Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1149

    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

    PE/49/2019/REV/1

    IO L 186, 11.7.2019, p. 21–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1149/oj

    11.7.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    21


    RIALACHÁN (AE) 2019/1149 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Meitheamh 2019

    lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is prionsabail bhunúsacha den mhargadh inmheánach iad saoirse ghluaiseachta d’oibrithe, an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, prionsabail a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (2)

    De bhun Airteagal 3 de Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE), tá an tAontas Eorpach le hobair a dhéanamh chun geilleagar sóisialta margaidh, ina bhfuil iomaíocht ghéar, a bhaint amach, arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta a bhaint amach, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, dlúthpháirtíocht idir na glúnta a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a chomhrac. De bhun Airteagal 9 CFAE, nuair a bhíonn a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme ag an Aontas, ní mór dó aird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le hardleibhéal oideachais agus oiliúna a chur chun cinn, agus le sláinte an duine a chosaint.

    (3)

    Ba é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ábhar forógra chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás, in Göteborg an 17 Samhain 2017. Treisíodh ag an gCruinniú Mullaigh sin an gá atá le tús áite a thabhairt do dhaoine chun gné shóisialta an Aontais a fhorbairt tuilleadh, agus an cóineasú a chur chun cinn trí iarrachtaí ar gach leibhéal, mar a dearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach tar éis a cruinnithe an 14 agus an 15 Nollaig 2017.

    (4)

    Sa Dearbhú Comhpháirteach uathu maidir le tosaíochtaí reachtacha AE do 2018 go 2019, gheall Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go ngníomhóidís chun gné shóisialta an Aontais a neartú, trí obair a dhéanamh maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a fheabhsú, trí oibrithe a chosaint ó bhaol don tsláinte san ionad oibre, trí chóir chomhionann a áirithiú do gach duine i margadh saothair an Aontais inarb ann do rialacha nuachóirithe maidir le hoibrithe a phostú, agus trí fheabhas a chur ar fhorfheidhmiú trasteorann dhlí an Aontais.

    (5)

    Chun cearta oibrithe soghluaiste a chosaint agus iomaíocht chóir idir cuideachtaí a chothú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar fhorfheidhmiú trasteorann dhlí an Aontais i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair agus dul i ngleic le mí-úsáidí lena mbaineann.

    (6)

    Ba cheart Údarás Saothair Eorpach (an “tÚdarás”) a bhunú chun cuidiú le cothroime an mhargaidh inmheánaigh agus iontaoibh as a neartú. Ba cheart cuspóirí an Údaráis a shainiú go soiléir, agus béim láidir á leagan ar roinnt theoranta cúraimí, chun a áirithiú go n-úsáidfear na meáin atá ar fáil ar an mbealach is éifeachtúla is féidir i réimsí inar féidir leis an Údarás an breisluach is mó a chur ar fáil. Chuige sin, ba cheart don Údarás cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir leis an rochtain ar fhaisnéis a neartú, ba cheart dó tacú le comhlíonadh agus le comhar idir na Ballstát i dtaobh chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach an dlí de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais, córais slándála sóisialta a chomhordú laistigh den Aontas, agus ba cheart dó idirghabháil a dhéanamh chun teacht ar réitigh agus réitigh a éascú i gcás díospóidí.

    (7)

    Tá sé buntábhachtach an rochtain ar fhaisnéis atá ag daoine aonair agus ag fostóirí a fheabhsú, go háirithe ag FMBanna, maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí atá acu sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair, saorghluaiseachta seirbhísí agus comhordú slándála, chun a chur ar a gcumas leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an mhargaidh inmheánaigh.

    (8)

    Ba cheart don Údarás a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais agus comhordú na slándála sóisialta, lena n-áirítear saorghluaiseacht d’oibrithe, postú oibrithe agus seirbhísí an-soghluaiste. Ba cheart dó freisin comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, agus le cásanna eile ina gcuirtear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, amhail eintitis bosca poist agus féinfhostaíocht bhréagach, gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh maidir le bearta náisiúnta. I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás amach, le linn chur i gcrích a chuid gníomhaíochtaí, gur ann dó neamhrialtachtaí i réimsí de dhlí an Aontais, amhail sáruithe ar choinníollacha oibre nó ar rialacha sláinte agus sábháilteachta, nó dúshaothrú saothair, ba cheart go mbeadh sé in ann na hábhair sin a thuairisciú d’údaráis náisiúnta na mBallstát lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, don Choimisiún agus do chomhlachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, agus dul i gcomhar leo ina leith.

    (9)

    Ba cheart gníomhartha dlíthiúla sonracha de chuid an Aontais a liostaítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear leasuithe a rinneadh orthu, a chumhdach le raon feidhme ghníomhaíochtaí an Údaráis. Ba cheart an liosta sin a shíneadh i gcás go nglacfar aon ghníomhartha breise de chuid an Aontas i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais.

    (10)

    Ba cheart don Údarás rannchuidiú go réamhghníomhach le hiarrachtaí an Aontais agus le hiarrachtaí náisiúnta i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais agus comhordú na slándála sóisialta, trí a chúraimí a chomhlíonadh i gcomhar iomlán le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus na mBallstát, agus aon dúbailt oibre á seachaint, agus sineirge agus comhlántacht á gcur chun cinn aige.

    (11)

    Ba cheart don Údarás rannchuidiú le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlí an Aontais a éascú faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, agus le tacaíocht a thabhairt maidir le forfheidhmiú na bhforálacha sin, forálacha a chuirfear chun feidhme trí chomhaontuithe comhchoiteanna a bheidh infheidhme go huilíoch i gcomhréir leis na cleachtais sna Ballstáit. Chuige sin, ba cheart don Údarás suíomh gréasáin aonair de chuid an Aontais a chur ar bun chun rochtain a fháil ar gach suíomh gréasáin ábhartha de chuid an Aontais, agus ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Gan dochar do chúraimí agus gníomhaíochtaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála arna bhunú le Riaracháin (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an “Coimisiún Riaracháin”), ba cheart don Údarás freisin cuidiú le comhordú córas slándála sóisialta.

    (12)

    I gcásanna áirithe, tá dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais glactha chun freagairt do riachtanais shonracha in earnálacha ar leith, amhail réimse an iompair idirnáisiúnta, lena n-áirítear iompar de bhóthar, iompar d’iarnród, iompar uiscebhealaí intíre agus an eitlíocht. Faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Aontas freisin deileáil leis na gnéithe de chur i bhfeidhm an dlí earnáilsonraigh sin de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht agus slándáil shóisialta trasteorann de. Ba cheart raon feidhme ghníomhaíochtaí an Údaráis, go háirithe ar cheart a ghníomhaíochtaí a leathnú go dtí gníomhartha breise de chuid an Aontais lena gcumhdaítear riachtanais earnáilsonracha i réimse an iompair idirnáisiúnta, a bheith faoi réir meastóireacht thréimhsiúil agus, más iomchuí, athbhreithniú.

    (13)

    Ba cheartdo ghníomhaíochtaí an Údaráis daoine aonair a chumhdach, ar daoine iad atá faoi réir dhlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear oibrithe, daoine féinfhostaithe agus cuardaitheoirí poist. Ba cheart go n-áireofaí ar na daoine aonair sin saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Aontas, amhail oibrithe ar postú, aistrithe ionchorparáideacha nó cónaitheoirí fadtéarmacha, mar aon le baill dá dteaghlach, i gcomhréir leis an dlí de chuid an Aontais lena rialaítear a soghluaiseacht laistigh den Aontas.

    (14)

    Le bunú an Údaráis, níor cheart cearta ná oibleagáidí nua a chruthú do dhaoine aonair ná d’fhostóirí, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha nó eagraíochtaí neamhbhrabúis mar ba cheart foráil a dhéanamh le gníomhaíochtaí an Údaráis maidir leis na daoine aonair sin agus na fostóirí sin sa mhéid a chumhdaítear iad le dlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo. Le comhar méadaithe i réimse an fhorfheidhmithe, níor cheart ualach riaracháin iomarcach a chur ar oibrithe soghluaiste ná ar fhostóirí, go háirithe ar FBManna, ná níor cheart soghluaisteacht an lucht saothair a dhíspreagadh.

    (15)

    Chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair agus fostaithe in ann tairbhe a bhaint as margadh inmheánach atá cothrom agus éifeachtach, ba cheart don Údarás tacú leis na Ballstáit maidir le deiseanna a chur chun cinn do shoghluaisteacht an lucht saothair nó seirbhísí a sholáthar agus daoine a earcú áit ar bith laistigh den Aontas, lena n-áirítear deiseanna maidir le rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta trasteorann, amhail meaitseáil trasteorann a dhéanamh idir poist, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí agus scéimeanna soghluaisteachta amhail “Do chéad phost EURES” nó “ErasmusPRO”. Ba cheart don Údarás rannchuidiú freisin le feabhas a chur ar thrédhearcacht faisnéise, lena n-áirítear maidir le cearta agus oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, ar rochtain ar sheirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí, i gcomhar le seirbhísí eile faisnéise san Aontas, amhail An Eoraip Agatsa, agus lántairbhe á baint aige as an tairseach “An Eoraip Agatsa” agus comhsheasmhacht leis an tairseach sin á háirithiú, tairseach a bheidh ina cloch choirnéil ag an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (16)

    Chuige sin, ba cheart don Údarás comhoibriú i dtionscnaimh agus líonraí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, an Líonra Fiontar Eorpach, an Pointe Fócais Teorann SOLVIT, agus Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair, mar aon le seirbhísí náisiúnta ábhartha amhail na comhlachtaí a chuireann an chóir chomhionann chun cinn agus a thugann tacaíocht d’oibrithe san Aontas agus do bhaill dá dteaghlach agus atá ainmnithe ag na Ballstáit de bhun Threoir 2014/54/AE. Ba cheart an tÚdarás a chur in ionad an Choimisiúin maidir le hOifig Eorpach Comhordúcháin an líonra Eorpaigh seirbhísí fostaíochta (“EURES”) a bhainistiú, arb oifig í a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lena n-áirítear riachtanais úsáideoirí a bhunú agus ar cheanglais ghnó ar mhaithe le héifeacht na tairsí EURES agus seirbhísí teicneolaíocht faisnéise (TF) gaolmhara, ach lena n-eisiatar soláthar TF, agus an bonneagar TF a fhorbairt agus a oibriú, ar seirbhísí iad a leanfaidh an Coimisiún de bheith á n-áirithiú.

    (17)

    D’fhonn chur i bhfeidhm cóir, simplí agus éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart don Údarás tacú leis an gcomhar agus le malartú tráthúil na faisnéise idir na Ballstáit. I gcomhar le baill eile foirne, ba cheart do na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh atá ag obair san Údarás tacú leis na Ballstáit maidir lena gcuid oibleagáidí comhair a chomhlíonadh, dlús a chur le malartuithe faisnéise eatarthu trí nósanna imeachta chun moilleanna a laghdú, agus naisc le comhlachtaí oifigeach náisiúnta idirchaidrimh eile a áirithiú, agus trí phointí teagmhála a bhunófar faoi dhlí an Aontais. Ba cheart don Údarás cineálacha cur chuige nuálacha maidir le comhar trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil a spreagadh, lena n-áirítear uirlisí malartaithe sonraí leictreonacha amhail an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) agus Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), agus ba cheart dó tuilleadh digitithe a dhéanamh ar nósanna imeachta agus feabhas a chur ar uirlisí TF le haghaidh malartú teachtaireachtaí idir na húdaráis náisiúnta.

