Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0979

    Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 le haghaidh Cinneadh ón gComhairle a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeán idirnáisiúnta oscailte

    ST/8762/2020/INIT

    IO L 218, 8.7.2020, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/11/2022: This act has been changed. Current consolidated version: 25/11/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/979/oj

    8.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 218/1


    CINNEADH (CBES) 2020/979 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Iúil 2020

    le haghaidh Cinneadh ón gComhairle a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeán idirnáisiúnta oscailte

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (“SALW”) agus a n-armlón, dar teideal “Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint” (“Straitéis SALW an Aontais”). Is é cuspóir Straitéis SALW an Aontais gníomhaíocht Eorpach chomhtháite, chomhchoiteann agus chomhordaithe a threorú chun fáil aindleathach SALW agus a n-armlón ag sceimhlitheoirí, ag coirpigh agus ag gníomhaithe neamhúdaraithe eile, a chosc agus a shrianadh, agus chun cuntasacht agus freagracht maidir le trádáil dhlíthiúil arm a chur chun cinn.

    (2)

    Léirítear i Straitéis SALW an Aontais gur príomhchúis le hatreorú arm agus armlón ó na margaí dleathacha chuig na margaí aindleathacha is ea drochshlándáil stoc-charn. Geallann an tAontas agus a Bhallstáit go gcuideoidh siad le tíortha eile feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit trí na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus na hinstitiúidí náisiúnta a neartú a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn SALW agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála.

    (3)

    Tá caighdeáin agus dea-chleachtais forbartha ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí‐Armála (UNODA) chun mionairm agus armlón a bhainistiú: na Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le hArmlón (IATG) agus Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC), ar a dtugtaí na Caighdeáin Rialaithe Idirnáisiúnta um Mionairm (ISACS). Le Straitéis SALW an Aontais, cuirtear de cheangal ar an Aontas caighdeáin agus dea‐chleachtais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.

    (4)

    An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Mionarmán agus Arm Éadrom aindleathach, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D'athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad le dhá oiread iarrachta a dhéanamh ar bhonn náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach stoc-charn mionarm agus arm éadrom atá i seilbh fórsaí armtha rialtais agus fórsaí slándála rialtais, go háirithe i staideanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta. D'aithin na Stáit freisin cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe a neartú.

    (5)

    Dearbhaítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe NA nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach.

    (6)

    Sa Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal “Securing our Common Future” [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú] (1), a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d'iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach gnáth‐arm agus ar thrádáil aindleathach gnáth‐arm agus d'iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm. Tá cinneadh déanta ag an Aontas tacú le Gníomhaíocht 22 an Chláir Oibre: “Stoic‐chairn iomarcacha ar beag cúram a dhéantar dóibh a chosaint”.

    (7)

    Cuireann Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta sa Chomhrac i gcoinne Mianach a fhorbairt, a athbhreithniú agus a chur chun cinn, agus, trína Fhoireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón (AMAT), cuireann sé le forbairt, athbhreithniú agus scaipeadh na dTreoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le hArmlón (IATG). Is cuid de Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) í an Fhoireann Chomhairleach um Bainistiú Armlón (AMAT). Cruthaíodh AMAT mar thoradh ar thionscnamh comhpháirteach idir GICHD agus UNODA mar fhreagairt ar an ngéarghá atá le tacaíocht do Stáit i ndáil le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach armlóin, i gcomhréir le IATG.

    (8)

    An 4 Nollaig 2017, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún 72/55 maidir le fadhbanna a eascraíonn as carnadh barrachas gnáthstoc-chairn armlóin. Leis an rún sin, tacaítear le tionscnaimh ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta a thugann léargas ar bhainistiú inbhuanaithe armlóin a fheabhsú, lena n‐áirítear trí IATG a chur chun feidhme.

    (9)

    Is príomhdheontóirí iad an tAontas agus a Bhallstáit le haghaidh cúnamh rialaithe mionarm agus forbairt acmhainne i gcoitinne, agus don tslándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn go háirithe. Cé go bhfuil caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta éagsúla ann chun stoc-charn a bhainistiú, níl aon mhodheolaíocht chaighdeánaithe ann a aithnítear go hidirnáisiúnta chun measúnuithe neamhspleácha a dhéanamh agus comhlíonadh a bhailíochtú de réir na gcaighdeán sin. Dá bhrí sin, is deacair an tionchar atá ag cúnamh an Aontais don tslándáil stoc-chairn arm a thomhas.

    (10)

    Le modheolaíocht a aithnítear go hidirnáisiúnta chun comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta um bainistiú arm a bhailíochtú go neamhspleách, beifear in ann an tionchar a bheidh ag cúnamh an Aontais do thriú tíortha maidir le bainistiú stoc-charn arm a thomhas; tacóidh sé freisin leis an measúnú riosca i gcomhthéacs onnmhairiú arm a rialú agus cúnamh míleata a sholáthar.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, don Aontas tacú le tionscadal chun an fhéidearthacht a shuíomh córas deonach a aithnítear go hidirnáisiúnta a fhorbairt chun bainistiú arm agus armlóin a bhailíochtú ar bhonn caighdeáin idirnáisiúnta oscailte,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   D'fhonn Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm & Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón dar teideal “Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint” (“Straitéis SALW an Aontais”) a chur chun feidhme agus an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, tacóidh an tAontas le tionscadal le staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé córas a aithnítear go hidirnáisiúnta a bhunú chun beartais agus cleachtais a bhailíochtú le haghaidh bainistiú sábháilte agus slán ar SALW agus ar armlón.

