This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0114
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/114 of 25 September 2020 amending Annexes II and III to Regulation (EU) No 978/2012 of the European Parliament and of the Council as regards Armenia and Vietnam
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/114 ón gCoimisiún an 25 Méan Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Airméin agus Vítneam
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/114 ón gCoimisiún an 25 Méan Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Airméin agus Vítneam
C/2020/6474
IO L 36, 2.2.2021, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012R0978 | Aisghairm | iarscríbhinn II Téacs | 01/01/2022 | |
Modifies | 32012R0978 | Aisghairm | iarscríbhinn III Téacs | 01/01/2022 | |
Modifies | 32012R0978 | Aisghairm | iarscríbhinn II Téacs | 01/01/2023 |
2.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 36/5 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/114 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Méan Fómhair 2020
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Airméin agus Vítneam
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 5(3) agus 10(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 bunaítear na critéir maidir le fabhair tharaife a dheonú faoin socrú ginearálta de Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (‘GSP’). |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 nach bhfuil tír le tairbhiú de GSP más tír iad a d’aicmigh an Banc Domhanda mar thír ardioncaim nó ard-mheánioncaim le 3 bliana as a chéile, nó más tír í a thairbhíonn de shocrú maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh lena soláthraítear an leibhéal céanna fabhar taraife le GSP, nó níos fearr. |
(3) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a bhunaítear liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP. De bhun an Rialacháin sin, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II faoin 1 Eanáir gach bliain chun stádas na dtíortha atá liostaithe a leasú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin. |
(4) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tá dóthain ama le tabhairt don tír is tairbhí de GSP agus do na hoibreoirí eacnamaíocha chun go mbeidh siad in ann dul in oiriúint do stádas GSP athbhreithnithe na tíre. Dá bharr sin, ba cheart go leanfadh an GSP ar aghaidh ar feadh bliain amháin i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh tír is tairbhe a bhaint de liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP ar bhonn phointe (a) d’Airteagal 4(1) agus ar feadh 2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm socraithe maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 4(1). |
(5) |
D’aicmigh an Banc Domhanda an Airméin mar thír ard-mheánioncaim in 2018, 2019 agus 2020. Ní cháilíonn an Airméin le haghaidh stádas tíre is tairbhithe de GSP a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 agus ba cheart í a bhaint de liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, agus an méid sin a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022. |
(6) |
Bunaítear le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 critéir incháilitheachta shonracha maidir le fabhair tharaife faoin socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas (‘GSP+’) a dheonú do thíortha is tairbhithe de GSP. In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a bhunaítear liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP+. |
(7) |
Ós rud é nach mbeidh an Airméin ina tír is tairbhí de GSP amhail ón 1 Eanáir 2022, is amhlaidh nár cheart don Airméin a bheith ina tír is tairbhí de GSP+ faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. Dá bhrí sin, ba cheart an Airméin a bhaint d’Iarscríbhinn III den Rialachán sin agus an méid sin a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022. |
(8) |
Tháinig socrú maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh i bhfeidhm le haghaidh Vítneam an 1 Lúnasa 2020. I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, ba cheart Vítneam a bhaint freisin d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le tosaíochtaí na gcásanna inchomparáide agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart Vítneam a bhaint d’Iarscríbhinn II agus an méid sin a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 978/2012 mar a leanas:
1. |
In Iarscríbhinn II, faoin gceannteideal ‘Tíortha is tairbhithe den socrú ginearálta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2)’, baintear na cóid aibítre agus na tíortha comhfhreagracha seo a leanas de cholúin A agus B, faoi seach:
|
2. |
In Iarscríbhinn III, scriostar an cód aibítre agus an tír chomhfhreagrach seo a leanas ó cholúin A agus B, faoi seach: AM an Airméin |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (a) agus Airteagal 1(2) ón 1 Eanáir 2022.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(1), pointe (b) ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Méan Fómhair 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN