EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0643

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/643 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/441

IO L 133, 20.4.2021, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/643/oj

20.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 133/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/643 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarrtha ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara go leasófaí roinnt de na nótaí a leagtar amach i bhforoinn 1.1.3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)

Glacann an Coimisiún leis gur gá foclaíocht na nótaí sin a fheabhsú. Tá cuid de na nótaí a bhaineann le substaintí míchruinn agus tugtar isteach roinnt neamhchinnteachta maidir leis an léirmhíniú ceart ar oibleagáidí dlíthiúla. Go háirithe, d’fhéadfaí léirmhíniú a thabhairt ar roinnt de na nótaí sin nach gá na substaintí a bhfuil feidhm ag na nótaí sin ina leith a aicmiú in aon chor faoi choinníollacha áirithe, ach, le bheith cruinn, níor cheart iad a chumhdach faoin aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ach ba cheart iad a bheith fós faoi réir aicmiú i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (féin-aicmiú).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1.1.3.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad nótaí J go R:

 

“Nóta J:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin nó mar shó-ghineach ach amháin i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil níos lú ná 0,1 % w/w beinséin (Uimh. Einecs 200-753-7) sa tsubstaint, agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na n-aicmí guaise sin.

 

Nóta K:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin nó mar shó-ghineach ach amháin i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil níos lú ná 0,1 % w/w 1,3- bútaidhé-éin (Uimh. Einecs 203-450-8) sa tsubstaint, agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na n-aicmí guaise sin. I gcás n-aicmítear an tsubstaint mar charcanaigin ná mar shó-ghineach, ba cheart feidhm a bheith ag na ráitis réamhchúraim (P102)P210-P403, ar a laghad.

 

Nóta L:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin ach amháin i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil níos lú ná 3 % d’úsc sulfair dé-mheitile mar a thomhaistear é le IP 346 sa tsubstaint (‘Cinntiúchán aramatacha iltimthriallacha i mbunolaí bealaithe neamhúsáidte agus i gcodáin pheitriliam saor asfaltéin – Modh séin athraonta i leith eastóscadh sulfocsaíde dé-mheitile’, Institute of Petroleum, Londain), agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na haicme guaise sin.

 

Nóta M:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin ach amháin i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil níos lú ná 0,005 % w/w beansó[a]-piréin (Uimh. Einecs 200-028-5) sa tsubstaint, agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na haicme guaise sin.

 

Nóta N:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin ach amháin i gcás go bhfuil stair iomlán an scagtha ar eolas agus i gcás inar féidir a léiriú nach carcanaigin í an tsubstaint óna dtáirgtear é, agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na haicme guaise sin.

 

Nóta P:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin nó mar shó-ghineach ach amháin i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil níos lú ná 0,1 % w/w beinséin (Uimh. Einecs 200-753-7) sa tsubstaint, agus sa chás sin déanfar aicmiú i gcomhréir le Teideal II den Rialachán seo freisin le haghaidh na n-aicmí guaise sin. I gcás nach n-aicmítear an tsubstaint mar charcanaigin ná mar shó-ghineach, beidh feidhm ag na ráitis réamhchúraim (P102-)P260-P262-P301 + P310-P331, ar a laghad.

 

Nóta Q:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

léiríodh le tástáil ghearrthéarmach bhithmharthanachta trí ionanálú go bhfuil leathré ualaithe níos lú ná 10 lá ag snáithíní is faide ná 20 μm; nó

léiríodh le tástáil ghearrthéarmach bhithmharthanachta trí insileadh iontraicéach go bhfuil leathré ualaithe níos lú ná 40 lá ag snáithíní is faide ná 20 μm; nó

i dtástáil chuí ionpeireatóineach, ní fhacthas fianaise ar bith go raibh barraíocht carcanaigineachta ann; nó

níor tugadh faoi deara athruithe ábhartha pataigineachta nó neoplaisteacha ar bith, i dtástáil chuí fhadtéarmach ionanálaithe

 

Nóta R:

Tá feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe mar charcanaigin ach amháin i gcás snáithíní ag a bhfuil Meántrastomhas Geoiméadrach Ualaithe de réir Faid (LWGMD) lúide dhá earráid chaighdeánacha gheoiméadracha is mó ná 6 μm, arna thomhas i gcomhréir le Modh tástála A.22 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún (*1)

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1)."

(2)

i bpointe 1.1.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Nótaí 8 agus 9:

 

“Nóta 8:

Tá an t-aicmiú mar charcanaigin i bhfeidhm ach amháin i gcás inar féidir a léiriú gur lú ná 0,1 % an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, beag beann ar an bhfoinse atá aige, agus é á chur ar an margadh.

 

Nóta 9:

Tá an t-aicmiú mar shó-ghineach i bhfeidhm ach amháin i gcás inar féidir a léiriú gur lú ná 1 % an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, beag beann ar an bhfoinse atá aige, agus é á chur ar an margadh.”


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).’


Top