EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1094

Cinneadh (AE) 2021/1094 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin

ST/9400/2021/INIT

IO L 236, 5.7.2021, p. 69–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1094/oj

5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/69


CINNEADH (AE) 2021/1094 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2, an dara mír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Deireadh Fómhair 2016, dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras, arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”). Le Comhaontú Pháras, iarrtar ar pháirtithe a bhfuil an Comhaontú daingnithe acu, treisiú leis an bhfreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide d’fhonn an t-ardú teochta domhanda a theorannú, go mbeidh sé go mór faoi bhun 2 °C.

(2)

I gcomhréir le Comhaontú Pháras, d’fhoilsigh an Coimisiún an 11 Nollaig 2019 Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip lenar gealladh go rachfaí i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus go ndéanfaidh sé an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Sa teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena leagtar amach straitéis nua fáis, tagraítear don ghá atá ann go dtabharfaí tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan as a n-eascróidh próiseas déanta cruach saor ó charbón faoi 2030, agus le féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as cuid den chistiú arna leachtú faoin gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. Luaitear freisin sa teachtaireacht gur ceart gníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais a bheith ar aon dul le chéile chun cuidiú leis an Aontas aistriú rathúil cóir chuig todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach. I gcomhréir le “prionsabal na neamhdhíobhála”, dá dtagraítear sa teachtaireacht, tá athbhreithniú á dhéanamh ar chuspóirí Chlár Taighde de chuid an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ionas nach gcumhdófar a thuilleadh gníomhaíochtaí lena ndéantar eastóscadh, próiseáil agus úsáid neamhlaghdaithe guail a bhuanú.

(3)

Tá beartas uaillmhianach maidir leis an ngníomhaíocht aeráide á shaothrú ag an Aontas agus tá creat rialála curtha i bhfeidhm aige chun a sprioc maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030. Go sonrach, leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an bonn reachtach maidir le rialachas iontaofa, cuimsitheach, costéifeachtach, trédhearcach agus intuartha an Aontais Fuinnimh agus na gníomhaíochta aeráide, lena n-áiritheofar go ndéanfar cuspóirí agus spriocanna 2030 agus cuspóirí agus spriocanna fadtéarmacha an Aontais Fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe agus le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil rún aige togra a dhéanamh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh 2008/376/CE ón gComhairle (3), d’fhonn cistiú mórthionscadal ceannródaíoch taighde agus nuálaíochta maidir le déanamh cruach glaine a cheadú, chomh maith le gníomhaíochtaí taighde in earnáil an ghuail i gcomhréir le prionsabail an tSásra um Aistriú Cóir.

(5)

Ina theannta sin, moltar sa tuarascáil ar an bhfaireachán agus an measúnú ar Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (“an Clár Taighde”) leasú a dhéanamh ar na cuspóirí taighde maidir le gual agus cruach a leagtar amach i gCaibidil II, Ranna 3 agus 4, de Cinneadh 2008/376/CE agus tacú le taighde ceannródaíoch in earnáil na cruach agus le tionscadail shuaithinseacha in earnáil an ghuail chomh maith.

(6)

Dá bhrí sin tá sé riachtanach cuspóirí an Chláir Taighde de chuid an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail Comhaontú Pháras, agus le cuspóirí eolaíocha, teicneolaíocha agus polaitiúla an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050.

(7)

Tá sé léirithe ag comhpháirtíochtaí comhchláraithe go bhfuil siad éifeachtach maidir le hacmhainní a chomhthiomsú le haghaidh comhchuspóir Eorpach taighde. Chun cuidiú le geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, tá sé riachtanach an fhéidearthacht a leagan amach tacaíocht a sholáthar trí chomhpháirtíochtaí Eorpacha comhchláraithe, a bheidh i sineirgíocht le cláir eile agus seicheamhaithe i gcomhréir leo. D’fhéadfadh sé gurbh ionstraim fhoirfe í comhpháirtíocht Eorpach maidir le hacmhainní a chomhthiomsú chun tacú le taighde ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha le haghaidh astaíochtaí CO2 a laghdú in earnáil thionsclaíoch na cruach.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2008/376/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2008/376/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Soláthrófar leis an gClár Taighde tacaíocht do thaighde comhoibríoch sna hearnálacha guail agus cruach. Soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan leis an gClár Taighde freisin, teicneolaíochtaí a mbeidh tionscadail déanta cruach beagnach saor ó charbón mar thoradh orthu, agus tionscadail taighde le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta agus bonneagar gaolmhar i gcomhlíonadh an tSásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánófar leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit agus laistigh de Chlár Réime an Aontais um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (‘an Clár Réime um Thaighde’).”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 4 go 6:

