Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2115

    Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/89/2019/REV/1

    IO L 320, 11.12.2019, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2115/oj

    11.12.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 320/1


    RIALACHÁN (AE) 2019/2115 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 27 Samhain 2019

    lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Féachann tionscnamh Aontas na Margaí Caipitil leis an spleáchas ar iasachtaí ón mbanc a laghdú, le foinsí margadhbhunaithe maoinithe a éagsúlú do na fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) ar fad agus le heisiúint bannaí agus scaireanna ar mhargaí poiblí ag FBManna a chur chun cinn. Cuideachtaí atá bunaithe san Aontas agus a bhíonn ag iarraidh caipiteal a chruinniú ar ionaid trádála, bíonn costais nochta agus chomhlíonta aonuaire agus leanúnacha orthu a fhéadann iad a dhíspreagadh óna iarraidh choíche go ligfí isteach ar ionaid trádála an Aontais iad. Chomh maith leis sin, bíonn leibhéil níos ísle leachtachta agus luaineacht níos airde ag baint le scaireanna arna n‐eisiúint ag FBManna ar ionaid trádála an Aontais de ghnáth, rud a chuireann le costas an chaipitil agus a chiallaíonn go mbíonn ualach rómhór ag baint leis an bhfoinse chistiúcháin seo. Tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin go mbeadh beartas cothrománach ag an Aontas maidir leis sin do FBManna. Is gá don bheartas den chineál sin a bheith cuimsitheach, comhleanúnach agus éifeachtach agus ní mór éagsúlacht na FBManna a chur san áireamh leis mar aon leis na riachtanais éagsúla atá acu.

    (2)

    Cruthaíodh cineál nua ionad trádála le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is é sin margadh fáis FBManna, fochatagóir de na saoráidí trádála iltaobhacha (“MTFanna”), chun rochtain ar chaipiteal a éascú do FBManna agus cur ar a gcumas fás agus chun forbairt sainmhargaí a fhreastalaíonn ar riachtanais eisitheoirí FBManna a bhfuil acmhainneacht fáis iontu a éascú a thuilleadh freisin. Réamh-mheasadh le Treoir 2014/65/AE chomh maith gur cheart gur cheart aird a dhíriú ar conas is féidir le rialáil as seo amach úsáid an mhargaidh sin a chothú agus a chur chun cinn a thuilleadh chun é a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí, agus laghdú ualach riaracháin agus dreasachtaí eile a sholáthar do FBManna chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil trí mhargaí fáis FBManna. Sa tuairim uaidh ar an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán leasaitheach seo d’athdhearbhaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa gur bacainní suntasacha iad an leibhéal íseal cumarsáide agus cuir chuige mhaorlathacha agus nach mór iarracht i bhfad níos mó a dhéanamh na constaicí sin a shárú. Ina theannta sin, dúirt sé gur cheart díriú ar bhun an tslabhra, na FBManna iad féin, trí rannpháirt a thabhairt do chumainn FBM, do chomhpháirtithe sóisialta agus do chomhlachais tráchtála, i measc cásanna eile.

    (3)

    Tugadh faoi deara, áfach, go mbaineann eisitheoirí ionstraimí airgeadais a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna tairbhe as líon níos lú laghduithe rialála i gcomparáid le heisitheoirí ionstraimí airgeadais a ligeadh isteach chun trádála ar MTFanna eile nó ar mhargaí rialáilte. Tá feidhm ag tromlach na n‐oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na heisitheoirí uile ar an modh céanna, gan beann ar a méid nó ar an ionad trádála ina ligtear a gcuid ionstraimí isteach chun a dtrádála. Tá an leibhéal íseal sin idirdhealaithe idir eisitheoirí ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun trádáil ar mhargaí fáis FBManna agus iadsan atá ar MTFanna ina dhíspreagadh do MTFanna i ndáil le clárú mar mhargadh fáis FBManna, agus léiriú air sin is ea an glacadh íseal le stádas mar mhargadh fáis FBManna go dtí seo. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh laghduithe comhréireacha a thabhairt isteach chun úsáid margaí fáis FBManna a chothú go leordhóthanach. Ba cheart úsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn go gníomhach. Níl mórán FBManna ar an eolas fós go bhfuil margaí fáis FBManna mar chineál nua ionad trádála.

    (4)

    Ba cheart mealltacht margaí fáis FBManna a threisiú trí na costais chomhlíonta agus na hualaí riaracháin a bhíonn i gceist d’eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna a laghdú a thuilleadh. Chun na caighdeáin is airde comhlíontachta a choimeád ar mhargaí rialáilte, ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a theorannú do chuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí fáis FMBanna, cé nach bhfuil na FBManna uile liostaithe ar mhargaí fáis FMBanna agus nach FBManna iad na cuideachtaí ar fad atá liostaithe ar mhargaí fáis FMBanna. De bhun Threoir 2014/65/AE, is féidir suas le 50 % d’eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna nach FBManna iad chun múnla gnó na margaí fáis FBManna a choinneáil brabúsach, trí bhíthin, inter alia, leachtacht in urrúis neamh-FBManna. I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le sraitheanna éagsúla rialacha a chur i bhfeidhm i leith eisitheoirí atá liostaithe ar an gcatagóir chéanna ionad, eadhon margaí fáis FBManna, níor cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a theorannú d’eisitheoirí FBManna amháin. Ar mhaithe le comhsheasmhacht d’eisitheoirí agus soiléire d’infheisteoirí, ba cheart feidhm a bheith ag an laghdú ar chostais chomhlíonta agus ar ualaí riaracháin maidir leis na heisitheoirí uile ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna, gan beann ar a gcaipitliú margaidh.

    (5)

    Níor cheart an rath atá ar mhargadh fáis FBManna a thomhais bunaithe ar líon na gcuideachtaí liostáilte ann amháin ach ar an ráta fáis a bhain na cuideachtaí sin amach. Tá gá le fócas níos géire ar FBManna - tairbhithe deiridh an Rialacháin seo - agus ar a gcuid riachtanas. Cuid ríthábhachtach den phróiseas sin is ea rómhaorlathas a ghearradh, ach ní mór céimeanna eile a ghlacadh freisin. Ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil go díreach do FBManna faoi na roghanna maoinithe atá ar fáil dóibh, d’fhonn a bhforbairt a chothú. Ba cheart gur chun leas na gcuideachtaí beaga sin ag a bhfuil acmhainneacht fáis a bheadh an laghdú rialála.

    (6)

    De réir Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, tagann nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh chun cinn i gcás ina nochtann duine a shealbhaíonn faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh i ngnáthfheidhmiú post, gairm nó dualgas. De bhun Airteagal 11(4) den Rialachán sin, aon nochtadh ar fhaisnéis ón taobh istigh a dhéantar le linn sondáil margaidh, measfar gur nochtadh é a rinneadh i ngnáthfheidhmiú fostaíocht, gairm nó dualgais duine, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar nósanna imeachta ar leith arna mbunú ag an gcóras sondála margaidh. Is ionann sondáil margaidh agus faisnéis a bheith curtha in iúl, sula bhfógrófar idirbheart, d’fhonn leas infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha a thomhas agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail a mhéid ionchasach nó a phraghsáil, d’infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó. Le linn chéim na hidirbheartaíochta maidir le hurrúis a thairiscint d’infheisteoirí cáilithe (láithriú príobháideach), bíonn eisitheoirí ag plé le líon teoranta infheisteoirí cáilithe féideartha (mar a shainítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)), agus déanann siad idirbheartaíocht ar théarmaí agus coinníollacha conarthacha uile an idirbhirt leis na hinfheisteoirí cáilithe sin.

    Má chuirtear faisnéis in iúl le linn chéim na hidirbheartaíochta, bíonn sé d’aidhm aige sin an t‐idirbheart ina iomláine a mhúnlú agus a chur i gcrích, seachas spéis infheisteoirí féideartha a thomhas a mhéid a bhaineann le hidirbheart réamhshainithe. Uaireanta, féadann an córas sondála margaidh ualach trom a chruthú maidir le láithriú príobháideach bannaí agus díspreagann sin eisitheoirí agus infheisteoirí araon ó dhul i mbun cainteanna maidir le hidirbhearta den sórt sin. D’fhonn cur leis an tóir ar láithriú príobháideach bannaí, ba cheart a mheas gur nochtadh a rinneadh i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas duine an nochtadh faisnéise ón taobh istigh d’infheistitheoirí cáilithe chun críche na n‐idirbheart sin agus ba cheart sin a eisiamh ó raon feidhme an chórais sondála margaidh, ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú leordhóthanach neamhnochta i bhfeidhm.

    (7)

    Is féidir leachtacht áirithe i scaireanna eisitheora a bhaint amach trí shásraí leachtachta amhail socruithe um chruthú margaidh nó conarthaí leachtachta. Is é atá i gceist le socrú um chruthú margaidh conradh idir oibreoir an mhargaidh agus tríú páirtí a gheallann go gcoinneoidh sé an leachtacht i scaireanna áirithe agus a bhaineann leas as lacáistí ar tháillí trádála i gcomaoin air sin. Tugtar conradh leachtachta ar chonradh idir eisitheoir agus tríú páirtí a gheallann go soláthróidh sé leachtacht i scaireanna an eisitheora, agus thar ceann an eisitheora. Lena áirithiú go ndéanfar iomláine an mhargaidh a chaomhnú go hiomlán, ba cheart conarthaí leachtachta a bheith ar fáil do na heisitheoirí ionstraimí airgeadais ar fad arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna ar fud an Aontais, faoi réir roinnt coinníollacha.

