainaithnítear an dá eagraíocht sin mar thairbhithe aonair. Is gá, mar sin, leanúint de bheith ag cómhaoiniú na n-eagraíochtaí sin i gcomhthéacs an Chláir. Mar sin féin, ba cheart an maoiniú sin a bheith faoi réir meastóireacht chríochnúil ar éifeachtacht agus ar thionchar a bhfuil bainte amach i dtreo na gcuspóirí atá á saothrú. I ndáil leis sin, má thagann tairbhithe féideartha eile chun cinn, a bhfuil acu mar chuid dá bpríomhchuspóirí agus dá bpríomhghníomhaíochtaí ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ar leibhéal an Aontais, mar aon le clúdach geografach leathan agus raon leathan leasanna a ghlacadh trí bhíthin a mballraíocht, ba cheart glao ar thograí ó iarratasóirí a bheith ar oscailt dóibh.

    (52)

    Chun tomhaltóirí a chosaint agus chun gur féidir leis an margadh inmheánach oibriú go héifeachtúil, caithfidh leibhéal ard cosanta sláinte a bheith ann i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha. Ar mhaithe le feidhmiú na sochaí agus an mhargaidh inmheánaigh, is réamhriachtanas é slabhra soláthair bia atá sábháilte agus inbhuanaithe. Tá sé fíorthábhachtach go ndéantar géarchéimeanna sláinte trasteorann agus údair faitís i dtaca le bia a chosc, ós rud é go cuireann siad as d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí theorainn a chur le gluaiseachtaí daoine agus earraí agus trí chur as don táirgeadh agus don tomhaltas. Leis an gclár, dá bhrí sin, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail bearta éigeandála a bhunú i gcás géarchéime a dhéanfadh difear do shláinte ainmhithe agus plandaí.

    (53)

    Is é cuspóir ginearálta dhlí an Aontais i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha ardleibhéal sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra a choimirciú, tacú le leas ainmhithe a fheabhsú, cur le hardleibhéal cosanta agus faisnéise do thomhaltóirí agus leibhéal ard cosanta don chomhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht a chaomhnú, agus cásanna arb é tionchar an athraithe aeráide a d’fhéadfadh a bheith sna Ballstáit is cúis leo á gcur san áireamh, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht na táirgeachta bia agus beatha a fheabhsú agus ag cur le slándáil bia agus praghsanna réasúnta, cur amú bia a ghearradh, cur le caighdeáin cháilíochta na dtáirgí ar fud an Aontais, agus iomaíochas thionscal bia agus beatha an Aontais a fheabhsú agus poist a chruthú, lena n-áirítear trí thaighde agus nuálaíocht a spreagadh.

    (54)

    I bhfianaise gur gníomhaíochtaí sonracha iad na gníomhaíochtaí lena mbaineann leibhéal ard sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí, is gá critéir speisialta incháilitheachta a bhaineann le cur ar fáil deontas agus úsáid soláthair phoiblí a leagan síos sa Rialachán seo. Mar eisceacht ar phrionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, go háirithe, i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) (an “Rialachán Airgeadais”), ba cheart costais na mbeart éigeandála, i ngeall ar chineál práinneach agus neamh-intuartha na mbeart sin, a bheith incháilithe, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh de dheasca amhrais faoi ghalar nó lotnaid, ar choinníoll go ndearbhaítear tar éis sin an galar nó an lotnaid a bheith ann agus go gcuirtear sin in iúl don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocaíocht caiteachais incháilithe a dhéanamh, tar éis na gealltanais dhlíthiúla a shíniú agus tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú. Ba cheart costais a bheith incháilithe freisin i dtaca le bearta faireachais, coisctheacha agus cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca galair agus zónóisí áirithe ainmhithe a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó a tíortha nó ar a chríocha thar lear agus i dtaca le bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.

    (55)

    I bhfianaise domhandú a bheith ag dul i méid i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, is uirlis ríthábhachtach iad rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit chun a fhíorú go bhfuil ceanglais ábhartha an Aontais á gcur chun feidhme, á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear ceanglais i ndáil le hallmhairí, agus chun faireachán a dhéanamh air sin. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht córas rialaithe oifigiúil ríthábhachtach chun leibhéal ard sábháilteachta ag gach céim den bhiashlabhra agus muinín na dtomhaltóirí a chaomhnú agus, ag an am céanna, leibhéal ard cosanta don chomhshaol agus do leas na n-ainmhithe a áirithiú. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil do na bearta rialaithe sin. Ba cheart, go háirithe, ranníocaíocht airgeadais a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh chun cuidiú leo na costais a sheasamh a eascraíonn as cláir oibre atá formheasta ag an gCoimisiún a chur chun feidhme, agus d’fhéadfadh sé a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta sláinte plandaí agus ainmhithe, saotharlanna a bhainfidh tairbhe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), as acmhainní airgeadais leordhóthanacha arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, ar choinníoll gur féidir a léiriú go soiléir gurb ionann na gníomhaíochtaí a dhéantar agus breisluach an Aontais agus go bhfuil maoiniú leordhóthanach ar fáil faoin gClár chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin. Thairis sin, ós rud é freisin go mbraitheann éifeachtacht rialuithe oifigiúla ar bhaill foirne dhea-oilte, a bhfuil eolas iomchuí acu ar dhlí an Aontais, a bheith ar fáil do na húdaráis rialaithe, ba cheart don Aontas a bheith in ann rannchuidiú lena n-oiliúint agus leis na cláir mhalartacha ábhartha arna n-eagrú ag údaráis inniúla.

    (56)

    Is fadhb mhéadaitheach san Aontas agus ar fud an domhain í frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith indéanta bearta a chómhaoiniú chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach faoin gClár.

    (57)

    Tá staidreamh ardcháilíochta Eorpach arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 riachtanach le haghaidh cinnteoireacht ar bhonn fianaise. Ba cheart an staidreamh Eorpach a bheith ar fáil go tráthúil agus ba cheart go gcuirfeadh sé le cur chun feidhme bheartais an Aontais dá dtagraítear in CFAE, go háirithe an rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháthaithe, an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, an fhorbairt inbhuanaithe, an beartas talmhaíochta, gné shóisialta na hEorpa agus an domhandú.

    (58)

    Tá an staidreamh Eorpach riachtanach le haghaidh chinnteoireacht an Aontais agus chun feidhmíocht agus tionchar thionscnaimh an Aontais a thomhas. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go leanfaí den staidreamh Eorpach a sholáthar agus a fhorbairt, bunaithe ar chur chuige uile-Aontais agus peirspictíocht níos leithne aige ná peirspictíocht an mhargaidh inmheánaigh amháin, chun gníomhaíochtaí agus réimsí beartais uile an Aontais a chumhdach, lena n-áirítear gnólachtaí agus saoránaigh a chumhachtú chun cinntí eolacha a dhéanamh.

    (59)

    I bhfianaise a ghné cothrománaí, tá an creat chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 faoi réir ceanglas sonrach, agus go háirithe na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin, a mhéid a bhaineann leis na prionsabail staidrimh a urramú, mar aon le feidhmiú an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus a rialachais, lena n-áirítear an ról agus na cúraimí arna sannadh do Choiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus don Choimisiún (Eurostat), bunú agus cur chun feidhme chlárú na ngníomhaíochtaí staidrimh.

    (60)

    Cuireadh an dréacht-chuid den Chlár maidir leis an gcreat chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach lena scrúdú roimh ré i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    (61)

    Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta do bheith ar thús cadhnaíochta i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Le rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát i gClár Oibre 2030 a bhaint amach, beidh an Eoraip á cothú ar bhealach a fhágfaidh níos láidre, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos sláine agus níos rathúla í. Leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, lena n-áirítear trí na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil den fhorbairt inbhuanaithe a chothromú, agus, chuige sin, trí ghealltanais shoiléire agus infheicthe a thabhairt maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a phríomhshruthú.

    (62)

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras, arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, is é is aidhm don Chlár seo cuidiú chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun an sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. Sa chomhthéacs sin, leis an gClár, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear na caighdeáin aeráide agus chomhshaoil agus tosaíochtaí an Aontais, agus nach ndéantar dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).

    (63)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (35)), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (64)

    Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (36) déantar foráil do chomhar sna réimsí is ábhar don Chlár idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá rannpháirteach sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE), ar an taobh eile. Ba cheart é a bheith indéanta, freisin, an Clár a oscailt do rannpháirtíocht tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tríú tíortha eile. Ina theannta sin, i réimse an staidrimh Eorpaigh, ba cheart an Clár a bheith oscailte don Eilvéis i gcomhréir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh (37).

    (65)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de LEE a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (66)

    Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

    (67)

    Léiríodh gur leor na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi na cláir agus na línte buiséid a tháinig roimhe agus ba cheart iad a choinneáil. Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí nua arna dtabhairt isteach faoin gClár, go háirithe, an margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a threisiú go háirithe. Chun tuilleadh simplíochta agus solúbthachta a chur ar fáil i gcur i gcrích an Chláir agus ar an mbealach sin lena chuspóirí a bhaint amach ar shlí níos fearr, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin i gcatagóirí ginearálta foriomlána. Ba cheart liostaí de ghníomhaíochtaí táscacha a bhaineann le cuspóirí sonracha i réimse an iomaíochais, cosaint tomhaltóirí, nó gníomhaíochtaí sonracha a eascraíonn as ceanglais rialála, amhail gníomhaíochtaí sonracha i réimsí an caighdeánaithe, an fhaireachais margaidh, réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha agus staidreamh Eorpach a chur san áireamh leis an gClár freisin.

    (68)

    Is gá catagóirí ar leith a shonrú d’eintitis atá incháilithe chun cistiú a fháil, chomh maith leis na heintitis sin ar cheart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil gan ghlao ar thograí.

    (69)

    Agus idirnascacht agus digitiú an gheilleagair dhomhanda atá ag dul i méid á meas, ba cheart go leanfar leis an gClár an deis a thairiscint maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe.

    (70)

    Is gá critéir shonracha a bhaineann le rialacha cómhaoinithe agus costais incháilithe a chur in iúl. Ós rud é, i gcás roinnt de na cuspóirí sonracha, d’fhéadfadh sé bheith riachtanach costais incháilithe a mhaoiniú ina n-iomláine, ba cheart é a bheith indéanta maolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais.

    (71)

    De bhun Airteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht dar cuireadh tús cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síníodh an comhaontú deontais. Cé nach mbeadh, i gcásanna den sórt sin, na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe i bprionsabal, ba cheart é sin a bheith indéanta, go heisceachtúil, á cur san áireamh an mhoill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus chun aon chur isteach ar sholáthar tacaíochta ón Aontas a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachtaint. Dá bhrí sin, i gcás inar gá sin chun leanúnachas a áirithiú agus ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart na costais i ndáil le gníomhaíocht dar cuireadh tús leo cheana féin a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú amháin má tabhaíodh na costais sin roimh an dáta a tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. Ar na cúiseanna céanna agus faoi na coinníollacha céanna agus de mhaolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán Airgeadais, ba cheart na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas a bheith incháilithe i gcás deontas oibriúcháin.

    (72)

    I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal ‘Athbhreithniú Bhuiséad AE’, agus chun foráil a dhéanamh maidir le cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an Chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh.

    (73)

    Ba cheart an Clár a bheith ina chuidiú don tacaíocht iomlán lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí agus ar a gcomhtháthú sa mhargadh inmheánach, de réir mar a athdheimhníodh le déanaí sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions (Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas).

    (74)

    Leis an gClár, ba cheart sineirgí a chur chun cinn agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige. Ba cheart na gníomhaíochtaí faoin gClár seo a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí na gClár Custaim agus Fiscalis arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Fiscalis’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais faoi seach, a dhírítear freisin ar thacaíocht a thabhairt d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus é a fheabhsú.

    (75)

    Leis an gClár, ba cheart sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i leith FBManna agus sa bhreis air sin, agus i leith na tacaíochta fiontraíochta faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Thairis sin, leis an ngné beartais sin de chiste InvestEU, a bhaineann le FBManna áiritheofar tacaíocht d’fhiachas agus do chothromas chun rochtain agus fáil ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna. Leis an gClár, ba cheart sineirgí a lorg freisin leis an gClár Spáis arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) i ndáil le FBManna a spreagadh chun tairbhe a bhaint as nuálaíocht cheannródaíoch agus réitigh eile arna bhforbairt faoin gclár sin.

    (76)

    Leis an gClár, ba cheart sineirgí a chur chun cinn le Fís Eorpach, a bhfuil sé mar aidhm leis taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn. Ba cheart é sin a bheith bainteach go háirithe le comhlántacht le gníomhaíochtaí Chomhairle Nuálaíochta Eorpach na todhchaí ar mhaithe le comhlachtaí nuálacha, chomh maith le tacaíocht do sheirbhísí le haghaidh FBManna, go háirithe trí EEN.

    (77)

    Leis an gClár, ba cheart sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i ndáil leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, a bhfuil sé mar aidhm leis digitiú gheilleagar an Aontais agus na hearnála poiblí a chur chun cinn, agus cibearshlándáil a mhéadú ag an am céanna.

    (78)

    Ina theannta sin, leis an gClár, ba cheart sineirgí a lorg leis an gClár Ceartais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) , a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais ar mhaithe le héifeachtúlacht chórais cheartais náisiúnta, ós rud é go bhfuil sé seo ríthábhachtach chun cruthú geilleagar cothrom costéifeachtach a chumasú san Aontas.

    (79)

    Leis an gClár, ba cheart sineirgí a chur chun cinn le clár Erasmus+, le Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) i réimse na soghluaisteachta saothair agus shoghluaisteacht na hóige, atá riachtanach don mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil.

    (80)

    Ar deireadh, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí amhail bearta tréidliachta agus fiteasláintíochta i gcás géarchéime sláinte ainmhithe agus plandaí, a chomhlánú le hidirghabhálacha margadhbhunaithe ó chlársceidealú Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais.

    (81)

    Ba cheart breisluach soiléir an Aontais a léiriú le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár agus ba cheart iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh, nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú.

    (82)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid ar mhaithe le glacadh clár oibre lena ndéantar na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cumhachtú tomhaltóirí a chur chun feidhme. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid faoi seach do ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hiomaíochas FBManna agus do ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na cláir oibre lena ndéantar na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hardleibhéal sláinte do dhaoine, d’ainmhithe, agus do phlandaí agus chun rátaí cómhaoinithe níos ísle a bhunú i gcás inar gá maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le bearta éigeandála tréidliachta agus fiteashláintíochta agus chun cláir náisiúnta thréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla a bhunú mar aon le glacadh gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na cláir oibre lena ndéantar na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le sábháilteacht bia agus beatha a chur chun feidhme.

    (83)

    I gcás ina bhféadfar sineirgí idir cuspóirí sonracha an Chláir a bhaint amach, is féidir na forálacha is gá a chur chun feidhme i gclár oibre comhpháirteach.

    (84)

    Na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus modhanna chur chun feidhme an Chláir, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, breisluach an Aontais, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart a chur san áireamh leis sin féachaint le húsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (85)

    Chun faireachán agus tuairisciú rialta maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach agus maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chláir a áirithiú, ba cheart creat iomchuí a bheith curtha i bhfeidhm ón tús le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Chlár i gcomparáid le bonnlínte réamhshainithe.

    (86)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (43), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Chláir. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta a tharraingt suas maidir le gnóthú chuspóirí na ngníomhaíochtaí a thugtar dóibh faoin gClár, maidir leis na torthaí agus an tionchair, maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus maidir lena bhreisluach Aontais, chomh maith le tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta maidir lena thionchar go fadtéarmach, le torthaí agus le hinbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí, agus na sineirgí le Cláir eile.

    (87)

    Chun faireachán a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar do FBManna, leis an gClár, ba cheart úsáid a bhaint as táscairí feidhmíochta intomhaiste. Faoi réir infhaighteacht faisnéise agus i gcás inarb ábhartha, leis na táscáirí sin, ba cheart torthaí agus tionchar a baineadh amach leis an gClár i leith a chuspóirí sonracha agus i leith spriocghrúpaí sonracha a thomhas (mar shampla mná, daoine óga agus seanóirí). Go háirithe, agus faireachán á dhéanamh, tá sé tábhachtach an tacaíocht arna tabhairt don aistriú glas agus don aistriú digiteach, don idirnáisiúnú agus don nuálaíocht a thomhas. Ina theannta sin, ba cheart táscairí comhthéacsúla a áireamh san fhaireachán, ar táscairí iad nach ndéantar feidhmíocht an Chláir a thomhas leo, ach lena dtugtar forléargas ar an timpeallacht ina n-oibríonn FBManna.

    (88)

    Ba cheart liosta neamh-uileghabhálach na ngalar ainmhithe agus na zónóisí atá incháilithe chun cistiú a fháil faoi bhearta éigeandála agus chun cistiú a fháil faoi na cláir díothaithe, rialaithe agus faireachais a bhunú ar bhonn na ngalar ainmhithe dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Rialachán (CE) Uimh 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), Rialachán (CE) Uimh 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) agus Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47).

    (89)

    Chun cúinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua a chur i gcuntas, chomh maith leis na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le liosta na ngalar ainmhithe agus zónóisí a leasú. Chun forbairtí sa todhchaí a chur san áireamh maidir leis na heintitis a bhféadfar deontas a dhámhachtain dóibh faoin gClár i ndáil le hionadaíocht do leas tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le liosta na n-eintiteas sin a leasú. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, i ndáil le leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar liosta na dtáscairí a úsáideadh chun gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas, chomh maith leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chreat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Ba cheart dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le comhlachais tomhaltóirí freisin. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (90)

    De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (48), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

    (91)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (50), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (51) agus (AE) 2017/1939 (52) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (53). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (92)

    Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (93)

    Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54) rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát. Le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725.

    (94)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 bunaítear na rialacha maidir le staidreamh a tháirgeadh i gcomhréir le prionsabail rúndachta staidrimh agus déantar coinníoll go ndéanfaidh na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) gach beart riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar na prionsabail agus na treoirlínte a ailíniú i ndáil le cosaint fhisiciúil agus loighciúil na sonraí rúndachta.

    (95)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Clár don Mhargadh Aonair a bhunú chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe FBManna, agus cosaint tomhaltóirí, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus an creat clársceidealaithe agus maoiniúcháin chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, don tréimhse 2021-2027,.a ghnóthú go leordhóthanach de bharr chineál trasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an phoitéinsil níos fearr atá ann i ngníomhaíocht an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (96)

    Leis an gClár, ba cheart níos mó infheictheachta agus comhsheasmhachta a áirithiú freisin i dtaca le margadh inmheánach an Aontais, chomh maith le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe FBManna, agus gníomhaíochtaí staidrimh Eorpaigh i dtreo saoránaigh, gnólachtaí agus rialtais an Aontais.

    (97)

    Ós rud é go bhfuil éifeachtaí forálacha leasaitheacha gníomhartha dlíthiúla ídithe tráth a dteacht i bhfeidhm agus go bhfuil na leasuithe a tugadh isteach leo tagtha chun bheith ina gcuid de na gníomhartha dlíthiúla sin ag an am céanna, ní bheidh aon éifeacht ag aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56) ar na leasuithe a tugadh isteach cheana féin i ngníomhartha dlíthiúla eile le agus go háirithe i Rialachán (CE) Uimh 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) agus Treoir 2008/90/CÉ ón gComhairle (58) maidir le bunú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, atá fós i bhfeidhm d’ainneoin aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 652/2014.

    (98)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar idir na cláir ó 2014 go 2020 i réimsí iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe FBManna, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais, plandaí, ainmhithe, bia agus an beatha, agus staidreamh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59), Rialachán (AE) 2017/826, Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, agus an Clár seo, go háirithe maidir le leanúint le hidirbhearta ilbhliantúla agus leis an meastóireacht ar an rath a bhí ar na gcláir roimhe sin, agus ionas gur féidir tús a chur le cur chun feidhme ó thus chreat ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart go mbeadh feidhm aige, le héifeacht chúlghabhálach, amhail ón 1 Eanáir 2021. Amhail ón 1 Eanáir 2028, ba cheart, más gá, an caiteachas a bhaineann le bainistiú na ngníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh an Chláir a chumhdach le leithreasuithe cúnaimh theicniúil agus riaracháin.

    (99)

    Mar thoradh ar an moill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní féidir na sprioc-amanna a chomhlíonadh le haghaidh ghlacadh na gclár oibre i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha agus le haghaidh thíolacadh chláir thréidliachta agus fíteashláintíochta na mBallstát do 2021 agus 2022, ná ní féidir leis an gCoimisiún na sprioc-amanna a chomhlíonadh maidir leis na cláir sin a fhormheas a. Chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhaíochtaí i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha chun feidhme go cuí in 2021 agus 2022, níor cheart feidhm a bheith ag na sprioc-amanna sin maidir leis na blianta 2021 agus 2022.

    (100)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013,(AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear clár chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus cosaint tomhaltóirí, do bhainistiú caiteachais i réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don chreat clársceidealaithe agus maoiniúcháin a úsáidtear chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (Clár an Mhargaidh Aonair) (‘an Clár’) do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2021go dtí an 31 Nollaig 2027. Tá ré an Chláir ailínithe le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Leagtar síos freisin leis an Rialachán seo cuspóirí an Chláir agus na gníomhaíochtaí incháilithe chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, an buiséad don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar, agus córas rialachais an Chláir.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    Ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

    (2)

    ciallaíonn ‘staidreamh Eorpach’ staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

    (3)

    ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil sé ar a chumas gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear in Airteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

    (4)

    ciallaíonn ‘micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE;

    (5)

    ciallaíonn ‘braislí fiontar agus eagraíochtaí líonraí gnó’ struchtúir nó grúpaí eagraithe de pháirtithe neamhspleácha i bhfoirm eagraíochtaí a thacaíonn le feabhas a chur ar chomhoibriú, líonrú agus foghlaim grúpaí fiontar a dheartar chun seirbhísí tacaíochta gnó speisialaithe agus saincheaptha a sholáthar nó a chur ar fáil, go háirithe do FBManna, chun inter alia gníomhaíochtaí nuálaíochta agus idirnáisiúnaithe a spreagadh, lena n-áirítear trí chomhroinnt saoráidí agus malartú eolais agus saineolais a chur chun cinn;

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.   Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

    (a)

    feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus go háirithe saoránaigh, tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint agus a chumhachtú, go háirithe FBManna, trí dhlí an Aontais a fhorfheidhmiú, rochtain ar an margadh a éascú, caighdeáin a leagan síos agus sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus plandaí, agus leas ainmhithe a chur chun cinn, agus ag an am céanna prionsabail na forbartha inbhuanaithe a urramú agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, chomh maith le comhar idir údaráis inniúla na mBallstát a fheabhsú agus comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais a fheabhsú;

    (b)

    staidreamh Eorpach ardcháilíochta, inchomparáide, iontaofa, tráthúil a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh a thacaíonn le beartais uile an Aontais a cheapadh agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus cuidiú le saoránaigh, lucht ceaptha beartais, údaráis, gnólachtaí, an lucht acadúil agus na meáin, cinntí eolasacha a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.

    2.   Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

    (a)

    an margadh inmheánach a dhéanamh níos éifeachtaí, inter alia, i bhfianaise an chlaochlaithe dhigitigh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    cosc agus baint constaicí atá idirdhealaitheach, gan údar maith nó díréireach a éascú agus trí thacú le dlí an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i réimse an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, rialacha soláthair phoiblí, chomh maith le dlí na gcuideachtaí agus an dlí conarthach agus an dlí seach-chonarthach, rialacha frithsciúradh airgid, saorghluaiseacht chaipitil agus seirbhísí airgeadais agus rialacha iomaíochta, lena n-áirítear trí uirlisí rialachais atá úsáideoir-lárnach a fhorbairt;

    (ii)

    tacú le faireachas éifeachtach ar an margadh ar fud an Aontais, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha lena gcuirtear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile ar fáil ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear táirgí a dhíoltar ar líne, agus d’fhonn tuilleadh aonchineálachta a ghnóthú i measc na n-údarás um fhaireachas margaidh ar fud an Aontais agus le hacmhainneacht na n-údarás um fhaireachas margaidh ar fud an Aontais a mhéadú;

    (b)

    iomaíochas agus inbhuanaitheacht FBManna a neartú agus breisíocht a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí bhearta lena ndéantar an méid a leanas:

    (i)

    cineálacha éagsúla tacaíochta a chur ar fáil do FBManna mar aon le braislí fiontar agus eagraíochtaí líonraí gnó, lena n-áirítear in earnáil na turasóireachta, agus, ar an gcaoi sin, fás, méadú agus cruthú FBManna á gcothú;

    (ii)

    rochtain ar mhargaí a éascú, lena n-áirítear trí idirnáisiúnú FBManna,

    (iii)

    fiontraíocht agus fáil scileanna na fiontraíochta a chur chun cinn;

    (iv)

    timpeallacht fhabhrach ghnó do FBManna a chur chun cinn, tacú le claochlú digiteach FBManna agus deiseanna nua gnó a chur chun cinn do FBManna, lena n-áirítear d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus dóibh siúd a bhfuil samhlacha gnó nuálacha acu;

    (v)

    tacú le hiomaíochas éiceachóras agus earnálacha tionsclaíocha, chomh maith le forbairt slabhraí luacha tionsclaíocha;

    (vi)

    nuachóiriú na tionsclaíochta a chur cinn, ag rannchuidiú le geilleagar glas, digiteach agus athléimneach;

    (c)

    feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí phróisis chaighdeánaithe lena ndéantar an méid seo a leanas:

    (i)

    maoiniú an chaighdeánaithe Eorpaigh agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile i mbunú caighdeán Eorpach a chumasú;

    (ii)

    tacú le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus neamhairgeadais agus iniúchóireacht ar ardchaighdeán, a gcomhtháthú i ndlí an Aontais a éascú, agus nuálaíocht agus forbairt dea-chleachtas i dtuairisciú corparáideach a chur chun cinn;

    (d)

    leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus sábháilteachta táirgí a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

    (i)

    a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí:

    tomhaltóirí, gnólachtaí, agus ionadaithe na sochaí sibhialta a chumhachtú, cabhrú leo agus oideachas a chur orthu go háirithe maidir le cearta tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais;

    ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, tomhaltas inbhuanaithe agus sábháilteacht táirgí a áirithiú, go háirithe i gcás na dtomhaltóirí is leochailí chun cothroime, trédhearcacht agus iontaoibh sa mhargadh inmheánach a fheabhsú;

    a áirithiú go gcuirtear leasanna an tomhaltóra sa domhan digiteach san áireamh mar is cuí;

    tacú le húdaráis forfheidhmithe inniúla agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an comhar idir údaráis inniúla agus béim ar leith á leagan ar shaincheisteanna a ardaítear mar gheall ar theicneolaíochtaí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn;

    rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht agus infhaighteacht caighdeán ar fud an Aontais; aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chleachtais tráchtála éagóracha;

    a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir ar shásraí éifeachtacha comhshásaimh agus go gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil dóibh maidir le margaí agus cearta tomhaltóirí, agus tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt faoi shaintréithe sonracha agus tionchar comhshaoil na n-earraí agus na seirbhísí;

    (ii)

    a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais:

    feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais agus ionadaithe na sochaí sibhialta i gceapadh beartas na seirbhísí airgeadais;

    tuiscint níos fearr ar an earnáil airgeadais agus ar na catagóirí éagsúla de tháirgí airgeadais a thráchtáiltear a chur chun cinn

    cosaint leasanna tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais miondíola a áirithiú;

    (e)

    rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus sábháilteachta do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí i réimsí na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, inter alia trí ghalair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a bhrath agus a dhíothú, lena n-áirítear trí bhíthin bearta éigeandála arna nglacadh i gcásanna géarchéime mórscála agus imeachtaí nárbh fhéidir a thuar lena ndéantar difear do shláinte ainmhithe nó plandaí, agus trí thacú le feabhas a chur ar leas ainmhithe, leis an gcomhrac i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus le forbairt táirgeacht agus tomhaltas inbhuanaithe bia, mar aon le trí mhalartú dea-chleachtas idir na geallsealbhóirí sna réimsí sin a spreagadh;

    (f)

    staidreamh ardcháilíochta Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh, a scaipeadh agus a chur in iúl i gcomhréir leis na critéir cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ar bhealach atá tráthúil, neamhchlaonta agus éifeachtach ó thaobh costais de, trí Chóras Staidrimh Eorpach neartaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus trí chomhpháirtíochtaí feabhsaithe laistigh den chóras sin agus leis na páirtithe seachtracha ábhartha go léir, ag baint úsáide as ilfhoinsí sonraí, ardmhodhanna anailísíochta sonraí, córais chliste agus teicneolaíochtaí digiteacha, agus miondealú náisiúnta, agus, i gcás inar féidir, réigiúnach a chur ar fáil.

    Airteagal 4

    Buiséad

    1.   EUR 4 208 041 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    2.   Laistigh den mhéid dá dtagraítear i mír 1 déanfar na méideanna táscacha seo a leanas a leithdháileadh ar na cuspóirí seo a leanas:

    (a)

    EUR 451 569 500 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(i);

    (b)

    EUR 105 461 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii);

    (c)

    EUR 1 000 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b);

    (d)

    EUR 220 510 500 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c);

    (e)

    EUR 198 500 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d);

    (f)

    EUR 1 680 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e);

    (g)

    EUR 552 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f).

    3.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, le húsáid a bhaint as líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhírítear ar phróiseáil faisnéise agus ar mhalairt faisnéise, agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise a úsáid agus a fhorbairt. Chun an infhaighteacht uasta ar an gClár a áirithiú chun gníomhaíochtaí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir a mhaoiniú, ní rachaidh costais iomlána na tacaíochta riaracháin agus teicniúla thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

    4.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

    5.   De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an gealltanas buiséadach don deontas arna bhronnadh as bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta faoin gcuspóir shonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo tar éis meastóireacht a bheith déanta ar na hiarratais ar íocaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit.

    6.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, agus Ciste Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe na hEorpa agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Bhainistíocht Teorann agus do Bheartas Víosaí (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027’). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin). Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

    7.   I gcás nach bhfuil an gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig an gCiste as a aistríodh iad i dtús báire, arna iarraidh sin don Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.

    Airteagal 5

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na tríú tíortha seo a leanas:

    (a)

    comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (b)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)

    tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (d)

    tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

    (i)

    áirithítear cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

    (ii)

    leagtar síos coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus le costais riaracháin na gclár;

    (iii)

    ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;

    (iv)

    ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír.

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme agus foirmeacha an chistithe ón Aontas

    1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) den Rialachán sin.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, agus go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair. Leis an gClár, féadfar maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

    3.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach í faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

    CAIBIDIL II

    DEONTAIS

    Airteagal 7

    Deontais

    Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú a fháil.

    2.   Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú a fháil, go háirithe:

    (a)

    na dálaí cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear gnólachtaí, saoránaigh, tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta agus na húdaráis phoiblí, a chumhachtú trí mhalartú trédhearcach faisnéise agus feachtais múscailte feasachta, go háirithe i ndáil le rialacha is infheidhme an Aontais agus cearta na ngnólachtaí, na saoránach agus na dtomhaltóirí, chomh maith le trí mhalartú agus scaipeadh dea-chleachtas, saineolais, eolais agus réiteach nuálach, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme trí ghréasán SOLVIT agus trí Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí;

    (b)

    sásraí a chur ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’úsáideoirí deiridh, d’ionadaithe na sochaí shibhialta, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe gnó ón Aontas, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna, chun cur le pléití polaitiúla, le beartais agus leis an bpróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí thacú le feidhmiú na n-eagraíochtaí ionadaíocha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

    (c)

    fothú acmhainneachta, éascú agus comhordú i ndáil le comhghníomhaíochtaí idir Ballstáit, idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais agus údaráis tríú tíortha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhpháirteacha atá dírithe ar shábháilteacht táirgí a neartú;

    (d)

    tacú le forfheidhmiú agus nuachóiriú éifeachtach chreat dlíthiúil an Aontais agus lena oiriúnú gasta chun an tAontas a chumasú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an iomaíocht dhomhanda, chomh maith le tacaíocht le hiarrachtaí chun déileáil le saincheisteanna a thugann an digitiú chun solais, lena n-áirítear trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

    (i)

    shonraí a bhailiú agus a anailísiú;

    (ii)

    taighde ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, staidéir, meastóireachtaí agus moltaí beartais;

    (iii)

    gníomhaíochtaí taispeántais agus treoirthionscadail a eagrú;

    (iv)

    gníomhaíochtaí cumarsáide;

    (v)

    forbairt uirlisí tiomnaithe TF chun feidhmiú trédhearcach, éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun cleachtais chalaoiseacha ar an idirlíon a chomhrac agus a chosc.