    Dhá chéim a bheidh sa tionscadal, “Céim 1” agus “Céim 2”:

    Le linn Chéim I, sa chéad bhliain den chur chun feidhme, déanfar staidéar féidearthachta chun Córas Bailíochta i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) a fhorbairt, córas lena ndéanfar imscrúdú ar na roghanna le haghaidh modheolaíocht agus uirlisí iomchuí le haghaidh measúnú riosca agus cáilíochta;

    Faoi réir mhír 2, le linn Chéim II, bunaithe ar thoradh staidéar féidearthachta Chéim I, forbrófar coincheap chun AAMVS a chruthú.

    Leagtar amach cur síos ar an tionscadal san Iarscríbhinn.

    2.   Cinnfidh an Chomhairle ar bhonn thoradh an staidéir féidearthachta a eascróidh as Céim I den tionscadal an gcuirfear Céim II den tionscadal chun feidhme.

    Airteagal 2

    1.   Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

    2.   Is é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD), agus a shainghníomhaireacht, an Fhoireann Chomhairleach um Bainistiú Armlón (AMAT), a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

    3.   Déanfaidh GICHD a chuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le GICHD.

    Airteagal 3

    1.   Is é EUR 1 642 109 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1.

    2.   EUR 821 872 a bheidh sa mhéid atá beartaithe chun Céim I den tionscadal a chumhdach. Úsáidfear an méid atá fágtha, EUR 820 237, má chinneann an Chomhairle Céim II den tionscadal a chur chun feidhme.

    3.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú airgeadais is gá i gcrích le GICHD. Sonróidh an comhaontú airgeadais go n-áiritheoidh GICHD infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais chun críche.

    Airteagal 4

    1.   Cuirfidh an tArdionadaí tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte leathbhliana rialta arna n-ullmhú ag GICHD. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheasúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir le gnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Rachaidh an Cinneadh seo in éag 14 tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3 (4) i gcrích, mura gcinneann an Chomhairle fad a chur leis an gCinneadh chun go bhféadfar Céim II den tionscadal a chur chun feidhme, nó, murar cuireadh aon chomhaontú i gcrích laistigh den tréimhse sin, sé mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  https://www.un.org/disarmament/publications/more/securing-our-common-future/


    IARSCRÍBHINN

    TIONSCADAL LE CÓRAS A FHORBAIRT A AITHNÍTEAR GO HIDIRNÁISIÚNTA CHUN BAINISTIÚ ARM AGUS ARMLÓIN A BHAILÍOCHTÚ AR BHONN CAIGHDEÁIN IDIRNÁISIÚNTA OSCAILTE-

    1.   An Réasúnaíocht maidir le tacaíocht CBES

    Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo slándáil agus sábháilteacht stoc-chairn mionarm agus arm éadrom (SALW) agus armlóin a fheabhsú trí chóras a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta lena bhféadfaí comhlíonadh na mBallstát i leith caighdeáin idirnáisiúnta oscailte a bhailíochtú/dheimhniú go neamhspleách, ar bhonn deonach, agus lena dtaispeánfaí a gcumas aghaidh a thabhairt ar atreorú agus ar phléascanna a tharlaíonn de thimpiste agus an dá rud sin a chosc.

    De thoradh atreorú agus leathadh aindleathach SALW agus armlóin, cuirtear leis an gcoireacht, leis an sceimhlitheoireacht, leis an bhforéigean armtha agus leis an éagobhsaíocht, agus baintear an bonn den fhorbairt inbhuanaithe, den dea-rialachas, den smacht reatha, chomh maith leis an rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte, ar cheartas agus ar chearta sibhialta eile. Ar a bharr sin, is féidir mionairm agus armáin éadroma aindleathacha a úsáid chun gníomhartha tromchúiseacha foréigin inscnebhunaithe a dhéanamh nó a éascú. D'fhéadfadh atreorú agus leathadh aindleathach SALW agus armlóin an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil, agus d'fhéadfadh sé Stáit agus sochaithe agus, ar deireadh, réigiúin iomlána, a dhíchobhsú. Á dhéanamh sin dó, baineann sé an bonn den dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), go háirithe SDG 16 (an tSíocháin, an Ceartas agus Institiúidí Láidre), chomh maithe le SDG 5 (an Comhionannas Inscne) agus SDG 11 (Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe).