    Níl na húdaráis inniúla uile tar éis cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo a chur ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le conarthaí leachtachta, rud a chiallaíonn nach bhfuil rochtain ag na heisitheoirí ionstraimí airgeadais ar fad arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna ar scéimeanna leachtachta ar fud an Aontais faoi láthair. D’fhéadfadh an easpa scéimeanna leachtachta sin a bheith ina bac ar fhorbairt éifeachtach na margaí fáis FBManna. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go ndéanfaí creat Aontais a chruthú lena gcumasófaí d’eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna conradh leachtachta a dhéanamh le soláthraí leachtachta, mura bhfuil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis curtha ar bun ar leibhéal náisiúnta. Faoi chreat Aontais den chineál sin, ní mheasfaí dá bhrí sin go raibh duine a rinne conradh leachtachta le soláthraí leachtachta i mbun cúbláil margaidh. Tá sé riachtanach, áfach, nach dtiocfadh an creat Aontais molta maidir le conarthaí leachtachta do mhargaí fáis FBManna in ionad na gcleachtas aitheanta margaidh náisiúnta atá nó a bheidh ann, ach go ndéanfadh sé iad a chomhlánú. Tá sé riachtanach freisin go gcoimeádfadh údaráis inniúla an fhéidearthacht cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo a chur ar bun maidir le conarthaí leachtachta, d’fhonn a gcoinníollacha a chur in oiriúint do shonraíochtaí áitiúla nó chun comhaontuithe den sórt sin a shíneadh go dtí urrúis neamhleachtacha seachas scaireanna arna ligean isteach chun a dtrádála ar ionaid trádála.

    (8)

    D’fhonn comhchuibhiú comhsheasmhach chreat an Aontais maidir le conarthaí leachtachta arna moladh a áirithiú, ba cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh lena leagtar amach teimpléad le húsáid chun críocha na gconarthaí sin, arna bhforbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    (9)

    De réir Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, is féidir le heisitheoirí a chinneadh moill a chur ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal más dóchúil go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha na n‐eisitheoirí, mura dócha go gcuirfeadh an mhoill an pobal amú, agus má tá eisitheoirí in ann rúndacht na faisnéise a chinntiú. Ceanglaítear ar eisitheoirí, áfach, fógra a thabhairt don údarás inniúil agus míniú i scríbhinn a sholáthar ar an réasúnú is cúis leis an gcinneadh sin. Is féidir ualach a bheith ag baint leis an oibleagáid nochta a fhorchur ar eisitheoirí, nach ligtear a n‐ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ach ar mhargadh fáis FBManna. Dá mbeadh ceanglas níos éadroime ar na heisitheoirí sin, lena gcuirtear ceanglas orthu gan na cúiseanna leis an moill a mhíniú ach amháin ar iarraidh ón údarás inniúil, meastar go laghdófaí an t‐ualach riaracháin orthu gan aon iarmhairt shuntasach a bheith aige sin ar chumas an údaráis inniúil faireachán a dhéanamh ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh, ar an gcoinníoll go dtabharfaí fógra fós don údarás inniúil faoin gcinneadh chun moillithe agus go mbeidh sé in ann fós imscrúdú a thosú dá mbeadh amhrais air maidir leis an gcinneadh sin.

    (10)

    An ceanglas reatha nach bhfuil chomh dian sin atá ar eisitheoirí a bhfuil a n‐ionstraimí airgeadais á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna, gan liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sholáthar ach ar iarraidh ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, níl ach éifeacht phraiticiúil theoranta acu mar bíonn na heisitheoirí sin fós faoi réir ceanglais maidir le faireachán leanúnach ar na daoine atá cáilithe mar dhaoine ar an taobh istigh i gcomhthéacs na dtionscadal leanúnach. In ionad an ceanglas atá ann cheana, ba cheart dá bhrí sin an fhéidearthacht a bheith ann d’eisitheoirí a bhfuil a n‐ionstraimí airgeadais á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna gan a choinneáil ach liosta de na daoine sin a bhfuil rochtain rialta acu ar fhaisnéis ón taobh istigh i ngnáthfheidhmiú a ndualgas, amhail stiúrthóirí, comhaltaí comhlachtaí bainistíochta nó comhairleoirí dlí intí. Chuirfeadh sé ualach freisin ar eisitheoirí a bhfuil a n‐ionstraimí airgeadais á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna liostaí iomlána de dhaoine ar an taobh istigh sa chaoi a leagtar amach é i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/347 (7) ón gCoimisiún a nuashonrú go pras. Mar sin féin, ós rud é go measann roinnt Ballstát go bhfuil na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh tábhachtach d’fhonn leibhéal is airde iomláine a áirithiú don mhargadh, ba cheart an rogha a sholáthar do na Ballstáit ceanglas a thabhairt isteach do na heisitheoirí a bhfuil a n‐ionstraimí airgeadais á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna liostaí níos fairsinge a sholáthar de na daoine ar an taobh istigh a d’áireodh na daoine ar fad a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh san áireamh ann. Agus é á chur san áireamh gur gá ualach riaracháin comhréireach a áirithiú do FBManna, ba cheart gur ualach riaracháin níos éadroime a bheadh i gceist leis na liostaí níos fairsinge sin i gcomparáid le liostaí iomlána de dhaoine ar an taobh istigh.

    (11)

    Tá sé riachtanach a shoiléiriú gur ar na heisitheoirí agus ar aon daoine a ghníomhaíonn thar a gceann nó chun a gcuntais araon a thiteann an oibleagáid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar fhreagrachtaí aon daoine a ghníomhaíonn thar ceann nó chun cuntas na n‐eisitheoirí maidir le tarraingt suas na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh d’fhonn léirithe agus cleachtais éagsúla ar fud an Aontais a sheachaint. Ba cheart forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a leasú dá réir sin.

    (12)

    De bhun Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar eisitheoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí faisnéis faoi idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta (“PDMRanna”) agus ag daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo (“PCAnna”) a chur ar fáil go poiblí laistigh de thrí lá gnó tar éis an idirbhirt. Tá an sprioc-am céanna infheidhme maidir le PDMRanna agus PCAnna a mhéid a bhaineann leis an dualgas atá orthu a gcuid idirbheart a thuairisciú don eisitheoir nó don rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí. I gcás ina dtugann PDMRanna agus PCAnna fógra faoina gcuid idirbheart d’eisitheoir nó do rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí go déanach, cruthaítear dúshlán teicniúil do na heisitheoirí sin agus do na rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí an sprioc-am trí lá a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le saincheisteanna dliteanais. Dá bhrí sin, ba cheart go ligfí d’eisitheoirí agus do rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí idirbhearta a nochtadh laistigh de dhá lá gnó tar éis do na PDMRanna nó na PCAnna fógra a fháil faoi na hidirbhearta sin.

    (13)

    Faoi Rialachán (AE) 2017/1129, ní cheanglaítear ar eisitheoir, faoi choinníollacha áirithe, réamheolaire a fhoilsiú, i gcás urrús a thairgtear i ndáil le táthcheangal trí thairiscint mhalartaithe, agus i gcás urrús a thairgtear, a leithroinntear nó atá le leithroinnt i ndáil le cumasc nó le deighilt. In ionad sin, tá doiciméad le cur ar fáil don phobal, ina bhfuil íosmhéid faisnéise lena dtugtar tuairisc ar an idirbheart agus a iarmhairt ar an eisitheoir. Faoi dhlí an Aontais, níl aon cheanglas ar údarás inniúil náisiúnta athbhreithniú ná formheas a dhéanamh ar dhoiciméad den sórt sin sula bhfoilsítear é, agus bíonn a inneachar níos éadroime i gcomparáid le réamheolaire. Iarmhairt neamhbheartaithe amháin ar mhaolú den sórt sin is ea gur féidir le heisitheoir ar cuideachta neamhliostaithe é, in imthosca áirithe, a scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte gan réamheolaire a thairgeadh. Leis sin déantar an fhaisnéis úsáideach a bhíonn i réamheolaire a choinneáil ó infheisteoirí agus ag an am céanna seachnaítear aon athbhreithniú a dhéanfadh údarás inniúil náisiúnta ar an bhfaisnéis a tugadh don mhargadh. Is cuí, dá bhrí sin, ceanglas a thabhairt isteach go mbeadh ar eisitheoir ar cuideachta neamh-liostaithe é agus atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é tar éis tairiscint mhalartaithe, cumaisc nó deighilte, go mbeadh air réamheolaire a fhoilsiú.

