EUR-Lex Acesso ao direito da União Europeia

Voltar à página inicial do EUR-Lex

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Documento 32021R0522

Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/69/2020/REV/1

IO L 107, 26.3.2021, p. 1—29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Estatuto jurídico do documento Em vigor

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/522/oj

26.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/1


RIALACHÁN (AE) 2021/522 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 3(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), i measc na n-aidhmeanna atá ag an Aontas tá dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

(2)

De réir Airteagail 9 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 168 CFAE go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leo, comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, le lánurraim d’fhreagrachtaí na mBallstát as a mbeartas sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú, a bhainistiú agus a sholáthar.

(4)

Go háirithe, rinneadh gníomhaíochtaí faoi na cláir ghníomhaíochta Aontais a bhí ann roimhe i réimse na sláinte poiblí, eadhon iad sin dá bhforáiltear le Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 168 CFAE a chomhlíonadh.

(5)

An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig an choróinvíris úrnua (COVID-19). Is í an phaindéim sin is cúis le géarchéim sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo as ar eascair iarmhairtí socheacnamaíocha fíordhíobhálacha agus fulaingt an duine, ar nithe iad lena mbuailtear daoine le riochtaí ainsealacha go háirithe. Ina theannta sin bhí na baill foirne i suíomhanna cúraim sláinte, a bhí bunriachtanach le linn ghéarchéim COVID-19, neamhchosanta ar mhór-rioscaí sláinte.

(6)

Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, ba cheart dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint de réir mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí, mar a iarradh i dTeachtaireacht an 13 Márta 2020 ón gCoimisiún maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit. Ba cheart leis an gcomhar sin go gcuirfí feabhas ar ullmhacht, cosc agus ar rialú i ndáil le leathadh ionfhabhtuithe agus galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac, agus chun sláinte agus dea-bhail gach duine san Aontas a choimirciú agus a fheabhsú. Is í an ullmhacht an eochair chun athléimneacht i leith bagairtí sa todhchaí a fheabhsú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit tástálacha struis a dhéanamh ar bhonn deonach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus chun athléimneacht a mhéadú.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, clár nua agus atreisithe a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte, clár ar a dtabharfar “Clár EU4Health” (“an Clár”) don tréimhse 2021-2027. I gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht an Aontais agus le hinniúlachtaí an Aontais i réimse na sláinte poiblí, ba cheart , leis an gClár, béim a leagan ar ghníomhaíochtaí a bhfuil buntáistí agus gnóthachain éifeachtúlachta iontu a eascróidh as comhoibriú agus comhar ar leibhéal an Aontais, agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an margadh inmheánach.

(8)

Ba cheart an Clár a bheith ina mhodh chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimsí ina bhfuil breisluach Aontais is féidir a thaispeáint. Ba cheart a áirithiú ar ghníomhaíochtaí den sórt sin, inter alia, malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a neartú, tacú le líonraí um chomhroinnt eolais nó um fhoghlaim fhrithpháirteach, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte chun na rioscaí de bhagairtí den sórt sin a laghdú agus chun a n-iarmhairtí a mhaolú, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an margadh inmheánach ar féidir leis an Aontas réitigh ardcháilíochta ar fud an Aontais a bhaint amach i ndáil leo, agus ar an gcaoi sin acmhainneacht na nuálaíochta sa tsláinte a scaoileadh, agus éifeachtúlacht a fheabhsú trí dhúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint agus úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú. Ba cheart don Chlár tacú freisin le gníomhaíochtaí um fhorbairt acmhainneachta chun pleanáil straitéiseach, rochtain ar mhaoiniú ilfhoinsí agus an acmhainneacht infheistiú i ngníomhaíochtaí an Chláir agus iad a chur chun feidhme a neartú. Chuige sin, ba cheart leis an gClár cúnamh saincheaptha tírshonrach a chur ar fáil do na Ballstáit, nó do ghrúpaí Ballstát, a bhfuil na riachtanais is mó acu.

(9)

Leagtar síos sa Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil (7), de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Is é atá san imchlúdach airgeadais suim dar luach EUR 500 000 000 i bpraghsanna 2018 i gcomhréir leis an dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cláir shonracha a threisiú agus gníomhartha bunúsacha an 22 Nollaig 2020 a oiriúnú (8).

(10)

Chun go mbeidh an Clár cothrom agus dírithe, ba cheart sciartha íosta agus uasta den bhuiséad foriomlán a leagan síos sa Rialachán seo, le haghaidh réimsí gníomhaíochta áirithe, d’fhonn treoir a thabhairt maidir le leithdháileadh acmhainní i ndáil le cur chun feidhme an Chláir.

(11)

Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú d’aon ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, freagairt orthu agus iad a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal “Aontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann”, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin atá dírithe ar phleanáil ullmhachta agus cumas freagartha a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar ról an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus na Gníomhaireacht Leigheasra Eorpaí (EMA) a threisiú, agus ar udarás um ullmhacht agus fhreagairt d’éigeandáil sláinte a bhunú. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin forbairt acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe, faisnéis sláinte a sholáthar, agus ardáin chun na cleachtais is fearr a roinnt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun cabhrú le cosc, ullmhacht agus faireachas, bainistiú acmhainne agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe i dtaca le géarchéim thrasearnálach, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis na cuir chuige “Aon Sláinte Amháin” agus “An tSláinte a Chuimsiú i ngach Beartas” a chothú. Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bunú chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca do gach céim de ghéarchéim sláinte, eadhon cosc, ullmhacht agus freagairt, a éascú.

(12)

D’fhonn na cumais san Aontas chun géarchéimeanna sláinte a chosc, ullmhú dóibh, freagairt dóibh agus iad a bhainistiú a neartú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi chuimsiú reachtaíocht ábhartha an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht sin forbairt acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus ullmhacht, bearta coisctheacha amhail na bearta sin a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe agus comhordú agus comhar feabhsaithe.

(13)

I gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte poiblí, is féidir le trialacha cliniciúla agus measúnú ar theicneolaíocht sláinte (HTA) rannchuidiú le dlús a chur le frithbhearta leighis éifeachtacha a fhorbairt agus a shainaithint. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaí leis an gClár tacaíocht a sholáthar chun gníomhaíochtaí sna réimsí sin a éascú.

(14)

D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair orthu agus iad siúd atá ag maireachtáil le galair theagmhálacha nó neamhtheagmhálacha agus galair ainsealacha nó iad siúd is mó atá thíos leo, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh agus lena gcuirtear cosc ar thionchar chomhthaobhacha géarchéimeanna sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar mheabhairshláinte.

(15)

Géarchéim COVID-19, is rud é a chuir i bhfáth dúshláin iomadúla lena n-áirítear spleáchas an Aontais ar thríú tíortha, chun go n-áiritheofaí soláthar amhábhar, comhábhar gníomhach cógaisíochta, táirgí íocshláinte, feistí leighis agus trealaimh chosanta phearsanta a theastaíonn san Aontas le linn géarchéimeanna sláinte agus go háirithe le linn paindéimí. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an gClár, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas chun an riosca ganntanas a mhaolú, agus comhlántacht le hionstraimí eile an Aontais á háirithiú san am céanna.

(16)

D’fhonn na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a íoslaghdú, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais sláinte na mBallstát trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a mhalartú agus freisin trí líon na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhéadú. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí sin go mbeidh na Ballstáit in ann freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú baill foirne cúraim sláinte agus baill foirne sláinte poiblí a dhéanamh chomh maith le sásraí a bhunú, i gcomhréir le straitéisí náisiúnta, le haghaidh faireachán éifeachtúil agus dáileadh nó leithdháileadh a dhéanamh ar earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar riachtanais agus a bhfuil gá leo le linn géarchéime.

(17)

Tá ról tábhachtach ag an soláthar faisnéise do dhaoine aonair maidir le galair a chosc agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart go dtacódh an clár le gníomhaíochtaí cumarsáide atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne nó ar ghrúpaí sonracha daoine nó gairmithe, d’fhonn cosc galar agus stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn, chun cur i gcoinne mífhaisnéise agus bréagaisnéise maidir le cosc, cúis agus cóireáil galar, chun aghaidh a thabhairt ar dhrogall roimh an vacsaíniú agus chun tacú le hiarrachtaí chun an t-iompar altrúíoch a neartú, amhail deonacháin orgán agus fola, i mbealach a chomhlánaíonn feachtais náisiúnta ar na hábhair sin.

(18)

I sineirgíocht le cláir eile de chuid an Aontais, amhail an clár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, an Fhís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (“an Fhís Eorpach”), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Clár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d’fhéadfaí tacú faoin gClár le gníomhaíochtaí lena gcuirtear claochlú digiteach seirbhísí sláinte chun cinn agus lena méadaítear idir-inoibritheacht na seirbhíse sin, lena n-áirítear trí spás Eorpach sonraí sláinte a fhorbairt.

