Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1234

    Cinneadh (AE) 2021/1234 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

    ST/5444/2021/INIT

    IO L 274, 30.7.2021, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1234/oj

    Related international agreement

    30.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 274/55


    CINNEADH (AE) 2021/1234 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Iúil 2021

    maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Meitheamh 2018 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú le Ríocht na Téalainne i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

    (2)

    Tá an chaibidlíocht tugtha i gcrích, agus cuireadh inisealacha le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 7 Eanáir 2021.

    (3)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/373 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú an 7 Bealtaine 2021.

    (4)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (GATT) 1994 i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (3).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1) den Chomhaontú (4).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil 2021, 13 Iúil 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. ŠIRCELJ


    (1)  Toiliú an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2021/373 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an chomhaontaithe idir an tAontas agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 72, 3.3.2021, lch. 1).

    (3)  Ní ann do théacs an Chomhaontaithe sa Ghaeilge.

    (4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top