    (14)

    Faoi láthair, ní cheadaítear le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129 réamheolaire simplithe a úsáid i gcás na n‐eisitheoirí sin ar ligeadh a n‐urrúis chothromais isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh ar a laghad 18 mí agus a bheadh ag féachaint le hurrúis a eisiúint lena dtabharfaí rochtain ar urrúis chothromais a bheadh idirmhalartach le hurrúis chothromais a eisíodh roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 14 den Rialachán sin a leasú chun ligean d’eisitheoirí den sórt sin an réamheolaire simplithe a úsáid.

    (15)

    Níor cheart breathnú ar mhargaí fáis FBManna mar chéim dheiridh i méadú ó scála eisitheoirí agus ba cheart go gcumasófaí do chuideachtaí rathúla leo fás agus aistriú lá éigin go margaí rialáilte, d’fhonn leas a bhaint as leachtacht níos mó agus as comhthiomsú níos mó d’infheisteoirí. D’fhonn an t‐aistriú ó mhargadh fáis FBManna go margadh rialáilte a éascú, ba cheart cuideachtaí atá ag fás a bheith in ann an córas nochta simplithe a úsáid, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129, chun go ligfí isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte na hurrúis sin atá idirmhalartach le hurrúis a eisíodh cheana, ar an gcoinníoll go bhfuil urrúis tairgthe ag na cuideachtaí sin don phobal a bhí á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh dhá bhliain ar a laghad agus gur chomhlíon siad go hiomlán na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta le linn na tréimhse sin. Ba cheart go gcuirfeadh tréimhse dhá bhliain ar chumas eisitheoirí cuntas teiste imleor a bheith acu agus faisnéis a sholáthar don mhargadh maidir lena bhfeidhmíocht airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe faoi Threoir 2014/65/AE.

    (16)

    De réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), níl cheanglaítear ar eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna a gcuid ráiteas airgeadais a fhoilsiú i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais. D’fhonn imeacht ó chaighdeáin an mhargaidh rialáilte a sheachaint, áfach, ba cheart mar sin féin d’eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna ar mian leo an córas nochta simplithe a úsáid a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129 maidir le haistriú a n‐urrús chun trádála ar mhargadh rialáilte na ráitis airgeadais dheireanacha dá gcuid a ullmhú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, lena n‐áirítear faisnéis chomparáideach le haghaidh na bliana roimhe sin, ar an gcoinníoll go gcuirfí ceangal orthu cuntais chomhdhlúite a ullmhú mar thoradh ar chur i bhfeidhm Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) tar éis dóibh a n‐ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. I gcás nach n‐éileodh cur i bhfeidhm na Treorach sin ar eisitheoirí cuntais den sórt sin a ullmhú, ba cheart dóibh dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad ionchorpraithe a chomhlíonadh.

    (17)

    Tá cuspóir an Rialacháin seo comhsheasmhach le cuspóirí réamheolaire Fáis an Aontais, mar a leagtar amach iad in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1129. Tá réamheolaire Fáis an Aontais gearr agus dá bhrí sin is beag costas atá ag baint lena tháirgeadh, rud a íslíonn na costais do FBManna. Ba cheart an rogha a bheith ag FBManna réamheolaire Fáis an Aontais a úsáid. Is féidir leis na sainmhínithe reatha ar FBManna i Rialachán (AE) 2017/1129 a bheith róshriantach, go háirithe do na heisitheoirí sin atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh fáis FBM iad, eisitheoirí a bhíonn níos mó ná gnáth-FBManna den chuid is mó. Mar thoradh air sin, a mhéid a bhaineann le tairiscintí poiblí, díreach tar éis a ligin isteach chun trádála ar dtús ar mhargadh fáis FBManna, ní bheadh eisitheoirí níos lú in ann réamheolaire Fáis an Aontais a úsáid, fiú dá mbeadh a gcaipitliú margaidh níos ísle ná EUR 200 000 000 tar éis a ligin isteach chun trádála ar dtús. Mar thoradh air sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/1129 a leasú chun a cheadú d’eisitheoirí atá ag lorg tairiscint tosaigh don phobal le caipitliú margaidh trialach de níos lú ná EUR 200 000 000 réamheolaire Fáis an Aontais a tharraingt suas.

    (18)

    I bhfianaise thábhacht FBManna d’fheidhmiú gheilleagar an Aontais, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag dlí an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais ar mhaoiniú FBManna. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, agus é i mbun athbhreithniú ar gníomhartha dlíthiúla a dhéanann difear do mhaoiniú na FBManna liostaithe agus neamhliostaithe, anailís a dhéanamh ar bhacainní rialála agus riaracháin, lena n‐áirítear maidir le taighde a chuireann bacainní ar an infheistíocht sin nó a dhéanann an infheistíocht sin a chosc. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éabhlóid na sreafaí caipitil chuig FBManna agus ba cheart dó féachaint le timpeallacht rialála fhabhrach a chruthú chun maoiniú FBManna a chothú.

