This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0238
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/238 of 16 February 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/532 as regards a derogation from Implementing Regulations (EU) No 180/2014 and (EU) No 181/2014 for checks of specific measures for agriculture in the outermost regions of the Union and the smaller Aegean islands
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/238 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 a mhéid a bhaineann le maolú ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 agus (AE) Uimh. 180/2014 le haghaidh seiceálacha bearta sonracha ar son na talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/238 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 a mhéid a bhaineann le maolú ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 agus (AE) Uimh. 180/2014 le haghaidh seiceálacha bearta sonracha ar son na talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha
C/2021/903
IO L 56, 17.2.2021, p. 10–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32020R0532 | Cur le | airteagal 12 mír 5 | 20/04/2020 | |
Modifies | 32020R0532 | Cur le | airteagal 12 mír 6 | 20/04/2020 | |
Modifies | 32020R0532 | Cur le | airteagal 13 mír 5 | 20/04/2020 | |
Modifies | 32020R0532 | Cur le | airteagal 13 mír 6 | 20/04/2020 |
17.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/238 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 a mhéid a bhaineann le maolú ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 agus (AE) Uimh. 180/2014 le haghaidh seiceálacha bearta sonracha ar son na talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe pointí (a) agus (b) den chéad fho-mhír d’Airteagal 62(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8 agus an dara fo-mhír d’Airteagal 18(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta i bhfabhar na n-oileán Aeigéach beag agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 (3) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 7, Airteagal 11(3) agus an dara fo-mhír d’Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na srianta fairsinge gluaiseachta a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, tá deacrachtaí eisceachtúla riaracháin tagtha chun solais i ngach Ballstát i dtaca le pleanáil agus le forghníomhú an líon seiceálacha tráthúla ar an láthair is gá. |
(2) |
I bhfianaise chineál na gcúinsí seo nach bhfacthas a leithéid riamh, ba ghá na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú ó Rialacháin Chur Chun Feidhme éagsúla is infheidhme i réimse an chomhbheartais talmhaíochta a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair. |
(3) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún (4) tá maolú ó, inter alia, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 (5), (AE) Uimh. 180/2014 (6) agus (AE) Uimh. 181/2014 (7). |
(4) |
Le hAirteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 agus Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 foráiltear go mbainfidh na Ballstáit lena mbaineann leas as an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe i ngach cás iomchuí agus traschomhlíontacht agus seiceálacha á ndéanamh ar bhearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha. Tá feidhm mutatis mutandis dá bhrí sin ag na maoluithe a shonraítear i gCaibidil I de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 i ndáil le rialuithe a dhéantar sa chóras comhtháite rialaithe agus riaracháin le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus traschomhlíontacht maidir leis na rialuithe seo. |
(5) |
Is lasmuigh den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe áfach a dhéantar seiceálacha áirithe ar an láthair ar bhearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna hoileáin bheaga Áigéacha, na maoluithe dá bhforáiltear i gCaibidil II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ba chosúil nach raibh siad leordhóthanach le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a tháinig chun solais agus na seiceálacha ar an láthair á ndéanamh go cruinn agus laistigh den teorainn ama, go háirithe agus iargúltacht gheografach na réigiún is forimeallaí san áireamh. |
(6) |
Dá bhrí sin, is iomchuí na maoluithe dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 a leathnú chuig úsáid na fianaise malartaí agus/nó an uainiúcháin oiriúnaithe, ar choinníoll go bhféadfaí cur chun feidhme cuí na mbeart a fhíorú leis na maoluithe seo agus leibhéal iomchuí muiníne á choinneáil ar bun. |
(7) |
Ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán seo do mhaolú breise ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 agus (AE) Uimh. 181/2014 i leith na bliana éilimh 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19, ba cheart go dtiocfadh sé i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus go mbeadh feidhm chúlghabhálach aige ón dáta céanna le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532. |