(19)

Is infheistíocht í an tsláinte agus ba cheart an coincheap sin a bheith i gcroílár an Chláir. Trí dhaoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, trína litearthacht sláinte a fheabhsú, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, na neamhionannais sláinte agus na n-éagothromaíochtaí sláinte, na rochtana ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, chaighdeán na beatha, sláinte oibrithe, na táirgiúlachta, an iomaíochais agus na cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na córais sláinte náisiúnta agus ar na buiséid sláinte náisiúnta. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí freisin chun neamhionannais i soláthar cúraim sláinte a laghdú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, chun críocha fás cuimsitheach a bhaint amach. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i Rún na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal “Ar ndomhan a chlaochlú: Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe” (“Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe”) a bhaint amach, go háirithe Sprioc 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur cinn do chách ag gach aois”. Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, dá bhrí sin, rannchuidiú leis na bearta a dhéantar chun na spriocanna sin a bhaint amach.

(20)

Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta go minic. Galair neamhtheagmhálacha amhail galar chardashoithíocha, ailse, meabhairghalar, neamhoird néareolaíocha, galar riospráide ainsealach, agus diaibéiteas, is mórchúiseanna iad le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus is iad is cúis le tionchar suntasach ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus chun Sprioc 3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, go háirithe ach gan a bheith teoranta do Sprioc 3.4 den Sprioc sin, eadhon chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc ar fud na n-earnálacha ábhartha.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tacú leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc agus leis an meabhairshláinte a fheabhsú le linn shaolré an duine aonair trí aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí riosca sláinte, agus ar dheitéarmanaint sláinte, rud a rannchuideodh freisin le Sprioc 3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” (an “Comhaontú Glas don Eoraip”).

(22)

Ba cheart go leanfadh an Clár de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí i réimse na díobhála a bhaineann le halcól a laghdú agus a chosc, agus béim ar leith á cur ar dhaoine óga a chosaint.

(23)

Is suntasach é ualach na ngalar ainsealach san Aontas. Aithnítear go forleathan go bhfuil cosc agus luathbhrath tábhachtach ina leith sin. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin agus ba cheart dó tacú le treoirlínte sonracha Aontais a fhorbairt maidir le galair a chosc agus a bhainistiú agus, dá bhrí sin, díriú ar ualach na mBallstát a laghdú trí oibriú le chéile chun bainistiú níos fearr agus níos éifeachtaí ar ghalair ainsealacha a bhaint amach. Cuireann athruithe déimeagrafacha, go háirithe an tsochaí atá ag dul in aois, dúshlán roimh inbhuanaitheacht na gcóras sláinte. Is gá aird ar leith a thabhairt ar ghalair agus ar neamhoird a bhaineann le haois, amhail néaltrú, agus míchumais a bhaineann le haois.

(24)

I ndiaidh galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. Is tosca riosca iad droch-chothú, neamhghníomhaíocht choirp, otracht, úsáid tobac agus mí-úsáid alcóil atá coiteann do ghalair ainsealacha eile, amhail galair chardashoithíocha, agus dá bhrí sin ba cheart cláir coiscthe ailse a chur chun feidhme i gcomhthéacs cur chuige comhtháite um chosc ar ghalair ainsealacha. Ba cheart go mbainfeadh bearta ábhartha i “Plean Sáraithe Ailse na hEorpa” ón gCoimisiún a leagtar amach i dTeachtaireacht an 3 Feabhra 2021 ón gCoimisiún leas as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach, agus ba cheart go rannchuideoidh sé le cur chuige comhtháite a chothú, lena gcumhdaítear cosc, scagthástáil, diagnóisiú luath, faireachán, cóireáil agus cúram, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht beatha othar agus marthanóirí.

(25)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta tacú le staidéir ar thionchar inscne ar shaintréithe galair d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar eolas agus oideachas sa réimse sin, agus ar an gcaoi sin cosc, diagnóis, faireachán agus cóireáil a fheabhsú.

(26)

Ba cheart go n-oibreodh an Clár i sineirgíocht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcomhlánaítear iad, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, an Fhís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“stoc-charn rescEU”), an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála arna bunú le Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle (13), CSE+, a bhfuil an tsnáithe um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta cuid de, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas, lena n-áirítear an tSraith, Clár InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014, an CFRE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Erasmus+ arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014,

agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta - Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) . I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbunófaí rialacha coiteanna d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir na beartais, na cláir agus na cistí sin de chuid an Aontais a áirithiú agus san am céanna, a chinntiú go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar na sineirgí agus na comhlántachtaí sin agus na cláir oibre bhliantúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ndréachtú acu.

(27)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit trí “Grúpa Stiúrtha EU4Health” atá le bunú leis an Rialachán seo maidir le tosaíochtaí agus treoshuímh straitéiseacha an Chláir, chun comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le cur chun feidhme an Chláir.

(28)

Ba cheart don Chlár rannchuidiú le cúltaca a bhunú do tháirgí bunriachtanacha atá ábhartha i ngéarchéim, i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le cúlchiste rescEU, leis an tacaíocht éigeandála a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/369, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le hionstraimí, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais, lena gcomhlánaítear stoc-chairn náisiúnta ar leibhéal an Aontais i gcás inar gá.

(29)

I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, tá dúshláin roimh chórais cúraim sláinte na mBallstát maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte. Chun cosaint sláinte poiblí níos fearr a áirithiú chomh maith le sábháilteacht agus cumhachtú othar san Aontas a áirithiú, is rud fíor-riachtanach é go mbeadh rochtain ag othair agus ag córais sláinte ar tháirgí íocshláinte inbhuanaithe, éifeachtúil, cothromasach, inacmhainne agus ar ardcháilíocht, lena n-áirítear sa chomhthéacs trasteorann, agus gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as na táirgí íocshláinte sin, bunaithe ar fhaisnéis leighis atá trédhearcach, comhleanúnach agus dírithe ar an othar.

(30)

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, inter alia, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le córas faireacháin, tuairiscithe agus fógra Aontais a fhorbairt do ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, chun ilroinnt an mhargaidh imheánaigh a sheachaint, agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá ar na táirgí íocshláinte agus feistí leighis sin agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas ar shlabhraí soláthair i dtríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Ba cheart leis an gClár, dá bhrí sin, forbairt táirgí íocshláinte agus feistí leighis a spreagadh laistigh den Aontas. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart don Chlár tacú le giniúint fianaise cliniciúil agus fianaise san fhíorshaol chun go gcumasófaí forbairt, údarú agus meastóireacht ar tháirgí íocshláinte éifeachtacha agus rochtain orthu, lena n-áirítear rochtain ar tháirgí íocshláinte cineálacha agus bithshamhlacha, ar fheistí leighis, agus ar chóireáil, taighde agus forbairt maidir le táirgí íocshláinte nua a chur chun cinn, agus aird ar leith le tabhairt ar fhrithmhiocróbaigh agus ar vacsaíní chun dul i ngleic le hábhair fhrithmhiocróbacha agus galair inchoiscthe trí vacsaíniú, faoi seach, ba cheart dó dreasachtaí a chur ar fáil chun dlús a chur leis an acmhainneacht táirgeachta d’fhrithmhiocróbaigh, do chóireáil phearsantaithe agus do vacsaíniú agus ba cheart dó an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí íocshláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar tháirgí íocshláinte agus lena mbailítear sonraí fúthu. Ba cheart don Chlár freisin an chinnteoireacht ar tháirgí íocshláinte a neartú trí rochtain agus anailís ar shonraí cúraim sláinte san fhíorshaol a chumasú. Ba cheart don Chlár freisin cuidiú lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as torthaí taighde agus go n-éascófar glacadh, uas-scálú agus imlonnú nuálaíochtaí sláinte i gcórais cúraim sláinte agus sa chleachtas cliniciúil.

(31)

Ós rud é go dtéann seachadadh agus úsáid táirgí íocshláinte agus go háirithe ábhair fhrithmhiocróbacha ar an mbealach is fearr is féidir chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte, ba cheart don Chlár úsáid stuama agus éifeachtúil na dtáirgí sin a chur chun cinn i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin agus le “Plean Gníomhaíochta Eorpach na hAon Sláinte Amháin i gcoinne na Frithsheasmhachta in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (AMR)” a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 agus le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2019.Ba cheart don Chlár bearta a chothú freisin chun measúnú agus bainistiú iomchuí na rioscaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, úsáid agus diúscairt táirgí íocshláinte a neartú.

(32)

Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na ndaoine, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis, lena n-áirítear táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna, agus na creataí rialála maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is den bhunriachtanas iad chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus, i gcomhar le comhlachtaí ábhartha amhail EMA agus ECDC, ba cheart dó sonraí ardcháilíochta, neamhchlaonta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar, lena n-áirítear sonraí cúraim sláinte san fhíorshaol, chun tacú le ceapadh beartas agus faireachán, spriocanna a leagan síos agus uirlisí a fhorbairt chun dul chun cinn a thomhas.