    3.   Beidh na gníomhaíochtaí a chomhdhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii) den Rialachán seo incháilithe chun cistiú a fháil, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    comhordú agus comhar idir údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis ábhartha eile na mBallstát, go háirithe trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí;

    (b)

    tacaíocht d’fhorbairt ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus do thástáil i réimse an comhlíonta lena n-áirítear i ndáil le táirgí bainteacha agus táirgí a dhíoltar ar líne;

    (c)

    tacaíocht do straitéisí faireachais margaidh, eolais agus bailiú faisnéise, cumais tástála agus saoráidí, athbhreithnithe piaraí, cláir oiliúna, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta d’údaráis um fhaireachas margaidh.

    4.   Beidh gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) incháilithe chun cistiú a fháil, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    foirmeacha éagsúla tacaíochta a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear faisnéis, meantóireacht, oiliúint, oideachas, soghluaisteacht, comhar trasteorann nó seirbhísí comhairleacha;

    (b)

    rochtain FBManna agus braislí fiontar agus eagraíochtaí líonraí gnó ar na margaí a éascú laistigh agus lasmuigh den Aontas i gcomhar leis na Ballstáit, tacú leo, le linn a saolré, agus aghaidh á thabhairt acu ar dhúshláin dhomhanda, chomhshaoil, eacnamaíocha agus sochaíocha agus idirnáisiúnú gnó, agus ceannaireacht fiontraíochta agus thionsclaíoch an Aontais a threisiú i slabhraí luacha domhanda;

    (c)

    tacú leis an Líonra Fiontar Eorpach (EEN) seirbhísí comhtháite tacaíochta gnó a sholáthar do FBManna de chuid an Aontais, lena n-áirítear chun comhpháirtithe gnó agus cistiú a aimsiú, go háirithe ó Chlár InvestEU, Fís Eorpach agus an Eoraip Dhigiteach, agus chun a nglacadh nuálaíochta, a n-idirnáisiúnú agus a n-aistriú glas agus digiteach a éascú chomh maith le tacú le FBManna rochtain a fháil ar shaineolas digiteach, comhshaoil, aeráide, fuinnimh agus éifeachtúlachta acmhainní, chun é a dhéanamh níos éasca dóibh deiseanna sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha a fhiosrú, agus san am céanna dúbláil gníomhaíochtaí á seachaint trí chomhordú dlúth leis na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus é á thabhairt ar aird, gur gá a áirithiú nuair a úsáidtear EEN chun seirbhísí a sholáthar thar ceann chláir eile an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí comhairleacha nó fothaithe acmhainneachta, tá na seirbhísí sin le cistiú trí na cláir eile sin de chuid an Aontais;

    (d)

    aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh agus ar an ualach riaracháin agus timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú chun FBManna a chumhachtú chun tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach;

    (e)

    forbairt agus fás gnólachtaí a éascú, lena n-áirítear trí scileanna teicniúla, digiteacha agus fiontraíochta a chur chun cinn, bainistiú inbhuanaithe gnó agus forbairt táirgí agus próiseas chun claochlú glas agus digiteach ar fud éiceachórais thionsclaíocha agus ar fud slabhraí luacha na n-earnálacha monaraíochta agus seirbhísí a chothú;

    (f)

    tacú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar agus earnálacha iomlána den gheilleagar, agus tacú le FBManna tuilleadh úsáide a bhaint as an gcruthaitheacht agus as gach cineál nuálaíochta, freagracht shóisialta chorparáideach a fheabhsú agus tacú leo samhlacha nua gnó a ghlacadh agus comhar slabhra breisluacha a dhéanamh trí éiceachórais agus braislí fiontar a nascadh go straitéiseach, lena n-áirítear an Tionscnamh Comhpháirteach le haghaidh Braislí;

    (g)

    timpeallacht ghnó fhiontraíoch agus cultúr na fiontraíochta a chothú, lena n-áirítear trí scéimeanna meantóireachta agus soghluaisteachta chun feabhas a chur ar fhios gnó, ar scileanna, ar acmhainneacht teicneolaíochta agus ar bhainistíocht fiontar agus trí thacú le gnólachtaí nuathionscanta, le hinbhuanaitheacht ghnó agus le gnólachtaí atá i mbun fáis go háirithe tionscadail, bunaithe ar dheiseanna margadhthiomáinte, agus aird á tabhairt ar na riachtanais ar leith atá ag fiontraithe ionchasacha nua, agus ag riachtanais chomhaltaí na ngrúpaí tearcionadaithe.

    5.   Beidh na gníomhaíochtaí a chomhdhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo incháilithe chun cistiú a fháil.

    6.   Maidir leis na gníomhaíochtaí lena dtabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheas agus faireachán a dhéanamh orthu i dtaca le tuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus neamhairgeadais agus maoirseacht a dhéanamh ar a bpróisis socraithe caighdeán agus cur chun feidhme an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe chun cistiú a fháil.

    7.   Go háirithe, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas, lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i), incháilithe chun cistiú a fháil:

    (a)

    feabhas a chur ar fheasacht, litearthacht dhigiteach agus oideachas ar feadh an tsaoil do thomhaltóirí maidir lena gcearta, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna a thagann chun cinn mar thoradh ar fhorbairt theicneolaíoch agus digitiú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar riachtanais ar leith na dtomhaltóirí leochaileacha;

    (b)

    rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus ar líne agus a éascú do thomhaltóirí agus trádálaithe, mar aon le faisnéis maidir leis na féidearthachtaí chun sásamh a fháil;

    (c)

    tacú le húdaráis inniúla dlí na dtomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil trádálaithe bunaithe i dtríú tíortha, go háirithe trí chomhar éifeachtúil agus trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha;

    (d)

    tomhaltas inbhuanaithe a chothú, go háirithe trí fheasacht tomhaltóirí a mhúscailt maidir le feidhmíocht chomhshaoil táirgí, amhail a ngnéithe marthanachta agus éicidhearthóireachta, chomh maith le cur i bhfeidhm ceart tomhaltóirí agus féidearthachtaí sásaimh i ndáil le cleachtais mhíthreoracha a chothú.

    8.   Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) incháilithe chun cistiú a fháil.

    9.   Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) incháilithe chun cistiú a fháil.

    Airteagal 9

    Eintitis incháilithe

    1.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 go 7 den Airteagal seo.

    2.   Faoi réir na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 3 go 7, beidh na heintitis seo a leanas incháilithe faoin gClár:

    (a)

    eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

    (i)

    ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

    (ii)

    tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 5;

    (b)

    eintitis dhlíthiúla a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (c)

    ar bhonn eisceachtúil, eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ar choinníoll go dtagann rannpháirtíocht na n-eintiteas dlíthiúil sin sa ghníomhaíocht faoi chuspóirí an Chláir agus go gcuireann na gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas le héifeachtacht na n-idirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

    3.   Féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b);

    (b)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i).

    Ní beidh na heintitis atá páirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i dteideal ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón Aontas, seachas i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht na n-eintiteas ríthábhachtach don Chlár, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d’fhiontair an Aontais a fheabhsú nó maidir le cosaint na dtomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús.

    4.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, beidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 incháilithe.

    5.   Déanfaidh gach Ballstát agus gach tríú tír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í, mar thoradh ar nós imeachta trédhearcach, eintiteas a ainmniú mar incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí tríd an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) agus a bhaineann le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí a chur chun feidhme. Féadfaidh an t-eintiteas sin a bheith:

    (a)

    ina chomhlacht neamhbhrabúsach;

    (b)

    ina chomhlacht poiblí.

    6.   Beidh tríú tíortha incháilithe i leith na ngníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e):

    (a)

    bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeidh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó de na lotnaidí plandaí a liostaítear sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát;

    (b)

    bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú i gcás inar gá chun aird a thabhairt ar theagmhas galar nua ainmhithe agus zónóisí nach gcumhdaítear le gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

    Seachas i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ag galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí ar an Aontas, ba cheart, i bprionsabal, do thríú thíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhaoiniú iad féin.

    7.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f), beidh na heintitis dhlíthiúla seo a leanas incháilithe:

    (a)

    institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

    (b)

    maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, comhlachtaí a fheidhmíonn i réimse an staidrimh nach iad na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

    (c)

    eintitis neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar an tionscal, ar leasanna tráchtála agus gnó nó leasanna coinbhleachta eile, agus gurb iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí cur chun feidhme Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, a chur chun cinn agus tacú leis, nó modhanna táirgthe nua a chur chun feidhme i gcomhair staidrimh Eorpaigh, ar modhanna iad a bheidh dírithe ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta ar leibhéal an Aontais.

    Airteagal 10

    Tairbhithe ainmnithe

    1.   Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas faoin gClár gan glao ar thograí:

    (a)

    maidir le gníomhaíochtaí i réimse an chreidiúnaithe lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(i) den Rialachán seo, an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a dhéanamh;

    (b)

    maidir le gníomhaíochtaí i réimse an fhaireachais margaidh lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii) den Rialachán seo, údaráis na mBallstát um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Airteagal 10 de Rialacháin (AE) 2019/1020;

    (c)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

    (d)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB);

    (e)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) a bhaineann le hionadaíocht leasa tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, Bureau Européen des Unions de Consommateurs (BEUC) agus an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC) ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa acu agus go ndéanann gach ceann acu, trína mbaill, ionadaíocht ar leasanna thomhaltóirí an Aontais in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad;

    (f)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii), Finance Watch agus Better Finance faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, a bhfuil measúnú bliantúil le déanamh orthu:

    (i)

    leanfaidh na heintitis de bheith ina n-eintitis neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha atá neamhspleách ar an tionscal, an tráchtáil agus an gnó;

    (ii)

    níl aon leasanna coinbhleachta acu agus déanfaidh siad ionadaíocht, trína mbaill, ar leasanna thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais;

    (g)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

    (i)

    údaráis inniúla na mBallstát agus a n-eintitis chleamhnaithe, saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2017/625, lárionaid tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 95 agus 97 de Rialachán (AE) 2017/625 agus in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus na saotharlanna tagartha náisiúnta sláinte plandaí, agus na saotharlanna tagartha náisiúnta sláinte ainmhithe, gan dochar don oibleagáid atá ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 agus ar choinníoll gur féidir na gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an bhfeidhmíocht ó shaotharlanna tagartha náisiúnta na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (AE)2017/625 a léiriú go soiléir gurb ionann iad agus breisluach an Aontais, agus go bhfuil maoiniú leordhóthanach ar fáil faoin gClár chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin;

    (ii)

    i gcás gníomhaíochtaí arna dtuairisciú faoi Airteagal 9(6)(a) agus (b) den Rialachán seo, údaráis inniúla tríú tíortha;

    (h)

    maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun mír 1(e) den Airteagal seo a leasú maidir leis na heintitis ar féidir deontas a dhámhachtain orthu faoin gClár.

