Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L0878

    Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

    PE/16/2019/REV/1

    IO L 150, 7.6.2019, p. 253–295 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 28/12/2020

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/878/oj

    7.6.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    253


    TREOIR (AE) 2019/878 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2019

    lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Glacadh Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) mar fhreagairt ar na géarchéimeanna airgeadais a thosaigh in 2007-2008. Chuidigh na bearta reachtacha sin go mór leis an gcóras airgeadais san Aontas a neartú agus bá é an toradh a bhí air sin go raibh teacht aniar níos fearr ag institiúidí i gcoinne suaití as sin amach. In ainneoin na bearta sin a bheith an-chuimsitheach ar fad, níor tugadh aird ar na laigí ar fad a sainaithníodh a raibh tionchar acu ar institiúidí. Ina theannta sin, bhí cuid de na bearta a moladh ar dtús faoi réir clásail athbhreithnithe nó ní raibh siad mionsonraithe a dóthain chun iad a chur chun feidhme go rianúil.

    (2)

    Is é is aidhm don Treoir seo aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann le forálacha Threoir 2013/36/AE ar léir nach raibh siad soiléir go leor agus ar baineadh léirithe éagsúla astu dá bharr sin nó a measadh go raibh siad ró-achrannach le haghaidh institiúidí ar leith. Tá coigeartuithe ar Threoir 2013/36/AE ann freisin a bhfuil gá leo i ndiaidh gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a ghlacadh, mar shampla Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó na hathruithe a beartaíodh i gcomhthráth le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ar deireadh, cuirfear an creat rialála reatha i gcomhréim níos fearr le forbairtí idirnáisiúnta leis na leasuithe a beartaíodh chun comhleanúnachas agus inchomparáideacht idir na dlínsí a chur chun cinn.

    (3)

    Féadfaidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha bheith ina máthairghnóthais de ghrúpaí baincéireachta agus ceanglaítear ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm ar bhonn chás comhdhlúite na gcuideachtaí sealbhaíochta sin. Ó tharla nach bhfuil an institiúid arna rialú ag na cuideachtaí sealbhaíochta sin i gcónaí in ann comhlíonadh na gceanglas ar bhonn comhdhlúite a áirithiú ar fud an ghrúpa, ní mór go dtabharfar cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais áirithe agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha áirithe faoi raon feidhme díreach cumhachtaí maoirseachta de bhun Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun comhlíonadh ar bhonn comhdhlúite a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta formheasa ar leith agus cumhachtaí díreacha maoirseachta ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais áirithe agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha áirithe a chur ar fáil chun a áirithiú gur féidir freagracht dhíreach a chur ar chuideachtaí sealbhaíochta den sórt sin i ndáil le comhlíonadh ceanglais stuamachta chomhdhlúite a áirithiú gan iad a chur faoi réir ceanglais stuamachta bhreise ar bhonn aonair.

    (4)

    Agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais áirithe agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha áirithe á bhformheas nó maoirseacht á déanamh orthu, níor cheart cosc a chur ar ghrúpaí ó chinneadh a dhéanamh maidir le socruithe sonracha inmheánacha agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa, de réir mar is cuí leo, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais chomhdhlúite, agus níor cheart cosc a chur ar ghníomhaíocht dhíreach maoirseachta ar na hinstitiúidí sin laistigh den ghrúpa sin atá i mbun comhlíonadh ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite a áirithiú.

    (5)

    Faoi imthosca sonracha, d'fhéadfadh cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bunaíodh chun críche rannpháirtíochtaí i ngnóthais a shealbhú a dhíolmhú óna bhformheas. Cé go n-aithnítear go bhféadfadh cuideachta shealbhaíochta airgeadais dhíolmhaithe nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha dhíolmhaithe cinntí a dhéanamh i ngnáthchúrsa a gnó, níor cheart go ndéanfadh sí cinntí bainistíochta, oibríochtúla nó airgeadais a dhéanfadh difear do ghrúpa nó do na fochuideachtaí sin sa ghrúpa sin ar institiúidí iad nó ar institiúidí airgeadais iad. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sin, ba cheart do na húdaráis inniúla na ceanglais ábhartha faoin dlí corparáideach a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha faoina réir a chur san áireamh.

    (6)

    Cuirtear de chúram ar an maoirseoir comhdhlúthaithe na príomhfhreagrachtaí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh an maoirseoir comhdhlúthaithe rannpháirteach go cuí i bhformheas agus maoirseacht na gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha. I gcás nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, ba cheart an formheas sin a bhronnadh trí chinneadh comhpháirteach ón dá institiúid sin. Ba cheart don Bhanc Ceannais Eorpach, agus maoirseacht á dhéanamh aige ar mháthairchuideachtaí institiúidí creidmheasa ar bhonn comhdhlúite de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (7), a chúraimí a fheidhmiú maidir le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

    (7)

    I dtuarascáil ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 faoin measúnú ar na rialacha luacha saothair faoi Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“tuarascáil ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016”), nochtadh go bhfuil ualach rómhór ag gabháil le cuid de na prionsabail a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE, nuair a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí beaga iad, eadhon na ceanglais maidir leis an iarchur agus na híocaíochtaí in ionstraimí, agus nach bhfuil siad i gcomhréir lena sochair stuamachta. Ar an dóigh chéanna, fuarthas gur mó an costas na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ná a sochair stuamachta i gcás foireann a bhfuil íosleibhéil luacha saothair inathraitheach aici ós rud é gur beag dreasacht, más ann di ar chor ar bith, atá ag foireann priacal iomarcach a ghlacadh de bharr na leibhéal sin luacha saothair inathraitheach. Dá réir sin, cé gur cheart ceangal a chur ar na hinstitiúidí uile i gcoitinne na prionsabail go léir a chur i bhfeidhm ar gach ball den fhoireann acu a bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball sin ar phróifíl priacal na hinstitiúide, is gá institiúidí beaga ina bhfuil íosleibhéil luacha saothair inathraitheach le fáil a dhíolmhú ó na prionsabail a bhaineann leis an iarchur agus na híocaíochtaí in ionstraimí a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

    (8)

    Tá gá le critéir shoiléire, chomhleanúnacha agus chomhchuibhithe maidir leis na hinstitiúidí beaga sin a shainaithint agus íosleibhéil luacha saothair inathraithigh a shainaithint freisin chun cóineasú maoirseachta a áirithiú agus chun cothroime iomaíochta a chur ar fáil d'institiúidí agus chun cosaint leordhóthanach a thabhairt do thaisceoirí, d'infheisteoirí agus do thomhaltóirí ar fud an Aontais. San am céanna, is iomchuí roinnt solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cur chuige níos déine a ghlacadh i gcás ina measfaidh siad gur gá é sin.

    (9)

    Leagtar síos an prionsabal go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna in Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ní mór do na hinstitiúidí an prionsabal sin a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh beartas inscne-neodrach um luach saothair a oibriú.

    (10)

    Is é cuspóir na gceanglas luacha saothair ná bainistiú riosca fónta éifeachtach na n-institiúidí a chur chun cinn trí leasanna fadtéarmacha na n-institiúidí a ailíniú lena mball foirne a raibh tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide mar ghlacadóirí riosca ábhartha. Ag an am céanna, maidir le fochuideachtaí nach institiúidí iad, agus dá bhrí sin nach bhfuil faoi réir Threoir 2013/36/AE ar bhonn aonair, d'fhéadfaidís a bheith faoi réir ceanglais luacha saothair eile de bhun na ngníomhartha dlí ábhartha atá earnáil-shonrach ar cheart a bheith i réim. Dá bhrí sin, mar riail, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais luacha saothair a leagtar amach sa Treoir seo maidir le fochuideachtaí den sórt sin ar bhonn comhdhlúite. Chun arbatráiste a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais luacha saothair a leagtar amach sa Treoir seo, ar bhonn comhdhlúite, maidir le baill foirne a fhostaítear i bhfochuideachtaí agus a sholáthraíonn seirbhísí sonracha, amhail bainistiú sócmhainní, bainistiú punainne nó forghníomhú orduithe agus leis sin ba cheart sainordú a bheith ag na baill foirne sin, beag beann ar an riocht a d'fhéadfadh a bheith ar shainordú den sórt sin, chun gníomhaíochtaí gairmiúla a dhéanamh lena ndéantar iad a cháiliú mar ghlacadóirí riosca ábhartha ar leibhéal an ghrúpa baincéireachta. Ba cheart socruithe tarmligthe nó seachfhoinsithe a áireamh i sainorduithe den sórt sin, ar socruithe iad a tugadh i gcrích ag an bhfochuideachta ina fhostaítear na baill foirne agus institiúid eile sa ghrúpa céanna. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit ó cheanglais luacha saothair a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite maidir le tacar níos leithne foghnóthais agus a mbaill foirne.

    (11)

    Ceanglaítear le Treoir 2013/36/AE go gcuimseoidh cuid shubstaintiúil, agus ar aon chuma ar a laghad 50 %, de luach saothair inathraitheach cothromaíocht de scaireanna nó leasanna úinéireachta coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide lena mbaineann, nó ionstraimí atá nasctha le scaireanna nó ionstraimí neamhairgid coibhéiseacha, i gcás institiúid neamhliostaithe; agus, nuair is féidir, ionstraimí malartacha Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 a chomhlíonann coinníollacha ar leith. De réir an phrionsabail sin, is iad na hinstitiúidí neamhliostaithe amháin dá gceadaítear ionstraimí atá nasctha le scaireanna a úsáid agus cuirtear de cheangal, dá réir sin freisin, ar na hinstitiúidí liostaithe scaireanna a úsáid. I dtuarascáil ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016, fuarthas go bhféadfaí gur ualaí riaracháin suntasacha agus costais riaracháin shuntasacha d'institiúidí liostaithe iad an toradh a bheadh ar úsáid na scaireanna. San am céanna, is féidir sochair stuamachta choibhéiseacha a bhaint amach trí cheadú d'institiúidí liostaithe ionstraimí atá nasctha le scaireanna a úsáid, ar ionstraimí iad a rianaíonn luach na scaireanna. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht ionstraimí atá nasctha le scaireanna a úsáid a leathnú le go gcumhdófar institiúidí liostaithe.

    (12)

    San athbhreithniú maoirseachta agus sa mheastóireacht mhaoirseachta, ba cheart méid, struchtúr agus eagrúchán inmheánach na n-institiúidí agus cineál, raon feidhme agus castacht a gcuid gníomhaíochtaí a chur san áireamh. I gcás próifílí priacal comhchosúla a bheith ag institiúidí éagsúla, mar shampla toisc go bhfuil samhlacha gnó comhchosúla nó suíomh geografach risíochtaí comhchosúil acu nó go bhfuil siad cleamhnaithe leis an scéim cosanta institiúideach chéanna, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann modheolaíocht le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta a dhearadh chun tréithe agus priacail chomhchoiteanna institiúidí a bhfuil an phróifíl priacal chéanna acu a shainiú. Leis an dearadh sin, áfach, níor cheart go mbeadh cosc ar údaráis inniúla priacail shonracha a mbeadh tionchar acu ar gach institiúid a chur san áireamh nó go n-athrófaí cineál institiúidsonrach na mbeart a fhorchuirfear.

    (13)

    Is tábhachtach an ceanglas cistí dílse breise arna bhforchur ag údaráis inniúla mar spreagadh do leibhéal foriomlán cistí dílse institiúide agus is tábhachtach do rannpháirtithe an mhargaidh é sin mar go mbíonn éifeacht ag leibhéal an cheanglais cistí dílse breise arna bhforchur ar an bpointe truicir maidir le srianta ar íocaíochtaí díbhinní, íocaíochtaí bónas agus íocaíochtaí faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1. Ba cheart sainmhíniú soiléir a thabhairt ar na coinníollacha faoina bhforchuirfear an ceanglas cistí dílse breise chun a áirithiú go gcuirfear rialacha i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud na mBallstát agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

    (14)

    Ba cheart an ceanglas cistí dílse breise atá le forchur ag údaráis inniúla a shocrú i gcomhréir le cás sonrach institiúide agus ba cheart údar maith a thabhairt leis. Ní féidir ceanglais cistí dílse breise a fhorchur chun aghaidh a thabhairt ar phriacail nó ar ghnéithe de phriacail a eisiatar go sainráite nó nach bhfuil cumhdaithe go sainráite faoi na ceanglais cistí dílse a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach amháin a mhéid a mheastar a bheith riachtanach i bhfianaise staid shonrach na hinstitiúide. Ba cheart na ceanglais sin a shuí de réir ord tosaíochta ábhartha na gceanglas cistí dílse os cionn na n-íoscheanglas cistí dílse ábhartha agus faoi bhun an cheanglais maoláin chomhcheangailte nó an cheanglais maoláin um chóimheas luamhánaithe, de réir mar is ábhartha. Mar thoradh ar chineál institiúidsonrach na gceanglas cistí dílse breise, níor cheart cosc a chur ar a n-úsáid mar uirlis chun aghaidh a thabhairt ar phriacal mhacrastuamachta nó shistéamacha. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar údaráis inniúla aghaidh a thabhairt, lena n-áirítear trí bhíthin na gceanglas cistí dílse breise, ar na priacail arna dtabhú ag institiúidí aonair mar gheall ar a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a léiríonn tionchar forbairtí eacnamaíocha agus margaidh maidir le próifíl priacal institiúide aonair.

    (15)

    Is ceanglais chomhthreomhara iad an ceanglas cóimheasa luamhánaithe agus na ceanglais cistí dílse bunaithe ar phriacal. Dá bhrí sin, ba cheart aon cheanglais cistí dílse breise arna bhforchur ag údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar phriacal an luamhánaithe iomarcaigh a chur leis an íoscheanglas cóimheasa luamhánaithe agus níor cheart é sin a chur leis an gceanglas cistí dílse bunaithe ar phriacal. Ina theannta sin, ba cheart d'institiúidí a bheith in ann aon chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a úsáideann siad chun a gceanglais cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh a úsáid freisin chun a gceanglais cistí dílse bunaithe ar phriacal a chomhlíonadh, lena n-áirítear an ceanglas maoláin chomhcheangailte.

    (16)

    Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann i bhfoirm ábhair treorach aon choigeartú a dhéanfar ar mhéid an chaipitil os cionn na n-íoscheanglas cistí dílse ábhartha, an cheanglais cistí dílse breise ábhartha agus, de réir mar is ábhartha, an cheanglais maoláin chomhcheangailte nó an cheanglais maoláin um chóimheas luamhánaithe a chur in iúl d'institiúid a gceapann siad gur cheart don institiúid sin a choimeád chun déileáil le cásanna struis réamhbhreathnaitheacha. Ós rud é gur sprioc-chaipiteal atá i gceist le treoir den sórt sin, ba cheart a mheas gur os cionn na n-íoscheanglas cistí dílse ábhartha, an cheanglais cístí dílse breise ábhartha agus an cheanglais maoláin chomhcheangailte nó an cheanglais maoláin luamhánaithe atá sé, de réir mar is ábhartha. Níor cheart, sa chás go mainneofaí an sprioc sin a bhaint amach, go gcuirfí i ngníomh na srianta ar dháileacháin dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE. Ós rud go léirítear ionchais mhaoirseachta sa treoir maidir le cistí dílse breise, níor cheart oibleagáidí éigeantacha maidir le nochtadh a leagan amach don treoir ná toirmeasc a chur ar údaráis inniúla nochtadh na treorach a iarraidh faoi Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina mainneoidh institiúid an sprioc-chaipiteal a bhaint amach arís agus arís eile, ba cheart don údarás inniúil bheith i dteideal bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, ceanglais cistí dílse breise a fhorchur.