(33)

Maidir leis na Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna), a bunaíodh de bhun Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), is líonraí soláthraithe fíorúla cúraim sláinte ar fud na hEorpa iad. Is é is aidhm dóibh plé a éascú maidir le galair aimpléiseacha nó galair neamhchoitianta agus maidir le riochtaí a dteastaíonn cóireáil ardspeisialaithe agus ard-dlús eolais agus acmhainní lena n-aghaidh. Ós rud é gur féidir le ERNanna feabhas a chur ar an rochtain ar fháthmheas agus ar sholáthar cúraim sláinte ar ardchaighdeán d’othair a bhfuil riochtaí neamhchoitianta orthu agus gur féidir leo a bheith ina bpointí fócais maidir le hoiliúint leighis agus taighde agus scaipeadh faisnéise, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an líonrú a mhéadú trí ERNanna, agus trí líonraí trasnáisiúnta eile.

(34)

Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna) agus an comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit, is samplaí iad de réimsí ina bhfuil sé léirithe go ngabhann breisluach mór agus an-acmhainneacht de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí i gcoitinne. Is réimse eile é Comhoibriú a mhéid a bhaineann le HTA a thugann breisluach do na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun gur féidir obair chomhtháite mharthanach agus chomhordaithe den sórt sin a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena gcothaítear ar an mbealach sin cur chun feidhme dea-chleachtais arb é is aidhm dóibh na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an bpobal agus ar na réimsí lena mbaineann ar an mbealach is éifeachtaí is féidir chun a dtionchar a uasmhéadú.

(35)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais, agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(36)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí lena mbaineann a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart go n-áireofar sa rogha sin breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, ar mhaoiniú ar rátaí comhréidhe agus costais aonaid, chomh maith le húsáid maoiniú nach mbaineann le costais mar atá beartaithe in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. I ndáil leis na ceanglais maidir le tuairisciú teicniúil agus airgeadais ar na tairbhithe, ba cheart go mbeadh na ceanglais sin amhail is go ndéanfaí comhlíonadh na bhforálacha airgeadais is infheidhme a áirithiú leo agus an t-ualach riaracháin a íoslaghdú leo ag an am céanna.

(37)

D’fhonn an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, agus dúbláil a sheachaint, ba cheart go bhforáiltear do phríomhshásraí cumasúcháin iomchuí, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata faoin gClár agus faoi chlár eile de chuid an Aontais, d’fhonn a áirithiú go bhfuil tuairisciú mionsonraithe agus trédhearcach ann.

(38)

I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gClár a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir leis na húdaráis sin , arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críche Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart, dá bhrí sin, deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart infheistíochtaí faoin gClár a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

(39)

Faoi Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht, atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní costais incháilithe iad na costais arna dtabhú roimh an dáta faoina dtíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht an Aontais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart go bhféadfaí foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús bhliain airgeadais 2021, le linn tréimhse theoranta ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, , fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí sin agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(40)

Is é an Bord de Bhallstáit na ERNanna a fhormheasann na ERNanna, i gcomhréir leis an nós imeachta um fhormheas a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún (16). Dá bhrí sin, chun críche Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta na líonraí tagartha Eorpacha agus, dá bhrí sin, ba cheart na deontais do na ERNanna a dhámhachtain gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin d’eintitis eile atá ainmnithe i gcomhréir le rialacha an Aontais, mar shampla saotharlanna tagartha agus lárionaid tagartha, ionaid barr feabhais agus líonraí trasnáisiúnta.

(41)

Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte, comhordú agus comhar maidir le aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda sláinte sin mar a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2010 maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, agus mar a tugadh le fios i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht an Aontais do thionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte, go háirithe do thionscnaimh ó EDS, a atreisiú, d’fhonn feabhas a chur ar sláinte, aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a neartú.

(42)

Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), agus an Clár a chur chun feidhme. D’fhonn an tionchar a mhéadú, ba cheart sineirgí a lorg freisin le heagraíochtaí náisiúnta na mBallstát atá gníomhach i sláinte dhomhanda. I gcomhréir le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (17), ba cheart go mbeadh daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna) incháilithe do chistiú faoin gClár faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil na tíortha agus na críocha thar lear nasctha leis.

(43)

Ba cheart tacú le cur chun feidhme an Chláir trí ghníomhaíochtaí forleathana for-rochtana chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chuí ar thuairimí agus riachtanais na sochaí sibhialta agus go gcuirfear san áireamh iad. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún aiseolas maidir le tosaíochtaí agus treoshuímh straitéiseacha an chláir agus maidir leis na riachtanais a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu trína ghníomhaíochtaí a lorg ó gheallsealbhóirí ábhartha uair sa bhliain, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí sibhialta agus ó chomhlachais othar, lucht acadúil agus eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte. Gach bliain, roimh dheireadh na hoibre ullmhúcháin do na cláir oibre, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn na hoibre ullmhúcháin sin agus maidir leis an toradh a bheidh ar a chuid gníomhaíochtaí for-rochtana i leith geallsealbhóirí.

(44)

Tá tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) in ann a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha a ghlacann páirt sa Chlár na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(45)

Ba cheart an comhar le tríú tíortha a neartú i dtaca le malartú eolais agus dea-chleachtas chun feabhas a chur ar acmhainneacht ullmhachta agus freagartha na gcóras sláinte.

(46)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (20), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) agus (AE) 2017/1939 (22) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(47)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na Ballstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha..

(48)

Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(49)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart don Chlár seo rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán 30 % ar a laghad de mhéid iomlán chaiteachas bhuiséad an Aontais agus chaiteachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh , arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (24), a bheith ina dtacaíocht do chuspóirí aeráide. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” ón gComhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht eatramhach air.

(50)

De réir Airteagal 8 CFAE, beidh sé d’aidhm ag an Aontas, ina chuid gníomhaíochtaí uile, neamhionannais idir fir agus mná a dhíothú agus comhionannas eatarthu a chur chun cinn. Ba cheart comhionannas inscne, chomh maith le cearta agus comhdheiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, a chur san áireamh agus a chur chun cinn i rith mheasúnú, ullmhú, chur chun feidhme agus fhaireachán an Chláir.

(51)

Ba cheart go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir freisin trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi Chiste InvestEU dá bhforáiltear le Clár InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach. Níor cheart do ghníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Go ginearálta, ba cheart breisluach Aontais a bheith ag gníomhaíochtaí.

(52)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach lena n-urramófaí na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a mbeartais sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Ba cheart rannpháirtíocht láidir na mBallstát i rialachas agus cur chun feidhme an Chláir a áirithiú.

(53)

I bhfianaise chineál agus scála féideartha na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine, i dtaca leis na gcuspóirí maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna sláinte a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, féadfar gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inbhuanaitheacht, inghlacthacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht, chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus cur chun feidhme dea-chleachtas i measc na mBallstát, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcruthaítear gnóthachain éifeachtúlachta agus tionchair bhreisluacha nach bhféadfaí a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe ag an gClár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(54)

D’fhonn a lamháil d’aon choigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith ann a mbeadh gá leo chun cuspóirí an Chláir a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus i dtaca le cur leis na táscairí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (25). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(55)

Tá Pointí Fócasacha Náisiúnta ainmnithe ag na Ballstáit agus ag na tíortha rannpháirteacha chun cabhrú leis an gCoimisiún maidir leis an tríú Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 a chur chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le scaipeadh thorthaí an chláir agus na faisnéise atá ar fáil faoin tionchar atá aige sna Ballstáit agus sna tíortha rannpháirteacha. I bhfianaise a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí den sórt sin, is iomchuí tacú leis na gníomhaíochtaí sin faoin gClár d’fhonn leanúint leo.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear cláir bhliantúla oibre i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, lena bhformheastar gníomhaíochtaí incháilithe áirithe agus lena mbunaítear rialacha maidir leis na socruithe teicniúla agus riaracháin is gá chun gníomhaíochtaí an Chláir a chur chun feidhme agus maidir leis na teimpléid aonfhoirmeacha i ndáil le bailiú na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh ós rud é go mbaineann siad le clár a bhfuil impleachtaí substaintiúla aige.

(57)

Ba cheart dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar luach agus ar thionchar an Chláir go tráthrialta. Ba cheart go ndíreofaí ar spriocanna an Chláir sa mheastóireacht agus go gcuirfí san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse ar faide í ná ré an Chláir chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart tuarascáil eatramhach mheastóireachta a tharraingt suas, chomh maith le tuarascáil mheastóireachta ag deireadh an Chláir, chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme thosaíochtaí an Chláir.

(58)

Ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an tríú Clár maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020), tá Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 imithe i léig agus ba cheart é a aisghairm.

(59)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar i réimse na sláinte agus chun go mbeifear in ann tús a chur le cur chun feidhme an Chláir ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINÉARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár EU4Health (“an Clár”), do thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027. Déantar ré an Chláir a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse ó 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann le cistiú den sórt sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di páirt a ghlacadh sa Chlár, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(2)

ciallaíonn “oibríochtaí mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun phointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí tráchtála;

(3)

ciallaíonn “géarchéim sláinte” géarchéim nó teagmhas tromchúiseach a eascraíonn as bagairt de bhunús daonna, ainmhíoch, plandaí, bia, bitheolaíoch, ceimiceach, comhshaoil nó anaithnid, a mbaineann gné sláinte poiblí leis agus ar gá do na húdaráis beart práinneach a dhéanamh dá barr;

(4)

ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí, uirlisí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéim sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, nó chun faireachán, agus faireachas eipidéimeolaíoch, a dhéanamh ar ghalair agus ionfhabhuithe lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: táirgí íocshláinte, amhail vacsaíní, agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair, chomh maith le táirgí íocshláinte agus trealamh ospidéil agus leighis, amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha, trealamh cosanta pearsanta, díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha, agus na hamhábhair a bhfuil gá leo chun iad a tháirgeadh;

(5)

ciallaíonn “cur chuige na hAon Sláinte Amháin” cur chuige ilearnálach lena n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine nasctha le sláinte ainmhithe agus leis an gcomhshaol, agus nach mór na trí ghné sin a chur san áireamh le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí don tsláinte;

(6)

ciallaíonn “Líonraí Tagartha Eorpacha” (ERNanna) na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2011/24/AE;

(7)

ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus atá in ann, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoi mar a thagraítear dó i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(8)

ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát den Aontas Eorpach;

(9)

ciallaíonn “bagairt thromchúiseach thrasteorann ar an tsláinte” guais atá ina bagairt ar an mbeatha nó atá ina bagairt thromchúiseach ar bhealach eile ar an tsláinte ar de bhunús bitheolaíoch, ceimiceach nó na timpeallachta nó anaithnid í a scaipeann thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát nó a bhfuil baol mór ann go scaipfidh sé tharstu agus a bhféadfadh sé gur ghá comhordú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann ó thaobh shláinte an duine de;

(10)

ciallaíonn “An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas” cur chuige maidir le beartais phoiblí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, gan beann ar an earnáil, trína gcuirtear na himpleachtaí sláinte atá ag cinntí san áireamh, agus lena bhféachtar le sineirgí a bhaint amach, agus tionchair dhíobhálacha sláinte a d’fheadfadh a bheith mar thoradh ar bheartais den sórt sin a sheachaint, chun sláinte an daonra agus cothroma sláinte a fheabhsú;

(11)

ciallaíonn “deitéarmanant sláinte” raon tosca a mbíonn tionchar acu ar stádas sláinte duine, amhail tosca a bhaineann le hiompar, tosca bitheolaíocha, socheacnamaíocha agus comhshaoil;

(12)

ciallaíonn “tacaíocht éigeandála” freagairt éigeandála atá bunaithe ar riachtanais, ar freagairt í lena gcomhlánaítear freagairt na mBallstát atá buailte agus arb é is aidhm di an bheatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chaomhnú in aon chás a mbeidh gá leis sin mar thoradh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

Beidh breisluach Aontais ag gabháil leis an gClár agus beidh sé ina chomhlánú ar bheartais na mBallstát chun feabhas a chur ar shláinte an duine ar fud an Aontais agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i mbeartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais. Saothrófar leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

an tsláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothú chun ualach na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach a laghdú, trí thacú le cur chun cinn na sláinte agus le galair a chosc, trí neamhionannais sláinte a laghdú, trí stíleanna maireachtála sláintiúla a chothú agus trí rochtain ar chúram sláinte a chur chun cinn;

(b)

daoine san Aontas a chosaint ó bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus neartú a dhéanamh ar fhreagrúlacht córas sláinte agus ar chomhordú i measc na mBallstát chun déileáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;

(c)

feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis, agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, san Aontas, agus tacú le nuálaíocht maidir leis na táirgí sin;

(d)

córais sláinte a neartú trí fheabhas a chur ar a n-athléimneacht agus ar a n-éifeachtúlacht acmhainne, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(i)

tacú le hobair chomhtháite agus chomhordaithe idir na Ballstáit;

(ii)

cur chun feidhme dea-chleachtas a chur chun cinn agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn;

(iii)

baill foirne cúraim sláinte a threisiú;

(iv)

dul i ngleic leis na himpleachtaí a bhaineann le dúshláin dhéimeagrafacha; agus

(v)

an claochlú digiteach a chur chun cinn.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine i mbeartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

i sineirgíocht le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais tacú le gníomhaíochtaí chun galair a chosc, chun an tsláinte a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, lena n-áirítear trí laghdú a dhéanamh ar dhamáiste don tsláinte mar thoradh ar úsáid aindleathach drugaí agus andúil i ndrugaí, tacú le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sa tsláinte, chun feabhas a chur ar fheasacht maidir leis an tsláinte, chun feabhas a chur ar chearta na n-othar, sábháilteacht na n-othar, ar chaighdeán an chúraim agus ar chúram sláinte trasteorann, agus tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar fhaireachas, diagnóis agus cóireáil galar teagmhálach agus neamhtheagmhálach, go háirithe ailse agus ailse phéidiatrach i sineirgíocht le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mheabhairshláinte, agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha cúraim nua agus ar na dúshláin a bhaineann le cúram fadtéarmach, chun athléimneacht na gcóras sláinte san Aontas a neartú;

(b)

neartú a dhéanamh ar acmhainn an Aontais maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt ghasta i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus feabhas a chur ar bhainistíocht géarchéimeanna sláinte, go háirithe trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a imlonnú, tacú le bailiú sonraí, malartú faisnéise, faireachas, tástáil struis dheonach na gcóras cúraim sláinte náisiúnta a chomhordú, agus caighdeáin cháilíochta cúraim sláinte a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime trí tháirgeacht agus slabhraí soláthair inbhuanaithe agus nuálaíocht a spreagadh san Aontas, agus tacaíocht á tabhairt d’úsáid stuama agus éifeachtúil táirgí íocshláinte, go háirithe frithmhiocróbach, agus gníomhaíochtaí chun tacú le forbairt táirgí íocshláinte nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol, chomh maith le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a tháirgeadh agus a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(d)

i sineirgíocht le hionstraimí, cláir agus cistí eile an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát, agus i ndlúthchomhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais, tacú le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear stoc-charnadh náisiúnta táirgí riachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime, ar leibhéal an Aontais, i gcás inar gá;

(e)

i sineirgíocht le hionstraimí, cláir agus cistí eile an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus i ndlúthchomhar le ECDC, struchtúr agus acmhainní oiliúna a bhunú ar mhaithe le cúltaca ball foirne leighis, ball foirne cúraim sláinte agus ball foirne tacaíochta arna leithdháileadh go deonach ag na Ballstáit lena shlógadh i gcás géarchéim sláinte;

(f)

úsáid agus athúsáid sonraí sláinte a neartú chun cúram sláinte a sholáthar agus le haghaidh taighde agus nuálaíochta, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha chomh maith le claochlú digiteach córas sláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacú le spás Eorpach sonraí sláinte a chruthú;

(g)

feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus seirbhísí cúraim gaolmhara ar ardchaighdeán atá dírithe ar an othar agus bunaithe ar thorthaí, agus é mar aidhm leis cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach;

(h)

tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú agus, i gcás inar gá, athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí agus tacú le soláthar sonraí bailí, iontaofa agus inchomparáide ar ardcháilíocht le haghaidh cinnteoireacht agus le haghaidh faireachán a bhfuil bonn fianaise fúthu, agus úsáid measúnuithe tionchair sláinte ar bheartais eile ábhartha an Aontais a chur chun cinn;

(i)

tacú le hobair chomhtháite i measc na mBallstát, agus go háirithe a gcórais sláinte, lena n-áirítear cur chun feidhme cleachtas coisctheach ardtionchair, tacú le hobair ar HTA, agus neartú agus uas-scálú a dhéanamh ar líonrú tríd na ERNanna agus líonraí trasnáisiúnta eile, lena n-áirítear i ndáil le galair nach galair neamhchoitianta iad, chun méadú a dhéanamh ar chumhdach na n-othar agus chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ar ghalair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha íseal-leitheadúlachta agus casta;

(j)

tacú le gealltanais agus tionscnaimh sláinte dhomhanda trí thacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a threisiú, go háirithe gníomhaíochtaí ag EDS, agus comhar le tríú tíortha a chothú.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 2 446 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021– 2027.

2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú Clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (27), déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú trí leithdháileadh breise EUR 2 900 000 000 i bpraghsanna 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Féadfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

4.   Le dáileadh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus 2, comhlíonfar an méid seo a leanas:

(a)

déanfar íosmhéid 20% na méideanna a fhorchoimeád le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4;

(b)

déanfar uasmhéid 12,5 % na méideanna a fhorchoimeád le haghaidh soláthar lena gcomhlánaítear stoc-charnadh náisiúnta táirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4;

(c)

déanfar uasmhéid 12,5 % na méideanna a fhorchoimeád chun tacú le gealltanais agus tionscnaimh sláinte dhomhanda amhail dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 4;

(d)

déanfar uasmhéid 8 % na méideanna a fhorchoimeád chun costais riaracháin amhail dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach.

5.   Is é a bheidh i leithreasuithe a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi phointe (c) d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo ná ioncam sannta de réir bhrí phointe (a) de mhír 3, agus mhír 5, d’Airteagal 21 den Rialachán Airgeadais.