    (18)

    Chun cur le hinniúlacht na mBallstát cosaint a áirithiú do dhaoine a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta dul i ngleic le neamhrialtachtaí ina bhfuil gné thrasteorann maidir le dlí an Aontais faoi chuimsiú raoin feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Údarás tacú leis na húdaráis náisiúnta cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chur i gcrích, lena n-áirítear trí chur chun feidhme na gcigireachtaí a éascú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2014/67/AE. Ba cheart na cigireachtaí sin a chur i gcrích arna n-iarraidh sin do na Ballstáit nó tar éis dóibh comhaontú leis an moladh ón Údarás. Ba cheart don Údarás tacaíocht theicniúil, lóistíochtúil agus straitéiseach a thabhairt do na Ballstáit atá rannpháirteach sna cigireachtaí comhpháirteacha agus sna cigireachtaí comhbheartaithe, agus lánurraim á tabhairt do cheanglais rúndachta. Ba cheart cigireachtaí a chur i gcrích i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann agus ba cheart iad a dhéanamh go hiomlán laistigh de chreat dlíthiúil dhlí náisiúnta nó chleachtas na mBallstát ina ndéanfar na cigireachtaí. Ba cheart do na Ballstáit obair leantach a dhéanamh maidir le torthaí na gcigireachtaí comhpháirteacha agus na gcigireachtaí comhbheartaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

    (19)

    Níor cheart cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chur in ionad inniúlachtaí náisiúnta ná níor cheart an bonn a bhaint d’inniúlachtaí náisiúnta leo. Ba cheart freisin go mbeadh na húdaráis náisiúnta bainteach go hiomlán le linn na gcigireachtaí sin agus ba cheart go mbeadh údarás iomlán acu. I gcás ina mbeidh na ceardchumainn iad féin i gceannas ar chigireachtaí ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh, tar éis comhaontú a fháil ó na comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus i gcomhar leo.

    (20)

    Chun súil a choinneáil ar na treochtaí, na dúshláin agus na heasnaimh a bheidh ag teacht chun cinn sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, ba cheart don Údarás, i gcomhar leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na comhpháirtithe sóisialta, inniúlacht anailíseach agus inniúlacht measúnaithe riosca a fhorbairt. Ba cheart anailísí agus staidéir ar mhargadh an lucht saothair a chur san áireamh, mar aon le hathbhreithniú piaraí. Ba cheart don Údarás faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí ó thaobh scileanna de agus ar shreabha trasteorann an lucht saothair, lena n-áirítear an tionchar a d’fhéadfadh siad a imirt ar an gcomhtháthú críochach. Ba cheart don Údarás tacú leis an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2014/67/AE. Ba cheart don Údarás sineirgí agus comhlántacht le gníomhaireachtaí, seirbhísí nó líonraí de chuid an Aontais a áirithiú. Ba cheart go n-áireofaí leis an méid sin ionchur a lorg ó SOLVIT agus ó sheirbhísí comhchosúla maidir le dúshláin earnáilsonracha agus fadhbanna athfhillteacha a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Údarás freisin éascú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí bailithe sonraí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a thagann faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo. Ní bheidh i gceist leis sin oibleagáidí nua maidir le tuairisciú a chruthú do na Ballstáit.

    (21)

    Chun inniúlacht na n-údarás náisiúnta a neartú sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus le comhordú na slándála sóisialta, agus chun comhsheasmhacht a fheabhsú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Údarás cúnamh oibríochtúil a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear treoirlínte praiticiúla a fhorbairt, cláir oiliúna agus foghlama piaraí a bhunú, lena n-áirítear i dtaobhaghaidh a bheith á tabhairt ag cigireachtaí saothair ar dhúshláin amhail féinfhostaíocht bhréagach agus mí-úsáidí maidir le postú, tionscadail cúnaimh fhrithpháirtigh a chur chun cinn, malartuithe foirne a éascú amhail na malartuithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2014/67/AE, agus tacú leis na Ballstáit chun feachtais ardaithe feasachta a eagrú agus daoine aonair agus fostóirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí. Ba cheart don Údarás malartú, scaipeadh agus glacadh a chur chun cinn i dtaobh dea-chleachtas agus i dtaobh eolas, agus tuiscint fhrithpháirteach maidir le córais agus cleachtais náisiúnta éagsúla a chur chun cinn.

    (22)

    Ba cheart don Údarás sineirgí a fhorbairt idir a chúram chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú agus dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “dul i ngleic le” hobair neamhdhearbhaithe an obair sin a chosc, a dhíspreagadh agus a chomhrac, mar aon le dearbhú na hoibre neamhdhearbhaithe a chur chun cinn. Agus é ag cur le cuid eolais agus le modhanna oibre an Ardáin Eorpaigh chun comhar a fheabhsú maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart don Údarás meitheal buan, ar a dtugtar “Ardán” freisin, a chur ar bun, le rannpháirtíocht ó na comhpháirtithe sóisialta, chun comhar a fheabhsú maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe. Ba cheart don Údarás a áirithiú go ndéanfar aistriú rianúil chuig an meitheal nua laistigh den Údarás ar na gníomhaíochtaí an ardáin a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/344 atá ar bun cheana.

    (23)

    Ba cheart don Údarás ról idirghabhála a ghlacadh air féin. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cásanna aonair atá faoi dhíospóid a tharchur chuig an Údarás lena n-idirghabháil más rud é go bhfuil teipthe orthu na cásanna a réiteach trí bhíthin teagmháil dhíreach agus idirphlé. Níor cheart don idirghabháil déileáil ach le díospóidí a tharlaíonn idir na Ballstáit, agus ba cheart na seirbhísí náisiúnta agus seirbhísí an Aontais darb aidhm déileáil leis na cásanna sin a bheith ar fáil do dhaoine aonair agus d’fhostóirí a bhfuil deacrachtaí acu a gcearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais, seirbhísí amhail gréasán SOLVIT ar chuige is ceart don Údarás na cásanna sin a tharchur. Maidir le cásanna nach bhfuiltear in ann teacht ar réiteach ina leith mar gheall ar dhifríochtaí idir riaracháin náisiúnta, ba cheart gréasán SOLVIT a bheith in ann iad a tharchur chuig an Údarás freisin lena mbreathnú. Ba cheart don Údarás a ról idirghabhála a chur i gcrích gan dochar d’inniúlachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an “Chúirt Bhreithiúnais”) maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais agus gan dochar d’inniúlacht an Choimisiúin Riaracháin.

    (24)

    Tá prionsabail agus moltaí sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar rialachas gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta agus soláthar seirbhísí poiblí, caidrimh idir eagraíochtaí agus caidrimh trasteorann a bhunú, cuíchóiriú a dhéanamh ar phróisis a thacaíonn le malartuithe digiteacha ó cheann go ceann, agus a áirithiú go dtugann an reachtaíocht atá ann cheana agus an reachtaíocht nua araon tacaíocht do phrionsabail na hidir-inoibritheachta. Is struchtúr cineálach í an Ailtireacht Tagartha Eorpach Idir-Inoibritheachta (EIRA), ina gcuimsítear prionsabail agus treoirlínte chun réitigh idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart do EIF agus EIRA an tÚdarás a threorú agus tacú leis nuair a dhéanann siad ábhair idir-inoibritheachta a bhreithniú.

    (25)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Údarás rochtain níos fearr ar fhaisnéis agus seirbhísí ar líne a chur ar fáil do gheallsealbhóirí an Aontais agus do gheallsealbhóirí náisiúnta agus malartú faisnéise eatarthu a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart don Údarás úsáid uirlisí digiteacha a spreagadh, nuair is féidir sin. Sa bhreis ar chórais TF agus suíomhanna gréasáin, tá ról lárnach atá ag méadú i gcónaí ag uirlisí digiteacha amhail ardáin ar líne agus bunachair sonraí i ndáil le margadh shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair. Dá bhrí sin, tá uirlisí den sórt sin úsáideach chun rochtain éasca ar fhaisnéis ábhartha ar líne a chur a fáil agus malartú faisnéise a éascú do gheallsealbhóirí an Aontas agus do gheallsealbhóirí náisiúnta maidir lena gcuid gníomhaíochtaí trasteorann.

    (26)

    Ba cheart don Údarás a dhícheall a dhéanamh chun go mbeidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha a bhunófar le haghaidh chur chun feidhme na gcúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir le ceanglais ábhartha an Aontais maidir le hinrochtaineacht. Ceanglaítear ar na Ballstáit, le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), a áirithiú go mbíonn suíomhanna gréasáin a gcomhlachtaí poiblí inrochtana i gcomhréir leis an bprionsabal go bhfuil siad inbhraite, inoibritheach, intuigtheach agus stóinseach agus go gcomhlíonann siad ceanglais na Treorach sin. Níl feidhm ag an Treoir sin maidir le suíomhanna gréasáin ná feidhmchláir mhóibíleacha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart don Údarás a dhícheall a dhéanamh, áfach, na prionsabail a leagtar amach sa Treoir sin a chomhlíonadh.

    (27)

    Ba cheart an tÚdarás a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

    (28)

    Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag gach páirtí ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus sa Ghrúpa Geallsealbhóirí. Ba cheart an aidhm sin a bheith á saothrú freisin ag an mBord Bainistíochta i ndáil lena Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirligh i dteannta a chéile.

    (29)

    Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na mBallstát agus thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta chun feidhmiú éifeachtach an Údaráis a áirithiú. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, chomh maith le heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta trastionscail ar leibhéal an Aontais, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí, le hionadaíocht leormhaith thar cheann FMBanna, ionadaithe a ainmniú chuig an mBord Bainistíochta freisin. Ba cheart urraim a léiriú do phrionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí i gcomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach a roghnú. I bhfianaise fheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Údaráis, ba cheart don Bhord Bainistíochta, go háirithe, clár oibre bliantúil a ghlacadh, a fheidhmeanna maidir le buiséad an Údaráis a chomhlíonadh, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ghlacadh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, agus nósanna imeachta a bhunú maidir le cinntí a dhéanamh a bhaineann le cúraimí oibríochtúla an Údaráis a chomhlíonann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ba cheart d’ionadaithe ó thriú tíortha atá ag cur i bhfeidhm rialacha an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, a bheith in ann a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóirí.

    (30)

    I gcásanna eisceachtúla, inar gá an t-uasleibhéal rúndachta a choinneáil, níor cheart don saineolaí neamhspleách arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta trastionscail ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach i bpléití an Bhoird Bhainistíochta. Ba cheart an fhoráil sin a shonrú go soiléir i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta agus a theorannú d’fhaisnéis íogair maidir le cásanna aonair, chun a áirithiú nach ndéanfaí rannpháirtíocht éifeachtach an tsaineolaí agus na n-ionadaithe in obair an Bhoird Bainistíochta a theorannú go míchuí.

