Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0053

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/53 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    C/2021/458

    IO L 23, 25.1.2021, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/53/oj

    25.1.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 23/16


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/53 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Eanáir 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí nó eintitis a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus le toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil.

    (2)

    An 18 Eanáir 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beirt a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thar ceann an Uachtaráin

    Ard-Stiúrthóir

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


    (1)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

    “31.

    AINM: Zuhair Talib Abd-al-Sattar Al-Naqib. DÁTA BREITHE/ÁIT BHREITHE: Thart ar 1948. NÁISIÚNTACHT: An Iaráic. BUNÚS RÚN 1483 Ó CHOMHAIRLE SLÁNDÁLA NA NÁISIÚN AONTAITHE: Stiúrthóir, Faisnéis Mhíleata.”

    “33.

    AINM: Amir Rashid Muhammad Al-Ubaidi. DÁTA BREITHE/ÁIT BHREITHE: 1939, Bagdad. NÁISIÚNTACHT: An Iaráic. BUNÚS RÚN 1483 Ó CHOMHAIRLE SLÁNDÁLA NA NÁISIÚN AONTAITHE: Aire Ola, ó 1996 go 2003; Ceann, Eagraíocht an Tionsclaithe Mhíleata, go luath sna 1990í.”


    Top