Tento dokument je výňatok z webového sídla EUR-Lex
Dokument 32021R0247
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/247 of 11 February 2021 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications ‘Liptovské droby’ (PGI)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/247 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena gcláraítear sonraíocht i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Liptovské droby” (TGFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/247 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena gcláraítear sonraíocht i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Liptovské droby” (TGFC)
C/2021/1030
IO L 57, 18.2.2021, s. 83 – 83
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Účinné
18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/83 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/247 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena gcláraítear sonraíocht i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Liptovské droby” (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an tSlóvaic ar chlárú an ainm “Liptovské droby” in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, tá an t-ainm, “Liptovské droby” foilsithe anois, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Liptovské droby” (TGFC) cláraithe anois.
An t-ainm a shainítear i mír 1 is táirge d’aicme 1.8 é, mar atá Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.), mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 321, 29.9.2020, lch. 58.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).