    (31)

    Ba cheart Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh chun bainistiú foriomlán riaracháin an Údaráis agus cur chun feidhme na gcúraimí a shannfar don Údarás a áirithiú. Féadfaidh baill eile foirne gníomhú in ionad an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcás ina measfar go bhfuil gá le déanamh amhlaidh chun bainistiú laethúil an Údaráis a áirithiú, i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Údaráis, gan poist bhainistíochta bhreise a chruthú.

    (32)

    Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, ba cheart don Bhord Bainistíochta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas agus ba cheart dóibh gníomhú ar mhaithe le leas an phobail.

    (33)

    Ba cheart don Údarás a bheith ag brath go díreach ar shaineolas na ngeallsealbhóirí ábhartha sna réimsí faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo trí Ghrúpa Geallsealbhóirí. Maidir leis na baill den ghrúpa geallsealbhóirí ba cheart gur ionadaithe ó chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais iad, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta earnálacha aitheanta de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht thar ceann earnálacha a bhaineann go háirithe le saincheisteanna maidir le soghluaisteacht an lucht saothair. Ba cheart go bhfaigheadh an Grúpa Geallsealbhóirí faisnéisiú roimh ré agus go mbeidís in ann a dtuairimí a thíolacadh chuig an Údarás, arna iarraidh sin nó ar a thionscnamh féin. Agus a ghníomhaíochtaí á gcur i gcrích aige, tabharfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí aird chuí ar na tuairimí sin agus bainfidh sé leas as saineolas Choiste Chomhairligh um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus as saineolas an Choiste Chomhairligh um Shaorghluaiseacht Oibrithe arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

    (34)

    Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán an Údaráis a áirithiú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt dó, agus a chuid ioncaim a bheith ag teacht as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, as aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit agus as aon ranníocaíocht ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair an Údaráis. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart dó a bheith in ann glacadh le comhaontuithe tarmligin nó le deontais ad hoc agus muirear a ghearradh ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhís a sholáthróidh an tÚdarás.

    (35)

    Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá le haghaidh fheidhmiú an tÚdarás. Ba cheart don Údarás a bheith ag obair in éineacht leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí an Údaráis a shainaithint go soiléir, agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

    (36)

    I gcás ina mbeidh próiseáil á déanamh ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó Rialachán (CE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), mar is infheidhme. Áireofar leis sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí a leagtar síos sna Rialacháin sin a chomhlíonadh, go háirithe bearta a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus leis na cearta atá ag ábhair sonraí.

    (37)

    Chun oibriú trédhearcach an Údaráis a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir leis an Údarás. Ba cheart gníomhaíochtaí an Údaráis a bheith faoi réir ghrinnscrúdú an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

    (38)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir leis an Údarás, agus ba cheart dó aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

    (39)

    Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit aíochta an Údaráis na dálaí is fearr is féidir a sholáthar chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú.

    (40)

    Chun coinníollacha fostaíochta oscailte, trédhearcacha agus cóir chomhionann don fhoireann a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (17) (dá ngairtear “na Rialacháin Foirne” agus na “Coinníollacha Fostaíochta”, faoi seach), i leith na foirne agus i leith Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis, lena n-áirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta.

    (41)

    Laistigh de chreat a n-inniúlachtaí faoi seach, ba cheart don Údarás comhoibriú le gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe leo sin a bunaíodh i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta, agus é ag cur le saineolas na ngníomhaíochtaí sin agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí: an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), mar aon leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhaoine, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust). Leis an gcomhar sin, ba cheart comhordú a áirithiú, sineirgí a chur chun cinn agus aon dúbailt ina ngníomhaíochtaí a sheachaint.

    (42)

    I réimse chomhordú na slándála sóisialta, ba cheart don Údarás agus don Choimisiún Riaracháin a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus é mar aidhm acu sineirgí a bhaint amach agus aon dúbailt a sheachaint.

    (43)

    Chun go mbeidh gné oibríochtúil i ngníomhaíochtaí na gcomhlachtaí atá ann cheana sna réimsí atá faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Údarás cúraimí an Choiste Teicniúil um Shaorghluaiseacht Oibrithe a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, ag Coiste na Saineolaithe maidir le hOibrithe a Phostú a bunaíodh le Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún (18), lena n-áirítear malartú faisnéise maidir leis an gcomhar riaracháin, cúnamh maidir le ceisteanna faoi chur chun feidhme chomh maith le forfheidhmiú trasteorann, agus ag an t-ardán a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/344. Nuair atá an tÚdarás ag tosú a bheith ag feidhmiú, ba cheart na comhlachtaí sin a scor. Féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh meithleacha tiomnaithe nó painéil saineolaithe thiomnaithe a chur ar bun.

    (44)

    Le Coiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta agus an Coiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe, cuirtear fóram comhairliúcháin ar fáil ar bhonn náisiúnta do chomhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na rialtas ar. Ba cheart don Údarás rannchuidiú lena gcuid oibre agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach ina gcruinnithe.

    (45)

    Chun an leagan amach institiúideach nua sin a léiriú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, agus Rialachán (AE) 2016/589 a leasú, agus ba cheart Cinneadh (AE) 2016/344 a aisghairm a luaithe a bheidh an tÚdarás ag feidhmiú.

    (46)

    Ba cheart don Údarás an éagsúlacht sna córais náisiúnta maidir le caidreamh tionsclaíoch agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú, mar a aithnítear go sainráite in CFAE. Má ghlactar páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis, bíonn sé sin gan dochar d’inniúlachtaí, oibleagáidí agus freagrachtaí na mBallstát faoi, inter alia, na gcoinbhinsiún sin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) is ábhartha agus is infheidhme, amhail Coinbhinsiún Uimh. 81 maidir le hIniúchadh Saothair i dTionscal agus i dTráchtáil, agus gan dochar do chumhachtaí na mBallstát chun an caidreamh tionsclaíoch náisiúnta a rialáil, idirghabháil a dhéanamh ann agus faireachán a dhéanamh air, go háirithe i bhfeidhmiú an chirt chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne.

    (47)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon chun rannchuidiú, laistigh dá raon feidhme, le cothroime a neartú sa mhargadh inmheánach laistigh dá raon feidhme a ghnóthú go leordhóthanach, agus iad ag gníomhú ar bhealach neamh-chomhordaithe ach, de bharr ghné thrasteorann na ngníomhaíochtaí sin agus an ghá atá le comhar méadaithe idir na Ballstáit, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (48)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a fhormhuinítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar a aithnítear in Airteagal 6 CAE.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    PRIONSABAIL

    Airteagal 1

    Bunú, ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear an tÚdarás Eorpach Saothair (an “tÚdarás”).

    2.   Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir leis an dlí de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a bheith á chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú acu, agus maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta laistigh den Aontas. Feidhmeoidh an t-Údarás faoi chuimsiú raon feidhme ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear i mír 4, lena n-áirítear na treoracha, na rialacháin, agus na cinntí uile a bhunófar ar na gníomhartha sin, agus raon feidhme aon ghnímh bhreise de chuid an Aontais a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de agus lena dtabharfar cúraimí don Údarás.

    3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a athnaítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha chaidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná ní dhéanfaidh sí difear don cheart chun comhaontaithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích ná a fhorfheidhmiú agus chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

    4.   Le raon feidhme ghníomhaíochtaí an Údaráis, cumhdófar na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais, lena n-áirítear gach leasú a dhéanfar ar na gníomhartha sin amach anseo:

    (a)

    Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

    (b)

    Treoir 2014/67/AE;

    (c)

    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), lena n-áirítear forálacha Rialacháin (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle (21) agus (CEE) Uimh. 574/72 (22) sa mhéid atá siad fós infheidhme, Rialachán (AE) 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 (24) ón gComhairle lena ndéantar forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin;

    (d)

    Rialachán (AE) Uimh. 492/2011;

    (e)

    Treoir 2014/54/AE;

    (f)

    Rialachán (AE) 2016/589;

    (g)

    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

    (h)

    Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

    (i)

    Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

    5.   Cumhdófar le raon feidhme ghníomhaíochtaí an Údaráis an comhar idir na Ballstáit chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.

    6.   Urramófar leis an Rialachán seo inniúlachtaí na mBallstát maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlí an Aontais a liostaítear i mír 4.

    Ní dhéanfar difear leis do chearta ná d’oibleagáidí daoine aonair ná d’fhostóirí a dheonaítear le dlí an Aontais ná leis an dlí ná leis an gcleachtas náisiúnta, ná do chearta ná d’oibleagáidí na n-údarás náisiúnta a thagann astu sin, ná do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear go sainráite in CFAE.

    Beidh an Rialachán seo gan dochar do chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana agus do shocruithe comhair riaracháin idir na Ballstáit, go háirithe na cinn a bhaineann le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha.

    Airteagal 2

    Cuspóirí

    Beidh sé de chuspóir ag an Údarás rannchuidiú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú ar fud an Aontais agus cuidiú leis na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhordú na gcóras slándála sóisialta laistigh den Aontas. Chuige sin, agus faoi chuimsiú an raon feidhme de bhun Airteagal 1, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

    (a)

    rochtain a éascú ar fhaisnéis faoi chearta agus oibleagáidí maidir le soghluaisteacht saothair ar fud an Aontais, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí ábhartha;

    (b)

    comhar idir na Ballstáit a éascú agus a fheabhsú i bhforfheidhmiú dhlí ábhartha an Aontais ar fud an Aontais, lena n-áirítear cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a éascú;

    (c)

    idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir na Ballstáit; agus

    (d)

    tacú leis an gcomhar idir Ballstáit agus iad ag dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.

    Airteagal 3

    Stádas dlíthiúil

    1.   Beidh an tÚdarás ina chomhlacht Aontais ag a mbeidh pearsantacht dhlítheanach.

    2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoina ndlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

    CAIBIDIL II

    CÚRAIMÍ AN ÚDARÁIS

    Airteagal 4

    Cúraimí an Údaráis

    Chun a chuspóirí a bhaint amach, déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    rochtain ar fhaisnéis a éascú agus EURES a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6;

    (b)

    comhar agus malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit d’fhonn dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar dhóigh chomhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 7;

    (c)

    cigireachtaí comhpháirteacha comhbheartaithe a chomhordú agus tacú leo, i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9;

    (d)

    anailísí agus measúnú riosca a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, i gcomhréir le hAirteagal 10;

    (e)

    tacú leis na Ballstáit ó thaobh forbairt acmhainní de maidir le dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar dhóigh éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 11;

    (f)

    tacú leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, i gcomhréir le hAirteagal 12;

    (g)

    idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí idir na Ballstáit maidir le dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 13.