6.   Na gealltanais bhuiséadacha a shíneann thar bhreis agus aon bhliain airgeadais amháin, féadfar iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar thréimhse roinnt blianta.

7.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, ar feadh tréimhse theoranta i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus a gcostais fholuiteacha a mheas a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí sin agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

8.   Más gá, féadfar leithreasuithe a chur isteach sa bhuiséad tar éis an 31 Nollaig 2027 chun na speansais dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla , agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)

go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chlár de chuid an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chlár de chuid an Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus a gcostais riaracháin;

(iii)

nach dtugtar leis cumhacht cinnteoireachta don tríú tír i ndáil leis an gClár de chuid an Aontais;

(iv)

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.   Is ioncam shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1.

CAIBIDIL II

CISTIÚCHÁN

Airteagal 7

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair.

3.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus féadfar a mheas gur ráthaíocht leordhóthanach iad faoin Rialachán Airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le hoibriú an tsásra.

4.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún oibríochtaí tacaíochta éigeandála chun feidhme trí eagraíocht neamhrialtasach, measfar na critéir a bhaineann le cumas airgeadais agus oibríochtúil a bheith comhlíonta más rud é go bhfuil creat-chomhaontú comhpháirtíochta i bhfeidhm idir an eagraíocht sin agus an Coimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle (28).

Airteagal 8

Deontais

1.   Bronnfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar deontais a úsáid in éineacht le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó ó institiúidí airgeadais forbartha nó poiblí eile, agus in éineacht le maoiniú ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí-poiblí nó poiblí-príobháideacha.

3.   Ní sháróidh deontais a íocfaidh an tAontas 60 % de na costais incháilithe ar ghníomhaíocht a bhaineann le cuspóir de chuid an Chláir nó i ndáil le feidhmiú comhlachta neamhrialtasaigh. I gcásanna fóntas eisceachtúil, féadfaidh ranníocaíocht an Aontais a bheith suas le 80 % de na costais incháilithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas, measfar fóntas eisceachtúil a bheith ag baint leo, inter alia, sna cásanna seo a leanas:

(a)

cásanna ina leithdháiltear 30 % ar a laghad de bhuiséad na gníomhaíochta atá beartaithe ar Bhallstáit ar lú a OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais; nó

(b)

cásanna ina bhfuil comhlachtaí ó 14 Bhallstát rannpháirteach ar a laghad páirteach sa ghníomhaíocht, agus ar Ballstáit iad ceithre cinn acu ar a laghad ar lú a OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais.

4.   I gcás na ndeontas díreach dá dtagraítear in Airteagal 13(6) agus (7), féadfaidh suas le 100 % de na costais incháilithe a bheith i ndeontais den sórt sin.

Airteagal 9

Soláthar i staideanna éigeandála sláinte

1.   I gcásanna ina dtugtar fógra maidir le teacht chun cinn nó forbairt bagartha tromchúisí trasteorann ar an tsláinte faoi Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, nó i gcás ina n-aithnítear gurb ann do staid éigeandála sláinte poiblí faoi Airteagal 12 den Chinneadh sin, féadfar soláthar faoin Rialachán seo a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

soláthar comhpháirteach leis na Ballstáit amhail dá dtagraítear in Airteagal 165(2) den Rialachán Airgeadais trína bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos, nó a fháil ar léas ina n-iomláine;

(b)

soláthar arna dhéanamh ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát ar bhonn comhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit;

(c)

soláthar arna dhéanamh ag an gCoimisiún ag gníomhú mar mhórdhíoltóir trí sholáthairtí agus seirbhísí, lena n-áirítear cíosanna, a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, chun leasa na mBallstát nó na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún.

2.   I gcás go n-úsáidtear an nós imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, is ceann den dá pháirtí seo a leanas a thabharfaidh na conarthaí a leanfaidh as i gcrích:

(a)

an Coimisiún, i gcás ina bhfuil na seirbhísí nó na hearraí le soláthar nó le seachadadh do na Ballstáit nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún;

(b)

na Ballstáit rannpháirteacha, i gcás ina bhfuil siad chun na hacmhainní a sholáthair an Coimisiún dóibh a fháil, a fháil ar cíos nó a fháil ar léas, go díreach.

3.   I gcás go n-úsáidtear na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1, comhlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán Airgeadais le haghaidh a sholáthair féin.

Airteagal 10

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 11

Cistiú carnach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

2.   Beidh feidhm ag rialacha an Chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht.

3.   Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht. Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

CAIBIDIL III

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a liostaítear in Airteagail 3 agus 4, go háirithe na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, incháilithe chun cistiú a fháil.

Airteagal 13

Eintitis dhlíthiula incháilithe

1.   Chun a bheith incháilithe chun cistiú a fháil, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh na heintitis dhlíthiúla:

(a)

bunaithe in aon cheann acu seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár; nó

(iii)

tríú tír a liostaítear sa chlár oibre bliantúil arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 17 (“clár oibre bliantúil”) faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 2 agus 3; nó

(b)

ina n-eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó ina n-eagraíocht idirnáisiúnta.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach. Déanfar an measúnú ar an riachtanas sin a léiriú go cuí sa chinneadh cistiúcháin.

3.   Eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, íocfaidh siad costais a rannpháirtíochta.

4.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe do dheontais faoin gClár.

5.   Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí chun gníomhaíochtaí a chistiú más rud é go bhfuil údar cuí leis na deontais sin, agus más rud é go bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag na gníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla agus más rud é go bhfuil siad cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó i tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte ábhartha nó ag comhlachtaí san earnáil phoiblí nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha, a dtugann na húdaráis inniúla sin sainordú dóibh beag beann ar na comhlachtaí sin a bheith ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra.

6.   Faoin gClár, déanfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí do ERNanna. Féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin do líonraí trasnáisiúnta eile a leagtar amach i gcomhréir le dlí an Aontais.

7.   Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí chun gníomhaíochtaí EDS a chistiú i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun ceann amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha an Chláir a chur chun feidhme, a bhfuil breisluach Aontais acu dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla.

8.   Faoin gClár, féadfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí chun feidhmiú comhlachtaí neamhrialtasacha a chistiú i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun ceann amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha an Chláir a chur chun feidhme, a bhfuil breisluach Aontais acu dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí sin na critéir uile seo a leanas:

(a)

is comhlachtaí iad atá neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile;

(b)

is comhlachtaí iad a oibríonn i réimse na sláinte poiblí, tá cuspóir sonrach amháin ar a laghad den Chlár á shaothrú acu agus tá ról éifeachtach á imirt acu ar leibhéal an Aontais;

(c)

tá siad gníomhach ar leibhéal an Aontais agus i leath na mBallstát ar a laghad, a bhfuil cumhdach geografach cothromúil ar an Aontas acu.

Léireoidh an Coimisiún go cuí an anailís ar chomhlíonadh na gcritéar sin sa chinneadh cistiúcháin.

Airteagal 14

Costais incháilithe

1.   Faoi réir Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, agus phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán sin, na costais sin a thabhófar roimh an dáta faoina gcuirfear iarratas ar dheontas isteach, is costais incháilithe iad i dtaca le gníomhaíochtaí:

(a)

lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 den Rialachán seo; nó

(b)

lena gcuirfear chun feidhme cuspóirí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, ar choinníoll go bhfuil na costais sin nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht.

2.   Costais incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1 costais a bhaineann le bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghalar a mheastar a bheith ann a d’fhéadfadh a bheith ina bhunsiocair le bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte, beidh siad incháilithe ón dáta a thabharfar fógra don Choimisiún go bhfuil drochamhras ann i dtaobh an galar sin a bheith ann, ar choinníoll go ndearbhaítear ina dhiaidh sin an galar sin a bheith ann.

3.   I gcásanna eisceachtúla, le linn géarchéim sláinte arb í is cúis léi bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Chinneadh 1082/2013/AE, féadfar a mheas go bhfuil na costais sin a thabhóidh eintitis atá bunaithe i dtíortha neamhchomhlachaithe incháilithe má tá bonn cuí leo ar chúiseanna a bhaineann le cosc a chur ar leathadh an riosca ar mhaithe le sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint.

CAIBIDIL IV

RIALACHAS

Airteagal 15

Cur chun feidhme beartais chomhpháirtigh

1.   Bunófar Grúpa Stiúrtha EU4Health.

2.   Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit na Comhaltaí de Ghrúpa Stiúrtha EU4Health. Ceapfaidh gach Ballstát comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ar Ghrúpa Stiúrtha EU4Health. Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht Ghrúpa Stiúrtha EU4Health ar fáil.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Stiúrtha EU4Health maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

obair ullmhúcháin an Choimisiúin maidir leis na cláir oibre bliantúla;

(b)

tosaíochtaí agus treoshuíomhanna straitéiseacha an chláir oibre bhliantúil, agus déanfar an méid sin gach bliain, 6 mhí ar a laghad roimh thíolacadh an dréachtchláir oibre don choiste dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

4.   Déanfaidh Grúpa Stiúrtha EU4Health an méid seo a leanas:

(a)

oibriú chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht agus comhlántacht idir beartais sláinte na mBallstát agus idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do ghníomhaireachtaí an Aontais;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus na coigeartuithe is gá a mholadh ar bhonn meastóireachtaí;

(c)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, ina mbeidh forálacha chun a áirithiú go dtiocfaidh an grúpa le chéile, ar a laghad 3 huaire sa bhliain, ina ndaoine i gcás inarb iomchuí, sa chaoi gur féidir tuairimí a mhalartú go rialta agus go trédhearcach idir na Ballstáit.