“Airteagal 4

Tacú le haistriú cóir earnáil an ghuail agus na réigiún guail

1.   Tacóidh tionscadail taighde leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, agus é mar chuspóir leo tacú le breoslaí iontaise a chéimniú amach, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iarshuíomhanna mianach agus damáiste don chomhshaol a thiocfaidh as mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta, as mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus a limistéir máguaird a sheachaint nó dul i ngleic leis an damáiste sin. Is éard ar a ndíreoidh tionscadail go háirithe:

(a)

forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí gabhála, úsáide agus stórála dé-ocsaíde carbóin;

(b)

úsáid fuinnimh geoiteirmigh ar iarshuíomhanna guail;

(c)

úsáidí neamh-fhuinneamhachais agus táirgeadh amhábhar ó dhramhaíl mhianadóireachta agus iarmhair ó mhianaigh ghuail a bhí á n-oibriú roimhe seo nó ó mhianaigh atá i mbun a ndúnta, agus é a chinntiú go cuí maidir leis an tionchar atá acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus a dtionchar sláinte, go bhfuil sé íoslaghdaithe agus níos ísle ná réitigh mhalartacha;

(d)

athrú cuspóra a dhéanamh maidir le hiar-mhianaigh ghuail agus ligníte agus le bonneagar a bhaineann le gual, i gcomhréir le haistriú atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(e)

forbairt clár éifeachtúil athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn d’oibrithe a ndéanann an céimniú amach guail difear dóibh. Áirítear leis sin oiliúint agus athoiliúint oibrithe atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana in earnáil an ghuail.

2.   Tabharfar aird ar leith ar cheannaireacht Eorpach a neartú maidir le bainistiú a dhéanamh ar aistriú na mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus ar aistriú bonneagair a bhaineann le gual trí réitigh theicneolaíocha agus neamhtheicneolaíocha, agus tacófar freisin le haistriú teicneolaíochta agus neamhtheicneolaíochta. Gníomhaíochtaí taighde a bhfuil na cuspóirí sin acu, cuirfear ar fáil leo tairbhí nithiúla aeráide agus comhshaoil i gcomhréir le cuspóir na neodrachta aeráide faoi 2050.

Airteagal 5

Feabhas a chur ar shláinte agus sábháilteacht

1.   Cuirfear san áireamh sna tionscadail lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 6 saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht i mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta agus i mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre, ar shábháilteacht agus sláinte ceirde, agus ar shaincheisteanna comhshaoil atá dochrach don tsláinte chomh maith.

2.   Díreofar le tionscadail taighde ar ghalair a bhaineann le gníomhaíochtaí mianadóireachta agus is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar shláinte na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ghuail i mbun aistriú. Ina theannta sin áiritheofar le tionscadail taighde go mbíonn bearta cosanta ann agus mianaigh á ndúnadh agus i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.

Airteagal 6

Íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na mianach guail i mbun aistriú

1.   Le tionscadail taighde féachfar le híoslaghdú a dhéanamh ar thionchair na mianach guail atá i bpróiseas a ndúnta agus ar thionchair na mianach a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo ar an atmaisféar, ar uisce agus ar ithreacha. Díreofar taighde ar acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a athbhunú do na glúine atá le teacht agus íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil na mianach guail atá i bpróiseas a ndúnta agus na mianach a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.

2.   Tabharfar tús áite do thionscadail lena mbeartaítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

teicneolaíochtaí nua agus feabhsaithe chun truailliú an chomhshaoil a sheachaint, lena n-áirítear sceitheadh meatáin, i mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta, i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo, agus sna limistéir máguaird (lena n-áirítear an t-atmaisféar, an talamh, ithreacha agus uisce);

(b)

astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhosuithe guail atá i bpróiseas a ndúnta, go háirithe meatán, a ghabháil, a sheachaint agus a íoslaghdú;

(c)

dramhaíl mhianadóireachta, luaith cháithníneach agus táirgí díshulfaraithe ó mhianaigh ghuail i bpróiseas a ndúnta agus ó mhianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo a bhainistiú agus a athúsáid, agus foirmeacha eile dramhaíola ina dteannta sin nuair is iomchuí;

(d)

cairn dramhaíola a athchóiriú agus iarmhair thionsclaíocha ó tháirgeadh agus tomhaltas guail i réigiúin ghuail i mbun aistriú;