    Airteagal 5

    Faisnéis maidir le soghluaisteacht an lucht saothair

    Feabhsóidh an tÚdarás infhaighteacht, cáilíocht agus inrochtaineacht na faisnéise de chineál ginearálta a chuirtear ar fáil do dhaoine aonair, d’fhostóirí agus d’eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta maidir le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha an Aontais a liostaítear in Airteagal 1(4), chun soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a éascú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

    (a)

    rannchuidiú le soláthar faisnéise ábhartha faoi chearta agus oibleagáidí daoine aonair i gcásanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin aonair ar fud an Aontais a bheidh ag feidhmiú mar thairseach aonair chun rochtain a fháil ar fhoinsí faisnéise agus ar sheirbhísí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1724;

    (b)

    tacú leis na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/589;

    (c)

    tacú leis na Ballstáit i ndáil le comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, go háirithe mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 2014/54/AE agus in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/589, le comhordú na slándála sóisialta mar a leagtar síos in Airteagal 76(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus le hoibrithe a phostú mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh d’fhoinsí náisiúnta faisnéise amhail na suíomhanna gréasáin aonair náisiúnta;

    (d)

    tacú leis na Ballstáit maidir le cruinneas, iomláine agus soláimhsitheacht na seirbhísí agus foinsí ábhartha náisiúnta faisnéise a fheabhsú, i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1724;

    (e)

    tacú leis na Ballstáit maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar sholáthar na faisnéise agus na seirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí i dtaobh soghluaisteacht trasteorann ar bhonn deonach;

    (f)

    comhar a éascú idir na comhlachtaí inniúla ainmnithe i gcomhréir le Treoir 2014/54/AE chun faisnéis, treoir agus cúnamh a sholáthar do dhaoine aonair agus d’fhostóirí i réimse na soghluaisteachta saothair laistigh den mhargadh inmheánach.

    Airteagal 6

    EURES a chomhordú

    Chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le seirbhísí a sholáthar do dhaoine aonair agus d’fhostóirí trí EURES, amhail folúntais trasteorann poist, tréimhse oiliúna agus phrintíseachta a mheaitseáil le CVanna agus, sa chaoi sin, soghluaisteacht lucht saothair a éascú ar fud an Aontais, déanfaidh an tÚdarás Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES, a bunaíodh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/589 a bhainistiú.

    Faoi bhainistíocht an Údaráis, déanfaidh Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/589, cé is moite de thairseach EURES agus seirbhísí gaolmhara TF a fhorbairt agus a oibriú, ar seirbhísí iad a leanfaidh an Coimisiún de bheith á mbainistiú. Áiritheoidh an tÚdarás, faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar a leagtar amach i bpointe (n) d’Airteagal 22(4) den Rialachán seo, go gcomhlíonfaidh an ghníomhaíocht sin go hiomlán ceanglais na reachtaíochta is infheidhme maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear an ceanglas maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán seo.

    Airteagal 7

    Comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit

    1.   Éascóidh an tÚdarás comhar agus luathú malartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus tabharfaidh sé tacaíocht dóibh maidir lena n-oibleagáidí comhair a chomhlíonadh go héifeachtach, lena n-áirítear malartú faisnéise, mar a shainítear i ndlí an Aontais laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo

    Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a)

    arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, tacú le húdaráis náisiúnta pointí teagmhála ábhartha na n-údarás náisiúnta sna Ballstáit eile a shainaithint;

    (b)

    arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, an obair leantach i dtaca le hiarrataí agus malartuithe faisnéise idir údaráis náisiúnta a éascú trí thacaíocht lóistíochtúil agus tacaíocht theicniúil a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, agus trí mhalartuithe faisnéise maidir le stádas na gcásanna;

    (c)

    dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt mar aon le rannchuidiú lena scaipeadh idir na Ballstáit;

    (d)

    arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, i gcás inarb ábhartha, nósanna imeachta forfheidhmithe trasteorann a bhaineann le pionóis agus fíneálacha a éascú agus tacaíocht a thabhairt ina leith, faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo de réir Airteagal 1;

    (e)

    tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin dhá uair sa bhliain faoi iarrataí atá gan réiteach idir na Ballstáit agus breithniú a dhéanamh cibé an gcuirfidh sé na hiarrataí sin ar aghaidh le haghaidh idirghabháil i gcomhréir le hAirteagal 13(2).

    2.   Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, déanfaidh an tÚdarás faisnéis a chur ar fáil chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann i gcur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhartha de chuid an Aontais a thagann faoi inniúlacht an Údaráis.

    3.   Déanfaidh an tÚdarás úsáid uirlisí agus nósanna imeachta leictreonacha a chur chun cinn le haghaidh teachtaireachtaí a mhalartú idir údaráis náisiúnta, lena n-áirítear an córas IMI.

    4.   Spreagfaidh an tÚdarás cineálacha cur chuige nuálacha maidir le comhar trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil, agus déanfaidh sé an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sásraí leictreonacha malartaithe faisnéise agus bunachair sonraí idir na Ballstáit a chur chun cinn chun rochtain fíor-ama ar shonraí agus brath calaoise a éascú, agus féadfaidh sé feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a mholadh maidir le húsáid na sásraí agus na mbunachar sonraí sin. Soláthróidh an tÚdarás tuarascálacha chuig an gCoimisiún d’fhonn sásraí leictreonacha malartaithe faisnéise agus bunachair sonraí a fhorbairt tuilleadh.

    Airteagal 8

    Comhordú agus tacaíocht maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha

    1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, comhordóidh an tÚdarás cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha sna réimsí atá laistigh d’inniúlacht an Údaráis agus tacóidh sé leis na cigireachtaí sin. Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás, ar a thionscnamh féin, a mholadh d’údaráis na mBallstát lena mbaineann go ndéanfaidh siad cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach.

    Beidh cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann.

    Féadfaidh eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta aird an Údaráis a tharraingt ar chásanna.

    2.   Chun críocha an Rialacháin seo:

    (a)

    is é is cigireachtaí comhbheartaithe ann ná cigireachtaí a dhéantar go comhuaineach in dhá Bhallstát nó níos mó maidir le cásanna gaolmhara, agus gach údarás náisiúnta ag feidhmiú ar a chríoch féin, agus tacaíocht á fáil, i gcás inarb iomchuí, ó fhoireann an Údaráis;

    (b)

    is é is cigireachtaí comhpháirteacha ann ná cigireachtaí a dhéantar i mBallstát le rannpháirtíocht ó údarás náisiúnta Ballstáit amháin eile nó níos mó lena mbaineann, agus tacaíocht á fáil, i gcás inarb iomchuí, ó fhoireann an Údaráis.

    3.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a bheith rannpháirteach i gcigireachtaí comhbheartaithe nó i gcigireachtaí comhpháirteacha.

    Beidh cigireacht comhbheartaithe nó cigireacht comhpháirtithe faoi réir chomhaontú roimh ré na mBallstát rannpháirteach uile, agus tabharfar fógra faoin gcomhaontú sin trína nOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh arna n-ainmniú de bhun Airteagal 32.

    I gcás ina ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó cinneadh gan a bheith rannpháirteach sa chigireacht chomhbheartaithe nó sa chigireacht chomhpháirteach, is sna Ballstáit rannpháirteacha amháin a dhéanfaidh údaráis náisiúnta na mBallstát eile an chigireacht sin. Na Ballstáit a chinnfidh gan a bheith rannpháirteach, coinneoidh siad faoi rún an fhaisnéis faoin gcigireacht sin.

    4.   Déanfaidh an tÚdarás na modúlachtaí a chur ar bun agus a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar obair leantacha iomchuí i gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh gan a bheith rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó i gcigireacht chomhpháirteach.

    I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an tÚdarás agus na Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas i scríbhinn gan mhoill, lena n-áirítear trí bhealaí leictreonacha, gan aon mhoill mhíchuí faoi na cúiseanna atá leis gcinneadh agus, b’fhéidir, faoi na bearta a bhfuil sé i gceist acu a dhéanamh chun an cás a réiteach agus, ina theannta sin, a luaithe is eol iad, faoi thorthaí na mbeart sin. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh go ndéanfaidh an Ballstát nach raibh rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó i gcigireacht chomhpháirteach a chigireacht féin a ar bhonn deonach.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an tÚdarás faisnéis maidir le cigireachtaí atá beartaithe a choinneáil faoi rún i ndáil le tríú páirtithe.

    Airteagal 9

    Socruithe maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha

    1.   I gcomhaontú maidir le cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach a dhéanamh idir na Ballstáit rannpháirteacha agus an tÚdarás, leagfar amach na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcigireacht a dhéanamh, lena n-áirítear raon feidhme agus cuspóir na cigireachta agus, más ábhartha, aon socruithe maidir le rannpháirtíocht fhoireann an Údaráis ann. Féadfar a bheith san áireamh sa chomhaontú forálacha lenar féidir cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh faoi ghearrfhógra, tráth a mbeidh na cigireachtaí sin comhaontaithe agus pleanáilte. Bunóidh an tÚdarás samhail-chomhaontú i gcomhréir le dlí an Aontais, mar aon leis an dlí náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta.

    2.   Is i gcomhréir le dlí nó cleachtas na mBallstát ina ndéanfar na cigireachtaí a chuirfear na cigireachtaí comhbheartaithe agus na cigireachtaí comhpháirteacha i gcrích. Is i gcomhréir le dlí nó le cleachtas na mBallstát lena mbaineann a dhéanfar aon obair leantach maidir leis na cigireachtaí sin.

    3.   Déanfar cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha ar bhealach a bheidh éifeachtach ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit, sa chomhaontú cigireachta, ról agus stádas iomchuí a dheonú d’oifigigh ó Bhallstát eile a bheidh rannpháirteach sna cigireachtaí sin, i gcomhréir le dlí nó le cleachtas an Bhallstáit ina ndéanfar an chigireacht.

    4.   Déanfaidh an tÚdarás tacaíocht choincheapúil, lóistíochtúil agus theicniúil, agus, i gcás inarb iomchuí, saineolas dlíthiúil, arna iarraidh sin ag na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, a sholáthar do na Ballstáit a mbeidh cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu.

    5.   Féadfaidh baill foirne an Údaráis a bheith i láthair ag an gcireacht mar bhreathnóirí agus féadfaidh siad tacaíocht lóistíochtúil a sholáthar, agus féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó i gcigireacht chomhpháirteach le comhaontú roimh ré ón mBallstát ar a chríoch a bheidh cúnamh á sholáthar ag na baill foirne sin i gcomhréir le dlí náisiúnta nó cleachtas náisiúnta an Bhallstáit.

    6.   Cuirfidh an t-údarás náisiúnta Ballstáit a bhfuil cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach á déanamh aige tuarascáil faoi bhráid an Údaráis ar thorthaí na cigireachta sin sa Bhallstát sin agus ar reáchtáil oibríochtúil fhoriomlán na cigireachta comhbheartaithe nó na cigireachta comhpháirtí, 6 mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na cigireachta.

    7.   Beifear in ann an fhaisnéis arna bailiú le linn cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha a úsáid mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla sna Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas sa Bhallstát sin.