    (17)

    Tá forálacha Threoir 2013/36/AE maidir leis an bpriacal ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála nasctha le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gceanglaítear tréimhse cur chun feidhme níos faide d'institiúidí. Chun cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir leis an bpriacal ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a ailíniú, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha is gá chun forálacha ábhartha na Treorach seo a chomhlíonadh ón dáta céanna le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (18)

    Chun ríomh an phriacail ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a chomhchuibhiú i gcás nach bhfuil córais inmheánacha na n-institiúidí sásúil chun an priacal sin a thomhas, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh a d'fhorbair an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le modheolaíocht chaighdeánaithe a fhorbairt chun críocha priacail den chineál sin a mheasúnú. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    (19)

    Chun feabhas a chur ar an gcumas a bheidh ag na húdaráis inniúla na hinstitiúidí sin a shainaithint a d'fhéadfadh bheith faoi réir caillteanais iomarcacha ina ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála de thoradh athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a d'fhorbair ÚBE a ghlacadh. Ba cheart an méid a leanas a shonrú sna caighdeáin theicniúla rialála sin: na sé chás maoirseachta suaite a chaithfidh na hinstitiúidí go léir a chur i bhfeidhm chun athruithe ar luach eacnamaíoch gnáthscaireanna a ríomh; na toimhdí coiteanna a chaithfidh institiúidí a chur i bhfeidhm ina gcórais inmheánacha chun críocha luach eacnamaíoch gnáthscaireanna a ríomh, agus maidir leis an ngá a d'fhéadfadh a bheith le critéir shonracha a chinneadh le hinstitiúidí a shainaithint, institiúidí ina bhféadfadh sé go mbeadh údar maith le bearta maoirseachta i ndiaidh laghdú ar an nglanioncam úis mar gheall ar athruithe ar rátaí úis; agus cad is meath mór ann. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    (20)

    Tá sé ríthábhachtach go ndéantar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac chun cobhsaíocht agus sláine sa chóras airgeadais a chothabháil. D'fhéadfaí tionchar a bheith ar inmharthanacht institiúide agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais dá nochtfaí go bhfuil an institiúid sin páirteach i sciúradh airgid agus i maoiniú na sceimhlitheoireachta. In éineacht leis na húdaráis agus na comhlachtaí atá freagrach as comhlíonadh na rialacha frithsciúrtha airgid a áirithiú faoi chuimsiú Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá ról tábhachtach ag na húdaráis inniúla atá i gceannas ar údarú agus maoirseacht stuamachta ó thaobh laigí a shainaithint agus a smachtú. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla den sórt sin ábhair imní faoi sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh go comhleanúnach ina ngníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha, lena n-áirítear próisis na meastóireachta maoirseachta agus an athbhreithnithe, measúnuithe ar leordhóthanacht shocruithe rialachais, próisis agus sásraí institiúidí agus measúnuithe ar oiriúnacht chomhaltaí de bhord bainistíochta, agus ba cheart dóibh na húdaráis agus na comhlachtaí ábhartha atá freagrach as comhlíonadh na rialacha frithsciúrtha airgid a áirithiú a chur ar an eolas dá réir agus bearta maoirseachta a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na cumhachtaí atá acu faoi réir Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart an t-eolas sin a chur ar fáil ar bhonn na dtorthaí a nochtar sna próisis údaraithe, formheasa nó athbhreithnithe a bhfuil údaráis inniúla den sórt sin i gceannas orthu, agus ar bhonn an eolais a fhaightear ó na húdaráis agus ó na comhlachtaí atá freagrach as comhlíonadh Threoir (AE) 2015/849 a áirithiú.

    (21)

    Ceann de na príomhcheachtanna a foghlamaíodh ón ngéarchéim airgeadais san Aontas ab ea an gá le creat leordhóthanach institiúideach agus beartais a bheith ann chun cosc a chur ar mhíchothromaíochtaí san Aontas agus chun aghaidh a thabhairt orthu. I bhfianaise na bhforbairtí institiúideacha is déanaí san Aontas tá údar le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat beartais macrastuamachta.

    (22)

    Níor cheart, le Treoir 2013/36/AE, cosc a chur ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta atá ceaptha chun feabhas a chur ar athléimneacht an chórais airgeadais, amhail, ach gan a bheith teoranta do, na teorainneacha iasachta/luacha, teorainneacha fiachais/ioncaim, teorainneacha fiach-sheirbhíse/ioncaim agus ionstraimí eile lena dtugtar aghaidh ar chaighdeáin iasachtaithe.

    (23)

    D'fhonn a áirithiú go léiríonn caipiteal maolánach fritimthriallach mar is ceart an priacal d'earnáil na baincéireachta mar gheall ar fhás iomarcach creidmheasa, ba cheart d'institiúidí a gcuid maoláin institiúidsonracha a ríomh mar mheán ualaithe na rátaí maolánacha fritimthriallacha a bhfuil feidhm acu sna tíortha ina a bhfuil a gcuid risíochtaí creidmheasa lonnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát údarás a ainmniú a bheidh freagrach as an ráta maolánach fritimthriallach a leagan síos maidir le risíochtaí atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart a chur san áireamh sa ráta maolánach sin fás na leibhéal creidmheasa agus na hathruithe ar an gcóimheas idir creidmheas agus olltáirgeacht intíre (OTI) sa Bhallstát sin, agus aon athróg ábhartha eile maidir leis na priacail do chobhsaíocht an chórais airgeadais.

    (24)

    Sa bhreis ar chaipiteal maolánach caomhantais agus ar chaipiteal maolánach fritimthriallach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceangal a chur ar institiúidí áirithe maolán um priacal sistéamach a bheith acu d'fhonn priacail mhacrastuamachta nó shistéamacha nach gcumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE a thoirmeasc agus a mhaolú, eadhon riosca saofa sa chóras airgeadais a bhféadfadh éifeacht dhíobhálacha a bheith aige ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar i mBallstát ar leith. Ba cheart feidhm a bheith ag an ráta maolánach um priacal sistéamach i gcás gach risíocht nó gach fothacar risíochtaí agus na n-institiúidí go léir, nó i gcás ceann amháin nó níos mó d'fhothacair na n-institiúidí sin, i gcásanna ina léiríonn na hinstitiúidí próifílí priacal comhchosúla ina ngníomhaíochtaí gnó.

    (25)

    Tá sé tábhachtach go ndéantar an sásra comhordúcháin idir na húdaráis a shruthlíniú, idirdhealú soiléir na bhfreagrachtaí a áirithiú, gníomhú uirlisí beartais macrastuamachta a shimpliú agus an bosca uirlisí macrastuamachta a leathnú chun a áirithiú go gcuirtear ar chumas na n-údarás aghaidh a thabhairt ar na priacail shistéamacha ar mhodh tráthúil éifeachtach. Táthar ag súil go mbeidh ról lárnach ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) i gcomhordú na mbeart macrastuamachta, chomh maith le tarchur faisnéise maidir le bearta macrastuamachta atá beartaithe sna Ballstáit, go háirithe trí bhearta macrastuamachta arna nglacadh a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus trí fhaisnéis a roinnt le húdaráis tar éis na bhfógraí maidir le bearta macrastuamachta atá beartaithe. D'fhonn freagairtí iomchuí beartais i measc na mBallstát a áirithiú, táthar ag súil go ndéanfaidh BERS faireachán ar leordhóthanacht agus ar chomhsheasmhacht bheartais macrastuamachta na mBallstát, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar cibé an úsáidtear na huirlisí a úsáidtear ar mhodh comhsheasmhach, neamhfhorluiteach.

    (26)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na húdaráis inniúla nó na húdaráis ainmnithe ábhartha aon úsáid dhúbáilteach nó neamh-chomhsheasmhach a bhaintear as na bearta macrastuamachta a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a sheachaint. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla nó ainmnithe ábhartha breithniú cuí a dhéanamh cibé an ndéanann bearta a rinneadh faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE dúbláil ar nó an bhfuil siad neamh-chomhsheasmhach le bearta eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo faoi Airteagal 124, 164 nó 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (27)

    Ba cheart do na húdaráis inniúla nó na húdaráis ainmnithe a bheith in ann leibhéal nó leibhéil chur i bhfeidhm mhaolán na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna), ar bhonn cineál agus dáileadh na rioscaí atá leabaithe i struchtúr an ghrúpa. In imthosca áirithe, d'fhéadfadh sé gurb iomchuí don údarás inniúil nó ainmnithe gan maolán O-SII a fhorchur ach amháin ar leibhéal níos ísle ná an leibhéal comhdhlúthaithe is airde.