(e)

maoschláir a chosaint agus uisce draenála mianaigh a íonú;

(f)

timpeallacht iarshuiteálacha nó suiteálacha i bpróiseas a ndúnta a bhain úsáid as gual a athbhunú, na limistéir máguaird san áireamh, go háirithe uisce, talamh, ithreacha agus an bhithéagsúlacht;

(g)

bonneagar dromchla a chosaint ar éifeachtaí turnaimh agus gluaiseachtaí talún sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.”;

(3)

scriostar Airteagal 7;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 8 go 10:

“Airteagal 8

Próisis nua, inbhuanaithe agus ísealcharbóin maidir le déanamh agus bailchríochnú cruach

Díreofar le taighde agus forbairt theicneolaíoch ar phróisis táirgthe cruach beagnach saor ó charbón a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú agus táirgiúlacht a mhéadú. Cuid dhílis de na gníomhaíochtaí atá ag teastáil is ea astaíochtaí, ídiú fuinnimh, an lorg carbóin agus tionchair chomhshaoil eile a laghdú go suntasach, chomh maith le hacmhainní a chaomhnú. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

próisis agus oibríochtaí nua agus feabhsaithe beagnach saor ó charbón maidir le déanamh iarainn agus cruach, agus aird ar leith á tabhairt ar sheachaint dhíreach carbóin nó ar úsáid chliste carbóin; nó iad araon;

(b)

próisis chruach agus slabhraí próiseas a optamú (lena n-áirítear laghdú agus réamhlaghdú amhiarainn, déanamh iarainn agus cruach, próisis atá bunaithe ar leá fuíll athchúrsáilte, miotaleolaíocht thánaisteach, teilgean, rolladh, bailchríochnú agus oibríochtaí brataithe) trí ionstraimíocht, brath airíonna táirgí idirmheánacha agus deiridh, samhaltú, rialú agus uathoibriú, lena n-áirítear digitiú, cur i bhfeidhm mórshonraí, intleacht shaorga agus aon ardteicneolaíocht eile;

(c)

comhtháthú próiseas cruach agus éifeachtúlacht próiseas maidir le táirgeadh cruach beagnach saor ó charbón;

(d)

cothabháil agus iontaofacht uirlisí táirgthe cruach;

(e)

teicnící chun in-athchúrsáilteacht, athchúrsáil agus athúsáid cruach a mhéadú agus geilleagar ciorclach a fhorbairt;

(f)

teicnící chun éifeachtúlacht fuinnimh táirgthe cruach a mhéadú trí theas diomailte a athghabháil, caillteanas fuinnimh a chosc, teicnící téimh hibrideacha agus réitigh bainistíochta fuinnimh;

(g)

teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha le haghaidh na bpróiseas déanta iarainn agus cruach lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí trasearnála, tionscadail taispeána ina gcomhtháthaítear táirgeadh fuinnimh saor ó charbón nó a rannchuidíonn le geilleagar hidrigine glaine.

Airteagal 9

Ardghráid chruach agus cineálacha cur i bhfeidhm

Díreofar taighde agus forbairt theicneolaíoch ar na riachtanais atá ag úsáideoirí cruach a shásamh chun táirgí nua beagnach saor ó charbón a fhorbairt agus ar dheiseanna nua margaidh a chruthú agus astaíochtaí agus tionchair chomhshaoil a laghdú ag an am céanna. I gcomhthéacs na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8, tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, agus é mar chuspóir próisis táirgthe cruach atá beagnach saor ó charbón agus inbhuanaithe a chur ar fáil san Aontas:

(a)

ardghráid nua chruach;

(b)

feabhsú airíonna cruach amhail airíonna meicniúla agus fisiceacha, oiriúnacht le haghaidh tuilleadh próiseála, oiriúnacht le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus dálaí oibre éagsúla;

(c)

an saol seirbhíse a fhadú, go háirithe trí chur le friotaíocht cruach agus struchtúir chruach maidir le teas agus creimeadh, tuirse mheicniúil agus theirmeach agus éifeachtaí meathlaithe eile;

(d)

samhlacha ionsamhlúcháin tuarthacha maidir le micreastruchtúir, airíonna meicniúla agus próisis táirgthe;

(e)

teicneolaíochtaí a bhaineann le cruach agus ábhair eile a fhoirmiú, a tháthú agus a cheangal le chéile;

(f)

caighdeánú modhanna tástála agus meastóireachta;

(g)

cruacha ardfheidhmíochta le haghaidh feidhmeanna ar nós na soghluaisteachta, lena n-áirítear inbhuanaitheacht, modhanna éicidhearthóireachta, aisfheistiú, dearadh éadrom agus réitigh sábháilteachta éadroma.