Airteagal 16

Comhairliúchán le geallsealbhóirí agus faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí othar, chun a dtuairimí a lorg maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tosaíochtaí agus treoshuíomh straitéiseach an chláir oibre bhliantúil;

(b)

na riachtanais ar a ndíreofar sa chlár oibre bliantúil agus na torthaí a bhainfear amach sa chlár oibre sin.

2.   Chun críocha mhír 1, eagróidh an Coimisiún comhairliúchán leis na geallsealbhóirí agus cur ar fáil faisnéise dóibh uair sa bhliain, sna sé mhí ar a laghad roimh thíolacadh an dréachtchláir oibre don choiste dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

3.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith tuairimí a lorg ó ghníomhaireachtaí díláraithe ábhartha agus ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse na sláinte maidir le gnóthaí teicniúla nó eolaíocha atá ábhartha do chur chun feidhme an Chláir.

4.   Gach bliain, roimh an gcruinniú deireanach de Ghrúpa Stiúrtha EU4Health, tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa torthaí imeachtaí Ghrúpa Stiúrtha EU4Health agus torthaí an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 17

Cur chun feidhme an Chláir

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

na cláir oibre bhliantúla, ina leagfar amach an méid seo a leanas, go háirithe:

(i)

na gníomhaíochtaí a bhfuiltear le tabhairt fúthu, lena n-áirítear leithdháileadh táscach acmhainní airgeadais;

(ii)

an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha;

(iii)

gníomhaíochtaí incháilithe a thagann faoi Airteagal 7(3) agus (4);

(iv)

gníomhaíochtaí incháilithe ag eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1);

(v)

gníomhaíochtaí incháilithe eintitis dhlítheanacha ó thríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ach atá liostaithe sa chlár oibre bliantúil faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(2) agus (3);

(b)

cinntí lena bhformheastar gníomhaíochtaí a bhfuil costas EUR 20 000 000 nó níos mó ag baint leo;

(c)

rialacha lena mbunaítear:

(i)

na socruithe teicniúla agus riaracháin is gá chun gníomhaíochtaí an Chláir a chur chun feidhme;

(ii)

teimpléid aonfhoirmeacha lena mbailítear na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 18

Cosaint sonraí

Agus an Clár á bhainistiú agus á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar na forálacha dlíthiúla ábhartha uile maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar sásraí a thabhairt isteach chun rúndacht agus sábháilteacht sonraí den sórt sin a áirithiú.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.   Is in Iarscríbhinn II a leagtar amach na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an gClár maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a liostaítear in Airteagail 3 agus 4.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun Iarscríbhinn II a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gá a bheith leis sin.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe d’fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, do na Ballstáit.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 34(3) den Rialachán Airgeadais ar bhealach sách tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár a thíolacadh tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024. Beidh an mheastóireacht eatramhach ina bunús le coigeartú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht dheiridh a thíolacadh ag deireadh an Chláir agus tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1.

4.   Déanfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí eatramhacha agus críochnaitheacha ar aon chomh maith lena bharúlacha féin a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 21

Iniúchtaí

Is iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochtaí ón Aontas, lena n-áirítear iniúchtaí a rinne daoine nó eintitis seachas iad sin a bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, a bheidh ina mbonn leis an gcinnteacht fhoriomlán dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, amhail dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 23

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste Chlár EU4Health cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhsheasmhacht, sineirgíocht agus comhlántacht fhoriomlán a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do ghníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear trína gcuid oibre comhchoitinne i nGrúpa Stiúrtha EU4Health.

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 26 Márta 2021.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagail 3 agus 4.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gan dochar d’Airteagal 28 den Rialachán seo.

Airteagal 28

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 282/2014, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár, féadfar na speansais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 agus an Clár a áirithiú.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 251.

(2)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 131.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.

(4)  Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2003-2008) (IO L 271, 9.10.2002, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2008-2013) (IO L 301, 20.11.2007, lch. 3).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).

(7)  OJ L 433I , 22.12.2020, lch. 28.

(8)  IO C 444I, 22.12.2020, lch. 1.

(9)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU (Féach an leathanach seo den Iris Oifigiúil30).

(11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(12)  Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I , 20.3.2019, lch. 1)

(13)  Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).

(14)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(16)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar amach critéir maidir le bunú agus meastóireacht líonraí tagartha Eorpacha agus a gcuid ball agus maidir le héascaíocht a dhéanamh do mhalartú faisnéise agus saineolais faoi bhunú agus meastóireacht líonraí den sórt sin (IO L 147, 17.5.2014, lch. 79).

(17)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(18)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(22)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(23)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(24)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch 23).

(25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 IO L 433I , 22.12.2020, lch. 11).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE FÉIDEARTHA DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 12

1.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le cláir a bhunú agus a chur chun feidhme lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú;

(b)

Tacú le suirbhéanna, staidéir, bailiú sonraí agus staidrimh inchomparáide a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, i gcás inarb ábhartha lena n-áirítear sonraí imdhealaithe de réir inscne agus aoise, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, staidéir phíolótacha, táscairí, bróicéireacht eolais agus cleachtaí tagarmharcanna;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun timpeallachtaí uirbeacha, oibre agus scoile a chruthú a bheidh sláintiúil agus sábháilte, chun roghanna saoil sláintiúla a chumasú, chun aistí bia folláine agus gníomhaíocht choirp rialta a chur chun cinn, agus riachtanais grúpaí leochaileacha ag gach céim dá saol, á gcur san áireamh leis an aidhm sláinte ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

(d)

Tacú leis na Ballstáit chun gur féidir freagairt go héifeachtach ar ghalair theagmhálacha, agus chun na galair sin a chosc, a fhaire, a dhiagnóisiú agus a chóireáil;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc le linn saol duine aonair agus trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca sláinte, amhail an murtall, aistí bia mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun an mheabhairshláinte a fheabhsú;

(g)

Tacú le gníomhaíochtaí chun bearta na mBallstát a chomhlánú chun damáiste don tsláinte de dheasca úsáid drugaí aindleathacha agus andúil a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc;

(h)

Tacú le beartais agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun neamhionannais Sláinte agus éagothromaíochtaí sláinte agus i dtaca le cúram sláinte a laghdú;

(i)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feasacht maidir leis an tsláinte a fheabhsú;

(j)

Tacú le cur chun cinn agus cur chun feidhme mholtaí an Chóid Eorpaigh i gCoinne na hAilse agus tacú le hathbhreithniú ar eagrán reatha an Chóid sin;

(k)

Gníomhaíochtaí chun tacú le cur chun feidhme na gclárlann ailse sna Ballstáit uile;

(l)

Comhar a fhorbairt tuilleadh i measc comhlachtaí ábhartha náisiúnta ó na Ballstáit rannpháirteacha d’fhonn tacú le líonra fíorúil Eorpach barr feabhais a chur ar bun chun an taighde a dhéanfar ar gach cineál ailse a neartú, lena n-áirítear ailse phéidiatrach, agus treisiú a dhéanamh ar bhailiú agus malartú sonraí cliniciúla, agus ar thorthaí taighde a chur i ngníomh sa chúram laethúil agus sa chóireáil a chuirtear ar othair ailse;

(m)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cáilíocht an chúraim ailse a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cosc, scagthástáil, faireachán agus cóireáil diagnóisithe luaith, cúram tacaíochta agus maolaitheach, i gcur chuige comhtháiteach atá dírithe ar an othar agus tacú le scéimeanna dearbhaithe cáilíochta a bhunú d’ionaid ailse nó d’ionaid eile ina gcuirtear cóireáil ar othair ailse, lena n-áirítear sna cinn ina ndéantar ailse phéidiatrach a chóireáil;

(n)

Tacú le scéimeanna dearbhaithe cáilíochta a bhunú le haghaidh ionaid ailse agus ionaid ina gcuirtear cóireáil ar othair ailse;

(o)

Tacú le sásraí le haghaidh forbairt acmhainneachta tras-speisialtachtaí agus oideachas leanúnach, go háirithe i réimse an chúraim ailse;

(p)

Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht saoil na ndaoine a tháinig slán ón ailse agus le cáilíocht saoil cúramóirí, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, bainistiú péine agus gnéithe sláinte d’athimeascadh gairmiúil a sholáthar;

(q)

Comhar a neartú maidir le cearta othar, sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim;

(r)

Tacú le gníomhaíochtaí maidir le faireachas eipidéimeolaíochta, agus dá réir sin, lena rannchuidítear le measúnú ar thosca a dhéanann difear nó a chinneann sláinte na ndaoine;