    (28)

    I gcomhréir leis an modheolaíocht measúnaithe do bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach leo a d'fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB), is táscairí iad éilimh agus dliteanais thrasdlínseacha na hinstitúide a léiríonn tábhacht shistéamach fhoriomlán na hinstitiúide agus an tionchar a d'fhéadfaí a imirt ar an gcóras domhanda airgeadais dá dteipfeadh uirthi. Léiríonn na táscairí sin na hábhair shonracha imní, i ndáil mar shampla, leis an deacracht bhreise a bhainfeadh le comhordú réiteach na n-institiúidí a bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann acu. Leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcur chuige coiteann don réiteach de bharr athneartú an leabhair rialacha aonair agus maidir le bunú an tsásra réitigh aonair (SRA), cuireadh go mór leis an gcumas grúpaí trasteorann a réiteach ar bhealach ordúil laistigh den aontas baincéireachta. Dá bhrí sin, agus gan dochar d'inniúlacht na n-údarás inniúil nó ainmnithe a mbreithiúnas maoirseachta a fheidhmiú, ba cheart scór malartach a ríomh a léireodh an dul chun cinn sin agus ba cheart do na húdaráis inniúla nó ainmnithe an scór sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar thábhacht shistéamach institiúidí creidmheasa, gan difear a dhéanamh do na sonraí arna soláthar chuig CBMB chun ainmneoirí idirnáisiúnta a chinneadh. Ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nuashonraithe a fhorbairt chun an mhodheolaíocht sainaitheantais bhreise do bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) a shonrú le go bhféadfaí sainiúlachtaí an chreata réitigh Eorpaigh chomhtháite a aithint i gcomhthéacs SRA. Níor cheart an mhodheolaíocht sin a úsáid ach amháin chun críocha an maolán G-SII a chalabrú. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    (29)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana a neartú agus a bheachtú lena n-áirithítear ceanglais aonfhoirmeacha stuamachta a mbíonn feidhm acu maidir leis na hinstitiúidí ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (30)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

    (31)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2013/36/AE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

    Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

    “5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

    (1)

    rochtain ar ghníomhaíocht na ngnólachtaí infheistíochta a mhéid a rialaítear í le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

    (2)

    bainc cheannais;

    (3)

    institiúidí gíoró postoifige;

    (4)

    sa Danmhairg, ‘Eksport Kredit Fonden’, ‘Eksport Kredit Fonden A/S’, ‘Danmarks Skibskredit A/S’ agus ‘KommuneKredit’;

    (5)

    sa Ghearmáin, ‘Kreditanstalt für Wiederaufbau’, ‘Landwirtschaftliche Rentenbank’, ‘Bremer Aufbau-Bank GmbH’, ‘Hamburgische Investitions- und Förderbank’, ‘Investitionsbank Berlin’, ‘Investitionsbank des Landes Brandenburg’, ‘Investitionsbank Schleswig-Holstein’, ‘Investitions- und Förderbank Niedersachsen – NBank’, ‘Investitions- und Strukturbank Rheinland-Pfalz’, ‘Landeskreditbank Baden-Württemberg – Förderbank’, ‘LfA Förderbank Bayern’, ‘NRW.BANK’, ‘Saarländische Investitionskreditbank AG’, ‘Sächsische Aufbaubank – Förderbank’, ‘Thüringer Aufbaubank’, gnóthais a aithnítear faoi ‘Wohnungsgemeinnützigkeitsgesetz’ mar chomhlachtaí beartais tithíochta Stáit agus nach idirbhearta baincéireachta atá mar phríomhghníomhaíocht acu, agus gnóthais a aithnítear faoin dlí sin mar ghnóthais tithíochta neamhbhrabúis;

    (6)

    san Eastóin, ‘hoiu-laenuühistud’, mar chomhghnóthais a aithnítear faoi ‘hoiu-laenuühistu seadus’;

    (7)

    in Éirinn, ‘Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann/the Strategic Banking Corporation’, ‘comhair chreidmheasa/credit unions’ agus ‘cara-chumainn/friendly societies’;

    (8)

    sa Ghréig, ‘Ταμείο Παρακαταθηκών και Δανείων’ (Tamio Parakatathikon kai Danion);

    (9)

    sa Spáinn, ‘Instituto de Crédito Oficial’;

    (10)

    sa Fhrainc, ‘Caisse des dépôts et consignations’;

    (11)

    sa Chróit, ‘kreditne unije' agus’ Hrvatska banka za obnovu i razvitak';

    (12)

    san Iodáil, ‘Cassa depositi e prestiti’;

    (13)

    sa Laitvia, ‘krājaizdevu sabiedrības’, gnóthais a aithnítear faoi ‘krājaizdevu sabiedrību likums’ mar chomhghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais dá gcomhaltaí amháin;

    (14)

    sa Liotuáin, ‘kredito unijos’ seachas ‘centrinės kredito unijos’;

    (15)

    san Ungáir, ‘MFB Magyar Fejlesztési Bank Zártkörűen Működő Részvénytársaság’ agus ‘Magyar Export-Import Bank Zártkörűen Működő Részvénytársaság’;

    (16)

    i Málta, ‘The Malta Development Bank’;

    (17)

    san Ísiltír, ‘Nederlandse Investeringsbank voor Ontwikkelingslanden NV’, ‘NV Noordelijke Ontwikkelingsmaatschappij’, ‘NV Limburgs Instituut voor Ontwikkeling en Financiering’, ‘Ontwikkelingsmaatschappij Oost-Nederland NV’ agus kredietunies;

    (18)

    san Ostair, gnóthais a aithnítear mar chomhlachais tithíochta chun leas an phobail agus ‘Österreichische Kontrollbank AG’;

    (19)

    sa Pholainn, ‘Spółdzielcze Kasy Oszczędnościowo — Kredytowe’ agus ‘Bank Gospodarstwa Krajowego’;

    (20)

    sa Phortaingéil, ‘Caixas Económicas’ a bhí ann an 1 Eanáir 1986 seachas iad sin a ionchorpraíodh mar chuideachtaí teoranta agus mar chuideachtaí de ‘Caixa Económica Montepio Geral’;

    (21)

    sa tSlóivéin, ‘SID-Slovenska izvozna in razvojna banka, d.d. Ljubljana’;

    (22)

    san Fhionlainn, ‘Teollisen yhteistyön rahasto Oy/Fonden för industriellt samarbete AB’, agus ‘Finnvera Oyj/Finnvera Abp’;

    (23)

    sa tSualainn, ‘Svenska Skeppshypotekskassan’;

    (24)

    sa Ríocht Aontaithe, ‘National Savings and Investments (NS&I)’, ‘CDC Group plc’, ‘Agricultural Mortgage Corporation Ltd’, ‘Crown Agents for overseas governments and administrations’, ‘credit unions’ agus ‘municipal banks’

    6.   Déileálfar leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointí (3) go (24) de mhír 5 den Airteagal seo mar institiúidí airgeadais chun críocha Airteagal 34 agus Chaibidil 3 de Theideal VII.

    (*1)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

    (2)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “(60)

    ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

    (61)

    ciallaíonn ‘institiúid a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda léi’ nó ‘G-SII’ G-SII mar a shainmhínítear é i bpointe (133) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (62)

    ciallaíonn ‘institiúid neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda léi’ nó ‘G-SII neamh-AE’ G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear é i bpointe (134) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (63)

    ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainmhínítear é i bpointe (138) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (64)

    ciallaíonn ‘grúpa tríú tír’ grúpa tríú tír a mbunaítear an máthairghnóthas i dtríú tír;

    (65)

    ciallaíonn ‘beartas inscne-neodrach um luach saothair’ beartas luacha saothair atá bunaithe ar phá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach a bheith ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

    (*2)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).”;"

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Chun a áirithiú go mbeidh ceanglais nó cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos sa Treoir seo nó i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an Rialachán sin, áireofar ar na téarmaí ‘institiúid’, ‘máthairinstitiúid i mBallstát’, ‘máthairinstitiúid AE’ agus ‘máthairghnóthas’ an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar formheasadh iad i gcomhréir le hAirteagal 21a den Treoir seo;

    (b)

    institiúidí ainmnithe arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát i gcás nach bhfuil an mháthairchuideachta ábhartha faoi réir a formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) den Treoir seo; agus

    (c)

    cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúidí ainmnithe de bhun phointe (d) d'Airteagal 21a(6) den Treoir seo.”;

    (3)

    in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil cumhacht an réitigh ag údaráis seachas údaráis inniúla, go mbeidh na húdaráis eile sin ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla agus go mbeidh siad ag dul i gcomhairle leo maidir le pleananna réitigh a ullmhú agus i ngach cás eile nuair a cheanglaítear an comhar sin agus an comhairliúchán sin leis an Treoir seo, le Treoir 2014/59/AE nó le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

    (4)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    “(a)

    an fhaisnéis atá le cur ar fáil do na húdaráis inniúla san iarratas chun institiúidí creidmheasa a údarú, lena n-áirítear clár na n-oibríochtaí, struchtúr eagraíochtúil agus socruithe rialachais dá bhforáiltear in Airteagal 10;

    (b)

    na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, nó, i gcás nach bhfuil aon sealúchais cháilitheacha ann, maidir leis an 20 scairshealbhóir nó comhalta is mó, de bhun Airteagal 14; agus”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “5.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chuig na húdaráis inniúla chun modheolaíocht chomh-mheasúnaithe a shonrú chun údaruithe a dheonú i gcomhréir leis an Treoir seo.”;

    (5)

    in Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚBE faoi na dlíthe náisiúnta lena gceadaítear go sainráite do ghnóthais seachas institiúidí creidmheasa dul i mbun gnó taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal.

