Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0467

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/467 ón gCoimisiún an 16 Márta 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Volailles d’Ancenis” (TGFC)

C/2021/1890

IO L 96, 19.3.2021, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/467/oj

19.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/467 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Volailles d’Ancenis” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Fraince ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Volailles d’Ancenis” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ní mór an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Volailles d’Ancenis” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).

(3)   IO C 395, 20.11.2020, lch. 7.


Top