(s)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le gníomhaíochtaí chun dáileadh geografach ball foirne cúraim sláinte a fheabhsú agus gníomhaíochtaí “fásaigh leighis” a sheachaint, , gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát;

(t)

Tacú le treoirlínte a bhunú chun galair i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmálach araon a chosc agus a bhainistiú, agus le huirlisí agus líonraí a bhunú chun dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú;

(u)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, lena n-áirítear laghdú ar dhochar a bhaineann le halcól agus úsáid tobac;

(v)

Tacú le huirlisí agus ardáin chun fíorfhianaise a bhailiú maidir le sábháilteacht, éifeachtacht agus tionchar vacsaíní tar éis úsáid a bhaint astu;

(w)

Tacú le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rátaí cumhdaithe vacsaínithe sna Ballstáit;

(x)

Gníomhaíochtaí cumarsáide atá dírithe ar an bpobal agus geallsealbhóirí chun gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn sna réimsí a luaitear san Iarscríbhinn seo;

(y)

Feachtais múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí cumarsáide don phobal i gcoitinne agus do spriocghrúpaí, a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar dhrogall roimh an vacsaíniú, an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis agus iad a chosc maidir le galair a chosc, cúiseanna le galair agus galair a chóireáil, ar bhealach lena ndéantar feachtais náisiúnta agus gníomhaíochtaí cumarsáide faoi na nithe sin a chomhlánú;

(z)

Gníomhaíochtaí cumarsáide a dhírítear ar an bpobal maidir le rioscaí sláinte agus deitéarmanaint sláinte;

(za)

Tacú le gníomhaíochtaí chun an riosca a laghdú maidir le hionfhabhtuithe a fhaightear i gcúram sláinte.

2.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 4

(a)

An bonneagar sláinte criticiúil a neartú, chun go mbeidh sé in ann déileáil le géarchéimeanna sláinte, trí thacú le huirlisí faireachais, réamhaisnéise, coiscthe agus bainistithe ráigeanna a bhunú;

(b)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cosc agus ullmhacht uile-Aontais i dtaca le géarchéim sláinte agus acmhainn bainistithe agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chothú, lena n-áirítear tástálacha struis deonacha, an phleanáil theagmhasach, agus cleachtaí ullmhachta; tacú le caighdeáin cháilíochta sláinte a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, sásraí le haghaidh comhordú éifeachtúil ullmhachta agus freagartha, agus comhordú na ngníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí chun creat trasearnála comhtháite cumarsáide a chur ar bun maidir le riosca lena gcumhdófar gach céim de ghéarchéim shláinte, eadhon cosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna a oiriúnú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin amhail gníomhaíochtaí chun cúram bunúsach a áirithiú d’othair a bhfuil galair ainsealacha nó neamhchoitianta orthu;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim sláinte, go háirithe na hiarmhairtí i leith na meabhairshláinte, i leith othair ar a bhfuil ailse, ar a bhfuil galair ainsealacha agus i leith staideanna leochaileacha eile lena n-áirítear daoine a bhfuil andúil acu, a bhfuil VEID/SEIF orthu, nó a bhfuil heipitíteas agus eitinn orthu;

(f)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le cláir oiliúna agus oideachais chun baill foirne cúraim sláinte agus sláinte phoiblí a uas-sciliú, agus le cláir chun baill foirne a mhalartú ar bhonn sealadach, go háirithe chun feabhas a chur ar a scileanna digiteacha;

(g)

Tacú le Saotharlanna agus Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Ionaid Barr feabhais a bhunú agus a chomhordú;

(h)

Iniúchadh a dhéanamh ar ullmhacht na mBallstát agus ar a socruithe maidir le freagairt, mar shampla bainistiú géarchéime sláinte, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus vacsaíniú;

(i)

Cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcomhthéacs an bhainistithe riosca agus na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna sláinte;

(j)

Tacú le feidhmíocht na gcóras náisiúnta a chóineasú aníos, trí tháscairí sláinte a fhorbairt, trí anailísiú agus bróicéireacht eolais agus trí thástálacha struis deonacha a dhéanamh ar chórais cúraim sláinte náisiúnta;

(k)

Tacú le hobair imscrúdúcháin, measúnaithe riosca agus bainistithe riosca ar an nasc idir sláinte ainmhithe, tosca comhshaoil, agus galair an duine, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte.

3.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le gníomhaíochtaí chun acmhainneacht saotharlainne agus táirgeadh, taighde, forbairt, agus imlonnú táirgí sláinte agus táirgí nideoige atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas;

(b)

Tacú le gníomhaíochtaí agus le huirlisí idir-inoibritheacha TF chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, chun na ganntanais sin a chosc, a bhainistiú agus a thuairisciú agus fógra a thabhairt ina leith, agus rannchuidiú lena n-inacmhainneacht ag an am céanna;

(c)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le trialacha cliniciúla chun dlús a chur le táirgí íocshláinte agus vacsaíní nuálacha, sábháilte agus éifeachtacha a fhorbairt, agus a chur ar fáil, agus le húdarú margaíochta ina leith;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí chun forbairt táirgí íocshláinte agus vacsaíní nuálacha a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cúraim sláinte atá ag dul i méid agus ar riachtanais othar, agus le táirgí nach bhfuil chomh brabúsach céanna ó thaobh na tráchtála de, amhail ábhair fhrithmhiocróbacha;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus diúscairt táirgí íocshláinte agus feistí leighis ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus gníomhaíochtaí chun tacú le forbairt táirgí íocshláinte ar lú an dochar a dhéanfaidh siad don chomhshaol;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun úsáid stuama agus éifeachtúil táirgí íocshláinte, go háirithe ábhair fhrithmhiocróbacha, a chur chun cinn;

(g)

Tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu méadú a spreagadh i dtáirgeadh comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus táirgí íocshláinte atá bunriachtanach san Aontas, lena n-áirítear trí shlabhraí soláthair a éagsúlú i dtáirgeadh comhábhar ghníomhacha chógaisíochta agus cógas cineálach laistigh den Aontas, chun spleáchas na mBallstát ar thríú tíortha áirithe a laghdú;

(h)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis;

(i)

Tacú le gníomhaíochtaí chun nuálaíocht a chothú ó thaobh cógais iarphaitinne a athphróifíliú, a athmhúnlú agus a chomhcheangal, i sineirgíocht le cláir eile;

(j)

Gníomhaíochtaí chun measúnú riosca don chomhshaol, ó tháirgí íocshláinte, a neartú;

(k)

Tacú le sásra um chomhordú trasearnála a bhunú agus a oibriú i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”.

4.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 4

(a)

Faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí stoc-charntha náisiúnta i ndáil leis na táirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime chun riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le stoc-charnadh breise ar leibhéal an Aontais a shainaithint;

(b)

A áirithiú go ndéanfar bainistiú comhsheasmhach ar stoc-charnadh na dtáirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, ar bhealach lena gcomhlánaítear ionstraimí, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais agus i ndlúthchomhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá bunriachtanach a fháil agus a sholáthar, ar táirgí iad lena ndéantar rannchuidiú le hinacmhainneacht na dtáirgí sin, ar bhealach a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí stoc-charntha na mBallstát.

5.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (e) d’Airteagal 4

Tacú le gníomhaíochtaí le haghaidh na hoibre ullmhúcháin ionas go bhféadfar baill foirne leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta a shlógadh agus a oiliúint ar leibhéal an Aontais i gcás géarchéim sláinte, i ndlúthchomhar le ECDC, i sineirgíocht le hionstraimí eile de chuid an Aontais, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí na mBallstát; malartú dea-chleachtas idir cúltacaí náisiúnta foirne leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta a éascú.

6.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le creat de chuid an Aontais agus leis na huirlisí digiteacha idir-inoibritheacha faoi seach le haghaidh comhar idir na Ballstáit agus comhar i líonraí, lena n-áiritear na cinn sin is gá chun críche comhar HTA;

(b)

Tacú le bonneagar seirbhísí digiteacha aibí, slán agus idir-inoibritheacha imlonnú, a oibriú agus a chothabháil, chomh maith le próisis dearbhaithe cáilíochta sonraí le haghaidh malartú sonraí, rochtain ar shonraí, agus úsáid agus athúsáid sonraí; tacú le líonrú trasteorann, lena n-áirítear trí úsáid agus idir-inoibritheacht ríomhthaifead, clárlanna agus bunachar sonraí eile; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus ar chórais idir-inoibritheacha faisnéise sláinte;

(c)

Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainne chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; agus tacú le huas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

(d)

Tacú leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas agus as an teileashláinte, lena n-áirítear trí chumarsáid satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, lena gcothaítear nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach i saoráidí cúraim sláinte agus lena gcuirtear chun cinn uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus le cúram atá dírithe ar an othar;

(e)

Tacú le bunachair sonraí agus uirlisí digiteacha a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil agus idir-inoibritheacht na nithe sin, lena n-áirítear tionscadail atá bunaithe cheana, le teicneolaíochtaí braistinte eile i gcás inarb iomchuí, mar shampla teicneolaíochtaí spásbhunaithe agus an intleacht shaorga;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte a neartú;

(g)

Tacú le himlonnú agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagair digiteach laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais;

(h)

Tacú le gníomhaíochtaí agus tionscadail ullmhúcháin don spás Eorpach um shonraí sláinte;

(i)

Gníomhaíochtaí chun tacú le r-shláinte, amhail an t-aistriú chuig an teilileigheas, agus cógas a thabhairt sa bhaile;

(j)

Tacú le ríomhthaifid sláinte idir-inoibritheacha a bhunú, i gcomhréir le formáid Eorpach do mhalartú ríomhthaifead sláinte chun úsáid r-shláinte a mhéadú agus inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas cúraim sláinte a fheabhsú.