    4.   De bhun an Airteagail seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit institiúidí creidmheasa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo ná Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    “Airteagal 10

    Clár na n-oibríochtaí, struchtúr eagraíochtúil agus socruithe rialachais

    1.   Éileoidh na Ballstáit go ngabhfaidh clár oibríochtaí le hiarratais ar údarú ar clár oibríochtaí é lena leagtar amach na cineálacha gnó atáthar ag brath a dhéanamh agus struchtúr eagraíochtúil na hinstitiúide creidmheasa, lena n-áirítear na máthairghnóthais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha laistigh den ghrúpa a shonrú. Éileoidh na Ballstáit go mbeidh cur síos ar na socruithe, na próisis agus na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 74(1) ag gabháil leis na hiarratais ar údarú.

    2.   Diúltóidh na húdaráis inniúla don údarú gníomhaíocht institiúide creidmheasa a thosú ach amháin má tá siad sásta gur féidir leis an institiúid sin bainistiú riosca fónta éifeachtach a dhéanamh leis na socruithe, na próisis agus na sásraí da dtagraítear in Airteagal 74(1).”;

    (7)

    in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Diúltóidh údaráis inniúla don údarú gníomhaíocht institiúide creidmheasa a thosú más rud é, agus an gá atá le bainistíocht fhónta agus stuama institiúide creidmheasa a áirithiú á chur san áireamh, nach bhfuil siad sásta faoi oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 23(1). Beidh feidhm ag Airteagal 23(2) agus (3) agus ag Airteagal 24.”;

    (8)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    ní chomhlíonann an institiúid na ceanglais stuamachta a leagtar amach i gCuid a Trí, a Ceathair nó a Sé a thuilleadh, cé is moite de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó arna bhforchur faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) nó Airteagal 105 den Treoir seo nó ní féidir bheith ag brath ar an institiúid a thuilleadh chun a hoibleagáidí a chomhlíonadh i leith a cuid creidiúnaithe, agus, go háirithe, ní thugann sí urrús a thuilleadh le haghaidh na sócmhainní a chuir a taisceoirí faoina cúram;”;

    (9)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 21a

    Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas

    1.   Féachfaidh máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féachfaidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais eile nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar gá dóibh an Treoir seo nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.

    2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear inti an fhaisnéis a leanas ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus, i gcás nach ionann iad, don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe:

    (a)

    struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar chuid de, ina sonraítear go soiléir na fochuideachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, na máthairghnóthais, agus suíomh agus cineál na gníomhaíochta a dhéanann gach ceann de na heintitis laistigh den ghrúpa;

    (b)

    faisnéis maidir le hainmniúchán beirte, ar a laghad, arb iad a dhéanann an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a stiúradh agus maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 121 maidir le cáilíocht stiúrthóirí;

    (c)

    faisnéis maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 14 i ndáil le scairshealbhóirí agus comhaltaí, i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar fhochuideachta;

    (d)

    eagrúchán inmheánach agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa;

    (e)

    aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun an measúnú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a dhéanamh.

    I gcás ina dtarlaíonn formheas na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcomhthráth leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 22, déanfaidh an t-údarás inniúil, chun críocha an Airteagail sin, de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Sa chás sin, déanfar an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 22(3) a chur ar fionraí ar feadh tréimhse níos faide ná 20 lá oibre go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo curtha i gcrích.

    3.   Ní fhéadfar cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

    (a)

    tá socruithe agus dáileadh inmheánach na gcúraimí laistigh den ghrúpa leordhóthanach chun críocha na ceanglais a fhorchuirtear faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúithe agus, go háirithe, tá éifeacht acu maidir leis an méid a leanas:

    (i)

    gach fochuideachta de chuid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chomhordú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí dháileadh leordhóthanach na gcúraimí i measc fo-institiúidí;

    (ii)

    coinbhleachtaí idirghrúpa a chosc nó a bhainistiú; agus

    (iii)

    na beartais uile-ghrúpa arna leagan síos ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhorfheidhmiú ar fud an ghrúpa;

    (b)

    ní chuireann struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar chuid de, bac ar stiúradh éifeachtach na bhfo-institiúidí nó na máthairinstitiúídí i dtaca leis na hoibleagáidí aonair, comhdhlúite agus, i gcás inarb iomchuí, fo-chomhdhlúite a bhfuil siad faoina réir, ná ní dhéanann sé an méid sin a chosc ar bhealach eile. Leis an measúnú ar an gcritéar sin, cuirfear an méid a leanas san áireamh, go háirithe:

    (i)

    suíomh na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i ngrúpa ilsrathach;

    (ii)

    struchtúr na scairshealbhóireachta; agus

    (iii)

    ról na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha laistigh den ghrúpa;

    (c)

    comhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 14 agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 121.

    4.   Ní gá an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas faoin Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    is é príomhghníomhaíocht na cuideachta sealbhaíochta airgeadais sealúchais a fháil i bhfochuideachtaí nó, i gcás cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é an phríomhghníomhaíocht atá aici i dtaca le hinstitiúidí nó institiúidí airgeadais sealúchais i bhfochuideachtaí a fháil;

    (b)

    níor ainmníodh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar eintitis réitigh in aon cheann de ghrúpaí réitigh an ghrúpa i gcomhréir leis an straitéis réitigh arna chinneadh ag an údarás réitigh ábhartha de bhun Threoir 2014/59/AE;

    (c)

    tá fo-institiúid chreidmheasa ainmnithe le bheith freagrach as comhlíonadh na gceanglas stuamachta ag an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite agus tugtar di na hacmhainní riachtanacha uile agus an t-údarás dlíthiúil chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach;

    (d)

    níl an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach i gcinntí bainistithe, oibríochtúla nó airgeadais a bhfuil tionchar acu ar an ngrúpa a dhéanamh nó a bhfuil tionchar acu ar a fhochuideachtaí atá ina n-institiúidí nó ina n-institiúidí airgeadais;

    (e)

    níl aon bhac ar mhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite.

    Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha arna ndíolmhú óna bhformheas i gcomhréir leis an mír seo, ní dhéanfar iad a eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe mar a leagtar síos í sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    5.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 4 ar bhonn leanúnach. Cuirfidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha an fhaisnéis atá riachtanach ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe atá ag teastáil uaidh nó uaithi chun faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa agus comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 nó, i gcás inarb infheidhme, mír 4. Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe.

    6.   I gcás inar chinn an maoirseoir comhdhlúthaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir bearta maoirseachta iomchuí chun leanúnachas agus sláine na maoirseachta comhdhlúite agus comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú nó a thabhairt ar ais, de réir mar a bheidh, ar bhonn comhdhlúite. I gcás cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuirfear san áireamh sna bearta maoirseachta, go háirithe, an tionchar ar an ilchuideachta airgeadais.

    Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna bearta maoirseachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

    (a)

    feidhmiú na gceart vótála a bhaineann le scaireanna na bhfo-institiúidí atá i seilbh na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chur ar fionraí;

    (b)

    eisiúint urghairí nó pionós i gcoinne na cuideachta sealbhaíochta airgeadais, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus bainisteoirí faoi réir Airteagail 65 go 72;

    (c)

    treoracha a thabhairt don chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na rannpháirtíochtaí ina cuid fo-institiúidí a aistriú chuig a scairshealbhóirí;

    (d)

    ar bhonn sealadach, cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid eile laistigh den ghrúpa a ainmniú le bheith freagrach as comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite a áirithiú;

    (e)

    srian nó toirmeasc a chur ar dháileacháin nó íocaíochtaí úis do scairshealbhóirí;

    (f)

    a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dhífheistiú ó institiúidí nó eintitis eile in earnáil an airgeadais nó a sealúchas iontu a laghdú;

    (g)

    a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha plean a thíolacadh gan mhoill chun filleadh ar chomhlíonadh.