    Tá ról lárnach ag bainistiú slán, sábháilte agus inbhuanaithe stoc-chairn náisiúnta SALW agus armlóin má tá an leathadh aindleathach le srianadh. An phríomhchúis gur féidir arm agus armlóin a atreorú ó mhargaí dleathacha chuig margaí aindleathacha is ea bainistiú neamhéifeachtach stoc-chairn. Is forbhásaí ar fad an bainistiú stoc-chairn i stáit ina bhfuil coinbhleacht fhoréigneach nó ag a bhfuil institiúidí agus struchtúir rialachais laga. Sna comhthéacsanna sin, trí bhainistiú slán, sábháilte agus inblwhuanaithe stoc-chairn a chothú, cuirtear le cuntasacht agus freagracht na n-údarás náisiúnta atreorú SALW agus armlóin a chosc, rud a chuirfidh feabhas, dá bhrí sin, ar chobhsaíocht, ar fhorbairt agus ar dhea-rialachas.

    Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag cuidiú le tríú tíortha le tamall anuas feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-chairn náisiúnta trí chreataí náisiúnta reachtacha agus riaracháin a neartú mar aon le hinstitiúidí a rialaíonn soláthar dlisteanach agus SALW agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála agus bainistiú stoc-charn den sórt sin. Ach is deacair tionchar an chúnaimh sin a thomhas. Faoi láthair, níl aon sásra idirnáisiúnta ann le gur féidir le tríú tíortha a léiriú go bhfuil ceanglais rialála agus caighdeáin theicniúla agus bainistíochta á gcomhlíonadh acu. D'fhéadfadh sé sin fadhbanna a chruthú do Stáit a bhfuil infheistíocht déanta acu ina mbeartais agus a gcleachtais bainistithe SALW agus armlóin ach nach bhfuil muinín ag a gcomhpháirtithe idirnáisiúnta astu mar gheall ar sheantaifid teiste maidir le hatreorú agus maidir le drochbhainistiú agus drochshlándáil stoc-chairn.

    Cé gurb ann do chaighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais maidir le bainistiú agus slándáil stoc-chairn, níl aon mhodheolaíocht chaighdeánaithe ann a aithnítear go hidirnáisiúnta chun measúnuithe neamhspleácha a dhéanamh agus comhlíonadh a bhailíochtú de réir na gcaighdeán sin. I roinnt mhaith earnálacha, earnálacha tionsclaíocha agus rialtasacha araon, is gá ráthaíocht de chineál éigin a bheith ann lena mbaineann deimhniú nó bailíochtú d'fhonn cáilíocht, sábháilteacht agus slándáil táirgí agus seirbhísí, mar aon le comhlíonadh na norm idirnáisiúnta, a thaispeáint. Is sampla aitheanta é na deimhnithe a rialaíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) a eisiúint. Is féidir an modh céanna a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú sábháilte agus slán stoc-chairn SALW agus armlóin.

    Le córas deimhniúcháin nó bailíochtaithe, bheadh Stát a bhfuil infheistíocht déanta aige i mbainistiú agus i slándáil stoc-charn in ann a léiriú go deonach go gcomhlíonann a chóras i ndáil le bainistiú SALW agus armlóin (i.e. beartais agus cleachtais) caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta. Léireodh deimhniú deonach na mbeartas agus na gcleachtas náisiúnta gur tugadh aghaidh ar na rioscaí go dtarlódh pléascanna de thimpiste agus atreorú agus gur maolaíodh an baol sin mar fíorófar go neamhspleách go mbeidh caighdeáin idirnáisiúnta curtha chun feidhme. Anuas air sin, chuirfeadh an ráthaíocht le muinín na bpobal áitiúil agus na gcomhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta, as cumas an Stáit a stoc-chairn a rialú agus a bhainistiú go héifeachtach, gan iachall a chur ar an Stát faisnéis a nochtadh a bhaineann le cineál agus méid a stoc-charn SALW agus armlóin. D'fhéadfaí deimhniú a úsáid freisin mar bhonn eolais do mheasúnuithe riosca maidir le hatreorú arna ndéanamh ag Stáit a sholáthraíonn airm i gcomhthéacs rialú ar onnmhairiú arm (amhail na measúnuithe a leagtar amach faoin gConradh Trádála Arm (ATT) agus faoi Airteagal 11 agus Critéir 7 de Chomhsheasamh 2008/944/CBES (1)).

    Ina theannta sin, maidir le comhar agus cúnamh i réimse an rialaithe ar SALW agus armlón, féadfar treoir a chur ar fáil le deimhniúchán agus bailíochtú maidir le cinntí clársceidealaithe agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí cúnaimh a rinneadh san am a chuaigh thart a ionchorprú i measúnuithe tionchair.

    Tá an tionscadal seo ábhartha freisin i gcomhthéacs obair leanúnach an Ghrúpa Saineolaithe Rialtais, atá ag scrúdú fadhbanna a eascraíonn as carnadh stoc-charn gnátharmlóin ina bhfuil barrachas, mar fhreagairt ar ghlacadh Rún 72/55 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí na Nollag 2017.

