This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0409
Council Decision (EU) 2020/409 of 17 February 2020 on the accession of Solomon Islands to the Interim Partnership Agreement between the European Community, of the one part, and the Pacific States, of the other part
Cinneadh (AE) 2020/409 Ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le haontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
Cinneadh (AE) 2020/409 Ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le haontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
ST/9405/2019/INIT
IO L 85, 20.3.2020, pp. 1–334
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 85, 20.3.2020, pp. 1–2
(GA)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
20/03/2020
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/409/oj
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32020D0409R(01) | (GA) | |||
| Corrected by | 32020D0409R(02) | (IT, SK) |
|
20.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CINNEADH (AE) 2020/409 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Feabhra 2020
maidir le haontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Meitheamh 2002, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíocht a thosú maidir le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche le Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. |
|
(2) |
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (2) (an “Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach”), lena mbunaítear creat do Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, i Londain an 30 Iúil 2009. Tá an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach á chur i bhfeidhm go sealadach ag Nua-Ghuine Phapua, ag Fidsí agus ag Samó ón 20 Nollaig 2009, ón 28 Iúil 2014 agus ón 31 Nollaig 2018 i leith, faoi seach. |
|
(3) |
Leagtar síos le hAirteagal 80 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach na forálacha maidir le haontachas Stáit eile, ar Oileáin san Aigéan Chiúin iad. |
|
(4) |
An 4 Meitheamh 2018, chuir Oileáin Sholomón iarraidh ar aontachas mar aon le tairiscint ar rochtain ar an margadh faoi bhráid na Comhairle. |
|
(5) |
Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar thairiscint Oileáin Sholomón agus, tar éis leasuithe, measann sé go bhfuil sé inghlactha. Dá réir sin, thug an Coimisiún an chaibidlíocht le hOileáin Sholomón i gcrích an 23 Deireadh Fómhair 2018. |
|
(6) |
De réir Airteagal 76(3) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach, tá an tAontas agus Oileáin Sholomón chun an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach a chur chun feidhme go sealadach 10 lá tar éis dóibh fógra a thabhairt dá chéile i scríbhinn go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích. |
|
(7) |
Ba cheart aontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thaisceadh Oileáin Sholomón do thaisceadh na hionstraime aontachais ag de bhun Airteagal 80(2) de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déantar aontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (an “Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach”), a fhormheas leis seo thar ceann an Aontais, faoi réir thaisceadh na hionstraime aontachais ag Oileáin Sholomón de bhun Airteagal 80(2) de.
2. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, fógra a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha eile sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach agus d’Oileáin Sholomón á rá go bhfuil aontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach formheasta ag an Aontas.
3. Tá téacs na tairisceana ar rochtain ar an margadh ó Oileáin Sholomón i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. D’fhonn an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an tAontas agus Oileáin Sholomón a chur i bhfeidhm go sealadach, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá dtagraítear in Airteagal 76(3) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach.
2. Cuirfidh an tAontas agus Oileáin Sholomón an Comhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach i bhfeidhm go sealadach 10 lá tar éis dóibh fógra a thabhairt dá chéile i scríbhinn go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 3
Ní fhorléireofar formheas aontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach mar ní a thugann cearta nó a fhorchuireann oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna nó bhinsí an Aontais nó na mBallstát.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú an 17 Nollaig 2019.