    7.   I gcás ina gcinneann an maoirseoir comhdhlúthaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, iarrfaidh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha formheas i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    8.   Chun críocha cinntí a dhéanamh maidir le formheas agus díolmhú ó fhormheas dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 faoi seach, agus na bearta a dhéanamh dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7, i gcás ina bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe éagsúil ón údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, oibreoidh an dá údarás i gcomhairle iomlán le chéile. Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an measúnú maidir leis na hábhair dá dtagraítear i míreanna 3, 4, 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus cuirfidh sé an measúnú sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Déanfaidh an dá údarás gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaightear an measúnú thuasluaite.

    Déanfar an cinneadh comhpháirteach a dhoiciméadú agus a réasúnú go cuí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh comhpháirteach in iúl don chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha.

    I gcás easaontais, staonfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe ó chinneadh a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis do ÚBE an t-ábhar a fháil. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse 2 mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

    9.   I gcás cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcás inarb éagsúil an maoirseoir comhdhlúthaithe, nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe ón gcomhordaitheoir arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/87/CE, beidh comhaontú an chomhordaitheora ag teastáil chun críche cinntí nó cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i míreanna 3, 4, 6 agus 7 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme. I gcás ina dteastaíonn comhaontú an chomhordaitheora, is é an tÚdarás ábhartha Maoirseachta Eorpach a réiteoidh aon easaontas — amhail ÚBE nó an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (EIOPA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus glacfaidh sé a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin ó chuirfear an t-easaontas faoina mbráid. Beidh aon chinneadh a dhéantar i gcomhréir leis an mír seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/87/CE nó faoi Threoir 2009/138/CE.

    10.   I gcás ina ndiúltaítear cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe fógra don iarratasóir faoin gcinneadh agus na cúiseanna a bhaineann leo laistigh de 4 mhí tar éis dó an t-iarratas a fháil, nó i gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, laistigh de 4 mhí ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis iomlán is gá chun an cinneadh a dhéanamh.

    I ngach cás, déanfar cinneadh maidir le formheas a cheadú nó a dhiúltú laistigh de 6 mhí ón iarratas a fháil. Féadfaidh aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 6 a bheith ag gabháil leis an diúltú, sa chás inar gá.

    Airteagal 21b

    Máthairghnóthas idirmheánach AE

    1.   Maidir le dhá institiúid nó níos mó san Aontas atá mar chuid den ghrúpa tríú tír céanna, beidh máthairghnóthas idirmheánach AE amháin acu bunaithe san Aontas.

    2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 dhá mháthairghnóthas idirmheánach AE a bheith acu i gcás ina gcinneann siad gurbh fhíor an méid seo a leanas mura mbunófaí ach aon mháthairghnóthas idirmheánach amháin:

    (a)

    bheadh máthairghnóthas idirmheánach AE amháin neamhréireach le ceanglas éigeantach i gcomhréir le rialacha na tríú tíre ina bhfuil a cheannoifig ag máthairghnóthas deiridh an ghrúpa tríú tíre; nó

    (b)

    ní bheadh inréiteacht níos éifeachtúla ná i gcás dhá máthairghnóthas AE idirmheánach de réir measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla réitigh an mháthairghnóthais AE idirmheánaigh.

    3.   Beidh máthairghnóthas idirmheánach AE ina institiúid creidmheasa arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 8, nó ina chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach bhfuil aon cheann de na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina hinstitiúid chreidmheasa nó i gcás nach mór dara máthairchuideachta idirmheánach AE a bhunú i ndáil le gníomhaíochtaí infheistíochta chun ceangal sainordaitheach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an mháthairchuideachta idirmheánach AE nó an dara máthairchuideachta idirmheánach AE a bheith ina gnólacht infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/65/AE atá faoi réir Treoir 2014/59/AE.

    4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2, ná 3, i gcás ina mbeidh luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas níos ísle ná EUR 40 billiún.

    5.   Chun críocha an Airteagail seo, is é suim na nithe seo a leanas luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas:

    (a)

    luach iomlán sócmhainní atá ag gach institiúid den ghrúpa tríú tír san Aontas a thiocfaidh as a clár comhardaithe comhdhlúite, nó a thiocfaidh as a clár comhardaithe aonair, i gcás nach gcomhdhlúthaítear clár comhardaithe de chuid institiúide; agus

    (b)

    luach iomlán sócmhainní atá ag gach brainse den ghrúpa tríú tír a údaraítear le bheith ag oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Treoir 2014/65/AE nó le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

    6.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE faoin bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach grúpa tríú tír atá ag oibriú ina ndlínse:

    (a)

    ainmneacha na n-institiúidí faoi mhaoirseacht ar le grúpa tríú tír iad, mar aon le luach iomlán sócmhainní;

    (b)

    ainmneacha agus luach iomlán sócmhainní a chomhfhreagraíonn do bhrainsí a údaraítear sa Bhallstát sin de bhun na Treorach seo, Treoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2004, agus na cineálacha gníomhaíochtaí a bhfuil údarás ag na brainsí sin a chur i gcrích;

    (c)

    ainm agus luach iomlán sócmhainní dá dtagraítear i mír 3 d'aon mháthairghnóthais idirmheánaigh AE arna bhunú sa Bhallstát sin agus ainm an ghrúpa tríú tír a bhfuil sé ina chuid de.

    7.   Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin liosta de na grúpaí tríú tír ar fad atá ag oibriú san Aontas mar aon lena máthairghnóthas idirmheánach AE nó mar aon lena máthairghnóthais idirmheánacha AE, i gcás inarb fheidhme.

    Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh gach institiúid atá faoina ndlínse agus ar cuid de ghrúpa tríú tír í, ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá máthairghnóthas idirmheánach AE aici;

    (b)

    is máthairghnóthas idirmheánach AE í;

    (c)

    is í an t-aon institiúid í den ghrúpa tríú tír san Aontas; nó

    (d)

    is cuid de ghrúpa tríú tír í ar fiú níos lú ná EUR 40 billiún méid iomlán shócmhainní an ghrúpa sin san Aontas.

    8.   De mhaolú ar mhír 1, beidh, ag grúpaí tríú tír a oibríonn trí níos mó ná institiúid amháin san Aontas agus ar fiú méid iomlán shócmhainní an ghrúpa sin EUR 40 billiún nó níos mó ar 27 Meitheamh 2019, máthairghnóthas idirmheánach AE nó, sa chás ina mbeidh feidhm ag mír 2, dhá mháthairghnóthas idirmheánach AE faoin 30 Nollaig 2023.

    9.   Faoin 30 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, athbhreithniú ar na ceanglais arna bhforchur ar institiúidí leis an Airteagal seo agus cuirfidh sé tuarascáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas, ar a laghad:

    (a)

    an bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo inoibrithe, riachtanach, agus comhréireach, agus an mbeadh bearta eile níos iomchuí;

    (b)

    ar cheart na ceanglais arna bhforchur ar institiúidí leis an Airteagal seo a leasú d'fhonn na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a léiriú iontu.

    10.   Faoin 28 Meitheamh 2021, cuirfidh ÚBE tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dhlí náisiúnta na mBallstát. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas, ar a laghad:

    (a)

    cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá, difríocht i measc na mBallstát maidir leis na cleachtais mhaoirseoireachta is infheidhme do bhrainsí tríú tír;

    (b)

    cé acu a fhéadfadh nó nach bhféadfadh an chaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dlí náisiúnta a bheith ina shiocair le harbatráiste rialála;

    (c)

    ar ghá, agus arbh iomchuí, tuilleadh comhchuibhithe ar na réimis náisiúnta i gcás brainsí tríú tír, go háirithe i dtaca le brainsí suntasacha tríú tír.

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtacha a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle bunaithe ar na moltaí a dhéanfaidh ÚBE.

    (*3)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CÉ agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48)."