    8.   Déanfar faisnéis maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha arna comhordú ag an Údarás, chomh maith le faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ag an Údarás amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus (3) a chur san áireamh i dtuarascálacha leathbhliantúla a bheidh le tíolacadh chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar na tuarascálacha sin a chur chuig an nGrúpa Geallsealbhóirí freisin, agus aon fhaisnéis íogair atá iontu folaithe de réir mar is cuí. Beidh tuarascáil bhliantúil maidir leis na cigireachtaí ar thug an tÚdarás tacaíocht dóibh ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis.

    9.   I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás amach, le linn cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha, nó le linn aon ghníomhaíochtaí dá cuid, faoi neamhrialtachtaí amhrasta maidir le chur chun feidhme dhlí an Aontais, féadfaidh sé na neamhrialtachtaí amhrasta sin a thuairisciú, i gcás inarb iomchuí, don Bhallstát lena mbaineann agus don Choimisiún.

    Airteagal 10

    Anailísí ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus measúnú riosca;

    1.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na comhpháirtithe sóisialta, measúnú ar rioscaí agus déanfaidh sé anailísí maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú slándála sóisialta ar fud an Aontais. Leis an measúnú riosca agus an obair anailíseach, tabharfar aghaidh ar ábhair amhail míchothromaíochtaí i margadh an lucht saothair, dúshláin earnáilsonracha agus fadhbanna athfhillteacha, agus féadfaidh an tÚdarás freisin grinnanailísí agus staidéir dhírithe a dhéanamh chun saincheisteanna sonracha a scrúdú. Agus a mheasúnú riosca agus a obair anailíseach á ndéanamh aige, bainfidh an tÚdarás, sa mhéid is féidir, úsáid as na sonraí staidrimh ábhartha reatha atá ar fáil ó shuirbhéanna a rinneadh cheana, agus áiritheoidh sé comhlántacht le gníomhaireachtaí nó seirbhísí de chuid an Aontais agus le húdaráis, gníomhaireachtaí nó seirbhísí náisiúnta, agus bainfidh sé leas as an saineolas atá acu, lena n-áirítear sna réimsí maidir le calaois, dúshaothrú, idirdhealú, réamhaisnéis scileanna agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair.

    2.   Eagróidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí idir na Ballstáit a bhfuil sé comhaontaithe acu a bheith rannpháirteach, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    scrúdú a dhéanamh ar aon cheisteanna, deacrachtaí agus saincheisteanna sonracha a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais faoi chuimsiú inniúlachtaí an Údaráis, chomh maith le forfheidhmiú praiticiúil dhlí an Aontais;

    (b)

    an chomhsheasmhacht a neartú i dtaca le seirbhísí a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí;

    (c)

    an fhaisnéis agus an tuiscint fhrithpháirteach maidir le córais agus cleachtais dhifriúla a fheabhsú, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart difriúil beartais, lena n-áirítear bearta maidir le cosc agus díspreagadh.

    3.   I gcás ina mbeidh measúnú riosca nó aon chineál eile oibre anailísí curtha i gcrích, déanfaidh an tÚdarás tuarascáil ar a thorthaí a thabhairt don Choimisiúin, agus do na Ballstáit lena mbaineann go díreach, ar tuarascáil í ina léireofar bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar laigí arna sainaithint.

    Déanfaidh an tÚdarás achoimre ar a thorthaí a áireamh freisin ina a dtuarascálacha bliantúla chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún.

    4.   Baileoidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, sonraí staidrimh arna dtiomsú agus arna soláthar ag na Ballstáit sna réimsí de dhlí an Aontais atá faoi chuimsiú inniúlachtaí an Údaráis. Agus é sin á dhéanamh aige, féachfaidh an tÚdarás leis na gníomhaíochtaí bailithe sonraí atá in úsáid faoi láthair sna réimsí sin a chuíchóiriú chun dúbailt an bhailithe sonraí a sheachaint. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm ag Airteagal 15. Déanfaidh an tÚdarás idirchaidreamh leis an gCoimisiún (Eurostat) agus comhroinnfidh sé, i gcás inarb iomchuí, na torthaí a thiocfaidh as a ghníomhaíochtaí bailithe sonraí.

    Airteagal 11

    Tacaíocht d’fhorbairt acmhainní

    Tabharfaidh an tÚdarás tacaíocht do na Ballstáit maidir le forbairt acmhainní arb é is aidhm di dlí an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach sna réimsí uile a liostaítear in Airteagal 1. Déanfaidh an tÚdarás, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, le comhpháirtithe sóisialta, treoracha comhchoiteanna neamhcheangailteacha a fhorbairt lena n-úsáid ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear treoir le haghaidh cigireachtaí i gcásanna ina mbainfidh gné thrasteorann leo, mar aon le sainmhínithe comhroinnte agus coincheapa comhchoiteanna, lena gcuirfear leis an obair ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

    (b)

    tacú le cúnamh frithpháirteach agus é a chur chun cinn, bíodh sé i bhfoirm gníomhaíochtaí idir piaraí nó gníomhaíochtaí grúpa, chomh maith le malartuithe foirne agus scéimeanna iasachta foirne idir údaráis náisiúnta;

    (c)

    malartú agus scaipeadh taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn, lena n-áirítear samplaí den chomhar idir na húdaráis náisiúnta ábhartha;

    (d)

    cláir oiliúna earnála agus thrasearnála, lena n-áirítear do chigireachtaí saothair, agus ábhar oiliúna tiomnaithe a fhorbairt, lena n-áirítear trí mhodhanna foghlama ar líne;

    (e)

    feachtais ardaithe feasachta a chur chun cinn, lena n-áirítear feachtais chun daoine aonair agus fostóirí, chomh maith le FBManna go háirithe, a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí agus maidir leis na deiseanna atá ann dóibh.

    Airteagal 12

    An tArdán Eorpach chun comhar a fheabhsú maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe

    1.   Tabharfaidh an tArdán Eorpach chun comhar a fheabhsú maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe (“an tArdán”) a bunaítear i gcomhréir le hAirteagal 16(2) tacaíocht do ghníomhaíochtaí an Údaráis maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe tríd an méid seo a leanas:

    (a)

    feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis ábhartha na mBallstát agus gníomhaithe eile lena mbaineann chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe den uile chineál ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí agus chun dul i ngleic le hobair a dhearbhaítear go bréagach i ndáil leis sin, lena n-áirítear an fhéinfhostaíocht bhréagach;

    (b)

    feabhas a chur ar chumas údaráis ábhartha agus gníomhaithe éagsúla na mBallstát dul i ngleic le gnéithe trasteorann na hoibre neamhdhearbhaithe; agus rannchuidiú, ar an gcaoi sin, le cothrom na Féinne a chruthú;

    (c)

    cur le feasacht an phobail maidir le saincheisteanna a bhaineann le hobair neamhdhearbhaithe agus maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht iomchuí agus na Ballstáit a spreagadh dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.

    (d)

    na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chur i gcrích.

    2.   Déanfaidh an tArdán an comhar idir na Ballstáit a spreagadh tríd an méid seo a leanas:

    (a)

    dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú;

    (b)

    saineolas agus anailís a fhorbairt, agus aon dúbailt á seachaint;

    (c)

    cuir chuige nuálacha a spreagadh agus a éascú don chomhar trasteorann éifeachtach éifeachtúil agus an taithí a mheas;

    (d)

    rannchuidiú le tuiscint chothrománach a fhorbairt ar na hábhair a bhaineann le hobair neamhdhearbhaithe.

    3.   Beidh an tArdán comhdhéanta as:

    (a)

    ionadaí sinsearach amháin a cheapfaidh gach Ballstát;

    (b)

    ionadaí ar an gCoimisiún;

    (c)

    uasmhéid de cheathrar ionadaithe ó eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, arna gceapadh ag na heagraíochtaí sin, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.

    4.   Féadfaidh na geallsealbhóirí seo a leanas freastal ar chruinnithe an Ardáin mar bhreathnóirí agus tabharfar aird chuí ar a rannchuidithe:

    (a)

    uasmhéid de 14 ionadaí ó ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta in earnálacha a bhfuil rátaí arda d’obair neamhdhearbhaithe iontu, arna gceapadh ag na heagraíochtaí sin, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.

    (b)

    ionadaí amháin ó gach ceann acu de Eurofound, EU-OSHA agus EIS;

    (c)

    ionadaí amháin ó gach ceann de na tríú tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    Féadfar a iarraidh ar bhreathnóirí seachas iad sin dá dtagraítear sa chead fhomhír freastal ar an gcruinniú den Ardán agus tabharfar lánaird ar a rannchuidithe.

    Is ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an Údarás.

    Airteagal 13

    Idirghabháil idir na Ballstáit

    1.   Féadfaidh an tÚdarás réiteach a éascú i gcás díospóide idir dhá Bhallstát nó níos mó maidir le cásanna aonair de chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Breithiúnais. Is é is aidhm don idirghabháil réiteach a aimsiú idir dearcthaí éagsúla sna Ballstáit is páirtí sa díospóid agus chun tuairim neamhcheangailteach a ghlacadh.

    2.   I gcás nach féidir díospóid a réiteach trí theagmhálacha díreacha agus idirphlé idir na Ballstáit is páirtí sa díospóid, seolfaidh an tÚdarás nós imeachta idirghabhála arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh freisin nós imeachta idirghabhála a sheoladh ar a thionscnamh féin. Ní fhéadfar idirghabháil a dhéanamh ach amháin le comhaontú na mBallstát uile is páirtí sa díospóid.

    3.   Déanfar chéad chéim den idirghabháil idir na Ballstáit is páirtí sa díospóid agus idirghabhálaí, a ghlacfaidh tuairim neamhcheangailteach trí chomhaontú comhchoiteann. Féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ón Údarás a bheith rannpháirteach sa chéad chéim den idirghabháil agus inniúlacht chomhairleach acu.

    4.   Mura bhfaighfear aon réiteach sa chéad chéim den idirghabháil, déanfaidh an tÚdarás dara céim den idirghabháil a sheoladh os comhair a Bhoird idirghabhála, faoi réir chomhaontú na mBallstát uile is páirtí sa díospóid.

    5.   Féachfaidh an Bord Idirghabhála, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ó na Ballstáit, seachas na Ballstáit ar páirtithe sa díospóid iad, le réiteach a bhaint amach idir dearcthaí na mBallstát is páirtí sa díospóid agus aontóidh siad ar thuairim neamhcheangailteach. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún agus ón Údarás a bheith rannpháirteach sa dara céim idirghabhála agus feidhm chomhairleach acu.

    6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha an nós imeachta don idirghabháil a ghlacadh, lena n-áirítear na socruithe oibre agus ceapadh na n-idirghabhálaithe, na spriocdhátaí is infheidhme, rannpháirtíocht saineolaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ón Údarás, agus an fhéidearthacht atá ag an mBord Idirghabhála suí i bpainéil a bheidh comhdhéanta de roinnt comhaltaí.

    7.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht na mBallstát is páirtí sa díospóid sa dá chéim den idirghabháil. I gcás ina gcinnfidh Ballstát lena mbaineann an díospóid gan páirt a ghlacadh sa nós imeachta idirghabhála, cuirfidh sé an tÚdarás agus na Ballstáit eile is páirtí sa díospóid ar an eolas i scríbhinn, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, faoi na cúiseanna dá chinneadh laistigh den tréimhse a leagtar síos sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 6.

