EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2233

Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta

IO L 437, 28.12.2020, p. 188–191 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2233/oj

28.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 437/188


CINNEADH (AE) 2020/2233 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Nollaig 2020

a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1) (“an 11ú Comhaontú Inmheánach CEF”), agus go háirithe Airteagail 1(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní féidir cistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta Stáit na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Chiúin-Aigéin (ACC) maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEFanna) (“cistí a eascraíonn ó athshreabha”) a ghealladh thar an 31 Nollaig 2020 mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún.

(2)

Cé gur thacaigh Saoráid Infheistíochta ACC leis na cuspóirí maidir le laghdú bochtaineachta, comhtháthú sa gheilleagar domhanda agus forbairt inbhuanaithe sna tíortha ACC, mar a leagtar amach i gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (2), (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), tá fianaise láidir ann nár baineadh amach an méid arbh fhéidir i ndáil leis na cuspóirí sin. D'fhéadfaí torthaí forbartha níos fearr a bhaint amach dá leanfaí le húsáid na n-athshreabh ó Shaoráid Infheistíochta ACC faoi chreat agus rialachas nua.

(3)

An 14 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (“togra ICFCI”), lena bhforáiltear bunú an Chiste Eorpaigh nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (“CEFI+”), agus Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ar ina leith a d’fhéadfadh na Ballstáit ranníocaíochtaí a dhéanamh agus na ranníocaíochtaí sin a chur i leataobh chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin, tíortha nó earnálacha ar leith nó sna fuinneoga infheistíochta atá ann.

(4)

An 4 Nollaig 2020, ghlac Coiste Ambasadóirí ACC-AE Cinneadh Uimh 2/2020 (3), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 3/2019 (4) chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Samhain 2021, nó go dtí go dtiocfaidh Comhaontú ACC-AE nua (“an Comhaontú nua”) i bhfeidhm, nó go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce. Ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 1(5) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF go dtí an 30 Meitheamh 2021, ionas go bhféadfar na cistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a ghealladh, chun go mbeifear in ann gealltanais nua maidir le hathshreabha a thabhairt faoi Shaoráid Infheistíochta ACC agus ionas go mbeidh tacaíocht leanúnach ag tíortha ACC go dtí go mbeidh ionstraim um chomharsanacht, forbairt agus an comhar idirnáisiúnta a chistiú, atá le glacadh ar bhonn thogra ICFCI (“an ionstraim um maoiniú seachtrach”), lánoibríochtúil.

(5)

Meastar gur an-ábhartha é an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (CEFI) maidir le riachtanais infheistíochta na réigiún a chumhdaítear (an Afraic fho-Shahárach agus tíortha comharsanachta an Aontais), agus maidir le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais.

(6)

Sa teachtaireacht chomhpháirteach uathu an 9 Márta 2020 dar teideal “Towards a comprehensive Strategy with Africa” [I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic] (“an teachtaireacht chomhpháirteach”), d'iarr an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) ar an Aontas tacaíocht a thabhairt d'fhás agus poist inbhuanaithe ar fud mhór-roinn na hAfraice. Tá an tAontas ag iarraidh, inter alia, obair i gcomhpháirt leis an Afraic maidir le hinfheistíochtaí a chur chun cinn trí úsáid níos mó a bhaint as sásraí maoinithe nuálacha.

(7)

Sa teachtaireacht chomhpháirteach, leag an Coimisiún agus an tArdionadaí, béim ar an bhfáth gurb é is aidhm do na hionstraimí airgeadais infheistíochtaí a mhealladh ar mó an tionchar forbartha atá acu, agus atá dírithe go príomha ar thacaíocht a thabhairt don earnáil phríobháideach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2014 dar teideal “A Stronger Role of the Private Sector in Achieving Inclusive and Sustainable Growth in Developing Countries” [Ról Níos Láidre don Earnáil Phríobháideach maidir le Fás Cuimsitheach Inbhuanaithe a Bhaint Amach i dTíortha i mBéal Forbartha], eadhon tionchar forbartha intomhaiste, breisíocht, neodracht, leas coiteann agus cómhaoiniú, éifeacht léiriúcháin agus comhlíonadh na gcaighdeán sóisialta, comhshaoil agus fioscach.

(8)

Is gá foráil a dhéanamh chun go mbeifear in ann na hathshreabha dá dtagraítear sa Chinneadh seo a úsáid mar ranníocaíochtaí i leith na hionstraime um maoiniú seachtrach (“ioncam sannta seachtrach” dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 21(2) den Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6)) d'fhonn tacaíocht do thíortha ACC a mhaoiniú faoi chur chuige pacáiste amháin, agus i gcomhréir le cuspóirí, prionsabail agus rialachas na hionstraime um maoiniú seachtrach, trí ionstraimí airgeadais, oibríochtaí measctha, ráthaíochtaí buiséadacha nó aon tacaíocht neamh-inaisíoctha eile, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Beidh aistriú gan bhriseadh ó Shaoráid Infheistíochta ACC agus leanúnachas i dtéarmaí raon na dtáirgí ann.

(9)

Ní cheart go bhfaighidh an ionstraim um maoiniú seachtrach na hathshreabha ná na méideanna státchiste sin mar ioncam sannta seachtrach thar an 31 Nollaig 2027. Gan dochar do na cinntí atá le déanamh i ndáil leis na creataí airgeadais ilbhliantúla ina dhiaidh sin, tar éis an dáta sin, is iad na sásraí maoinithe dá éis sin a gheobhaidh na cistí sin go dtí go mbeidh siad ídithe.

