EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0127

Rialachán (AE) 2020/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais amhail ón mbliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil leis an mbliain féilire 2020

PE/95/2019/REV/1

IO L 27, 31.1.2020, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R2116

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/127/oj

31.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 27/1


RIALACHÁN (AE) 2020/127 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais amhail ón mbliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil leis an mbliain féilire 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an uasteorainn don chaiteachas faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) gurb iad na huasmhéideanna atá socruithe ina leith faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4) atá le bheith inti. De bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tá ráta coigeartaithe don smacht airgeadais le cinneadh, nuair is gá, chun a áirithiú go n‐urramófar na huasteorainneacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 do mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus maidir le maoiniú na n‐íocaíochtaí díreacha don tréimhse 2014-2020. Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, ní dhéantar foráil maidir le huasteorainneacha do na blianta airgeadais tar éis 2020. Chun a áirithiú go n‐urramófar freisin an uasteorainn do mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus do mhaoiniú na n‐íocaíochtaí díreacha sna blianta airgeadais tar éis 2020, is gá tagairt a dhéanamh, maidir leis na blianta airgeadais sin, le hAirteagail 16 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 do na méideanna arna socrú faoi CERT sa Rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle de bhun Airteagal 312(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do na blianta 2021 go 2027.

(2)

Is éard atá sa tsolúbthacht idir colúin cistí a aistriú ar bhealach roghnach idir íocaíochtaí díreacha agus forbairt tuaithe. Faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin i leith na mblianta féilire 2014 go 2019. Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit an straitéis atá acu féin a chothabháil, le Rialachán (AE) 2019/288 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh síneadh leis an tsolúbthacht idir colúin go dtí an bhliain féilire 2020, is é sin le rá an bhliain airgeadais 2021. Faoi láthair, foráiltear le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le cistí a aistriú ón bhforbairt tuaithe chuig íocaíochtaí díreacha agus sin mar chéatadán den mhéid a leithdháileadh ar thacaíocht arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa bhliain airgeadais 2021 le reachtaíocht de chuid an Aontais arna glacadh tar éis don Chomhairle an Rialachán ábhartha a ghlacadh de bhun Airteagal 312(2) CFAE. Ós rud é nach nglacfar an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais faoin am is gá do na Ballstáit fógra a thabhairt faoina gcinneadh aistriú a dhéanamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an deis leanúint de bheith ag cur na solúbthachta sin i bhfeidhm agus maidir leis an uasmhéid a fhéadfar a aistriú a bhunú.

Ríomhtar an dearbhmhéid uasta in aghaidh gach Ballstáit ar bhonn na n‐uaschéatadán dá bhforáiltear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá le cur i bhfeidhm maidir leis na méideanna atá le leithdháileadh ar an tacaíocht do chineálacha idirghabhálacha don fhorbairt tuaithe faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 53(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, bhí an rogha ag na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, faoin 1 Lúnasa 2019, ar chéatadán a n‐uasteorann náisiúnta d’íocaíochtaí díreacha a leithdháileann siad ar an tacaíocht chúpláilte dheonach (VCS), chomh maith leis na cinntí mionsonraithe a dhéanann siad faoin tacaíocht amhail ón mbliain féilire 2020. Ní thabharfaidh na Ballstáit fógra faoina gcinneadh i leith aistriú ó íocaíochtaí díreacha chuig forbairt tuaithe, más ann dó, ach faoin 31 Nollaig 2019, agus ní thabharfaidh siad fógra faoina gcinneadh i leith aistriú ó fhorbairt tuaithe chuig íocaíochtaí díreacha, más ann dó, ach go luath ina dhiaidh sin. Mar sin féin, déanfaidh cinneadh den sórt sin difear don uasteorainn náisiúnta atá acu d’íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire 2020. Chun comhsheasmhacht a choinneáil idir na cinntí mionsonraithe faoin tacaíocht agus uasteorainn bhuiséadach VCS, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh, a mhéid is gá chun coigeartú a dhéanamh ar an gcinneadh a dhéanann siad maidir leis an tsolúbthacht idir colúin, ar an gcéatadán a leithdháiltear ar VCS, chomh maith leis na cinntí mionsonraithe faoin tacaíocht. Dá bharr sin, ba cheart sprioc-am an fhógra ábhartha a bheith go luath tar éis an 31 Nollaig 2019. Ós rud é go bhfuil an t‐athbhreithniú sin teoranta don mhéid is gá le go mbeidh na Ballstáit in ann an cinneadh a dhéanann siad maidir leis an tsolúbthacht idir colúin a choigeartú, ba cheart do na Ballstáit an nasc idir an t‐athbhreithniú agus an cinneadh sin a mhíniú ina bhfógra.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir sin.