    2.   Réamhrá

    Déanfaidh an tionscadal seo staidéar ar a indéanta atá sé córas a bhunú a aithnítear go hidirnáisiúnta lena bhféadfaí beartais agus cleachtais bainistithe SALW agus armlóin a bhailíochtú/dheimhniú. Is riosca é atreorú SALW agus armlóin chuig gníomhaithe neamhúdaraithe atá i láthair feadh an tslabhra soláthair, ó mhonarú chuig aistriú (onnmhairiú, idirthuras agus allmhairiú), tríd an stoc-charnadh (stóráil agus úsáid), go dtí an diúscairt (aistriú agus scriosadh). Baineann riosca le stoc-chairn armlóin go bpléascfaidh siad trí thimpiste, go háirithe i gcás stórála ach ag pointí eile de shlabhra soláthair na stoc-charn freisin. Is freagracht Stáit é aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus teastaíonn cur chuige cuimsitheach saolré i gcomhréir le noirm agus bearta náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, na Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATG), Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC), dea-chleachtais arna n-eisiúint ag an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus Foilseacháin Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stóráil agus Iompar Armlón na gComhghuaillithe (NATO-AASTP).

    Is é príomhaidhm an tionscadail seo tacú le beartais agus cleachtais bainistithe SALW agus armlóin a bhunú atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe i dtíortha a bhfuil taifid teiste gur tharla atreorú agus pléascanna de thimpiste. Go sonrach, leis an tionscadal seo cruthófar agus anailíseofar roghanna le haghaidh córas a aithnítear go hidirnáisiúnta lena bhféadfaí beartais agus cleachtais a dheimhniú/a bhailíochtú i ndáil le bainistiú slán sábháilte SALW agus armlóin feadh an tslabhra soláthair. Tacóidh an tionscadal le córas a fhorbairt lena bhféadfaidh Stáit a léiriú go deonach trí mheasúnú neamhspleách gur tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin agus go bhfuil a chuid beartas agus cleachtas bainistithe arm i gcomhréir le caighdeáin oscailte idirnáisiúnta.

    Tacaíonn an tionscadal seo le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh chun carnadh aindleathach mionarm agus arm éadrom, mar aon lena n-armlón, agus an gháinneáil a dhéantar orthu a chomhrac (“Straitéis SALW AE”). Tá sé mar aidhm aige neart a chur le hacmhainn na Stát is tairbhithe maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe, na hionstraime idirnáisiúnta rianaithe, an Chonartha Trádála Arm (CTA), Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (go háirithe Spriocanna 16 (sprioc 16.4), 5 agus 11), agus Agenda for Disarmament [an Chláir Oibre um Dhí-armáil] ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (2018, Gníomhaíocht 22: Dí-armáil a shábhálann beatha). Cuirfidh cur chun feidhme an tionscadail le trédhearcacht agus cuntasacht i rialachas agus i mbainistiú gnátharm agus gnátharmlóin i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta, lena n-áirítear IATG, MOSAIC, Treoirlínte ESCE agus NATO‐AASTP. Cuirfear san áireamh freisin sa tionscadal na torthaí agus iarrachtaí atá á ndéanamh ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhí-Armáil maidir le bainistiú inscne-íogair armán agus armlóin.

    3.   Sprioc agus Príomhchuspóirí an Tionscadail

    Is é sprioc fhoriomlán an tionscadail seo slándáil agus sábháilteacht feabhsaithe ar bhonn domhanda na stoc‐charn SALW agus armlóin trí chóras a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta lena bhféadfaí comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta oscailte i ndáil le bainistiú stoc-chairn náisiúnta mionarm agus armlóin a bhailíochtú/dheimhniú go neamhspleách.

    Táthar ag súil le go bhfreastalóidh toradh an tionscadail ar thríú tíortha (Ballstáit nach Ballstáit de chuid an Aontais iad) a raibh dúshláin acu maidir le bainistiú sábháilte agus slán arm agus armlón, rud a d'fhág gur tharla atreorú arm agus pléascanna neamhbheartaithe.

    Ar mhaithe leis an inléiteacht, tabharfar Córais Bailíochtaithe maidir le Bainistiú Arm agus Armlóin nó AAMVS sa togra seo ar chórais a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte.

    Chun an sprioc sin a bhaint amach, is iad seo a leanas cuspóirí an tionscadail:

    (a)

    staidéar féidearthachta a dhéanamh ar na roghanna lena bhforbrófar Córas Bailíochtaithe maidir le Bainistiú Arm agus Armlóin trí mhodheolaíocht agus uirlisí measúnaithe riosca agus cáilíochta iomchuí a fhorbairt;

    (b)

    bunaithe ar thorthaí chuspóir a), coincheap agus bealach chun tosaigh a fhorbairt chun Córas Bailíochtaithe maidir le Bainistiú Arm agus Armlóin a aithnítear go hidirnáisiúnta a bhaint amach, d'fhonn atreorú agus pléascanna a tharlaíonn de thimpiste i stoc-chairn arm agus armlóin a chosc.

    4.   Cur síos ar an Tionscadal

    I bhfianaise na héiginnteachta maidir leis an taisteal idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus an mian aerthaisteal a laghdú i ngeall ar an athrú aeráide, i gcás inar féidir agus inarb indéanta, breathnófar ar na roghanna cruinnithe nach gá taisteal (d'aer) dá réir.