(10)

Ba cheart na hathshreabha ó Shaoráid Infheistíochta ACC, i bhfianaise an mhéid foriomlán measúnaithe don thréimhse 2021-2027, a aistriú ar bhonn bliantúil mar bhreisiú le línte buiséid ábhartha na hionstraime um maoiniú seachtrach, i gcomhréir leis na doiciméid chlársceidealaithe.

(11)

Ba cheart don Choimisiún na cistí a eascraíonn ó athshreabha a chur tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), lena n-áirítear trí CEFI+, chun go mbainfear an leas is mó as a dtionchar forbartha agus a mbreisíocht, agus cuirfear ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht fiachais san áireamh chomh maith. Ba cheart gach oibríocht a bheith faoi réir rialachas CEFI+ agus phrionsabal “an bheartais chun tosaigh”.

(12)

I gcomhréir le togra ICFCI, ba cheart na cistí a eascraíonn ó athshreabha a dhíriú go príomha ar ionstraimí forbartha a bhfuil rioscaí arda airgeadais ag baint leo, go háirithe tionchar airgeadais, cistí cothromais agus gníomhaíocht sna tíortha lagfhorbartha (LDCanna). Ba cheart do na hoibríochtaí a bheith dírithe ar an tionchar forbartha a uasmhéadú.

(13)

De bhun Airteagal 152(4) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (7), déanfar sciar na Ríochta Aontaithe de Shaoráid Infheistíochta ACC ó CEF, cistí atá carntha trí thréimhsí leantacha CEF, a aisíoc leis an Ríocht Aontaithe de réir mar a aibeoidh an infheistíocht. Mura gcomhaontófar a mhalairt, níor cheart sciar caipitil na Ríochta Aontaithe a ghealladh arís thar dheireadh an 11ú tréimhse gealltanais CEF ná a rolladh isteach i dtréimhsí dá n-éis sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le hoibríochtaí faoi Shaoráid Infheistíochta ACC, cuirtear síneadh leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 1(5) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF go dtí an 30 Meitheamh 2021, ar lena linn a fhéadfar na cistí a eascraíonn ó na hathshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a ghealladh, nó go dtí go dtiocfaidh an Rialachán lena mbunaítear an ionstraim um maoiniú seachtrach, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2021, chun go mbeifear in ann gealltanais nua maidir le hathshreabha a thabhairt faoi Shaoráid Infheistíochta ACC.

Airteagal 2

1.   Is ranníocaíochtaí i leith na hionstraime um maoiniú seachtrach, in ioncam sannta seachtrach, a bheidh sna cistí sin a eascraíonn ó na hathshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú, agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, chun críoch cistiú a chur ar fáil trí BEI trí mheán ráthaíochtaí buiséadacha agus measctha faoi CEFI+, Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus ionstraimí airgeadais nó aon chineál eile tacaíochta neamh-inaisíoctha i gcomhréir le prionsabail, cuspóirí agus rialachas CEFI+.

2.   Gan dochar do na cinntí atá le glacadh i ndáil leis na creataí airgeadais ilbhliantúla ina dhiaidh sin, tar éis an 31 Nollaig 2027, agus go dtí go n-ídeofar na hathshreabha, is ranníocaíochtaí a bheidh sna cistí a eascraíonn ó athshreabha sin i leith ionstraimí an Aontais um maoiniú seachtrach ina dhiaidh sin, ionstraimí a chuirfear in ionad na hionstraime um maoiniú seachtrach.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn “athshreabha” aon ioncam, lena n-áirítear díbhinní, gnóthachain chaipitiúla, táillí ráthaíochta agus ús ar iasachtaí, ar mhéideanna in aon chuntas a osclaítear chun airgead arna choinneáil thar ceann Shaoráid Infheistíochta ACC a thaifeadadh. Ciallaíonn “athshreabha” freisin luach saothair ó infheistíochtaí státchiste, agus aisíocaíochtaí, lena n-áirítear aisíocaíochtaí caipitil, ráthaíochtaí a scaoileadh agus aisíocaíochtaí ar phríomhshuim iasachtaí, a eascraíonn ó oibríochtaí faoi Shaoráid Infheistíochta ACC. Measfar gur athshreabha iad na cistí a eascraíonn ó shaoradh athshreabh freisin.

4.   Beidh athshreabha faoi réir na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme de chuid na hionstraime um maoiniú seachtrach.

Airteagal 3

Cuirfear na ranníocaíochtaí i leataobh le haghaidh tíortha ACC.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021, cé is móite d'Airteagal 2, a mbeidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021, nó amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena mbunaítear an ionstraim um maoiniú seachtrach, cibé acu is déanaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(2)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(3)  Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 maidir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 420, 14.12.2020, lch. 32).

(4)  Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI, agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 1296/2013, (AE) Uimh 1301/2013, (AE) Uimh 1303/2013, (AE) Uimh 1304/2013, (AE) Uimh 1309/2013, (AE) Uimh 1316/2013, (AE) Uimh 223/2014, (AE) Uimh 283/2014, agus Cinneadh Uimh 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


Top