7.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (g) d’Airteagal 4

(a)

Gníomhaíochtaí lena ndéantar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus saoráidí a bhaineann leo agus ar chúram do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn;

(b)

Tacú le cúraim príomhúil a neartú agus comhtháthú an chúraim a threisiú, d’fhonn cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn, agus tacú le cuir chuige chomhtháite agus trasnacha maidir le cosc, diagnóisiú, cóireáil agus cúram;

8.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (h) d’ Airteagal 4

(a)

Tacú le bonneagar eolais agus faisnéise sláinte a bhunú agus a oibriú;

(b)

Tacú le reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

(c)

Tacú le staidéir agus anailís, measúnú córasach ar an tionchar ar an tsláinte atá ag gníomhaíochtaí beartais eile de chuid an Aontais agus comhairle eolaíoch a chur ar fáil chun tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise;

(d)

Tacú le grúpaí agus painéil saineolaithe a chuireann comhairle, sonraí agus faisnéis ar fáil chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnuithe leantacha ar chur chun feidhme na mbeartas sláinte;

(e)

Tacú le pointí teagmhála agus fócasacha chun treoir, faisnéis agus cúnamh a sholáthar a bhaineann le reachtaíocht sláinte an Aontais agus an Clár a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

(f)

Obair iniúchóireachta agus measúnaithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, i gcás inarb infheidhme;

(g)

Tacú le beartas agus reachtaíocht rialaithe tobac an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh;

(h)

Tacú le forbairt acmhainní a mhéid a bhaineann le córais náisiúnta chun reachtaíocht maidir le substaintí de bhunús daonna a chur chun feidhme, agus a mhéid a bhaineann le soláthar inbhuanaithe agus sábháilte na substaintí sin a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí líonraithe;

(i)

Tacú leis na Ballstáit chun acmhainn riaracháin a gcóras sláinte a neartú trí chomhar agus dea-chleachtais a mhalartú;

(j)

Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht na gcóras sláinte, agus cistiú an Aontais atá ar fáil a nascadh ag an am céanna;

(k)

Tacú le forbairt acmhainní le haghaidh infheistíocht in athchóirithe ar na córais sláinte, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus rochtain ar mhaoiniú ilfhoinsithe agus na hathchóirithe sin a chur chun feidhme;

9.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (i) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le haistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus go háirithe cúnamh shaincheaptha thírshonrach do na Ballstáit, nó do ghrúpaí Ballstát, ina bhfuil an ganntanas is mó a chur ar fáil, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí;

(b)

Tacú le comhar agus comhpháirtíochtaí trasteorann, lena n-áirítear réigiúin trasteorann, d’fhonn réitigh nuálacha a aistriú agus a mhéadú ó thaobh scála;

(c)

Comhar agus comhordú trasearnálach a neartú;

(d)

Tacú le feidhmiú na ERNanna agus le bunú agus oibriú líonraí nua trasnáisiúnta dá bhforáiltear le reachtaíocht sláinte an Aontais, agus tacú leis an méid a dhéanfaidh na Ballstáit chun gníomhaíochtaí líonraí den sórt sin a chomhordú le hoibriú na gcóras sláinte náisiúnta;

(e)

Tacú le ERNanna a chur chun feidhme tuilleadh sna Ballstáit agus rannchuidiú lena neartú freisin, inter alia, trí mheasúnú, faireachán, meastóireacht agus feabhsú leanúnach;

(f)

Tacú le ERNanna nua a chruthú, chun galair neamhchoitianta aimpléiseacha agus galair íseal-leitheadúlachta a chumhdach, i gcás inarb iomchuí, agus tacú le gníomhaíochtaí le haghaidh comhoibriú idir ERNanna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ilchórais a thagann ó ghalair íseal-leitheadúlachta agus ó ghalair neamhchoitianta agus chun líonrú trasnánach idir speisialtachtaí agus disciplíní éagsúla a éascú;

(g)

Tacú leis na Ballstáit chun clárlanna ERN a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh;

(h)

Gníomhaíochtaí comhairliúcháin le geallsealbhóirí.

10.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (j) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí an chláir arna chur i láthair ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ina cáilíocht mar an t-údarás stiúrtha agus comhordúcháin don tsláinte laistigh de na Náisiúin Aontaithe;

(b)

Tacú le comhar idir institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí an Aontais, agus eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta, agus tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh dhomhanda;

(c)

Tacú le comhoibriú le tríú tíortha a mhéid a bhaineann leis na réimsí a chumhdaíonn an Clár;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cóineasú rialála idirnáisiúnta a chothú i dtaobh táirgí íocshláinte agus feistí leighis.


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR AN gCLÁR

Táscairí an chláir:

1.

Pleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus na mBallstát i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte

2.

Rochtain ar tháirgí íocshláinte arna n-údarú go lárnach, mar shampla, líon na n-údaruithe dílleachtaí atá ann cheana agus atá nua agus, táirgí íocshláinte ardteiripe (ATMPanna), táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatrach nó vacsaíní, le haghaidh riachtanais nach bhfuil comhlíonta

3.

Líon na ngníomhaíochtaí lena rannchuidítear le mortlaíocht inseachanta i réimse na ngalar neamhtheagmhálach agus na dtosca riosca a laghdú

4.

Líon na mBallstát a chuireann dea-chleachtais chun feidhme maidir le cur chun cinn na sláinte, maidir le galair a chosc agus a thugann aghaidh ar neamhionannais sláinte

5.

Líon na mBallstát atá rannpháirteach sa spás Eorpach sonraí sláinte

6.

Líon na mBallstát a bhfuil pleanáil ullmhachta agus freagartha fheabhsaithe acu

7.

Cumhdach vacsaínithe de réir aoise do ghalair inchoiscthe trí vacsaíniú, amhail an bhruitíneach, an fliú, HPV agus COVID-19

8.

Innéacs acmhainne Shaotharlanna AE (EULabCap)

9.

Glanráta marthanais 5 bliana caighdeánaithe ó thaobh aoise de i gcomhair ailse phéidiatrach de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit (a mhéid a bheidh fáil air sin)

10.

Cumhdach scagthástála na gclár scagthástála le haghaidh ailse chíche, ailse i mbéal na broinne agus ailse chalaireicteach, de réir cineáil, spriocphobail, agus Ballstáit

11.

An céatadán den daonra a chumhdaítear le Clárlanna Ailse agus líon na mBallstát a thuairiscíonn faisnéis maidir le hailse i mbéal na broinne, ailse chíche, ailse chalaireicteach agus ailse phéidiatrach ag céim na diagnóise

12.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht mórghalar ainsealach in aghaidh an Bhallstáit, de réir galar, inscne agus aoise

13.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht aoise a bhaineann le húsáid tobac, idirdhealaithe, más féidir, de réir inscne

14.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht a bhaineann le mí-úsáid alcóil, idirdhealaithe, más féidir, de réir inscne agus aoise

15.

Líon ganntanais táirgí íocshláinte sna Ballstáit mar a thuairiscítear tríd an líonra teagmhála aonair

16.

Líon na ngníomhaíochtaí atá dírithe ar shlándáil agus leanúnachas na slabhraí soláthair domhanda a mhéadú, agus ar aghaidh a thabhairt ar spleáchais ar allmhairí ó thríú tíortha i dtaobh comhábhair chógasaíochta ghníomhacha atá bunriachtanach agus táirgí íocshláinte atá bunriachtanach a tháirgeadh san Aontas

17.

Líon na n-iniúchtaí arna ndéanamh san Aontas agus i dtríú tíortha chun dea-chleachtais mhonaraíochta agus dea-chleachtais chliniciúla a áirithiú (rialú an Aontais)

18.

Tomhailt ábhar frithmhiocróbach chun críche úsáide sistéamaí ATC (grúpa J01) de réir Ballstáit

19.

Líon na n-aonad cúraim sláinte atá páirteach in ERNanna agus líon na n-othar a fhaigheann diagnóisiú agus cóir ó bhaill de líonraí ERN

20.

Líon na dtuarascálacha HTA a rinneadh go comhpháirteach

21.

Líon na measúnuithe tionchair sláinte ar bheartais an Aontais

22.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar an gcomhrac i gcoinne galair theagmhálacha

23.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thosca riosca comhshaoil don tsláinte


Início