    Airteagal 11

    Meastóireacht ar an togra agus critéir dhámhachtana

    1.   Beidh obair na gcoistí meastóireachta bunaithe ar na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais a leagtar síos in Airteagal 188 den Rialachán Airgeadais agus go háirithe, ar phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta, mar aon le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

    2.   Déanfaidh na coistí meastóireachta meastóireacht ar thograí ar bhonn critéar dámhachtana, amhail ábharthacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe i bhfianaise na gcuspóirí arna saothrú, cháilíocht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, an tionchair, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, an bhuiséid agus na cost-éifeachtúlachta.

    Airteagal 12

    Rátaí cómhaoinithe

    1.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii) den Rialachán seo le tagairt d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát agus na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár agus le tagairt do shaoráidí tástála an Aontais de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/1020, féadfaidh an Clár, de mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú.

    2.   Maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta airgeadais i gcomhthéacs an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) den Rialachán seo, féadfar, de mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, suas le 100 % de na costais incháilithe do thacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus suas le 90 % de na costais incháilithe do na catagóirí costais eile a mhaoiniú faoin gClár. Maidir le gníomhaíochtaí an EEN i gcomhthéacs an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) den Rialachán seo, féadfar, de mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, suas le 100 % de na costais incháilithe le haghaidh costais bhreise chomhordaithe agus líonraithe agus suas le 60 % de na costais incháilithe do na catagóirí costais eile a mhaoiniú faoin gClár. Thairis sin, cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána a chur i bhfeidhm, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta, tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus aon chostais aonaid nó cnapshuimeanna a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.

    3.   Maidir le deontais arna ndámhachtain ar PIOB lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), má shroicheann an cistiú ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiú iomlán na bliana, beidh ranníocaíocht bhliantúil na bliana sin teoranta d’uasmhéid arna shonrú sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

    4.   Maidir le deontais a dhéanfar a dhámhachtain do ANEC faoi Airteagal 10(1)(e), féadfar suas go 95 % de na costais incháilithe a mhaoiniú faoin gClár.

    5.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo, féadfar, de mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin gClár.

    Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I, is é 50 % de na costais incháilithe a bheidh sa ráta cómhaoinithe a chuirfear i bhfeidhm, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas:

    (a)

    An ráta a bheidh ann ná 75 % de na costais incháilithe maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i)

    gníomhaíochtaí trasteorann chun lotnaidí plandaí nó galair ainmhithe a rialú, a chosc nó a dhíothú a chuirfidh dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit chun feidhme;

    (ii)

    Ballstáit ar lú a n-ollioncam náisiúnta in aghaidh an áitritheora ná 90 % den mheán san Aontas, bunaithe ar na sonraí Eurostat is déanaí.

    (b)

    De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, beidh an ráta 100 % de na costais incháilithe, i gcás ina mbainfidh na gníomhaíochtaí tairbhe as ranníocaíocht an Aontais le cosc agus rialú rioscaí tromchúiseacha do shláinte an duine, do shláinte plandaí agus do shláinte ainmhithe don Aontas, agus:

    (i)

    ina mbeidh siad ceaptha chun taismigh dhaonna nó mórshuaití eacnamaíocha a sheachaint don Aontas trí chéile;

    (ii)

    inar sainchúraimí iad atá fíor-riachtanach don Aontas trí chéile, mar a leagfaidh an Coimisiún síos go sainráite sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16(4); nó

    (iii)

    ina gcuirfear chun feidhme iad i dtríú tíortha.

    (c)

    I gcás inar gá sin mar gheall ar easpa airgid, cur chun feidhme neamhleor an Chláir nó an bhirt éigeandála, nó céimniú amach an chómhaoinithe do ghníomhaíochtaí i gcoinne galar ainmhithe nó lotnaidí plandaí, beidh na rátaí cómhaoinithe níos ísle.

    Chun críocha phointe (c) den dara fomhír den mhír seo, léireofar le méid an laghdaithe sna rátaí cómhaoinithe suntasacht na bhforas do ráta níos ísle. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar rátaí cómhaoinithe níos ísle. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 21(6).

    6.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, féadfaidh an Clár suas le 95 % de chostais incháilithe gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a mhaoiniú.

    Airteagal 13

    Costais incháilithe a bhaineann leis na cláir agus leis na bearta éigeandála

    1.   I dteannta leis na critéir maidir leis na costais incháilithe a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, na costais arna dtabhú ag na Ballstáit i dtaca le bearta éigeandála dá dtagraítear i bpointí 1.4.1 agus 1.4.2 d’Iarscríbhinn I lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

    (a)

    beidh siad incháilithe roimh an dáta a gcuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas, i gcomhréir le pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais;

    (b)

    beidh siad incháilithe ón dáta a bhfuiltear in amhras gur tharla galar ainmhithe nó lotnaid plandaí a bheith i láthair, ar choinníoll go ndaingnítear an galar nó an lotnaid a bheith ann nó i láthair ina dhiaidh sin.

    Sula dtíolacfar an t-iarratas ar dheontas, tabharfar fógra don Choimisiún gur tharla an galar ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 19 nó 20 agus rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/, nó go bhfuil lotnaid coraintín de chuid an Aontais i láthair i gcomhréir le hAirteagal 9, 10 nó 11 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62).

    2.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo, féadfaidh costais incháilithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí 2.2.1. agus 2.2.2. i dtaca le cur i gcrích na gClár, féadfaidh siad cáiliú do dheontais, má chomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 14

    Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

    1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoi chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    2.   Féadfaidh gníomhaíochtaí, má bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu faoin gClár, tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Bronnfar deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu faoin gClár seo má chomhlíonann an ghníomhaíocht na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

    (b)

    comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

    (c)

    ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

    3.   Is féidir le gníomhaíocht tacaíocht a fháil ó chlár amháin nó níos mó de chuid an Aontais. Nuair a tharlaíonn sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás iarratas ar íocaíocht le haghaidh clár eile.

    4.   Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíochta a ríomh le haghaidh gach cláir lena mbaineann ar bhonn pro rata, i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    CAIBIDIL III

    OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA

    Airteagal 15

    Oibríochtaí measctha

    Cuirfear oibríochtaí measctha a chinnfear faoin gClár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

    CAIBIDIL IV

    CUR CHUN FEIDHME, FAIREACHÁN AGUS RIALÚ

    Airteagal 16

    An Clár a chur chun feidhme

    1.   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

    Leis na cláir oibre, déanfar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 8 a chur chun feidhme. Leis na cláir oibre sin, leagfar amach go mionsonrach:

    (a)

    an méid táscach a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus, i gcás inarb ábhartha, méid iomlán táscach le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile, chomh maith le tráthchlár táscach cur chun feidhme;

    (b)

    na critéir mheastóireachta riachtanacha le haghaidh deontas, i gcomhréir le hAirteagal 11, agus an t-uasráta cómhaoinithe, i gcomhréir le hAirteagal 12.

    Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

    2.   Maidir le cláir oibre lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(5).

    3.   Maidir le cláir oibre lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i), glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

    4.   Maidir le cláir oibre lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) trí ghíomhaíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 8(8) agus in Iarscríbhinn I, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme iad faoin 30 Aibreán den bhliain sula bhforghníomhófar iad, ar choinníoll go nglacfar an dréachtbhuiséad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(6).

    5.   Na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, lena n-áirítear tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, déanfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 13, 14 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, lena n-áirítear tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, agus trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach.

    Airteagal 17

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3(2).

    2.   Agus tuairisciú á dhéanamh aige ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), tíolacfaidh an Coimisiún táscairí comhthéacsúla ábhartha, arna mbaint as an athbhreithniú ar fheidhmíocht FBManna, as bileoga eolais faoin Acht um Ghnólachtaí Beaga agus as aon fhoinse ábhartha eile, mar aon leis na táscairí dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 20, chun Iarscríbhinn IV a leasú a mhéid a bhaineann leis na táscairí, i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

    Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

    Airteagal 18

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfar iad a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an gClár roimh cheithre bliana tar éis thús chur chun feidhme an Chláir. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil meastóireachta eatramhaí chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chláir, lena n-áirítear gnéithe amhail éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, sineirgí laistigh den Chlár agus breisluach an Aontais.

    3.   Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i dtaca le forbairt Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, chomh maith le, go ginearálta, PIOB agus EFRAG. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    4.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir agus in aon chás ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1 tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil meastóireachta deiridh chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chláir, lena n-áirítear gnéithe amhail éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, sineirgí laistigh den Chlár agus breisluach an Aontais.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus deiridh mar aon lena chonclúidí agus a mholtaí féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad. I gcás inarb iomchuí, beidh tograí le haghaidh gníomhaíochtaí leantacha ag gabháil leis na tuarascálacha sin.

    6.   I gcomhréir le hAirteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh maidir leis na codanna sin de na tuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus deiridh a bhaineann le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, sula nglacfar iad agus sula gcuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad.

    Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach maidir leis an gcuid den tuarascáil mheastóireachta deiridh a bhaineann le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, sula nglacfar í agus sula gcuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

    Airteagal 19

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    Airteagal 20

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(6), an dara fomhír, agus in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 17(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 1 Eanáir 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(6), an dara fomhír, agus in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 17(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(6), an dara fomhír, agus de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 17(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 21

    Nós imeachta coiste

    1.   I dtaca leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo, a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) den Rialachán seo, beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I dtaca leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Rialachán seo, a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) den Rialachán seo, beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I dtaca leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(5), an dara fomhír agus in Airteagal 16(4) den Rialachán seo, a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo, beidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011

    4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    6.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

    CAIBIDIL V

    NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 22

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme ar bhealach so-úsáidte, chun feasacht a ardú i measc tomhaltóirí, saoránach, gnólachtaí, go háirithe FBManna agus riaracháin phoiblí maidir leis na hacmhainní airgeadais arna soláthar tríd an gClár, agus maidir leis na gníomhaíochtaí agus torthaí faoi.

    3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár, ina rannchuidiú le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndail le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus torthaí a bhaineann le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    Airteagal 23

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, agus (AE) Uimh. 652/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 24

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826, a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir de bhun gníomhartha a liostaítear i mír 1, a áirithiú.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    4.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais, féadfar na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas i leith gníomhaíochtaí atá tosaithe cheana, a mheas a bheith incháilithe i gcás inar gá sin chun leanúnachas a áirithiú le linn tréimhse teoranta.