    Céim I: Measúnú a dhéanamh ar indéantacht AAMVS a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur ar bun.

    4.1.   Comhdhlúthú an Tionscadail

    Cuspóir: plean cur chun feidhme foriomlán an tionscadail a fhorbairt i gcomhar le SEGS agus leis na comhpháirtithe, raon feidhme an staidéir féidearthachta a fhorbairt, lena n-áirítear an mhodheolaíocht agus agallaimh le príomhgheallshealbhóirí (KSI) a shainaithint, meitheal saineolaithe a bhunú chun tacaíocht a thabhairt don staidéar féidearthachta agus athbhreithniú a dhéanamh air, agus feasacht ar an tionscadal a ardú.

    Gníomhaíochtaí: áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí sonracha a dhéanfar faoin aschur sin agus a cuirfear chun feidhme le linn an chéad dá mhí den tionscadal:

    1.

    Plean Tionscadail a fhorbairt (Bliain 1, Mí 1): comhairliúcháin leis an gcroífhoireann tionscadail chun bailchríoch a chur ar phleanáil/amlínte an tionscadail, freagrachtaí, agus raon feidhme agus modheolaíocht an staidéir féidearthachta.

    2.

    Meitheal na Saineolaithe a bhunú (Bliain 1, Mí 1): saineolaithe ábhartha a shainaithint (deichniúr ar a mhéad) agus cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach sa i Mheitheal na Saineolaithe. Cleachtóirí (ag a bhfuil saineolas i mbainistiú arm, i measúnuithe náisiúnta a dhéanamh ar bhainistiú arm agus armlóin, i gcreidiúnú agus i ndeimhniúchán, i rialú arm, in SALW agus i monarú armlóin) a bheidh i Meitheal na Saineolaithe. Cuirfidh sé tacaíocht leanúnach ar fáil mar aon le hathbhreithniú saineolach ar an staidéar féidearthachta agus ar an bhforbairt a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an modheolaíocht bailíochtaithe. Déanfaidh an fhoireann tionscadail na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aird ar inscne agus éagsúlacht i gcomhdhéanamh na Meithle.

    3.

    Ceardlann Thionscanta (Bliain 1, Mí 2): ceardlann lae a eagrú sa Ghinéiv ina dtabharfar le chéile 20 príomhgheallshealbhóir (lena n-áirítear an chroífhoireann tionscadail, iad siúd arna n-ainmniú ag an Aontas/SEGS, an Mheitheal, agus ionadaithe na gcomhpháirtithe) chun raon feidhme agus modheolaíocht an staidéir féidearthachta a chur i láthair agus tús a chur leis an tionscadal. Déanfar an cheardlann a dhearadh agus a chur chun feidhme agus inscne agus éagsúlacht á gcur san áireamh.

    Torthaí: plean tionscadail a tháirgeadh, teacht ar chomhaontú faoi raon feidhme an tionscadail, Meitheal na Saineolaithe a bhunú, feasacht mhéadaithe ar an tionscadal a ardú, tuarascáil achoimre ar an gceardlann tionscanta a tháirgeadh.

    4.2.   Réamhanailís

    Cuspóir: réamhanailís a dhéanamh chun tuiscint níos forbartha a fháil ar an ngá atá le AAMVS a fhorbairt. Is é sin an chéad gharsprioc a bheidh ann don tionscadal. Mura mbeidh aon chur i gcoinne dosháraithe le linn an mheasúnaithe seo, rachaidh an tionscadal ar aghaidh agus déanfar an staidéar féidearthachta iomlán.

    Gníomhaíochtaí: áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí sonracha a chuirfear chun feidhme le linn an chéad chúig mhí den tionscadal:

    1.

    Staidéar Deisce (Bliain 1, Mí 2 go 5): litríocht, ionstraimí, treoirlínte, nósanna imeachta agus caighdeáin oscailte ábhartha a bhaineann le bainistiú stoc-chairn arm agus armlóin a chomhthiomsú agus a athbhreithniú agus forléargas a thabhairt ar na sásraí ábhartha idirnáisiúnta bailíochtaithe agus deimhniúcháin.

    2.

    Agallaimh le Príomhgheallshealbhóirí (Bliain 1, Mí 2 go 5):: modheolaíocht a fhorbairt le haghaidh agallaimh le príomhgheallshealbhóirí (KSI) agus úsáid a bhaint as an modheolaíocht sin chun agallamh a chur ar chleachtóirí beartais ábhartha chun tuiscint a fháil ar an ngá atá le AAMVS a fhorbairt agus ar an dea-thoil a bhaineann leis sin. Déanfar KSIanna a reáchtáil trí theileachumarsáid agus i bpearsa i Vín, sa Bhruiséil agus i Nua Eabhrac, agus ar thaobhlínte cruinnithe/comhdhálacha ábhartha chomh maith (e.g. Siompóisiam MSAG, Cruinnithe Stáit Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe, Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Comhdháil CTA de chuid na bPáirtithe Stáit, agus cruinnithe réigiúnacha éagsúla). Sainaithneofar KSIanna agus inscne agus éagsúlacht á gcur san áireamh.