Airteagal 10

Acmhainní a chaomhnú, an comhshaol a chosaint agus an geilleagar ciorclach

Maidir le táirgeadh cruach agus úsáid chruach, cuid dhílis den obair taighde agus forbartha teicneolaíche a bheidh in acmhainní a chaomhnú, éiceachórais a chosaint, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus saincheisteanna sábháilteachta. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

teicnící chun cruach atá imithe i léig agus fotháirge ó fhoinsí éagsúla a athchúrsáil agus chun cur le caighdeán fuíll cruach;

(b)

cóireáil dramhaíola agus aisghabháil amhábhar tánaisteach luachmhar, lena n-áirítear slaigeanna, taobh istigh agus taobh amuigh den ghléasra cruach;

(c)

rialú ar thruailliú agus an comhshaol a chosaint san áit oibre agus sa ghléasra cruach agus thart orthu (astaíochtaí gásacha, soladacha nó leachtacha, bainistiú uisce, torann, bolaithe, deannach, etc.);

(d)

gráid chruach agus struchtúir chóimeáilte a dhearadh chun aisghabháil fhurasta cruach le haghaidh athchúrsála nó athúsáide a éascú;

(e)

úsáid gás próisis agus díothú astaíochtaí dramhghás ó tháirgeadh cruach;

(f)

measúnú saolré agus smaointeoireacht saolré maidir le táirgeadh agus úsáid cruach.”;

(5)

i gCaibidil II, Roinn 4, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

Bainistiú luchta saothair agus dálaí oibre

Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

inniúlachtaí a fhorbairt agus a scaipeadh chun coinneáil bord ar bhord le próisis nua táirgthe cruach atá beagnach saor ó charbón, amhail an digitiú, agus chun prionsabal na foghlama ar feadh an tsaoil a léiriú;

(b)

dálaí oibre a fheabhsú, lena n-áirítear sláinte, sábháilteacht agus eirgeanamaíocht san áit oibre agus timpeall uirthi.”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 17a

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

1.   Féadfar cuid den Chlár Taighde, eadhon teicneolaíochtaí ceannródaíocha le haghaidh astaíochtaí CO2 a laghdú in earnáil thionsclaíoch na cruach, a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha comhchláraithe arna mbunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 10 agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn Comhpháirtíocht Eorpach comhchláraithe tionscnamh arna ullmhú le rannpháirtíocht luath ó na Ballstáit, ina ngeallann an tAontas, mar aon le comhpháirtithe príobháideacha nó poiblí, nó iad araon, (amhail: lucht tionscail; ollscoileanna; eagraíochtaí taighde; comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta lena n-áirítear fondúireachtaí agus ENRanna), go dtacóidh siad go comhpháirteach le clár gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Cuirtear Comhpháirtíochtaí Eorpacha comhchláraithe ar bun ar bhonn Meabhrán Tuisceana nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe príobháideacha nó poiblí den chineál sin, nó iad araon, lena sonraítear cuspóirí na comhpháirtíochta, gealltanais ghaolmhara maidir le ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil, nó iad araon, na gcomhpháirtithe, táscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na haschuir a sholáthrófar. Áirítear leo gníomhaíochtaí taighde comhlántacha a shainaithint a chuirfidh na comhpháirtithe agus an Clár Taighde chun feidhme.

3.   Faoi chuimsiú Comhpháirtíochtaí Eorpacha comhchláraithe, féadfar cistiú a sholáthar leis an gClár Taighde do ghníomhaíochtaí atá incháilithe faoin Roinn seo, san fhoirm dá bhforáiltear faoi Airteagal 30. Ina theannta sin, féadfar cistiú a sholáthar leis i bhfoirm duaiseanna.

4.   Déanfar maoiniú do ghníomhaíochtaí faoin Roinn seo de réir na nglaonna tiomnaithe ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus (3).

(*1)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).”;"

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

“Airteagal 39

Ceapadh saineolaithe neamhspleácha agus ardcháilithe

Maidir le ceapadh saineolaithe neamhspleácha agus ardcháilithe dá dtagraítear in Airteagal 18, Airteagal 28(2) agus Airteagal 38, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 237 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(8)

in Airteagal 41, scriostar pointe (c).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Tuairim an 19 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla le haghaidh an chláir sin (IO L 130, 20.5.2008, lch. 7).


Top