    8.   Le linn do na Ballstáit cás le haghaidh idirghabhála a chur faoi bhráid an Údaráis, áiritheoidh siad go ndéanfar na sonraí pearsanta uile a bhaineann leis an gcás sin a anaithnidiú ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint a thuilleadh. Ní dhéanfaidh an tÚdarás próiseáil ar shonraí pearsanta na ndaoine aonair a mbaineann an cás leo ag tráth ar bith le linn an nós imeachta idirghabhála.

    9.   Ní bheidh cásanna a bhfuil imeachtaí cúirte ar siúl ina leith ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais inghlactha le haghaidh idirghabhála ag an Údarás. I gcás ina ndéanfar imeachtaí cúirte a thionscnamh le linn na hidirghabhála, cuirfear an nós imeachta idirghabhála ar fionraí.

    10.   Beidh an idirghabháil gan dochar d’inniúlacht an Choimisiúin Riaracháin lena n-áirítear na cinntí uile arna nglacadh aige. Leis an idirghabháil, cuirfear i gcuntas cinntí ábhartha uile an Choimisiúin Riaracháin.

    11.   Nuair a bhaineann díospóid le cúrsaí slándála sóisialta, go hiomlán nó go páirteach, cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún Riaracháin ar an eolas.

    D’fhonn dea-chomhar a áirithiú, chun na gníomhaíochtaí a chomhordú i gcomhaontú frithpháirteach agus chun aon dúbláil a sheachaint i gcásanna idirghabhála a bhaineann le saincheisteanna na slándála sóisialta agus dlí an tsaothair araon, bunóidh an Coimisiún Riaracháin agus an tÚdarás comhaontú comhair.

    Arna iarraidh sin don Choimisiún Riaracháin agus i gcomhaontú leis na Ballstáit is páirtí sa díospóid, déanfaidh an tÚdarás an tsaincheist maidir le slándáil shóisialta a tharchur chuig an gCoimisiún Riaracháin de bhun Airteagal 74a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Féadfar leanúint d’idirghabháil maidir leis na saincheisteanna nach mbaineann le slándáil shóisialta.

    Arna iarraidh sin d’aon Bhallstát is páirtí sa díospóid, déanfaidh an tÚdarás an tsaincheist maidir le comhordú slándála sóisialta a tharchur chuig an gCoimisiún Riaracháin. Féadfar an tarchur sin a dheanamh ag aon chéim den idirghabháil. Féadfar leanúint den idirghabháil maidir leis na saincheisteanna nach mbaineann le slándáil shóisialta.

    12.   Laistigh de 3 mhí tar éis ghlacadh an chinnidh neamhcheangailtigh, tuairisceoidh na Ballstáit is páirtí sa díospóid don Údarás faoi na bearta a rinne siad, mar thoradh ar an tuairim, chun obair leantach a dhéanamh ina leith nó faoi na cúiseanna nach ndearna siad aon ghníomhaíocht i gcás nach ndearna siad aon obair leantach.

    13.   Tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún dhá uair sa bhliain faoi na torthaí a bhí ar na cásanna idirghabhála a láimhseáil sé agus faoi na cásanna nár leanadh leo.

    Airteagal 14

    Comhar le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe

    Beidh sé mar aidhm ag an Údarás ina ghníomhaíochtaí go léir comhar a áirithiú, forluí a sheachaint, sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn le gníomhaireachtaí díláraithe agus le comhlachtaí speisialaithe eile de chuid an Aontais, amhail an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta. Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, amhail Cedefop, Eurofound, EU-OSHA, ETF, Europol agus Eurojust.

    Airteagal 15

    Idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise

    Déanfaidh an tÚdarás creata idir-inoibritheachta a chomhordú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an malartú faisnéise idir na Ballstáit, agus leis an Údarás freisin, a dheimhniú. Beidh na creataí idir-inoibritheachta sin bunaithe ar an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta agus ag an Ailtireacht Tagartha Eorpach maidir le hIdir-inoibritheacht dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus iad ina dtaca acu.

    CAIBIDIL III

    EAGRÚ AN ÚDARÁIS

    Airteagal 16

    Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

    1.   Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistithe an Údaráis:

    (a)

    Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 18;

    (b)

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (c)

    Grúpa Geallsealbhóirí.

    2.   Féadfaidh an tÚdarás meithleacha agus painéil saineolaithe a chur ar bun ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit nó ón gCoimisiún, nó saineolaithe seachtracha tar éis nósanna imeachta roghnúcháin, nó teaglaim díobh sin, chun na cúraimí sonracha atá ar an Údarás nó chun réimsí sonracha beartais a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an tArdán dá dtagraítear in Airteagal 12 ar bun mar mheitheal bhuan, agus cuirfidh sé an Bord Idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 13 ar bun.

    Leagfaidh an tÚdarás amach rialacha nós imeachta na meithleacha agus na bpainéal sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

    Airteagal 17

    Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

    1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a)

    ionadaí sinsearach amháin ó gach Ballstát;

    (b)

    beirt chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gCoimisiún;

    (c)

    saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa;

    (d)

    ceathrar comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais, a dhéanann ionadaíocht chomhionann thar ceann ceardchumann agus eagraíochtaí fostóirí.

    Ní bheidh an ceart vótála ach amháin ag na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) i bpointe (b) den chéad fhomhír.

    2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais.

    3.   Maidir leis na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus a gcomhaltaí malartacha, is iad a mBallstát a cheapfaidh iad.

    Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1.

    Is í Parlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

    Ceapfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta tras-tionscail ar leibhéal an Aontais a n-ionadaithe agus ceapfaidh Parlaimint na hEorpa a saineolaí neamhspleách, tar éis a fhíorú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

    Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais ar na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, agus a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh.

    Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas a chuid oibre a áirithiú. Beidh sé d’aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

    4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh an tÚdarás na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

    5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

    6.   Ionadaithe ó thríú tíortha a bheidh ag cur dlí an Aontais i bhfeidhm i réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i gcruinnithe agus i bpléití an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóirí.

    7.   Féadfar a iarraidh ar ionadaí ó Eurofound, ar ionadaí ó EU-OSHA, ar ionadaí ó Cedefop, agus ar ionadaí ón bhFondúireacht Eorpach Oiliúna a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ag cruinnithe den Bhord Bainistíochta chun éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí agus na sineirgí atá eatarthu a fheabhsú.

    Airteagal 18

    Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

    1.   Go háirithe, déanfaidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas:

    (a)

    na treoshuíomhanna straitéiseacha a sholáthar agus gníomhaíochtaí an Údaráis a mhaoirsiú;

    (b)

    buiséad bliantúil an Údaráis a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí ag a bhfuil an ceart vótála, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad an Údaráis de bhun Chaibidil IV;

    (c)

    an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a mheas agus a ghlacadh, lena n-áirítear forléargas ar a cuid cúraimí, agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiún, agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal.

    (d)

    na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 29 a ghlacadh;

    (e)

    straitéis frithchalaoise a ghlacadh, i gcomhréir leis na rioscaí calaoise agus costais, agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

    (f)

    rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, chomh maith le comhaltaí Ghrúpa Geallsealbhóirí agus comhaltaí ghrúpaí oibre agus phainéil an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 16(2), chomh maith le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás amhail dá dtagraítear in Airteagal 33, agus poibleoidh sé go bliantúil ar a shuíomh gréasáin dearbhuithe leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta;

    (g)

    na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 36(3) a ghlacadh agus a nuashonrú ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

    (h)

    a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

    (i)

    na nósanna imeachta le haghaidh idirghabhála a ghlacadh de bhun Airteagal 13;

    (j)

    meithleacha agus painéil saineolaithe a bhunú de bhun Airteagal 16(2) agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

    (k)

    cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích arna dtabhairt leis na Coinníollacha Fostaíochta (“cumhacht an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann an Údaráis;

    (l)

    rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

    (m)

    acmhainn iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;

    (n)

    an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 31;

    (o)

    Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

    (p)

    an nós imeachta a shocrú maidir le comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Ghrúpa Geallsealbhóirí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 23 a roghnú, agus na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin a cheapadh;

    (q)

    a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascróidh as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

    (r)

    gach cinneadh a dhéanamh maidir le coistí inmheánacha nó comhlachtaí eile an Údaráis a bhunú agus, i gcás inar gá, maidir le modhnú na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin, agus riachtanais ghníomhaíochtaí an Údaráis á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt do bhainistiú fónta airgeadais;

    (s)

    dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 24 a fhormheas sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;

    (t)

    tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de comhaltaí an Bhoird bainistíochta atá i dteideal vóta a chaitheamh agus i gcomhréir le hAirteagal 24.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

    3.   I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Airteagal 19

    Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

    1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus déanfaidh sé a dhícheall cothromaíocht inscne a bhaint amach. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu.

    I gcás nach mbainfear amach tromlach dhá thrian ar an gcéad vóta, eagrófar vóta eile lena dtoghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

    Déanfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh a ghlacadh go huathoibríoch i gcás ina gcuirfear cosc air nó uirthi a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

    2.   Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta aon tráth le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

    Airteagal 20

    Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

    1.   Is é an Cathaoirleach a dhéanfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionól.

    2.   Eagróidh an Cathaoirleach na pléití de réir na n-ítimí ar an gclár oibre. Ní ghlacfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 17(1) páirt i bpléití ar ítimí a bhaineann le faisnéis íogair maidir le cásanna aonair, mar a shonraítear i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

    3.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.

    4.   Beidh ar a laghad dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

    5.   Beidh cruinnithe ag an mBord Bainistíochta leis nGrúpa Geallsealbhóirí ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana.

    6.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine nó eagraíocht a bhféadfaidh a thuairimí a bheith ina n-ábhar spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, lena n-áirítear comhaltaí den Ghrúpa Geallsealbhóirí.

    7.   Faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta nó ag a gcomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.

    8.   Is é an tÚdarás a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

    Airteagal 21

    Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

    1.   Gan dochar do phointí (b) agus (t) d’Airteagal 18(1) agus d’Airteagal 19(1) agus d’Airteagal 31(8), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí le tromlach na gcomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

    2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

    3.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

    4.   Bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, agus na himthosca ina bhfuil nósanna imeachta i scríbhinn le húsáid le haghaidh vóta a chaitheamh.

    Airteagal 22

    Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú an Údaráis agus beidh sé mar aidhm aige nó aici cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh den Údarás. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.

    2.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas nuair a iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

    3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil ag an Údarás.

    4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Údarás leis an Rialachán seo, go háirithe:

    (a)

    riaradh laethúil an Údaráis;

    (b)

    cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

    (c)

    an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena fhormheas;

    (d)

    an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

    (e)

    an dréacht-tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

    (f)

    plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;

    (g)

    leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraifear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin, lena n-áirítear airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

    (h)

    straitéis frith-chalaoise don Údarás a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

    (i)

    na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta;

    (j)

    dréachtráiteas an Údaráis ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar chuid de dhoiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis, a ullmhú; agus buiséad an Údaráis a chur chun feidhme;

    (k)

    cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

    (l)

    cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha an Údaráis, lena n-áirítear, i gcás inar gá, gabháil, mar ionadaí, d’fheidhmeanna a bhféadfaí bainistiú an Údaráis ó lá go lá a chumhdach leo, agus, i gcás inar gá, maidir lena leasú, agus na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis agus le bainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh;

    (m)

    i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo;

    (n)

    bearta arna mbunú ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2018/1725 a bheith á chur i bhfeidhm ag an Údarás;

    (o)

    an Bord Bainistíocht a chur ar an eolas faoi na haighneachtaí ón nGrúpa Geallsealbhóirí.