    3.

    Réamhthuarascáil (Bliain 1, Mí 4 go 5): bunaithe ar an staidéar deisce agus ar na KSIanna, tuarascáil a dhréachtú ina míneofar an gá atá le AAMVS a chruthú. Cuirfear in iúl go soiléir sa tuarascáil cé acu a leanfar nó nach leanfar leis an staidéar féidearthachta, agus más rud é go leanfar leis, tabharfar achoimre inti ar raon feidhme an staidéir.

    Torthaí: staidéar deisce, modheolaíocht agus anailís KSI, páipéar cúlra maidir le AAMVS a fhorbairt.

    4.3.   Staidéar Féidearthachta

    Cuspóir: measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus ar na roghanna chun AAMVS a fhorbairt, trí mhodheolaíochtaí agus uirlisí iomchuí measúnaithe riosca agus cáilíochta a fhorbairt. Beidh na seacht gceist seo a leanas a bhaineann le AAMVS a bhunú mar threoir ag an staidéar féidearthachta:

    An bhfuil an córas indéanta go teicniúil agus go hoibríochtúil?

    An bhfuil an córas indéanta ó thaobh an dlí de?

    An bhfuil an córas indéanta ó thaobh na heacnamaíochta/na tráchtála de?

    An bhfuil an córas indéanta ó thaobh na polaitíochta de?

    An bhfuil an córas indéanta i dtéarmaí slándála míleata?

    An bhfuil an córas indéanta i dtéarmaí sábháilteachta agus slándála don phobal?

    An bhfuil an córas indéanta laistigh de thréimhse réasúnta ama?

    Gníomhaíochtaí: áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí sonracha a dhéanfar faoin aschur sin agus a cuireadh chun feidhme le linn an chéad dá mhí dhéag den tionscadal:

    1.

    Ceardlanna Saineolaithe (Bliain 1, Mí 5 go 11): reáchtálfar trí cheardlann, ina dtabharfar le chéile suas le deichniúr comhaltaí de Mheitheal na Saineolaithe chun an staidéar féidearthachta a phlé agus a fhorbairt. Go fíorúil a reáchtálfar an chéad dá cheardlann, agus beidh an tríú ceardlann ina himeacht dhá lá sa Ghinéiv. Díreoidh an chéad cheardlann ar athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí na réamhthuarascála agus ar imlíne an staidéir féidearthachta a shainiú. Díreoidh an dara ceardlann ar na gnéithe teicniúla agus oibríochtúla a bhaineann le bunú AAMVS a fhiosrú. Díreoidh an chéad lá den tríú ceardlann ar na gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha de chóras den sórt sin, mar aon leis an amlíne don chóras, agus déanfaidh an dara lá den tríú ceardlann an staidéar féidearthachta ina iomláine a mheas. Déanfar na ceardlanna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus inscne agus éagsúlacht á gcur san áireamh.

    2.

    Tuarascálacha ar Cheardlanna na Saineolaithe (Bliain 1, Mí 5 go dtí 11): i ndiaidh gach ceardlainne, dréachtófar tuarascáil ar an gceardlann agus roinnfear í le rannpháirtithe Mheitheal na Saineolaithe agus SEGS. Tabharfar achoimre sna tuarascálacha ar an bpríomhphlé, agus leagfar béim ar phointí cóineasaithe agus éagsúlachta.

    3.

    Tuarascáil Féidearthachta (Bliain 1, Mí 11 go 12): tuarascáil ina leagfar amach na roghanna chun AAMVS a fhorbairt, trí mhodheolaíochtaí agus uirlisí measúnaithe riosca agus cáilíochta iomchuí a fhorbairt.

    Torthaí: ceardlanna agus tuarascálacha saineolaithe, agus tuarascáil féidearthachta ina leagfar amach roghanna le haghaidh córas idirnáisiúnta bailíochtaithe/deimhniúcháin maidir le bainistiú stoc-chairn arm agus armlóin.

    4.4.   Cruinnithe bliantúla maidir le bailíochtú/deimhniú ar stoc-chairn arm agus armlóin

    Cuspóir: feasacht faoin tionscadal a mhéadú, cur i láthair a dhéanamh ar dhul chun cinn an tionscadail, agus taithí a roinnt i measc Stáit an Aontais agus chomhpháirtithe an Aontais maidir leis na modheolaíochtaí agus córais idirnáisiúnta bailíochtaithe/deimhniúcháin atá ann cheana.

    Gníomhaíochtaí: suas le dhá chruinniú aon lae (a thionólfar ag deireadh an chéad bhliain agus an dara bliain den tionscadal, faoi seach). Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil agus díreofar iontu ar gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, ionadaithe SEGS agus an Choimisiúin, agus comhpháirtithe ábhartha chun feasacht ar an tionscadal a mhéadú agus staidéar féidearthachta (ag deireadh Chéim I), agus modheolaíocht agus uirlisí measúnaithe riosca agus cáilíochta (ag deireadh Chéim II) a chur i láthair.