    (19)

    Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a leasú dá réir sin.

    (20)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó 31 Nollaig 2019. Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 1, áfach, ó 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 mar seo a leanas:

    (1)

    in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   I gcás ina ndírítear tairiscint urrús ar infheisteoirí cáilithe amháin mar a shainítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ní sondáil margaidh a bheidh ann má dhéantar faisnéis a chur in iúl do na hinfheisteoirí cáilithe sin chun críocha téarmaí conarthacha agus coinníollacha a rannpháirtíochta in eisiúint bannaí ag eisitheoir ar ligeadh ionstraimí airgeadais dá chuid isteach chun a dtrádála in ionad trádála, nó ag tríú duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais, a chaibidil. Measfar gur i ngnáthfheidhmiú post, gairm nó dualgas duine dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Rialachán seo, a dhéantar an cur in iúl sin, agus dá bhrí sin ní hionann é agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh. Áiritheoidh an t‐eisitheoir sin nó aon duine atá ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais go bhfuil na hinfheisteoirí cáilithe a fhaigheann an fhaisnéis ar an eolas faoi na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá i gceist, agus go n‐aithneoidh siad i scríbhinn iad, agus go bhfuil siad ar an eolas faoi na smachtbhannaí is infheidhme maidir le déileáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh.

    (*1)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‐aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).”;"

    (2)

    in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “12.   Gan dochar do chleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo, mar a bhunaítear i gcomhréir le míreanna 1 go 11 den Airteagal seo, féadfaidh eisitheoir ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM conradh leachtachta a dhéanamh maidir lena chuid scaireanna, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    comhlíonann téarmaí agus coinníollacha an chonartha leachtachta na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/908 ón gCoimisiún (*2);

    (b)

    déantar an conradh leachtachta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad Aontais dá dtagraítear i mír 13 den Airteagal seo;

    (c)

    d’údaraigh an t‐údarás inniúil an soláthraí leachtachta go cuí i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE agus tá an soláthraí leachtachta cláraithe mar chomhalta den mhargadh leis an oibreoir margaidh nó leis an ngnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM;

    (d)

    admhaíonn an t‐oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM i scríbhinn don eisitheoir go bhfuair sé cóip den chonradh leachtachta agus go gcomhaontaíonn sé le téarmaí agus coinníollacha an chonartha sin.

    Beidh an t‐eisitheoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in ann a léiriú tráth ar bith go bhfuil na coinníollacha faoina ndearnadh an conradh a thabhairt i gcrích á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Soláthróidh an t‐eisitheoir sin agus an t‐oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a fheidhmíonn an margadh fáis FBM cóip den chonradh leachtachta do na húdaráis inniúla ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

    13.   Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun teimpléad conarthach a tharraingt suas, a bheidh le húsáid chun conradh leachtachta a dhéanamh i gcomhréir le mír 12, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach i mír 2, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sa mhargadh agus feidhmíocht na forála leachtachta.

    Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair 2020.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    (*2)  Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/908 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir, annós imeachta agus na ceanglais a bhaineann le cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú, mar aon leis na ceanglais chun é a choimeád, chun deireadh a chur leis, nó chun na coinníollacha maidir lena ghlacadh a mhodhnú (IO L 153, 10.6.2016, lch. 3).”;"

    (3)

    in Airteagal 17(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, is ar iarraidh amháin a sholáthróidh eisitheoir ar ligeadh a chuid ionstraimí isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM amháin míniú i scríbhinn don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3. Fad a bheidh an t‐eisitheoir in ann údar cuí a thabhairt lena chinneadh maidir le moilliú, ní cheanglófar ar an eisitheoir taifead a choinneáil den mhíniú sin.”;

    (4)

    leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an méid seo a leanas:

    (a)

    liosta a tharraingt suas de gach duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh agus atá ag obair dóibh faoi chonradh fostaíochta, nó a bhfuil cúraimí á gcomhlíonadh ar shlí eile acu trína bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh, amhail comhairleoirí, cuntasóirí nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (liosta de dhaoine ar an taobh istigh);

    (b)

    an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, i gcomhréir le mír 4; agus

    (c)

    an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sholáthar don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.

    2.   Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais gach céim réasúnach lena áirithiú go ndéanfaidh aon duine atá ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá orthu a admháil i scríbhinn agus gurb eol dóibh cad iad na smachtbhannaí is infheidhme maidir le déileáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh.

