This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0667
Council Implementing Regulation (EU) 2021/667 of 23 April 2021 implementing Article 21(2) of Regulation (EU) 2016/44 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/667 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/667 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/7779/2021/INIT
IO L 141, 26.4.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32016R0044 | Aisghairm | iarscríbhinn III cuid A pointe 9 | 27/04/2021 |
26.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/667 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
Ba cheart an iontráil do dhuine amháin a scriosadh ó tá sé éagtha. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
I Rialachán (AE) 2016/44, Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 9 (a bhaineann le AL-GAOUD, Abdelmajid).