(8) |
Is éard a fhoráiltear le hAirteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 an t-íosleibhéal seiceála is gá a dhéanamh ar an láthair a chur á dhéanamh leis na Ballstáit le bainistiú éifeachtach na rioscaí a áirithiú, agus méadú ar an íosleibhéal sin más gá. I bhfianaise an chineáil atá sna hoibleagáidí seo agus comhréireacht na n-iarrachtaí rialúcháin i gcúinsí phaindéim COVID-19, ba cheart ligean do na Ballstáit a bhaineann leas as na maoluithe dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 gan torthaí na seiceálacha a dhéantar a chur san áireamh i leith na bliana éilimh ina dhiaidh sin. Bíodh sin mar atá, an méadú ar rátaí rialúcháin ba cheart a chur i bhfeidhm le linn na bliana 2020, is trí bhíthin méadú comhfhreagrach le linn na bliana éilimh 2021 ba cheart é a chur i bhfeidhm. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart„ Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 a leasú dá réir. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 12: “(5). De mhaolú ar Airteagal 16(2) agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014, i gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann, de dheasca na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na réigiún is forimeallaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna hAirteagail sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh:
Na Ballstáit a úsáideann na maoluithe dá bhforáiltear sa chéad fho-mhír, agus go háirithe na Ballstáit a dhéanann athrú ar uainiúchán na seiceálacha nó a dhéanann laghdú ar a líon, socróidh siad nósanna imeachta nó úsáidfidh siad modheolaíocht mhalartach chun an leibhéal iomchuí muiníne a choinneáil ar bun maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht caiteachais agus le comhlíontacht leis na ceanglais agus le caighdeáin traschomhlíontachta. 6. Ní thabharfar san áireamh torthaí na seiceálacha a dhéantar i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo i leith na bliana éilimh ina dhiaidh chun críocha Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Mar sin féin, an méadú ar rátaí rialúcháin ba cheart a chur i bhfeidhm le linn na bliana 2020 i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán sin, is trí bhíthin méadú comhfhreagrach i mbliain éilimh 2021 cuirfear i bhfeidhm iad.”; |
(2) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 13: “(5). De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014, i gcás nach bhfuil an Ghréig in araíocht, de dheasca na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i leith na mbeart sonrach i bhfabhar na n-oileán beag Áigéach i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna hAirteagail sin, féadfaidh an Ghréig a chinneadh:
Má úsáideann an Ghréig na maoluithe dá bhforáiltear sa chéad fho-mhír, agus go háirithe má dhéanann sí athrú ar uainiúchán na seiceálacha nó má dhéanann sí laghdú ar a líon, socróidh an Ghréig nósanna imeachta nó úsáidfidh siad modheolaíocht mhalartach chun an leibhéal iomchuí muiníne a choinneáil ar bun maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht caiteachais agus le comhlíontacht leis na ceanglais agus le caighdeáin traschomhlíontachta. 6. Ní thabharfar san áireamh torthaí na seiceálacha a dhéantar i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo i leith na bliana éilimh ina dhiaidh chun críocha Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Mar sin féin, an méadú ar rátaí rialúcháin ba cheart a chur i bhfeidhm le linn na bliana 2020 i gcomhréir leis an bhforáil, is trí bhíthin méadú comhfhreagrach i mbliain éilimh 2021 cuirfear i bhfeidhm é.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 20 Aibreán 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) IO L 78, 20.3.2013, lch. 23.
(3) IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/532 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ó Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, (AE) Uimh. 180/2014, (AE) Uimh. 181/2014, (AE) 2017/892, (AE) 2016/1150, (AE) 2018/274, (AE) 2017/39, (AE) 2015/1368 agus (AE) 2016/1240 a mhéid a bhaineann le seiceálacha áirithe riaracháin agus seiceálacha ar an láthair is infheidhme laistigh den chomhbheartas talmhaíochta (IO L 119, 17.4.2020, lch. 3).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíontacht (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 180/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas (IO L 63, 4.3.2014, lch. 13).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 181/2014 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha do na hoileáin bheaga Aeigéacha (IO L 63, 4.3.2014, lch. 53).