    5.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó, agus an gá oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar an Údaráis le hinstitiúidí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais a fhorbairt tuilleadh. Sula gcinnfidh sé nó sí oifig áitiúil nó oifig idirchaidrimh a bhunú, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ina bhfuil an oifig áitiúil le suí. Déanfar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig a shonrú sa chinneadh ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin an Údaráis a dhéanamh faoi dhó. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhaontú leis an mBallstát maidir leis an áit ina bhfuil an oifig áitiúil nó an oifig idirchaidrimh le suí.

    Airteagal 23

    An Grúpa Geallsealbhóirí

    1.   Chun comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha a éascú agus chun gur féidir tairbhe a bhaint as a gcuid saineolais i réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí. Beidh an Grúpa Geallsealbhóirí ag gabháil leis an Údarás agus beidh feidhmeanna comhairleacha acu.

    2.   Gheobhaidh an Grúpa Geallsealbhóirí faisnéisiú roimh ré agus féadfaidh sé, arna iarraidh sin don Údarás nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a chur faoi bhráid an Údaráis maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlí an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na hanailísí soghluaisteachta saothair trasteorann agus na measúnuithe riosca, dá dtagraítear in Airteagal 10;

    (b)

    an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, dá dtagraítear in Airteagal 18;

    (c)

    an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.

    3.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chathaoirleach ar an nGrúpa Geallsealbhóirí agus tiocfaidh an grúpa le chéile faoi dhó ar a laghad sa bhliain ar thionscnamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó arna iarraidh sin don Choimisiún.

    4.   Beidh an Grúpa Geallsealbhóirí comhdhéanta de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus de dheichniúr ionadaithe ó chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais a dhéanfaidh ionadaíocht chomhionann ar cheardchumainn agus ar eagraíochtaí fostóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta earnála aitheanta de chuid an Aontais a dhéanfaidh ionadaíocht ar earnálacha arb údar imní dóibh go háirithe saincheisteanna soghluaisteachta saothair.

    5.   Maidir le comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Ghrúpa Geallsealbhóirí, ainmneoidh a gcuid eagraíochtaí féin iad agus ceapfaidh an Bord Bainistíochta iad. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta na comhaltaí malartacha i gcomhréir leis na coinníollacha céanna a úsáidfear chun comhaltaí a cheapadh, agus glacfaidh siad go huathoibríoch ionad aon chomhaltaí atá as láthair nó nach bhfuil ar fáil. Tabharfar urraim don chothromaíocht iomchuí inscne, a mhéid is féidir, agus d’ionadaíocht leordhóthanach FBManna.

    6.   Is é an tÚdarás a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Ghrúpa Geallsealbhóirí. Glacfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí a rialacha nós imeachta le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí atá i dteideal vóta a chaitheamh. Beidh na rialacha nós imeachta faoi réir a bhformheasta ag an mBord Bainistíochta.

    7.   Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe nó d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha dá chruinnithe.

    8.   Cuirfidh an tÚdarás tuairimí, comhairle agus moltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí agus torthaí a gcuid comhairliúchán ar fáil don phobal, ach amháin i gcás ceanglais rúndachta.

    CAIBIDIL IV

    BUNÚ AGUS STRUCHTÚR BHUISÉAD AN ÚDARÁIS

    ROINN 1

    Doiciméad clársceidealaithe aonair an údaráis

    Airteagal 24

    Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

    1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas ina mbeidh, go háirithe, clársceideal bliantúil agus ilbhliantúil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún, treoirlínte a shocróidh an Coimisiún (28) á gcur san áireamh agus aon chomhairle eile arna tabhairt ag an nGrúpa Geallsealbhóirí.

    2.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Bord ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir an bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan nuashonraithe den doiciméad sin.

    Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith cinntitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go críochnaitheach agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

    3.   Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo.

    Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    4.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Maidir leis na cuspóirí a leagtar síos, léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil freisin, i gcás gach gníomhaíochta, na hacmhainní táscacha airgeadais agus daonna a mheastar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun dul i ngleic leis an toradh ar an meastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 40.

    Airteagal 25

    An buiséad a bhunú

    1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtmheastachán sealadach a tharraingt suas gach bliain ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

    2.   Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

    3.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus seolfaidh sé é chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil don Údarás freisin.

    5.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE.

    6.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais don Údarás.

    7.   Is é an t-údarás buiséadach a ghlacfaidh plean bunaíochta an Údaráis.

    8.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad an Údaráis. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

    9.   I gcás aon tionscadail foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad an Údaráis, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún maidir leis.

    ROINN 2

    Buiséad an údaráis a thíolacadh, a chur chun feidhme agus a rialú

    Airteagal 26

    Struchtúr an bhuiséid

    1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad an Údaráis iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

    2.   Beidh buiséad an Údaráis comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

    3.   Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam an Údaráis:

    (a)

    ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

    (b)

    aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

    (c)

    aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a bheidh rannpháirteach in obair an Údaráis, dá bhforáiltear in Airteagal 42;

    (d)

    cistiú féideartha ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 29 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtacaítear le beartais an Aontais;

    (e)

    táillí ar fhoilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthróidh an tÚdarás.

    4.   Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas an Údaráis.

    Airteagal 27

    An buiséad a chur chun feidhme

    1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad an Údaráis chun feidhme.

    2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

    Airteagal 28

    Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

    1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dar gcionn (bliain N + 1).

    2.   Soláthróidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis freisin an fhaisnéis chuntasaíochta is gá d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin sa mhodh agus san fhormáid is gá don oifigeach sin faoin 1 Marta de bhliain N + 1.

    3.   Cuirfidh an tÚdarás an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

    4.   Nuair a gheobhaidh sé barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha an Údaráis do bhliain N, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais chríochnaitheacha an Údaráis as a mbeidh an t-oifigeach sin freagrach. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

    5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha an Údaráis do bhliain N.

    6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    7.   Faoin 15 Samhain de bhliain N + 1, foilseofar nasc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig leathanaigh an tsuímh gréasáin ina bhfuil cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.

    8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina thuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

    9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N faoi bhráid na Parlaiminte, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

    10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

    Airteagal 29

    Rialacha airgeadais

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú an Údaráis agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

    CAIBIDIL V

    FOIREANN

    Airteagal 30

    Foráil ghinearálta

    Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochtaagus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta maidir le foireann an Údaráis.

    Airteagal 31

    An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.   Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid an Údaráis i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta.

    2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Iarrfar ar an iarrthóir a roghnófar ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

    3.   Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Údarás.

    4.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo.

    5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann 5 bliana ar a mhéad.

    6.   Ní ghlacfaidh Stiurthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

    7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 4.

    8.   Is trí tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    Airteagal 32

    Oifigigh idirchaidrimh náisiúnta

    1.   Ceapfaidh gach Ballstát oifigeach idirchaidrimh náisiúnta amháin mar shaineolaí náisiúnta lena thabhairt ar iasacht don Údarás agus le bheith ag obair ag a shuíomh, de bhun Airteagal 33.

    2.   Rannchuideoidh Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh le feidhmiú chúraimí an Údaráis, lena n-áirítear tríd an gcomhar agus an malartú faisnéise a éascú a leagtar amach in Airteagal 7 agus trí thacú leis na cigireachtaí a leagtar amach in Airteagal 8 agus trína gcomhordú. Gníomhóidh siad freisin mar phointí teagmhála náisiúnta maidir le ceisteanna óna mBallstáit agus i ndáil lena mBallstáit, trí na ceisteanna sin a fhreagairt go díreach nó trí idirchaidreamh a dhéanamh lena gcórais riaracháin náisiúnta.

    3.   Beidh Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh i dteideal an fhaisnéis ábhartha uile a iarraidh óna mBallstáit agus a fháil uathu, mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, agus, lánurraim á tabhairt acu do dhlí náisiúnta nó cleachtas náisiúnta a mBallstáit, go háirithe maidir le cosaint sonraí agus na rialacha maidir le rúndacht.

    Airteagal 33

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

    1.   I dteannta na n-Oifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh, féadfaidh an tÚdarás i ngach réimse dá chuid oibre úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta eile ar iasacht nó as baill eile foirne nach bhfuil fostaithe ag an Údarás.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht, lena n-áirítear Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 34

    Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an Údarás agus maidir lena fhoireann.

    Airteagal 35

    Socruithe teanga

    1.   Beidh feidhm maidir leis an Údarás ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (30).

    2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás.

    Airteagal 36

    Trédhearcacht, cosaint sonraí pearsanta agus cumarsáid

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis. Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

    2.   Bunóidh an Bord Bainistíochta bearta chun na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 a chomhlíonadh, go háirithe na bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh ar an Údarás agus na bearta sin a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála sonraí, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus leis na cearta atá ag ábhair sonraí.

    3.   Féadfaidh an tÚdarás tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní chuig gníomhaíochtaí cumarsáide dochar d’fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir leis na pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

    Airteagal 37

    Calaois a chomhrac

    1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, aontóidh Europol, laistigh de 6 mhí ón lá a mbeidh sé oibríochtúil, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile an Údaráis, agus úsáid á baint aige as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

    2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón Údaráis.

    3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, agus é mar aidhm acu a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an Údarás, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (31).

    4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid an Údaráis, forálacha lena dtugtar cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

    Airteagal 38

    Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

    Glacfaidh an tÚdarás a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (32) agus i (AE, Euratom) 2015/444 (33) ón gCoimisiún. Clúdóidh na prionsabail slándála an Údaráis, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    Airteagal 39

    Dliteanas

    1.   Beidh dliteanas conarthach an Údaráis faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

    2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Údarás.

    3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a fhoireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

    4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le díospóidí a bhaineann le cúiteamh i ndamáistí amhail dá dtagraítear i mír 3.

    5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith an Údaráis rialaithe ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

    Airteagal 40

    Meastóireacht agus athbhreithniú

    1.   Faoin 1 Lúnasa 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht an Údaráis a mheasúnú ó thaobh a chuid cuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Sa mheastóireacht, tabharfar aghaidh, go háirithe, ar an taithí a fuarthas ón nós imeachta idirghabhála de bhun Airteagal 13. Tabharfar aghaidh leis freisin ar an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú an Údaráis agus raon feidhme a gcuid gníomhaíochtaí a mhodhnú, lena n-áirítear a raon feidhme a leathnú chun riachtanais earnáilsonracha, agus na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin, a chlúdach, agus an obair go léir a rinne gníomhaireachtaí de chuid an Aontais sna réimsí sin á cur san áireamh freisin. Féachfar sa mheastóireacht freisin le tuilleadh sineirgí agus cuíchóiriú a aimsiú le Gníomhaireachtaí i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta. Ar bhonn na meastóireachta seo, féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, tograí reachtacha a chur isteach maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo.

    2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar cuí a thuilleadh ag an Údarás leanúint leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta dó, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfar an Rialachán seo a leasú nó a aisghairm dá réir.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

    Airteagal 41

    Fiosrúcháin riaracháin

    Beidh gníomhaíochtaí an Údaráis faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

    Airteagal 42

    Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

    1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis an formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit de dheasca na socruithe sin.

    2.   Beidh an tÚdarás oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas chun na críche sin.

    Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair an Údaráis, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanfaidh an tÚdarás, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcás ar bith.

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfeidhmeoidh an tÚdarás laistigh dá shainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocrú oibre oiriúnach a thabhairt i gcrích le Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis.

    Airteagal 43

    Comhaontú ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

    1.   Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát óstach mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir an tÚdarás agus an Ballstát ina mbeidh an suíomh, comhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2021.

    2.   Déanfaidh Ballstát óstach an Údaráis na dálaí is fearr is féidir a sholáthar chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go rianúil agus go héifeachtúil, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti, agus naisc iomchuí iompair.

    Airteagal 44

    Tús a chur le gníomhaíochtaí an Údaráis

    1.   Tiocfaidh an tÚdarás chun bheith oibríochtúil agus beidh an acmhainn aige a bhuiséad féin a chur chun feidhme faoin 1 Lúnasa 2021.

    2.   Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Údaráis go dtí go mbeidh an tÚdarás oibríochtúil. Chun na críche sin:

    (a)

    go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Bainistíochta é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 31, féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú;

    (b)

    de mhaolú ó phointe (k) d’Airteagal 18(1) agus go dtí go nglacfar cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(2), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhacht an údaráis ceapacháin;

    (c)

    féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Údarás, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí an Údaráis a chur i gcrích faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

    (d)

    féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí go léir a chumhdófar le leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad an Údaráis a údarú tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus féadfaidh an duine sin conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis ghlacadh phlean bunaíochta an Údaráis.

    Airteagal 45

    Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(na)

    ciallaíonn “an tÚdarás Eorpach Saothair” an comhlacht arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus dá dtagraítear in Airteagal 74a;

    (*1)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, Ich. 21).”;"

    (2)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 74a

    An tÚdarás Eorpach Saothair

    1.   Gan dochar do chúraimí agus gníomhaíochtaí an Choimisiúin Riaracháin, tacóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Saothair le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir lena chúraimí a leagtar amach i Rialachán 2019/1149. Comhoibreoidh an Coimisiún Riaracháin leis an Údarás Eorpach Saothair chun na gníomhaíochtaí a chomhordú i gcomhaontú frithpháirteach agus aon dúbláil a sheachaint. Chun na críche sin, tabharfaidh sé i gcrích comhaontú comhair leis an Údarás Eorpach Saothair.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún Riaracháin iarraidh ar an Údarás Saothair Eorpach saincheist a tharchur maidir le slándáil shóisialta faoi idirghabháil i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 13(11) de Rialachán (AE) 2019/1149”.

    Airteagal 46

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 492/2011

    .

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 26 cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “An tÚdarás Eorpach Saothair arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), beidh sé rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Chomhairligh i gcáil breathnóra agus soláthróidh sé ionchur teicniúil agus saineolas mar is ábhartha.

    (*2)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, Ich. 21).”;"

    (2)

    scriostar Airteagail 29 go 34 le héifeacht ar an dáta a mbeidh an tÚdarás oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán seo;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

    “Airteagal 35

    Leanfaidh feidhm de bheith ag rialacha nós imeachta an Choiste Chomhairligh a tháinig i bhfeidhm an 8 Samhain 1968.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

    “Airteagal 39

    Taispeánfar caiteachas riaracháin an Choiste Chomhairligh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sa roinn a bhaineann leis an gCoimisiún.”

    Airteagal 47

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/589

    Leasaítear Rialachán (AE) 2016/589 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    eagrú líonra EURES idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    comhar idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit faoi na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a roinnt;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    cur chun cinn líonra EURES ar leibhéal an Aontais trí bhearta éifeachtacha cumarsáide arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Údarás Eorpach Saothair agus ag na Ballstáit.”;

    (2)

    in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(8)

    ciallaíonn ‘an tÚdarás Eorpach Saothair’ an comhlacht arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

    (*3)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).”;"

    (3)

    in Airteagal 4, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt de mhír 2:

    “2.   Áireofar an inrochtaineacht ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar thairseach EURES agus ar na seirbhísí tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cinnfidh an Coimisiún, an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES na modhanna chun é sin a áirithiú maidir lena n-oibleagáidí faoi seach.”;

    (4)

    leasaítear Airteagal 7(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhunófar laistigh den Údarás Eorpach Saothair agus a bheidh freagrach as cúnamh a thabhairt do líonra EURES a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích;”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(e)

    an Coimisiún.”;

    (5)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráitigh:

    “Tabharfaidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin cúnamh do líonra EURES agus a ghníomhaíochtaí á gcomhlíonadh aige, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhorbairt agus a sheoladh, i ndlúthchomhar leis na hoifigí náisiúnta comhordúcháin (ONCanna) agus leis an gCoimisiún:”;

    (ii)

    i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    “(i)

    mar úinéir an chórais i gcás thairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, riachtanais úsáideoirí agus ceanglais ghnó a shainiú a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún chun an tairseach a oibriú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a chórais agus a nósanna imeachta chun malartú a dhéanamh ar fholúntais, ar iarratais ar phoist, ar CVanna agus ar dhoiciméid tacaíochta agus ar fhaisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí nó líonraí faisnéise agus comhairleacha agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Is é an tÚdarás Eorpach Saothair a dhéanfaidh bainistiú ar an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Beidh idirphlé rialta ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Dréachtóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus leis an gCoimisiún, a cláir ilbhliantúla oibre.”;

    (6)

    in Airteagal 9(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    comhar leis an gCoimisiún, leis an Údarás Eorpach Saothair agus leis na Ballstáit maidir leis an imréiteach laistigh den chreat a leagtar amach i gCaibidil III;”;

    (7)

    in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Beidh an Grúpa Comhordúcháin comhdhéanta d’ionadaithe ar an leibhéal iomchuí ón gCoimisiún, ón Oifig Eorpach Comhordúcháin agus ó na ONCanna.”;

    (8)

    in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Scrúdóidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin, na féidearthachtaí go léir chun tosaíocht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais nuair a bheidh folúntais á líonadh, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar saothair agus an t-éileamh ar shaothar san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun na críche sin.”;

    (9)

    in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin ó thaobh idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta agus an t-aicmiú Eorpach arna fhorbairt ag an gCoimisiún. Coinneoidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin bhforbairt a dhéantar ar an aicmiú Eorpach.”;

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

    “Airteagal 29

    Faisnéis a mhalartú maidir le sreabhadh agus patrúin

    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán ar shreabhadh agus patrúin soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus poibleoidh siad an sreabhadh agus na patrúin sin ar bhonn tuarascálacha ón Údarás Eorpach Saothair, ag úsáid staidreamh Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil.”.

    Airteagal 48

    Aisghairm

    Aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 le héifeacht ar an dáta a mbeidh an tÚdarás oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán seo.

    Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 49

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 128

    (2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 16.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

    (4)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/EC maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

    (5)  Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 faoi bhearta lena n-éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta d’oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lch. 8).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

    (9)  Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le hArdán Eorpach a bhunú chun comhar a fheabhsú chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe (IO L 65, 11.3.2016, lch. 12).

    (10)  Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena mbunaítear clár maidir le réitigh idir-inoibritheachta agus creataí comhchoiteanna do riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa (clár ISA2) chun an earnáil phoiblí a nuachóiriú (IO L 318, 4.12.2015, lch. 1).

    (11)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

    (13)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (15)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (17)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (18)  Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena mbunaítear Coiste na Saineolaithe maidir le hOibrithe a Phostú (IO L 8, 13.1.2009, lch. 26).

    (19)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

    (21)  Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do bhaill dá dteaghlach atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 149, 5.7.1971, lch. 2).

    (22)  Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena socraítear an nós imeachta chun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme maidir le scéimeanna leasa shóisialta a chur i bhfeidhm do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do bhaill dá dteaghlach a bheidh ag gluaiseacht tríd an gComhphobal (IO L 74, 27.3.1972, lch. 1).

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).

    (24)  Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana leis na forálacha sin ar fhorais a náisiúntachta amháin (IO L 124, 20.5.2003, lch. 1).

    (25)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

    (26)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

    (27)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

    (28)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

    (29)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (30)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

    (31)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (32)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

    (33)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).


    IARSCRÍBHINN

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN ARDÁIN A BHUNAÍTEAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 16(2)

    Agus é ag tacú le cuspóirí an Údaráis chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, féachfaidh an tArdán, go háirithe, leis na nithe seo a dhéanamh:

    (1)

    feabhas a chur ar an eolas faoi obair neamhdhearbhaithe, lena n-áirítear na cúiseanna, na difríochtaí réigiúnacha agus na gnéithe trasteorann di, trí bhíthin sainmhínithe comhroinnte agus coincheapa coiteanna, uirlisí tomhais bunaithe ar an bhfianaise agus anailís chomparáideach a chur chun cinn; tuiscint fhrithpháirteach maidir le córais agus cleachtais éagsúla a fhorbairt chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe agus anailís a dhéanamh ar éifeachtacht beart beartais, lena n-áirítear bearta coisctheacha agus pionóis;

    (2)

    éascú agus meastóireacht a dhéanamh ar chineálacha éagsúla comhair idir na Ballstáit, agus, i gcás inarb ábhartha, tríú tíortha amhail malartú foirne, úsáid bunachar sonraí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus comhoiliúint, agus córas malartaithe faisnéise le haghaidh comhar riaracháin, agus úsáid á baint as modúl sonrach i leith obair neamhdhearbhaithe faoi chóras IMI;

    (3)

    uirlisí a bhunú, mar shampla banc eolais, chun faisnéis agus taithí a chomhroinnt go héifeachtach, agus treoirlínte maidir le forfheidhmiú, lámhleabhair dea-chleachtas agus prionsabail chomhroinnte cigireachtaí a fhorbairt chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe agus gníomhaíochtaí coitianta amhail feachtais Eorpacha; meastóireacht a dhéanamh ar an taithí i leith na n-uirlisí sin;

    (4)

    clár piarfhoghlama a fhorbairt chun dea-chleachtais a shainaithint i ngach réimse a bhaineann le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe agus le hathbhreithnithe piaraí a eagrú chun an dul chun cinn a leanúint maidir le dul i ngleic le hobair neamnhdhearbhaithe sna Ballstáit a roghnaíonn páirt a ghlacadh sna hathbhreithnithe sin;

    (5)

    malartú a dhéanamh ar thaithí na n-údarás náisiúnta i ndlí an Aontais a bhaineann le dul i ngleic le obair neamhdhearbhaithe a chur i bhfeidhm.


    Top