    Is é an chéad chruinniú bliantúil an dara ceann de gharspriocanna an tionscadail.

    Torthaí: malartuithe faisnéise idir na geallsealbhóirí maidir le bearta chun atreorú a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar an atreorú sin; tuarascáil ón gcruinniú.

    Breithneoidh an Chomhairle an staidéar féidearthachta ag eascairt as Céim I agus déanfaidh sí cinneadh an leanfar leis an tionscadal agus an gcuirfear Céim II chun feidhme. Rachaidh an tionscadal in éag tar éis 14 mhí, ach amháin má dhéanann an Chomhairle cinneadh síneadh a chur leis chun go bhféadfar Céim II a chur chun feidhme. Má shocraítear go rachaidh sé in éag faoi 14 mhí, in ionad 12 mhí, thabharfaí am don Chomhairle toradh an staidéir féidearthachta a mheas.

    Céim II: Plean a fhorbairt chun Córas Bailíochta i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) a chruthú.

    4.5.   Forbairt modheolaíochta, uirlisí agus acmhainní bailíochtaithe/deimhniúcháin

    Cuspóir: díreoidh formhór Chéim II ar choincheap agus plean forbartha a fhorbairt chun AAMVS a bhunú.

    Nóta 1: Beidh cur chun feidhme Chéim II ag brath ar an nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh nua chun síneadh a chur leis an tionscadal bunaithe ar thoradh an staidéir féidearthachta (Céim I).

    Gníomhaíochtaí: áirítear an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí sonracha a dhéanfar faoin aschur sin agus a chuirfear chun feidhme le linn an chéad dá bhliain den tionscadal:

    Plean Tionscadail Chéim II (Bliain 2, Mí 1): comhairliúcháin leis an gcroífhoireann tionscadail chun bailchríoch a chur ar phleanáil/amlínte, freagrachtaí, comhar, raon feidhme an chúnaimh theicniúil (i.e. ceardlanna réigiúnacha agus cuairteanna píolótacha meastóireachta/bailíochtaithe chun modheolaíocht a thástáil) Chéim II.

    Ceardlann Pleanála Chéim II (Bliain 2, Mí 2): ceardlann lae a eagrú sa Ghinéiv le 20 príomhgheallshealbhóir a thabhairt le chéile (lena n-áirítear an chroífhoireann tionscadail, iad siúd arna n‐ainmniú ag an Aontas/SEGS, Meitheal na Saineolaithe, agus ionadaithe na gcomhpháirtithe) chun raon feidhme agus ábhar AAMVS a chomhaontú.

    Ceardlanna Saineolaithe maidir le Forbairt Modheolaíochta (Bliain 2, Mí 3 go 8): trí cheardlann ina dtabharfar le chéile Meitheal na Saineolaithe agus saineolaithe maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a dheimhniú agus a chreidiúnú chun plean forbartha a phlé agus a dhréachtú d'fhonn AAMVS a chruthú. Go fíorúil a reáchtálfar dhá cheann de na ceardlanna sin, agus beidh an tríú ceardlann ina himeacht lae sa Ghinéiv.

    Ceardlann bailíochtaithe (Bliain 2, Mí 9): ceardlann bailíochtaithe aon lae sa Ghinéiv, ina dtabharfar 20 rannpháirtí le chéile agus ina dtabharfar deis don fhoireann tionscadail, do Mheitheal na Saineolaithe, agus do shaineolaithe maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a dheimhniú agus a chreidiúnú plean forbartha AAMVS a chur i láthair. Ní hamháin go bhfónfadh an cheardlann seo chun feasacht a mhéadú maidir leis na tairbhí agus na módúlachtaí a bhaineann le AAMVS ach bheadh deis ann freisin céimeanna nithiúla a shainaithint a bheidh le déanamh chun forbairt agus cur chun feidhme AAMVS a áirithiú. Déanfar an cheardlann a dhearadh agus a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar inscne agus ar éagsúlacht.

    Plean forbartha maidir le AAMVS a thabhairt chun críche agus na chéad chéimeanna eile a shainaithint (Bliain 2, Mí 10-12): leasú a dhéanamh ar an bplean bunaithe ar aiseolas ón gceardlann bailíochtaithe agus an plean forbartha a fhoilsiú.

    Torthaí: plean chun AAMVS a fhorbairt a bhunú.

    5.   Faireachán agus Meastóireacht Tionscadail

    Cuspóir: measúnú meántéarma agus deiridh a chur ar fáil ar ghníomhaíochtaí an tionscadail chun a áirithiú gur baineadh amach cuspóirí an tionscadail, agus go bhfuil an caiteachas tionscadail i gcomhréir leis an mbuiséad comhaontaithe.

    Gníomhaíochtaí: beidh idir fhaireachán inmheánach agus mheastóireacht sheachtrach san áireamh sa tionscadal.

    Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscadail.

    Faireachán Inmheánach: bunaithe ar an gcóras bainistithe torthaí-bhunaithe a chuirtear i bhfeidhm laistigh den Fhoireann Chomhairleach um Bainistiú Armlóin (AMAT) agus a dtacaíonn foireann an chroíthionscadail leis.