    De mhaolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán Airgeadais, beidh na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas i gcás deontas oibriúcháin, i gcás inar gá sin chun leanúnachas a áirithiú le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí dáta teacht i bhfeidhm an Chláir seo..

    5.   Ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 16(4) agus i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I maidir le cláir lena gcumhdaítear na blianta 2021 agus 2022.

    Airteagal 25

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2021

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 40.

    (2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 259.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013–17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

    (7)  Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) Uimh 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

    (10)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

    (11)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

    (12)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

    (13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (14)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 26.3.2021, lch. 30).

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 – 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

    (16)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L ..., 12.5.2021)

    (17)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021, lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L …, 11.5.2021).

    (18)  Rialachán (AE) XXXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle XXX lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Nár foilsíodh san Iris Oifigiúil go fóill).

    (19)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CÉ (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

    (20)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (21)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

    (22)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (23)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

    (24)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

    (25)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12. 2006, lch. 36).

    (26)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

    (27)  Treoir 2005/29/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

    (28)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

    (29)  Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).

    (30)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CÉ (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

    (31)  Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le clár de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 17).

    (32)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (33)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (34)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (35)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

    (36)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (37)  IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.

    (38)  Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).

    (39)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L …, 12.5.2021).

    (40)  Rialachán (AE) 28 Aibreán 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 (IO L …, 5.5.2021).

    (41)  Rialachán (AE) 2021/ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil go fóill).

    (42)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (43)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (44)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.05.2001, lch. 1).

    (45)  Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú Salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).

    (46)  Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE (IO L 325, 12.12.2003, lch. 31).

    (47)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.03.2016, lch. 1).

    (48)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (49)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L248, 18.9.2013, lch. 1).

    (50)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

    (51)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L292, 15.11.96, lch. 2).

    (52)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L283, 31.10.2017, lch. 1).

    (53)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (54)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (55)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (56)  Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).

    (57)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    (58)  Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (Leagan athmhúnlaithe) (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).

    (59)  Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí le haghaidh na mblianta 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 42).

    (60)  Rialachán (AE) Uimh 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014–2020 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CÉ (IO L 105, 8.4.2014, lch. 1).

    (61)  Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).

    (62)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).


    IARSCRÍBHINN I

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE LENA GCUIRFEAR CHUN FEIDHME AN CUSPÓIR SONRACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2)(E) A BHAINEANN LE RÉIMSÍ NA BPLANDAÍ, NA N-AINMHITHE, AN BHIA AGUS NA BEATHA

    Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas, lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e), incháilithe chun cistiú a fháil:

    1.

    Cur chun feidhme bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta

    1.1.

    Bearta éigeandála tréidliachta agus fiteashláintíochta a bheidh le déanamh mar thoradh ar dhaingniú oifigiúil a fháil gur tharla ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó mar thoradh ar dhaingniú oifigiúil a fháil ar láithreacht lotnaidí plandaí, nó má tá baol díreach ann do stádas sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí san Aontas.

    Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme láithreach agus beidh a gcur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais.

    1.2.

    Maidir le héigeandálaí fiteashláintíochta, beidh na bearta seo a leanas le déanamh ag na Ballstáit i gcoinne ráig de lotnaidí i gceantar ar leith:

    (a)

    bearta díothúcháin nó coisctheacha i gcoinne lotnaid choraintín de chuid an Aontais, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) nó (3) den Rialachán sin;

    (b)

    bearta díothúcháin nó coisctheacha, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagail 29(1) nó 30(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 i gcoinne lotnaide, nach liostaítear mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ach a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa Rialachán sin;

    (c)

    bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne i gcomhréir le hAirteagail 28(1) agus 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothúcháin agus coisctheacha sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

    1.3.

    Féadfar cistiú ón Aontas a chur ar fáil freisin do na bearta seo a leanas:

    1.3.1.

    Bearta cosanta nó coisctheacha arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó i dtíortha nó ar chríocha thar lear agus bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas;

    1.3.2.

    Bearta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo arna ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó a théann i ndlúthchomhar le chéile chun ráig de ghalair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a rialú;

    1.3.3.

    Bunú stoc táirgí bitheolaíocha lena mbeartaítear na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a rialú, i gcás ina measann an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát, gur gá na stoic sin a bhunú sa Bhallstát sin;

    1.3.4.

    Bunú stoc táirgí bitheolaíocha nó ceannach dáileog vacsaíne dá bhféadfadh an tAontas a bheith i mbaol de dheasca galair ainmhithe nó na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a tharlú nó a theacht chun cinn i dtríú tír nó i mBallstát.

    1.3.5.

    I gcás ina bhfuil amhras gur ann do ráig de ghalar ainmhithe nó go bhfuil lotnaidí plandaí i láthair, seiceálacha agus faireachán laistigh den Aontas agus ar a theorainneacha seachtracha; i gcás inar gá.

    1.3.6.

    Bearta chun faireachán a dhéanamh ar theacht i láthair galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí, aithnide agus éiritheacha, mar aon le hiad nár aithníodh cheana.

    1.4.

    Costais incháilithe

    1.4.1.

    Bearta éigeandála tréidliachta

    Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta éigeandála tréidliachta á ndéanamh acu, féadfaidh siad cáiliú do chistiú:

    (a)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a n-ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh, ach teoranta do luach margaidh na n-ainmhithe sin mura mbeadh an galar tar éis tionchar a imirt orthu;

    (b)

    costais mharaithe nó dealaithe na n-ainmnithe agus na costais ghaolmhara iompair;

    (c)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, ach gan dul thar luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar nó sular dearbhaíodh an galar sin;

    (d)

    na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú na ngabháltas agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine;

    (e)

    na costais a bhaineann le hiompar agus scriosadh ábhar éillithe beathúcháin agus, i gcás nach féidir an trealamh a dhíghalrú, na costais a bhaineann le scriosadh an trealaimh sin;

    (f)

    na costais a bhaineann le ceannach, stóráil, riar nó dáileadh vacsaíní agus baoití chomh maith le costais an ionaclaithe féin, má chinneann an Coimisiún amhlaidh nó má údaraíonn an Coimisiún gníomhaíochtaí den sórt sin;

    (g)

    Costais iompair agus diúscartha conablach;

    (h)

    i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, costais a bhaineann le tástálacha séireolaíocha agus víreolaíocha chun faireachán a dhéanamh agus tástálacha réamhghluaiseachta i gcriosanna srianta agus aon chostais eile a bhfuil gá leo chun an galar a dhíothú.

    1.4.2.

    Bearta éigeandála fíteashláintíochta

    Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta éigeandála i réimse sláinte plandaí á ndéanamh acu, féadfaidh siad cáiliú do dheontais:

    (a)

    costais an phearsanra, gan beann ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige leis na bearta, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus aon ábhair riachtanacha eile a ghlacadh ar cíos, agus na costais a bhaineann le táirgí cóireála, sampláil agus tástálacha saotharlainne;

    (b)

    na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

    (c)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt do na hoibreoirí nó d’úinéirí lena mbaineann as plandaí, táirgí plandaí agus ábhair eile a chóireáil, a scriosadh agus ansin as fáil réidh leo, agus as áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, áiseanna, innealra agus trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú;

    (d)

    costais chúitimh leis na húinéirí atá buartha faoi luach na bplandaí a scriosadh, na dtáirgí plandaí nó rudaí eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 17, 28(1), 29(1) agus 30(1) de Rialachán 2016/2031, teoranta do luach margaidh na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na rudaí eile sin amhail mura ndearna na bearta sin difear dóibh; déanfar an luach tarrthála, más ann, a asbhaint as an gcúiteamh; agus

    (e)

    i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha á ndéanamh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) go (d).

    Ní bheidh an cúiteamh le hoibreoirí nó le húinéirí dá dtagraítear i bpointe (c) incháilithe ach amháin má táthar tar éis na bearta a chur i gcrích faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil.

    2.

    Cláir náisiúnta thréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla a chur chun feidhme

    2.1.

    Maidir le cláir náisiúnta thréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla chun galair ainmhithe agus zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus lotnaidí plandaí a dhíothú, a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, ní mór iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa dlí ábhartha de chuid an Aontais.

    Sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16, leagfar amach na coinníollacha ar a mbeidh na gníomhaíochtaí incháilithe chun cistiú a fháil.

    Déanfar Cláir náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine den bhliain roimh an tréimhse cur chun feidhme a bheartaítear.

    Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in iúl do na Ballstáit faoin 30 Samhain gach bliain:

    (a)

    liosta de na cláir náisiúnta a bheidh formheasta go teicniúil agus molta do chómhaoiniú;

    (b)

    an méid sealadach a leithdháilfear ar gach clár;

    (c)

    leibhéal sealadach uasta ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gach clár; agus

    (d)

    aon choinníollacha sealadacha a bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bheith faoina réir.

    Déanfaidh an Coimisiún na cláir náisiúnta agus an cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin comhaontú deontais maidir leis na bearta arna gcur chun feidhme agus na costais arna dtabhú.

    Tar éis do na tairbhithe na tuarascálacha idirmheánacha a chur isteach faoin 31 Lúnasa de bhliain an chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, más gá, na comhaontuithe maidir le deontas a thabhairt a leasú i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

    2.2.

    Costais incháilithe

    2.2.1.

    Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit, agus na cláir náisiúnta tréidliachta á gcur chun feidhme acu, féadfaidh siad cáiliú do chómhaoiniú ón Aontas:

    (a)

    na costais a bhaineann le sampláil ainmhithe;

    (b)

    na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

    (i)

    costais na dtrealamh tástála, na n-imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

    (ii)

    costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

    (c)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a n-ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh, ach teoranta do luach margaidh na n-ainmhithe sin amhail mura mbeadh an galar tar éis tionchar a imirt orthu;

    (d)

    costais mharaithe nó dealaithe na n-ainmnithe;

    (e)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d’úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, ach gan dul thar luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar nó sular dearbhaíodh an galar sin;

    (f)

    na costais a bhaineann le ceannach, stóráil, ionaclú, riar nó dáileadh dáileog vacsaíne nó vacsaíní agus baoití a úsáidtear do na cláir;

    (g)

    na costais a bhaineann le glanadh, díghalrú agus dífheithidiú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine; agus

    (h)

    i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha á ndéanamh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g).

    Chun críocha phointe (c), asbhainfear luach tarrthálais na n-ainmhithe, más ann, den chúiteamh.

    Chun críocha phointe (d), asbhainfear luach tarrthálais uibheacha teaschóireáilte nach bhfuil gortha den chúiteamh.

    2.2.2.

    Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit, agus na cláir fiteasláintíochta náisiúnta á gcur chun feidhme acu, féadfaidh siad cáiliú do chómhaoiniú ón Aontas:

    (a)

    na costais a bhaineann le sampláil;

    (b)

    costais do scrúduithe amhairc;

    (c)

    na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

    (i)

    costais na dtrealamh tástála, na n-imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

    (ii)

    costais an phearsanra, gan beann ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

    (d)

    costais an phearsanra, gan beann ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige leis na bearta, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus aon ábhair riachtanacha eile a ghlacadh ar cíos, agus na costais a bhaineann le táirgí cóireála, sampláil agus tástálacha saotharlainne;

    (e)

    na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

    (f)

    na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt do na hoibreoirí nó d’úinéirí lena mbaineann as plandaí, táirgí plandaí agus ábhair eile a chóireáil, a scriosadh agus ansin as fáil réidh leo, agus as áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, áiseanna, innealra agus trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú;

    (g)

    costais chúitimh leis na húinéirí lena mbaineann as luach na bplandaí a scriosadh, na dtáirgí plandaí scriosta nó ábhair scriosta eile faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 17, 28(1), 29(1) agus 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, teoranta do luach margaidh na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na n-ábhar eile sin amhail mura ndearna na bearta sin difear dóibh; déanfar an luach tarrthálais, más ann, a asbhaint as an gcúiteamh; agus

    (h)

    i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha á ndéanamh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) go (g).

    Ní bheidh an cúiteamh le hoibreoirí nó le húinéirí dá dtagraítear i bpointe (f) incháilithe ach amháin má táthar tar éis na bearta a chur i gcrích faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil.

    2.3.

    I gcás ina mbriseann ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III amach nó i gcás ina bhfuil ceann acu ag forbairt, agus gur dóigh dóibh stádas sláinte an Aontais a chur i mbaol, agus chun an tAontas a chosaint ar thabhairt isteach ceann de na galair nó de na zónóisí sin, nó má tá gá le bearta cosanta chun tacú le stádas sláinte plandaí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina gcláir náisiúnta a chuirfear chun feidhme i gcríocha tríú tíortha i gcomhar le húdaráis na dtíortha sin. Mar rogha air sin, féadfar cistiú ón Aontas, faoi na coinníollacha céanna agus chun na críche céanna, a dhámhachtain go díreach ar údaráis inniúla tríú tíortha.

    2.4.

    Maidir le cláir fiteashláintíochta, féadfar cistiú ón Aontas a dhámhachtain ar Bhallstáit do na bearta seo a leanas:

    (a)

    suirbhéanna, thar thréimhsí sonracha, chun láithreacht an méid seo a leanas ar a laghad a sheiceáil:

    aon lotnaid choraintín de chuid an Aontais, agus comharthaí nó siomptóim aon lotnaide atá faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó faoi réir bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin, de bhun Airteagal 22(1) den Rialachán sin nó, i gcás inarb infheidhme de bhun Airteagal 47 go hAirteagal 77 de Rialachán (AE) 2017/625;

    lotnaidí tosaíochta de bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

    (b)

    suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil, ar a laghad, láithreacht aon lotnaide, seachas na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a), a d’fhéadfadh a bheith ina riosca arna theacht chun cinn don Aontas, agus a mbeadh tionchar suntasach ar chríoch an Aontais dá dtabharfaí isteach í nó dá leathfaí í;

    (c)

    bearta díothúcháin nó coisctheacha i gcoinne lotnaid choraintín de chuid an Aontais, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) nó (3) den Rialachán sin;

    (d)

    bearta díothúcháin nó coisctheacha, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 i gcoinne lotnaide, nach liostaítear mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa Rialachán sin;

    (e)

    bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagail 28(1) agus 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothúcháin agus coisctheacha sin dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den phointe seo agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe (f) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin;

    (f)

    bearta chun lotnaid, ar ghlac an tAontas bearta srianta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2016/2031 nó Airteagal 30(3) den Rialachán sin, a shrianadh laistigh de limistéar inmhíolaithe nach féidir an lotnaid a dhíothú uaidh, i gcás ina mbeidh na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

    Cinnfear leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 16(4) liosta na lotnaidí plandaí a bheidh le cumhdach faoi na bearta sin.

    3.

    Cláir fíteashláintíochta a chur chun feidhme chun lotnaidí a rialú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 355(1) CFAE a eisiatar ó raon feidhme críochach Rialachán (AE) 2016/2031, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Bainfidh na cláir sin le gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le lotnaidí a rialú atá i bhfeidhm sna réigiúin sin a chur chun feidhme i gceart, cibé acu rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta iad.

    4.

    Gníomhaíochtaí chun tacú le leas ainmhithe a fheabhsú, lena n-áirítear bearta chun comhlíonadh caighdeán maidir le leas ainmnithe agus inrianaitheacht a áirithiú lena n-áirítear le linn iompar ainmnithe.

    5.

    Tacaíocht a thabhairt do shaotharlanna tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2017/625, agus lárionaid tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 95 agus 97 de Rialachán (AE) 2017/625 agus in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/1012.

    6.

    Le linn uastréimhse 3 bliana tar éis ainmniú shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh den limistéar shonrach, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 10(1), creidiúnú a fháil maidir le modhanna tástála agus diagnóiseacha ag saotharlanna tagartha náisiúnta sláinte plandaí agus saotharlanna tagartha náisiúnta sláinte ainmhithe.

    7.

    Cláir chomhordaithe rialaithe a chur chun feidhme agus bailiúchán faisnéise agus sonraí a eagrú, dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2017/625.

    8.

    Gníomhaíochtaí chun dramhaíl bhia a chosc agus calaois bhia a chomhrac.

    9.

    Gníomhaíochtaí lena dtacaítear le táirgeadh agus tomhaltas bia, lena n-airítear slabhraí soláthair gairide.

    10.

    Bunachair sonraí agus córais bhainistíochta faisnéise ríomhairithe a fhorbairt atá riachtanach chun an reachtaíocht a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus ar cruthaíodh go bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas ina iomláine; chomh maith le teicneolaíochtaí nua a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar inrianaitheacht táirgí.

    11.

    Foireann na n-údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla a oiliúint, chomh maith le páirtithe eile a bhfuil baint acu le galair ainmnithe nó lotnaidí plandaí a bhainistiú nó a chosc, dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) 2017/625.

    12.

    Speansais taistil, speansais lóistín agus speansais chothaithe laethúla arna dtabhú ag saineolaithe na mBallstát de bhrí gur iarr an Coimisiún orthu cuidiú lena shaineolaithe féin, a íoc, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 116(4) agus in Airteagal 120(4) de Rialachán (AE) 2017/625.

    13.

    Obair theicniúil agus eolaíoch is gá a chur i gcrích lena áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme i gceart sa réimse a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) agus go gcuirfear an reachtaíocht sin in oiriúint d’fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha, lena n-áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin is gá chun láithreacht lotnaidí plandaí éiritheacha nó galar ainmhithe éiritheach a chosc.

    14.

    Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil sé mar aidhm acu an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a bhaint amach mar thacú le forbairt agus cur chun feidhme na rialacha a bhaineann leis an gcuspóir sin.

    15.

    Tionscadail a chur i gcrích arna n-eagrú ag Ballstát amháin nó níos mó chun cur chun feidhme éifeachtúil an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as teicnící agus prótacail nuálacha.

    16.

    Tionscnaimh faisnéise agus tionscnaimh múscailte feasachta ag an Aontas agus ag na Ballstáit a chur chun feidhme a bhfuil sé mar aidhm acu cleachtais fheabhsaithe, chomhlíontacha agus inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia a áirithiú, lena n-áirítear cosc ar dhramhaíl bhia agus gníomhaíochtaí coisctheacha i ndáil le calaois bhia chun cur leis an ngeilleagar ciorclach, chomh maith le tionscnaimh eile lena gcuirtear le hardleibhéal sláinte plandaí agus ainmhithe, agus ardleibhéal sábháilteacht bia agus beatha, mar chuid de chur chun feidhme na rialacha i réimse an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e).

    17.

    Bearta a chur chun feidhme chun sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus leas ainmhithe a chosaint, i leith ainmhithe, táirgí ainmhithe, plandaí, táirgí plandaí agus réada ábhartha eile a thagann isteach ó thríú tíortha ag teorainn de chuid an Aontais.


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).


    IARSCRÍBHINN II

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE LENA GCUIRFEAR CHUN FEIDHME AN CUSPÓIR SONRACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(2)(F) MAIDIR LE STAIDREAMH EORPACH

    Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta, chríochach agus chomhshaoil san Aontas de dhíth chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le staidreamh Eorpach cuirtear ar a gcumas do shaoránaigh Eorpacha an próiseas daonlathach agus an díospóireacht maidir le staid reatha agus todhchaí an Aontais a thuiscint agus páirt a ghlacadh iontu.

    In éineacht le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus go háirithe maidir le neamhspleáchas gairmiúil na n-institiúidí staidrimh agus na prionsabail staidrimh eile a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán sin, tá an Clár ceaptha chun an creat foriomlán a chur ar fáil maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh don tréimhse 2021-2027. Tá staidreamh Eorpach le forbairt, le táirgeadh agus le scaipeadh faoin gcreat sin agus i gcomhréir le prionsabail Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh. Ba cheart go n-urramófaí leis an gcreat sin na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2009 trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

    Le staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gcreat sin, cuirfear le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar a leagtar amach in CFAE agus mar a léirítear tuilleadh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.

    Tríd an gClár, beidh sé d’aidhm ag CSE a leibhéal barr feabhais i réimse an staidrimh a choinneáil agus a fheabhsú. Ar an gcaoi chéanna, beidh sé d’aidhm ag na cláir oibre bhliantúla an t-aschur is fearr is féidir a ghnóthú agus na hacmhainní atá ar fáil ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh.

    Meastar an taighde agus nuálaíocht leanúnach a bheith mar phríomhspreagthaí chun cúrsaí staidrimh san Eoraip a nuachóiriú agus feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an infheistíocht tríd an gclár a bheith dírithe ar mhodhanna agus modheolaíochtaí nua a fhorbairt chomh maith le féachaint ar fhoinsí nua sonraí chun staidreamh a tháirgeadh.

    Agus an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) á chur chun feidhme, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, domhandú agus trádáil

    (1)

    staidreamh ardcháilíochta a chur ar fáil a bheidh mar bhonn taca don nós imeachta um easnamh iomarcach, agus i gcás inarb indéanta, don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus don ionstraim um thacaíocht theicniúil, agus mar bhonn taca do thimthriall bliantúil an Aontais maidir le faireachán eacnamaíoch agus treoir eacnamaíoch;

    (2)

    na Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a sholáthar agus, i gcás inar gá, a fheabhsú;

    (3)

    staidreamh agus treoir maidir le modheolaíocht a sholáthar i ngeall le láimhseáil staidrimh na n-ionstraimí infheistíochta agus buiséadacha agus iad ag tacú le cóineasú eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais agus cruthú post;

    (4)

    staidreamh a chur ar fáil chun críocha acmhainní dílse agus luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais;

    (5)

    tomhas níos fearr a dhéanamh ar thrádáil earraí agus seirbhísí, infheistíocht dhíreach choigríche, slabhraí luacha domhanda agus tionchar an domhandaithe ar gheilleagair an Aontais.