    I gcás ina n‐iarrann an t‐eisitheoir ar dhuine eile an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus a nuashonrú, leanfaidh an t‐eisitheoir de bheith lánfhreagrach as an Airteagal seo a chomhlíonadh. Forchoimeádfaidh an t‐eisitheoir i gcónaí ceart rochtana ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a bheidh á tharraingt suas ar an duine eile.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

    “4.   Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, agus dáta an nuashonraithe á shonrú, sna himthosca seo a leanas:

    (a)

    nuair a thagann athrú ar an gcúis atá le duine atá ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh cheana a áireamh ar an liosta;

    (b)

    nuair atá duine nua ann a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh agus gur gá, dá bhrí sin, é a chur leis an liosta de dhaoine ar an taobh istigh; agus

    (c)

    nuair a scoireann duine de rochtain a bheith aige ar fhaisnéis ón taobh istigh ag duine.

    Sonrófar i ngach nuashonrú an dáta agus an t‐am ar tharla an t‐athrú ba thrúig leis an nuachóiriú.

    5.   Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann agus chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis é a tharraingt suas nó a nuashonrú.

    6.   Beidh eisitheoirí ar ligeadh a gcuid ionstraimí isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM i dteideal gan ach na daoine sin a mbíonn rochtain rialta ar fhaisnéis ón taobh istigh acu, mar gheall ar nádúr a bhfeidhme nó a bpoist laistigh den eisitheoir, a áireamh ar a gcuid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo agus i gcás ina bhfuil údar leis de bharr imní shonrach náisiúnta maidir le hiomláine an mhargaidh, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar eisitheoirí ionstraimí airgeadais arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM a áireamh ina liostaí de dhaoine ar an taobh istigh gach aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Beidh sna liostaí sin an fhaisnéis arna sonrú san fhormáid arna chinneadh ag ESMA, de bhun an ceathrú fomhír den mhír seo.

    Soláthrófar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.

    Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid shonrach na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chinneadh. Beidh formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh comhréireach agus beidh ualach riaracháin níos éadroime i gceist leis i gcomparáid leis an bhformáid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i mír 9.

    Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair 2020.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (5)

    in Airteagal 19(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “3.   Tar éis fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, beidh dhá lá gnó ag an eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí chun an fhaisnéis atá i bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí.”;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35(2):

    “2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), an tríú fomhír d’Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), Airteagal 19(13) agus (14), agus Airteagal 38 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 31 Nollaig 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129

    Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

    “6a.   Ní bheidh feidhm ag na díolúintí a leagtar amach i bpointe (f) de mhír 4 agus i bpointe (e) de mhír 5 ach i leith urrúis chothromais, agus é sin sna cásanna seo a leanas amháin:

    (a)

    rinneadh na hurrúis chothromais atá idirmhalartach le hurrúis ar ann dóibh cheana a ligean isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an táthcheangal nó an t‐idirbheart atá gaolmhar leis, agus ní mheastar gur idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal de réir bhrí mhír B19 de na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (IFRS) 3, Comhcheangail Ghnó, arna ghlacadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (*3); nó

    (b)

    d’eisigh an t‐údarás maoirseachta a bhfuil an inniúlacht aige, i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar an doiciméad tairisceana faoi Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) formheas roimh ré ar an doiciméad dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 4 nó i bpointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo.

    6b.   Ní bheidh feidhm ag na díolúintí a leagtar amach i bpointe (g) de mhír 4 agus i bpointe (f) de mhír 5 ach i leith urrúis chothromais i dtaca lena meastar gurb idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal de réir bhrí mhír B19 de na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 3, Comhcheangail Ghnó, agus é sin sna cásanna seo a leanas amháin:

    (a)

    rinneadh urrúis chothromais an eintitis éadála a ligean isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an idirbheart; nó

    (b)

    rinneadh urrúis chothromais na n‐eintiteas atá faoi réir na deighilte a ligean isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an idirbheart.

    (*3)  Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1)."

    (*4)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).”;"

    (2)

    leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear an chéad fhomhír de mhír 1 mar seo a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    gan dochar d’Airteagal 1(5), eisitheoirí ar ligeadh urrúis chothromais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBM go leanúnach ar feadh ar a laghad 18 mí roimhe sin agus a eisíonn urrúis neamhchothromais nó urrúis a thugann rochtain ar urrúis chothromais atá idirmhalartach leis na hurrúis chothromais atá cheana ag an eisitheoir agus a ligeadh isteach cheana féin chun a dtrádála;”;