    Meastóireacht Sheachtrach: i gcomhar leis an gComhairle, earcófar foireann meastóireachta seachtraí (i.e. sainchomhairleoirí neamhspleácha nach bhfuil ag obair don Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) ná don Aontas tráth a chuirfear an tionscadal chun feidhme) a dhéanfaidh athbhreithniú meántéarma agus measúnú deiridh ar an tionscadal.

    Is sa Bhruiséil a thionólfar an t-athbhreithniú meántéarma agus an measúnú deiridh, i gcomhthráth leis na cruinnithe bliantúla más féidir (féach 4.4). Ceardlann dhá lá a bheidh san athbhreithniú meántéarma, ina dtabharfar SEGS, agus ionadaithe Bhallstáit agus chomhpháirtithe an Aontais le chéile. Cruinniú dhá lá a bheidh san imeacht measúnaithe deiridh, a mbeidh SEGS, ionadaithe Bhallstáit an Aontais chomh maith le hionadaithe a chomhpháirtithe i láthair ann.

    Beidh iniúchadh airgeadais, a bheidh i gcomhréir le ceanglais an Aontais, san áireamh sa tionscadal.

    Torthaí: tuarascáil mheasúnaithe ar thionchar an tionscadail; iniúchadh airgeadais.

    6.   Gníomhaireachtaí cur chun feidhme agus comhpháirtíochtaí

    Is é GICHD, tríd AMAT, príomhghníomhaireacht cur chun feidhme an tionscadail. Go sonrach, beidh AMAT i gceannas ar an staidéar féidearthachta (Céim I) agus oibreoidh sé le comhpháirtithe ábhartha chun an coincheap maidir le modheolaíocht agus uirlisí measúnaithe (Céim II) a fhorbairt.

    Cuirfear tograí le haghaidh comhpháirtithe breise, a mbeadh a rannpháirtíocht de chineál struchtúrtha do chur chun feidhme an tionscadail, faoi bhráid CONOP lena gcomhaontú. Mar sin féin, áirítear sna comhpháirtithe ionchasacha Small Arms Survey (SAS), Conflict Armament Research (CAR) agus Golden West Humanitarian Foundation (GWHF). Faoi cheannaireacht AMAT, soláthróidh SAS agus CAR an t-eolas suntasach atá ag a n-institiúidí don tionscadal chomh maith leis an saineolas maidir le gach gné den atreorú, de bhainistiú an tslabhra soláthair agus de rialuithe onnmhairithe (an Conradh Trádála Arm agus Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle). Geallfaidh GWHF go dtacóidh sé le hacmhainní inmheánacha AMAT le cúnamh teicniúil i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na gcritéar measúnaithe/bailíochtaithe.

    Chun a áirithiú go mbeidh torthaí an tionscadail den chaighdeán is airde, lorgófar comhpháirtíochtaí oibríochtúla le heagraíochtaí atá speisialaithe i rioscaí, cumais agus anailísí a bhaineann le bainistiú armlóin agus arm a mheas, lena n-áirítear ionadaithe eagraíochtaí míleata, lena n-áirítear Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus an Grúpa Ilnáisiúnta Mionarm agus Armlóin, agus eagraíochtaí atá speisialaithe i bhforbairt na gcaighdeán bainistíochta agus i bhforbairt an chreidiúnaithe a bhaineann leis sin. Nascfaidh AMAT freisin le tionscadail maidir le rialú leanúnach SALW a fhaigheann cistiú ón Aontas agus le tionscadail maidir le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoic-chairn (PSSM), amhail SEESAC, iTrace agus PSSM Sahel d'fhonn an taithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh a mhalartú.

    7.   Fad agus na chéad chéimeanna eile a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá sé beartaithe go mairfidh an tionscadal 24 mhí. Rachaidh an chéad Chinneadh ón gComhairle in éag tar éis 14 mhí, agus dá bhrí sin rachaidh an tionscadal in éag tar éis 14 mhí mura gcinnfidh an Chomhairle síneadh a chur leis an tionscadal. Ba cheart gníomhaíochtaí Chéim I den tionscadal a thabhairt chun críche sa chéad bhliain den chur chun feidhme. Iarrfar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh maidir lena shíneadh sula rachaidh an Cinneadh tosaigh in éag.

    8.   Infheictheacht an Aontais

    Ceanglófar ar GICHD/AMAT gach beart iomchuí chun a phoibliú gur mhaoinigh an tAontas an tionscadal seo, i gcomhréir leis na Ceanglais maidir le Cumarsáid agus Infheictheacht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais - 2018, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Tabharfar aitheantas do thacaíocht an Aontais freisin i gcuirí agus i ndoiciméid eile a chomhroinnfear le rannpháirtithe na n-imeachtaí éagsúla. Áiritheoidh GICHD go ndéanfar ionadaíocht thar ceann an Aontais, i gcás inar féidir, ag imeachtaí a dtacaítear leo faoin gCinneadh seo.


    (1)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


    Top