    (*4)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).”;"

    (10)

    in Airteagal 23(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    clú, eolas, scileanna agus taithí, mar a leagtar amach in Airteagal 91(1), aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta a stiúrfaidh gnó na hinstitiúide creidmheasa mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;”.

    (11)

    leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   Cuirfidh Ballstát de cheangal ar bhrainsí institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig i dtríú tír a thuairisciú chuig údaráis inniúla, ar bhonn bliantúil ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    na sócmhainní iomlána a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí den bhrainse a údaraítear sa Bhallstát sin;

    (b)

    faisnéis maidir leis na sócmhainní leachtacha atá ar fáil don bhrainse, go háirithe maidir le hinfhaighteacht na sócmhainní leachtacha seo in airgeadraí an Bhallstáit;

    (c)

    na cistí dílse atá ar a chúl ag an mbrainse;

    (d)

    na socruithe cosanta taiscí atá ar fáil do thaisceoirí sa bhrainse;

    (e)

    na socruithe bainistithe riosca;

    (f)

    na socruithe rialachais, lena n-áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse;

    (g)

    na pleananna téarnaimh lena gcumhdaítear an brainse; agus

    (h)

    aon fhaisnéis eile a measann an t-údarás inniúil gur gá í chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra d'ÚBE faoin méid seo a leanas:

    (a)

    gach údarú maidir le brainsí a deonaíodh d'institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig i dtríú tír agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar na húdaruithe sin;

    (b)

    na sócmhainní agus dliteanas iomlána atá ag brainsí údaraithe institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig i dtríú tír mar a thuairiscítear go tréimhsiúil.

    (c)

    ainm an ghrúpa tríú tír a mbaineann brainse údaraithe leis.

    Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin liosta de na brainsí tríú tír a údaraíodh chun oibriú san Aontas, lena sonraítear an Ballstát ina bhfuil siad údaraithe oibriú.”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig i dtríú tír agus na húdaráis inniúla de chuid institiúidí ar cuid den ghrúpa tríú tír céanna iad, comhoibreoidh siad go dlúth chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí uile an ghrúpa tríú tír sin san Aontas faoi réir maoirseacht chuimsitheach, nach mbeifear in ann teacht timpeall ar na ceanglais is infheidhme maidir le grúpaí tríú tír de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach mbeidh aon tionchar díobhálach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

    Éascóidh ÚBE an comhar idir údaráis inniúla chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, lena n-áirítear nuair a bheidh comhlíonadh na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 21b(4) á fhíorú”.

    (12)

    leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) dtaca le comhlíonadh na Treorach sin, agus na haonaid um fhaisnéis airgeadais;

    (*5)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).”;"

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(h)

    na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí atá freagrach as cur i bhfeidhm na rialacha maidir le deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta.”;

    (13)

    in Airteagal 57(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “1.   D'ainneoin Airteagail 53, 54 agus 55, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir faisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis a bheidh freagrach as maoirseacht:”;

    (14)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 58a

    Tarchur faisnéise chuig comhlachtaí idirnáisiúnta

    1.   D'ainneoin Airteagal 53(1) agus Airteagal 54, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, faisnéis áirithe a tharchur chucu seo a leanas nó í a roinnt leo, freisin:

    (a)

    an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda chun críocha measúnuithe le haghaidh clár measúnaithe na hearnála airgeadais;

    (b)

    an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta chun críocha staidéir tionchair cainníochtúil;

    (c)

    an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais chun críocha a fheidhme faireachais.

    2.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a roinnt ach amháin tar éis iarraidh shainráite a fháil ón gcomhlacht iomchuí, ar iarraidh í ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    beidh údar maith leis an iarraidh sin i bhfianaise na gcúraimí sonracha a dhéanann an comhlacht iarrthach i gcomhréir lena shainordú reachtúil;

    (b)

    beidh an iarraidh cruinn go leor maidir le cineál, raon feidhme, agus formáid na faisnéise a éilítear, agus maidir le modh a nochta nó a tarchurtha;

    (c)

    beidh fíorghá leis an bhfaisnéis a iarradh chun cúraimí sonracha an chomhlachta iarrthaigh a dhéanamh agus ní rachaidh sé thar na cúraimí reachtúla a tugadh don chomhlacht iarrthach;

    (d)

    ní chuirfear an fhaisnéis ach chucu siúd amháin a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmíocht an taisc shonraigh, ná ní nochtfar ach dóibh siúd amháin í;

    (e)

    iad siúd a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis, beidh siad faoi réir ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil atá chomh dian céanna, ar a laghad, agus atá na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 53(1).

    3.   I gcás ina ndéanann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an iarraidh, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla ach faisnéis chomhiomlán nó faisnéis anaithnid a tharchur agus is in áitreabh an údaráis inniúil amháin a fhéadfaidh siad faisnéis eile a roinnt.

    4.   A mhéid a bheidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an nochtadh faisnéise, comhlíonfaidh aon phróiseáil a dhéanann an comhlacht iarrthach ar shonraí pearsanta na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

    (*6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

    (15)

    in Airteagal 63(1), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

    “Forálfaidh na Ballstáit gur ceadmhach do na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear duine eile in ionad an té dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina ngníomhaíonn an té sin de shárú ar a chuid oibleagáidí de bhun na chéad fhomhíre.”;

    (16)

    leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

    “1.   Tabharfar do na húdaráis inniúla go léir na cumhachtaí maoirseachta chun cur isteach ar ghníomhaíocht a dhéanann institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cumhachtaí iad sin atá riachtanach dá bhfeidhmiúchán, lena n-áirítear go háirithe an ceart chun údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18, na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 18, 102, 104 agus 105, agus na cumhachtaí chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21a(6) a dhéanamh.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Cuirfear in iúl, i ngach cinneadh a ghlacfaidh na húdaráis inniúla agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forchurtha pionós á bhfeidhmiú acu, an chúis a bhí leis na cinntí sin.”;

    (17)

    in Airteagal 66(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(e)

    mainneachtain iarratas a dhéanamh ar fhormheas, ar sárú é sin ar Airteagal 21a, nó aon sárú eile ar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin.”;

    (18)

    in Airteagal 67(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(q)

    mainníonn máthairinstitiúid, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha aon ghníomhaíocht a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais stuamachta a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair, a Sé nó a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a fhorchuirtear faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) nó Airteagal 105 den Treoir seo ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite.”;

    (19)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74:

    “Airteagal 74

    Rialachas inmheánach agus pleananna téarnaimh agus réitigh

    1.   Beidh ag institiúidí socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil siad neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, agus beartais luach saothair agus cleachtais atá i gcomhréir le bainistiú riosca fónta agus éifeachtach agus a chuirfidh a leithéid chun cinn.

    Beidh na beartais agus cleachtais luach saothair dá dtagraítear sa chéad fhomhír inscne-neodrach.

    2.   Beidh na socruithe, próisis, agus sásraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cuimsitheach agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar cuid iad de shamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide. Cuirfear san áireamh na critéir theicniúla a bhunaítear in Airteagal 75 go hAirteagal 95.

    3.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an socruithe, próisis, agus sásraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus a bhfuil i mír 2 den Airteagal seo á thabhairt san áireamh.

    Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le beartais inscne-neodracha um luach saothair in institiúidí.

    Laistigh de 2 bhliain dháta foilsithe na dtreoirlínte dá dtagraítear sa dara fomhír, agus bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaileoidh na húdaráis inniúla, eiseoidh ÚBE tuairisc faoi chur i bhfeidhm na mbeartas inscne-neodrach um luach saothair sna hinstitiúidí.”;

    (20)

    in Airteagal 75, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Baileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtar i gcomhréir leis na critéir um nochtadh arna mbunú i bpointí (g), (h), (i) agus (k) d'Airteagal 450(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon le faisnéis arna soláthar i dtaobh na bearna pá idir na hinscní ag na hinstitiúidí agus bainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin chun treochtaí agus cleachtais luach saothair a thagarmharcáil. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin ar fáil do ÚBE.”;

    (21)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 84:

    “Airteagal 84

    Riosca úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála

    1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh institiúidí córais inmheánacha i bhfeidhm nó go mbainfidh siad úsáid as an modheolaíocht shimplithe chaighdeánaithe chun rioscaí a shainaithint, a mheas, a bhainistiú agus a mhaolú, ar rioscaí iad a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá ag institiúid.