(5)

Le go bhféadfar na leasuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(6)

Le go bhféadfar na leasuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir leis an uasteorainn bhliantúil do chaiteachas CERT, is iad na huasmhéideanna atá socruithe ina leith faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 agus faoin Rialachán atá le glacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 312(2) CFAE do na blianta 2021 go 2027 a bheidh inti.”;

(2)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun a áirithiú go n‐urramófar na huasteorainneacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 16 maidir le maoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus maidir le maoiniú na n‐íocaíochtaí díreacha, déanfar ráta coigeartaithe d’íocaíochtaí díreacha (“an ráta coigeartaithe”) a chinneadh nuair a léireofar leis na réamhaisnéisí maidir le maoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 14(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Faoin 8 Feabhra 2020, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh méid nach airde ná an méid a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa a chur ar fáil don bhliain féilire 2020 mar íocaíochtaí díreacha. Dá thoradh sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh tacaíocht arna maoiniú faoi CETFT don bhliain airgeadais 2021. Tabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Choimisiún faoin 8 Feabhra 2020 agus leagfar amach ann an méid atá le haistriú.”;

(2)

in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh na Ballstáit, faoin 1 Lúnasa in aon bhliain ar leith, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh de bhun na Caibidle seo.

Faoin 8 Feabhra 2020, féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a gcinneadh de bhun na Caibidle seo a mhéid is gá chun coigeartú a dhéanamh ar an gcinneadh faoin tsolúbthacht idir colúin don bhliain féilire 2020 a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14.

Trí bhíthin athbhreithniú de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh le héifeacht ón mbliain dár gcionn:

(a)

an céatadán a shocraítear de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 a fhágáil gan athrú, a mhéadú nó a laghdú, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sna míreanna sin i gcás inarb infheidhme, nó an céatadán a shocraítear de bhun mhír 4 a fhágáil gan athrú nó a laghdú;

(b)

na coinníollacha maidir le deonú na tacaíochta a mhodhnú;

(c)

deireadh a chur le deonú na tacaíochta faoin gCaibidil seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh maidir le hathbhreithniú de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír den mhír seo faoi na dátaí faoi seach dá dtagraítear sna fomhíreanna sin. Míneofar san fhógra faoin gcinneadh maidir le hathbhreithniú de bhun an dara fomhír den mhír seo an nasc idir an t‐athbhreithniú agus an cinneadh faoin tsolúbthacht idir colúin don bhliain féilire 2020 a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14.”;

(3)

déantar Iarscríbhinn VIa, a leagtar an téacs di amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a chur isteach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  Tuairim an 11 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Eanáir 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(6)  Rialachán (AE) 2019/288 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht don fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020 (IO L 53, 22.2.2019, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VIa

UASMHÉIDEANNA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(2)

(EUR)

an Bheilg

10 076 707 10 076 707

an Bhulgáir

70 427 849 70 427 849

An tSeicia

38 815 980 38 815 980

an Danmhairg

11 371 893 11 371 893

an Ghearmáin

148 488 749 148 488 749

an Eastóin

21 968 972 21 968 972

Éire

39 700 643 39 700 643

an Ghréig

76 438 741 76 438 741

an Spáinn

250 300 720 250 300 720

an Fhrainc

181 388 880 181 388 880

an Chróit

42 201 225 42 201 225

an Iodáil

190 546 556 190 546 556

an Chipir

2 398 093 2 398 093

an Laitvia

29 326 817 29 326 817

an Liotuáin

48 795 629 48 795 629

Lucsamburg

1 843 643 1 843 643

an Ungáir

62 430 371 62 430 371

Málta

1 831 098 1 831 098

an Ísiltír

10 972 679 10 972 679

an Ostair

72 070 055 72 070 055

an Pholainn

329 472 633 329 472 633

an Phortaingéil

123 303 715 123 303 715

an Rómáin

241 375 835 241 375 835

an tSlóivéin

15 337 318 15 337 318

an tSlóvaic

56 920 680 56 920 680

an Fhionlainn

73 005 307 73 005 307

an tSualainn

52 887 719 52 887 719

”.

Top