Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0112

    Cinneadh (AE) 2021/112 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

    IO L 36, 2.2.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/112/oj

    2.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 36/1


    CINNEADH (AE) 2021/112 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Eanáir 2021

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/1026 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (“an Comhaontú”) an 22 Meitheamh 2020, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí;

    (2)

    Is iomchuí tagairt a dhéanamh do na socruithe nóis imeachta maidir le rannpháirtíocht an Aontais sna comhchomhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú, maidir le bearta coimirce a ghlacadh, maidir le hiarrataí ar chomhairliúcháin agus maidir le bearta chun oibleagáidí glactha a chur ar fionraí, agus maidir le cinntí a ghlacadh i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leagtar síos I gCinneadh (AE) 2020/1026 .

    (3)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar leis seo an Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus tSeapáin a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Airteagal 2

    Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) den Chomhaontú a thabhairt (3).

    Airteagal 3

    1.   Is é an Coimisiún, le cabhair ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus i dteannta údaráis eitlíochta na mBallstát mar a n-ionadaithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar Chomhchoiste na bPáirtithe (“an Comhchoiste”) a bunaíodh de bhun Airteagal 11 den Chomhaontú.

    2.   Is í Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, le cabhair ó údaráis eitlíochta na mBallstát a bhfuil baint dhíreach acu le clár oibre gach cruinnithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán a bunaíodh de bhun Airteagal 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.

    Airteagal 4

    1.   Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bearta coimirce a ghlacadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) den Chomhaontú;

    (b)

    comhairliúcháin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Chomhaontú;

    (c)

    bearta a ghlacadh chun oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí agus chun fionraíocht den sórt sin a chealú, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chomhaontú.

    2.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chomhairle, luath go leor roimh ré, go bhfuil sé ar intinn aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo.

    Airteagal 5

    Beidh údarás ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) den Chomhaontú a fhormheas, a mhéid atá leasuithe den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dlí an Aontais, agus nach bhfuil aon mhodhnú ar na gníomhartha sin i gceist iontu, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas maidir leis an bhformheas thar ceann an Aontais:

    gur chun leasanna an Aontais é;

    go gcomhlíonann sé na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas faoi chreat a bheartais um shábháilteacht eitlíochta agus a bheartais trádála;

    go gcuireann sé leasanna mhonaróirí, thrádálaithe agus thomhaltóirí an Aontais san áireamh;

    nach sáraíonn sé dlí an Aontais ná an dlí idirnáisiúnta;

    i gcás inarb infheidhme, go dtacaíonn sé le feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta trí fheabhas a chur ar bhrath cleachtais chalaoiseacha agus mhíthreoracha;

    i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé mar aidhm aige na caighdeáin a bhaineann le táirgí aerloingseoireachta sibhialta a chomhfhogasú;

    i gcás inarb infheidhme, nach gcruthaíonn sé bacainní ar an nuálaíocht; agus

    i gcás inarb infheidhme, go n-éascaítear trádáil na dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta; agus

    (b)

    tá na leasuithe atá beartaithe á gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún in am tráth sula bhformheasfar iad.

    Déanfaidh an Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú le féachaint an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír.

    Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais ach amháin i gcás ina ndéanann roinnt Ballstát, arb ionann a líon agus mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ina n-aghaidh. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú thar ceann an Aontais.

    Airteagal 6

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Toiliú an 15 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2020/1026 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta (IO L 229, 16.7.2020, lch. 1).

    (3)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top