    An margadh inmheánach, nuálaíocht agus claochlú digiteach

    (1)

    staidreamh ardcháilíochta iontaofa a chur ar fáil don mhargadh inmheánach agus do réimsí tábhachtacha nuálaíochta agus taighde;

    (2)

    tuilleadh staidrimh a chur ar fáil atá níos tráthúla maidir leis an ngeilleagar comhroinnte agus tionchar na digiteála ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh an Aontais;

    (3)

    Staidreamh a chur ar fáil chun tacú le beartas slándála agus cosanta na hEorpa, faoi réir staidéir indéantachta agus íogaireacht sonraí staidrimh á cur san áireamh go cuí.

    An ghné shóisialta den Eoraip

    (1)

    staidreamh ardcháilíochta, tráthúil agus iontaofa a chur ar fáil lena dtabharfar tacaíocht do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Beartas Scileanna an Aontais, lena n-áirítear staidreamh maidir le margadh an tsaothair, fostaíocht, oideachas agus oiliúint, ioncam, dálaí maireachtála, bochtaineacht, neamhionannas, cosaint shóisialta, foréigean inscnebhunaithe, obair neamhdhearbhaithe agus cuntais satailíte maidir le scileanna;

    I gcás inar gá staidreamh nua a fhorbairt, is gá scrúdú breise a dhéanamh laistigh de CSE ar infhaighteacht sonraí agus ar indéantacht staidreamh a tháirgeadh i ndáil le cuntais satailíte maidir le scileanna agus maidir le hobair neamhdhearbhaithe;

    (2)

    staidreamh a sholáthar a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

    (3)

    staidreamh a fheabhsú maidir le himirce, go háirithe i ndáil le cás agus lánpháirtiú na n-imirceach agus riachtanais oideachais agus leibhéil cháilíochta iarrthóirí tearmainn;

    (4)

    cláir nuachóirithe Daonáirimh agus Áirimh Tithíochta a fhorbairt do na blianta tar éis 2021 chomh maith le staidreamh daonra;

    (5)

    réamh-mheastacháin agus miondealú ar dhaonra an Aontais a sholáthar agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

    Forbairt inbhuanaithe, Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

    (1)

    faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna);

    (2)

    staidreamh a chur ar fáil a bheidh mar bhonn taca don Chomhaontú Glas don Eoraip lena n-áirítear tuilleadh forbartha a dhéanamh ar staidreamh chun tacú leis an Straitéis Fuinnimh, an geilleagar ciorclach, staidreamh a bhaineann leis an aeráid agus an straitéis maidir le plaistigh;

    I gcás inar gá staidreamh agus táscairí nua a fhorbairt do na topaicí atá luaite sa fhleasc thuas, déanfar infhaighteacht sonraí agus an indéantacht chun staidreamh agus táscairí a tháirgeadh a scrúdú tuilleadh laistigh de CSE;

    (3)

    staidreamh agus táscairí tábhachtacha a sholáthar maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear i dtaca le dramhaíl, uisce, bithéagsúlacht, foraoisí, úsáid talún agus cumhdach talún chomh maith le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil;

    (4)

    staidreamh iompair lastais agus iompair phaisinéirí a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais;

    (5)

    táscairí breise a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an idirmhódúlacht agus ar an aistriú módach i dtreo modhanna iompair nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;

    (6)

    sonraí tráthúla ábhartha a sholáthar chun freastal ar riachtanais an Chomhbheartais Talmhaíochta, an Chomhbheartais Iascaigh agus na mbeartas a bhaineann leis an gcomhshaol, le slándáil bia agus le leas ainmhithe.

    Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

    (1)

    táscairí tráthúla agus cuimsitheacha staidrimh a sholáthar maidir le réigiúin, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas, cathracha agus ceantair thuaithe an Aontais, chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúil is atá beartais um fhorbairt chríochach, chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair chríochacha beartais earnálacha;

    (2)

    níos mó úsáide a bhaint, de réir a chéile, as sonraí geospásúla agus bainistíocht faisnéise geospásúla a chomhtháthú agus a phríomhshruthú go córasach i dtáirgeadh staidrimh;

    (3)

    scrúdú a dhéanamh laistigh de CSE ar a indéanta atá sé na nithe seo a leanas a chur ar fáil agus tacú ansin lena bhforbairt:

    (a)

    táscairí maidir le frithsciúradh airgid;

    (b)

    táscairí maidir le comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;

    (c)

    staidreamh póilíneachta agus slándála.

    Staidreamh Eorpach agus a luachanna a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus iad a chur chun cinn mar fhoinsí iontaofa chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis

    (1)

    staidreamh Eorpach a chur chun cinn go córasach mar fhoinse iontaofa faisnéise agus lucht seiceála fíricí, taighdeoirí agus údaráis phoiblí a éascú maidir le staidreamh Eorpach a úsáid chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis;

    (2)

    An t-idirphlé a dhéantar faoi láthair le táirgeoirí agus úsáideoirí staidrimh Eorpaigh a fheabhsú chun an úsáid a bhaintear as staidreamh Eorpach a fheabhsú agus a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí a leagan síos agus a chur chun feidhme chun litearthacht staidrimh a mhéadú ar mhaithe le saoránaigh an Aontais, lena n-áirítear fiontraithe;

    (3)

    é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí rochtain a fháil ar staidreamh agus é a thuiscint, lena n-áirítear trí léirshamhluithe tarraingteacha agus idirghníomhacha a sholáthar chomh maith le seirbhísí níos oiriúnaithe ar nós sonraí ar éileamh, agus anailísíocht féinseirbhíse;

    (4)

    tuilleadh forbartha agus faireacháin a dhéanamh ar an gcreat dearbhaithe cáilíochta do staidreamh Eorpach, lena n-áirítear trí athbhreithnithe piaraí ar a mhéid is atá Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh á chomhlíonadh ag na Ballstáit;

    (5)

    rochtain a sholáthar ar mhicreashonraí chun críoch taighde, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh 223/2009, agus na caighdeáin is airde a choimirciú ag an am céanna i dtaca le cosaint sonraí agus rúndacht staidrimh.

    Fómhar na réabhlóide sonraí a bhaint agus bogadh go staidreamh iontaofa cliste

    (1)

    méadú ar shaothrú foinsí nua sonraí digiteacha i dtimpeallacht ilfhoinseach chun staidreamh nua a tháirgeadh gar d’fhíor-am le halgartaim iontaofa atá oiriúnach don fheidhm;

    (2)

    bealaí nua cuir chuige a fhorbairt chun úsáid a bhaint as sonraí atá faoi sheilbh phoiblí trí ghlacadh le ríomh a chosnaíonn an phríobháideacht agus modhanna ríomha slána ilpháirtí;

    (3)

    taighde agus nuálaíocht cheannródaíoch i staidreamh oifigiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as líonraí comhoibríocha agus trí Chláir Oiliúna a sholáthar ar Staidreamh Eorpach.

    Comhpháirtíochtaí leathnaithe agus comhar staidrimh

    (1)

    an chomhpháirtíocht CSE agus comhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais a neartú;

    (2)

    comhpháirtíochtaí a chothú le sealbhóirí sonraí poiblí agus príobháideacha agus le hearnáil na teicneolaíochta le rochtain ar shonraí chun críoch staidrimh a éascú, chomh maith le sonraí ó ilfhoinsí a chomhtháthú agus úsáid na dteicneolaíochtaí is déanaí;

    (3)

    comhar le taighde agus leis an lucht acadúil a fheabhsú, go háirithe maidir le foinsí nua sonraí a úsáid, anailísíocht sonraí, agus cur chun cinn na litearthachta staidrimh;

    (4)

    leanúint den comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha chun tairbhe staidrimh oifigiúil domhanda.


    IARSCRÍBHINN III

    LIOSTA GALAR AINMHITHE AGUS ZÓNÓISÍ

    (1)

    Galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagail 5(1), in Airteagal 9(1)(a),(b) agus (c) agus in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/429;

    (2)

    Zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 agus i dTreoir 2003/99/CE;

    (3)

    Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001.


    IARSCRÍBHINN IV

    TÁSCAIRÍ

    Cuspóir

    Táscaire

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(a)

    1.

    Líon na ngearán nua i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, chomh maith le reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí.

    2.

    Innéacs Sriantachta na Trádála Seirbhísí.

    3.

    Líon na gcuairteanna ar thairseach An Eoraip Agatsa.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(a)(ii)

    1.

    Líon na gcásanna neamhchomhlíontachta i réimse na n-earraí, díolacháin ar líne san áireamh.

    2.

    Líon na bhfeachtas comhpháirteach um fhaireachas margaidh.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(b)

    1.

    Líon FBManna agus na mbraislí fiontar agus na n-eagraíochtaí líonraí gnó, mar aon le líon na n-eagraíochtaí tacaíochta gnó, a fhaigheann tacaíocht ón gclár, go háirithe maidir le hidirnáisiúnú, digiteáil agus inbhuaine.

    2.

    Líon na gcuideachtaí ar tacaíodh leo agus a bhfuil comhpháirtíochtaí gnó curtha i gcrích acu.

    3.

    Líon na bhfiontraithe a bhaineann tairbhe as scéimeanna meantóireachta agus soghluaisteachta, lena n-áirítear fiontraithe óga, nua agus mná, chomh maith le spriocghrúpaí sonracha eile.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(c)(i

    1.

    An sciar de chaighdeáin Eorpacha arna gcur chun feidhme ag Ballstáit mar chaighdeáin náisiúnta as méid iomlán na gcaighdeán Eorpach atá gníomhach.

    Cúspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(c)(ii)

    1.

    Céatadán na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht arna bhformhuiniú ag an Aontas.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(d)(i)

    1.

    Innéacs dhálaí na dtomhaltóirí.

    Cúspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(d)(ii)

    1.

    Líon na bpáipéar seasaimh agus na bhfreagairtí ar chomhairliúcháin phoiblí i réimse na seirbhísí airgeadais ó thairbhithe.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(e)

    1.

    Líon na gclár náisiúnta tréidliachta agus fíteashláintíochta a cuireadh chun feidhme go rathúil, lena n-áirítear líon na mbeart éigeandála a cuireadh chun feidhme go rathúil maidir le lotnaidí plandaí agus galair ainmhithe.

    Cuspóir arna leagan síos in Airteagal 3(2)(f)

    1.

    Tionchar an staidrimh arna fhoilsiú ar an idirlíon: líon na dtráchtanna ar an idirlíon agus líon na dtuairimí dearfacha/diúltacha.


    Top