This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021C0218(02)
Joint Declaration by the European Parliament and the Commission on data collection for effective controls and audits 2021/C 58 I/02
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha 2021/C 58 I/02
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha 2021/C 58 I/02
IO C 58I, 18.2.2021, p. 2–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 58/2 |
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha
(2021/C 58 I/02)
Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an gá atá le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun calaois, éilliú agus coinbhleacht leasanna a chosc, a bhrath agus a cheartú i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Measann an dá institiúid go bhfuil sé bunriachtanach go mbaileodh agus go dtaifeadfadh na Ballstáit sonraí maidir le faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach agus idir-inoibritheach agus go mbainfidís úsáid as uirlis aonair mianadóireachta sonraí atá le soláthar ag an gCoimisiún.