This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0014
Council Decision (CFSP) 2021/14 of 7 January 2021 amending Decision 2014/219/CFSP on the European Union CSDP Mission in Mali (EUCAP Sahel Mali)
Cinneadh (CBES) 2021/14 ón gComhairle an 7 Eanáir 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)
Cinneadh (CBES) 2021/14 ón gComhairle an 7 Eanáir 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)
IO L 5, 8.1.2021, pp. 16–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Extended validity | 32014D0219 | 15/01/2021 | 31/01/2023 | ||
| Modifies | 32014D0219 | Cur le | airteagal 14 mír 1 mír neamhuimhrithe 1 | 15/01/2021 | |
| Modifies | 32014D0219 | Athchur | airteagal 14a mír 3 | 15/01/2021 | |
| Modifies | 32014D0219 | Athchur | airteagal 18 abairt 2 | 15/01/2021 | |
| Modifies | 32014D0219 | Athchur | airteagal 2 mír 2 | 15/01/2021 |
|
8.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 5/16 |
CINNEADH (CBES) 2021/14 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Eanáir 2021
lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Aibreán 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (1). |
|
(2) |
An 21 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/312 (2), lenar cuireadh síneadh le EUCAP Sahel Mali go dtí an 14 Eanáir 2021. |
|
(3) |
An 13 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/762 (3), lena ndearnadh coigeartú ar shainordú EUCAP Sahel Mali chun rannchuidiú le gníomhaíocht CBSC sa tSaiheil a réigiúnú agus lenar bunaíodh Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú (RACC). |
|
(4) |
An 14 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/652 (4), lenar méadaíodh méid tagartha airgeadais EUCAP Sahel Mali don tréimhse go dtí an 14 Eanáir 2021. |
|
(5) |
An 13 Deireadh Fómhair agus an 5 Samhain 2020, faoi seach, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar EUCAP Sahel Mali, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le EUCAP Sahel Mali go dtí an 31 Eanáir 2023 agus go ndéanfaí a shainordú a choigeartú. |
|
(6) |
Ba cheart Cinneadh 2014/219/CBES a leasú dá réir. |
|
(7) |
Cuirfear EUCAP Sahel Mali i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul i ndonas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Chun tacú le dinaimic Mhailí maidir le húdarás Stáit a athbhunú, chomh maith le cur chun feidhme an Chomhaontaithe ar son na Síochána agus an Athmhuintearais i Mailí, a síníodh an 15 Bealtaine agus an 20 Meitheamh 2015 agus i ndlúthchomhar le gníomhaithe idirnáisiúnta eile, go háirithe Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA), tabharfaidh EUCAP Sahel Mali cúnamh agus comhairle do CSI maidir le cur chun feidhme athchóiriú na hearnála slándála faoi stiúir Rialtas Mhailí, agus é mar aidhm leo an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(2) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Is é EUR 89 100 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Sahel Mali a chumhdach idir an 15 Eanáir 2021 agus an 31 Eanáir 2023.”; |
|
(3) |
In Airteagal 14a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh ag RACC, i ndlúthchomhar le Misin CBSC atá ann cheana sa tSaiheil:
|
|
(4) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Beidh feidhm aige go dtí an 31 Eanáir 2023.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 15 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.P. ZACARIAS
(1) IO L 113, 16.4.2014, lch. 21.
(2) Cinneadh (CBES) 2019/312 ón gComhairle ar an 21 Feabhra 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) agus lena gcuirtear síneadh leis (IO L 51, 22.2.2019, lch. 29).
(3) Cinneadh (CBES) 2019/762 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (IO L 125, 14.5.2019, lch. 18).
(4) Cinneadh (CBES) 2020/652 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 153, 15.5.2020, lch. 5).