This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0551
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/551 of 30 March 2021 concerning the authorisation of turmeric extract, turmeric oil, turmeric oleoresin from Curcuma longa L. rhizome as feed additives for all animal species and turmeric tincture from Curcuma longa L. rhizome as a feed additive for horses and dogs (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/551 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 maidir le húsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhí agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. mar bhreiseán beatha le haghaidh capaill agus madraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/551 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 maidir le húsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhí agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. mar bhreiseán beatha le haghaidh capaill agus madraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2007
IO L 111, 31.3.2021, p. 3–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/03/2022
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modified by | 32022R0385 | Athchur | iarscríbhinn | 09/03/2022 |
31.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/551 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Márta 2021
maidir le húsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhí agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. mar bhreiseán beatha le haghaidh capaill agus madraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin arna n-údarú de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
(2) |
Rinneadh úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a údarú gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhí. Rinneadh na breiseáin sin a iontráil ina dhiaidh sin i gClár na mbreiseán beatha mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh iarratas isteach chun athmheastóireacht a dhéanamh ar úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhí agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. le haghaidh capaill agus madraí. |
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a údarú lena n-úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear “comhdhúile blaistithe” a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a cheadú lena n-úsáid in uisce óil. |
(5) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(6) |
Sa tuairim uaidh an 7 Bealtaine 2020 (3), chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe maidir le húsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Chinn an tÚdarás freisin gur cheart úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. a mheas mar ghreannaitheoirí don chraiceann agus do na súile agus don chonair riospráide agus mar íogróirí craicinn. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. |
(7) |
Chinn an tÚdarás go n-aithnítear úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. chun bia a bhlaistiú agus ós rud é go mbeadh an fheidhm atá leo i mbeatha go bunúsach mar an gcéanna leis an bhfeidhm atá leo i mbia, meastar nach bhfuil gá le léiriú éifeachtúlachta breise. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Rinne sé an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a fhíorú freisin. |
(8) |
Léiríonn an measúnú ar úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú [mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo]. |
(9) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta agus coinníollacha ionas gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart cion molta a léiriú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an cion sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán. |
(10) |
Cé nach bhfuil úsc tuirmirice, ola thuirmirice, oiléaroisín tuirmirice agus tintiúr tuirmirice ó riosóm Curcuma longa L. údaraithe lena n-úsáid mar bhlastáin in uisce óil, ní choisceann sé sin a n-úsáid i mbeatha cumaisc a thugtar trí uisce. |
(11) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Tá na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe” údaraithe mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Úsáid in uisce óil
Na substaintí údaraithe a shonraítear san Iarscríbhinn ní úsáidfear iad in uisce óil.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, a tháirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Aibreán 2021, féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. An beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí sin iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 20 Aibreán 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Aibreán 2021, féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. An beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí sin iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 20 Aibreán 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 20 Aibreán 2021, féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) Iris EFSA 2020;18(6):6146.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíseach. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||
mg de shubstaint ghníomhach/kg de bheatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b163-eo |
- |
Bláthola thuirmirice |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola díorthaithe trí ghaldriogadh riosóim thriomaithe Curcuma longa L. Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola díorthaithe trí ghaldriogadh riosóim thriomaithe Curcuma longa L. faoi mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (1):
Uimh. CAS 8024-37-1 (2) Uimhir Einecs 283-882-1 (1) Uimhir FEMA 3085 (1) Uimhir CoE 163 Foirm leachtach Modh anailíseach (3) Chun ar na marcóirí fíticheimiceacha a cháinníochtú: ar-turmarón agus béite-turmarón sa bhreiseán beathaithe (ola thuirmirice):
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
20.4.2031 |
||||||||||||||||||||||||||||||
2b163-or |
|
Oiléaroisín tuirmirice |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Oiléaroisín a fhaightear trí eastóscadh tuaslagóirí riosóim thriomaithe Curcuma longa L. Tréithriú na substainte gníomhaí Oiléaroisín a fhaightear trí eastóscadh tuaslagóirí riosóim thriomaithe Curcuma longa L. faoi mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (4). Bláthola: 30-33 % (meáchan/meáchan) Iomlán na gcurcaimínóideach: 20-35 % (meáchan/meáchan)
An bhogthaise: 12-30 % (meáchan/meáchan) Modh anailíseach (5) Chun an marcóir fíticheimiceach (iomlán na gcurcaimínóideach) sa bhreiseán beatha (oiléaroisín tuirmirice) a cháinníochtú:
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
20.4.2031 |
||||||||||||||||||||||||||||||
2b163-ex |
|
Úsc tuirmirice |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Úsc riosóim thriomaithe Curcuma longa L. trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí orgánacha. Tréithriú na substainte gníomhaí Úsc riosóim thriomaithe Curcuma longa L. trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí orgánacha mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (6). Iomlán na gcurcaimínóideach: ≥ 90 % (meáchan/meáchan)
Uisce: 0,30-1,7 % (meáchan/meáchan) Uimhir EINECS: 283-882-1 (4) Uimhir FEMA: 3086 (4) Uimhir CAS 8024-37-1 (4) Uimhir CoE:163 Foirm sholadach (púdar) Modh anailíseach (7) Chun an marcóir fíticheimiceach (iomlán na gcurcaimínóideach) sa bhreiseán beatha (úsc tuirmirice) a chainníochtú:
|
Gach speiceas ainmhí |
- |
- |
- |
|
20.4.2031 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíseach. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Aois uasta |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||
ml substaint ghníomhach/kg de bheatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||||||||||||||
2b163-t |
|
Tintiúr tuirmirice |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Tintiúr a tháirgtear trí úscadh riosóm triomaithe Curcuma longa L. trí úsáid a bhaint as meascán uisce/eatánóil (55/45 % toirt/toirt). Tréithriú na substainte gníomhaí Tintiúr a tháirgtear trí úscadh riosóm triomaithe Curcuma longa L. trí úsáid a bhaint as meascán uisce/eatánóil (55/45 % toirt/toirt), mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (8). Feanóil (mar choibhéis d’aigéad gálach): 1 100 -1 500 μg/mL Iomlán na gcúcamánóidigh (9) (mar churcaimín): 0,04 – 0,09 % (meáchan/meáchan) Curcaimín (I): 83–182 μg/mL Dísmeatocsachurcaimín (II): 80-175 μg/mL Bios-dísmeatocsachurcaimín (III): 139-224 μg/mL Bláthola: 1 176 -1 537 μg/mL Ábhar tirim: 2,62-3,18 % (meáchan/meáchan) Tuaslagóir (uisce/eatánól, 55/45):96-97,5 % (meáchan/meáchan) Foirm leachtach Uimh. CoE 163 Modh anailíseach (10) Chun an marcóir fíticheimiceach (iomlán na gcurcaimínóideach) sa bhreiseán beatha a chainníochtú (tintiúr tuirmirice):
|
|
- |
- |
- |
|
20.4.2031 |
(1) Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2 (2007)
(2) Tá baint ag an aitheantóir céanna go neamh-idirdhealaitheach le húisc agus díorthaigh de chineálacha éagsúla ó Cu rcuma longa ar nós bláthola thuirmirice, úsc tuirmirice agus tintiúr tuirmirice.
(3) Tá mionsonraí na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(4) Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2 (2007)
(5) Tá mionsonraí na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(6) Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2 (2007)
(7) Tá mionsonraí na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
(8) Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2 (2007)
(9) Arna chinneadh le speictreafótaiméadracht mar dhíorthaigh meatáin dicineamóil
(10) Tá mionsonraí na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports