EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0837

Cinneadh (AE) 2021/837 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006

ST/7261/2021/INIT

IO L 185, 26.5.2021, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/837/oj

26.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 185/23


CINNEADH (AE) 2021/837 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Bealtaine 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 192 agus 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006 (ITTA 2006), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh 2011/731/AE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 7 Nollaig 2011.

(2)

De bhun Airteagal 6 ITTA 2006, is í an Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach (ITTC) an t-údarás is airde de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach (ITTO) agus is comhairle í atá comhdhéanta de chomhaltaí uile ITTO.

(3)

De bhun Airteagal 44(1) ITTA 2006, leanfaidh an Comhaontú sin d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, go dtí an 6 Nollaig 2021, mura gcinneann ITTC, trí bhíthin vóta speisialta i gcomhréir le hAirteagal 12 de, ar shíneadh a chur leis, ar é a chaibidliú an athuair nó ar é a fhoirceannadh. De bhun Airteagal 44(2) ITTA 2006, féadfaidh ITTC a chinneadh ar shíneadh a chur leis ar feadh dhá thréimhse, eadhon, tréimhse thosaigh 5 bliana agus tréimhse bhreise 3 bliana.

(4)

Déanfaidh ITTC cinneadh maidir le síneadh a chur le ITTA 2006 ag an 57ú Seisiún dá chuid a bheidh ar siúl i mí na Samhna 2021 nó idir na seisiúin gan teacht le chéile ag seisiún.

(5)

Is chun leas an Aontais é síneadh a chur le ITTA 2006 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana, ós rud é gur sna céimeanna tosaigh de théarnamh airgeadais atá ITTO fós agus go bhfuil athchóiriú á dhéanamh aige ar a ollstruchtúr airgeadais.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ITTC a bhunú maidir le síneadh a chur le ITTA 2006,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, toiliú do shíneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach 2006 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana, nó vótáil i bhfabhar an tsínidh sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2011/731/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach, 2006 (IO L 294, 12.11.2011, lch. 1)


Top