    (ii)

    cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(d)

    eisitheoirí ar tairgeadh a n‐urrúis don phobal agus ar ligeadh a n‐urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM go leanúnach ar feadh dhá bhliain ar a laghad, agus a rinne na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta a chomhlíonadh go hiomlán le linn na tréimhse iomláine ar ligeadh isteach chun a dtrádála iad lena linn, agus a lorgaíonn go ligfí isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a eisíodh roimhe sin.”;

    (b)

    leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

    (i)

    sa dara fomhír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

    “I gcás na n‐eisitheoirí sin dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, a gceanglófar orthu cuntais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) tar éis ligean isteach dá gcuid urrúis chun trádála ar mhargadh rialáilte, déanfaidh siad an fhaisnéis airgeadais is déanaí dá gcuid a thiomsú de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ina mbeidh faisnéis chomparáideach i leith na bliana roimhe sin atá san áireamh sa réamheolaire simplithe, i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

    (*5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)."

    (*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).”;"

    (ii)

    cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

    “I gcás na n‐eisitheoirí sin dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, nach gceanglófar orthu cuntais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE tar éis ligean isteach dá gcuid urrúis chun trádála ar mhargadh rialáilte, déanfaidh siad a shonrú an fhaisnéis airgeadais is déanaí dá gcuid de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ina mbeidh faisnéis chomparáideach i leith na bliana roimhe sin atá san áireamh sa réamheolaire simplithe, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t‐eisitheoir ionchorpraithe.

    I gcás na n‐eisitheoirí tríú tír ar ligeadh a n‐urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, déanfar an fhaisnéis airgeadais is déanaí dá gcuid a thiomsú de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ina mbeadh faisnéis chomparáideach i leith na bliana roimhe sin atá san áireamh sa réamheolaire simplithe, a shonrú i gcomhréir lena gcaighdeán cuntasaíochta náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil na caighdeáin sin coibhéiseach le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Mura bhfuil na caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta sin coibhéiseach leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais déanfar an fhaisnéis airgeadais a athlua de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) den dara fomhír de mhír 3:

    “(e)

    i gcás urrúis chothromais, lena n‐áirítear urrúis a thugann rochtain ar urrúis chothromais, ráiteas an chaipitil oibre, an ráiteas caipitlithe agus fiachais, nochtadh coinbhleachtaí ábhartha leasa agus idirbhearta le páirtithe bainteacha, mór-scairshealbhóirí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis airgeadais pro-forma.”;

    (3)

    sa chéad fhomhír d’Airteagal 15(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(ca)

    eisitheoirí, nach eisitheoirí FBManna iad, a bheidh ag tairiscint scaireanna don phobal agus ag iarraidh ag an am céanna go ligfí na scaireanna sin isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, ar an gcoinníoll nach bhfuil scaireanna ag na heisitheoirí sin acu a ligeadh isteach cheana féin chun a dtrádála ar an margadh fáis FBM, agus gur lú ná EUR 200 000 000 comhluach an dá ítim seo a leanas:

    (i)

    praghas na tairisceana deiridh nó an praghas uasta sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 17(1);

    (ii)

    an líon iomlán scaireanna atá amuigh díreach tar éis na tairisceana scaireanna don phobal, arna ríomh bunaithe ar bhonn líon na scaireanna a thairgtear don phobal nó, sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 17(1), ar bhonn líon uasta na scaireanna a thairgtear don phobal.”;

    (4)

    in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe II:

    “II.

    Ráiteas faoin gcaipiteal oibre agus ráiteas faoi chaipitliú agus faoi fhéichiúnas (i gcás urrúis chothromais amháin arna n‐eisiúint ag cuideachtaí ag a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 200 000 000) agus ráiteas faoin gcaipiteal oibre (i gcás urrúis chothromais amháin).

    Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi chaipitliú agus faoi fhéichiúnas an eisitheora agus faisnéis i dtaobh an leor an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura leor é, faisnéis i dtaobh an rúin atá ag an eisitheoir an caipiteal oibre breise is gá a sholáthar.”.

    Airteagal 3

    Leasú ar Threoir 2014/65/AE

    In Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “9.   Déanfaidh an Coimisiún sainghrúpa geallsealbhóirí a chur ar bun faoin 1 Iúil 2020 chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar rath margaí fáis FBManna. Faoin 1 Iúil 2021, foilseoidh an sainghrúpa geallsealbhóirí tuarascáil maidir lena chonclúidí.”.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ó 31 Nollaig 2019. Beidh feidhm ag Airteagal 1, áfach, ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 27 Samhain 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D.M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    T. TUPPURAINEN


    (1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 79.

    (2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

    (3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‐aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‐aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/347 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid bheacht na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus chun liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 11.3.2016, lch. 49).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

    (9)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


    Top