    2.   Rioscaí a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar raonta difríochta creidmheasa a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá ag institiúid, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh institiúidí córais i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

    3.   Féadfaidh údarás inniúil ceangal a chur ar institiúid úsáid a bhaint as an modheolaíocht chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 1 i gcás nach mbeidh na córais inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag an institiúid sin sásúil chun na rioscaí dá dtagraítear sa mhír sin a mheasúnú.

    4.   Is ceadmhach don údarás inniúil a cheangal ar institiúid bheag agus neamhchasta, mar a shainmhínítear i bpointe (145) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an sásra caighdeánaithe a úsáid i gcás ina measann sé nach leor an sásra caighdeánaithe simplithe chun ardú sa riosca ráta úis, a eascróidh as gníomhaíochtaí neamhthrádála na hinstitiúide sin, a ghabháil.

    5.   Chun críocha an Airteagail seo, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar mhionsonraí modheolaíochta caighdeánaithe, a fhéadfaidh institiúidí a úsáid chun na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mheas, lena n-áirítear sásra caighdeánaithe simplithe d'institiúidí beaga agus neamhchasta mar a shainmhínítear i bpointe (145) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bheidh chomh coimeádach céanna leis an sásra caighdeánaithe.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    6.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte chun na critéir faoina saineofar an méid seo a leanas:

    (a)

    meastóireachtar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 arna dhéanamh ag córas inmheánach institiúide;

    (b)

    sainaithint, bainistiú, agus maolú na rioscaí dá dtagraítear i mír 1;

    (c)

    measúnú agus faireachán ar na rioscaí dá dtagraítear i mír 2;

    (d)

    a chinneadh cé na córais inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí chun críocha mhír 1 nach bhfuil sásúil, dá dtagraítear i mír 3.

    Eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin 28 Meitheamh 2020.”;

    (22)

    in Airteagal 85, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh institiúidí beartais agus próisis i bhfeidhm chun na risíochtaí ar riosca oibriúcháin a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear an riosca de bharr samhaltú agus na rioscaí a thiocfaidh as seachfhoinsiú, agus chun teagmhais ard-déine minicíochta íseal a chumhdach. Cuirfidh institiúidí in iúl cad é atá i gceist le riosca oibriúcháin chun críocha na mbeartas agus na nósanna imeachta sin.”;

    (23)

    in Airteagal 88(1), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

    “Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar doiciméadú ceart ar fhaisnéis faoi iasachtaí do chomhaltaí an bhoird bainistíochta gona bpáirtithe gaolmhara, agus go gcuirtear ar fáil í do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

    Chun críocha an Airteagail sin, ciallaíonn an téarma ‘páirtí gaolmhar’:

    (a)

    céile, páirtnéir cláraithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leanbh nó tuismitheoir le duine atá ar an mbord bainistíochta;

    (b)

    eintiteas tráchtála, a bhfuil sealúchas cáilitheach dar luach 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála san eintiteas sin ag ball de bhord bainistíochta na hinstitiúide nó ag duine dá dhaoine muinteartha dá dtagraítear i bpointe (a), nó ina bhféadfaidh na daoine sin tionchar nach beag a imirt, nó ina bhfuil post ardbhainistíochta acu nó a bhfuil siad ar an mbord bainistíochta.”;

    (24)

    in Airteagal 89, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “6.   Faoin 1 Eanáir 2021, athbhreithneoidh an Coimisiún, ar dhul i gcomhairle le ÚBE, UAPGE agus ÚEUM dó, cé acu is leor nó nach leor an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) de mhír 1, agus na measúnuithe tionchair, comhaontuithe idirnáisiúnta agus forbairtí reachtacha a rinneadh go nuige seo san Aontas á gcur san áireamh, agus cé acu an fhéadfar nó nach bhféadfar tuilleadh ceanglas faisnéise a chur le mír 1.

    Faoin 30 Meitheamh 2021, bunaithe ar an gcomhairliúchán a rinneadh le ÚBE, UAPGE agus ÚEUM, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa mhír seo agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle”;

    (25)

    leasaítear Airteagal 91 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is ar na hinstitiúidí féin, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go bhfanfaidh a ndea-cháil ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus go mbeidh acu a ndóthain eolais, scileanna agus taithí chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Sásóidh baill an bhoird bainistíochta, go háirithe, na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 8.

    I gcás nach sásaíonn baill an bhoird bainistíochta na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo, beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla an duine sin a bhaint den bhord bainistíochta. Fíoróidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo fós á gcomhlíonadh i gcás ina bhfuil údar réasúnach acu lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, go raibh sin ar bun, gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena chur ar bun, nó go bhfuil riosca níos mó ann go dtarlódh a leithéid san institiúid atá i gceist.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7 agus 8:

    “7.   Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí comhchoitinne ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí na hinstitiúide a thuiscint, lena n-áirítear na príomhrioscaí. Beidh ballraíocht fhoriomlán an bhoird ina léiriú ar réimse leathan leordhóthanach taithí.

    8.   Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh na smaointeoireachta de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a mheasúnú agus a cheistiú go héifeachtach, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta. Ní hionann per se a bheith i do bhall de chuideachta chleamhnaithe nó d'eintiteas cleamhnaithe agus gan a bheith in ann gníomhú go neamhspleách ó thaobh na smaointeoireachta de.”;

    (c)

    i mír 12, cuirtear pointe seo a leanas léi:

    “(f)

    cur i bhfeidhm comhsheasmhach na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.”;

    (26)

    leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:

    (a)

    scriostar mír 1;

    (b)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “Áiritheoidh na Ballstáit, agus iad ag bunú agus ag cur i bhfeidhm na mbeartas luacha saothair iomláin, lena n-áirítear tuarastail agus sochair phinsin lánroghnacha, do chatagóirí foirne a raibh tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide, go gcomhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas ar dhóigh atá oiriúnach dá méid, dá n-eagrúchán inmheánach agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí;”;

    (ii)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    beartas inscne-neodrach um luach saothair a bheidh sa bheartas luach saothair;”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Chun críocha mhír 2, ar áireamh sna catagóirí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide, beidh, ar a laghad, na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    comhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus na hardbhainistíochta;

    (b)

    baill foirne a bhfuil freagracht bainistíochta acu ar fheidhmeanna rialaithe nó aonaid ghnó ábhartha na hinstitiúide;

    (c)

    baill foirne atá i dteideal luach saothair suntasach sa bhliain airgeadais roimhe sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    is ionann agus, nó mó ná, EUR 500 000, ar a laghad, agus is ionann agus is mó ná an meánluach saothair a tugadh do chomhaltaí bhord bainistíochta na hinstitiúide agus don lucht bainistíochta sinsearaí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (ii)

    déanann an ball foirne a ghníomhaíocht ghairmiúil laistigh d'aonad gnó ábhartha agus is gníomhaíocht í de chineál a bhfuil tionchar suntasach aici ar phróifíl priacal an aonaid ábhartha gnó.”;

    (27)

    leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1)(i):

    “(i)

    scaireanna nó, faoi réir struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide lena mbaineann, leasanna úinéireachta coibhéiseacha; nó ionstraimí atá nasctha le scaireanna, nó, faoi réir struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide lena mbaineann, ionstraimí neamhairgid coibhéiseacha;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

    “(m)

    iarchuirtear sciar nach suaill, agus 40 % ar a laghad i ngach cás, de chomhpháirt inathraithe an luacha saothair thar tréimhse nach giorra ná 4 nó 5 de bhlianta, arna thabhairt ar comhréir mar is ceart le nádúr an ghnó gona rioscaí agus le gníomhaíochtaí na mball foirne lena mbaineann. I gcás chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na hardbhainistíochta in institiúidí nach beag a dtábhacht i ngeall ar a méid, ar a n-eagar inmheánach, ar nádúr, raon agus castacht a gcuid gníomhaíochtaí, níor cheart gur giorra ná 5 bliana an tréimhse iarchuir.

    Luach saothair is iníoctha faoi shocruithe iarchuir, ní íocfar sin níos sciobtha ná ar bhonn pro rata. I gcás comhpháirt inathraithe an luacha saothair a bheith ag gabháil le suim thar a bheith ard, ní mór 60 % ar a laghad de a iarchur. Is i gcomhréir leis an timthriall tráchtála, le cineál an ghnó aige gona rioscaí, agus le gníomhaíochtaí an bhaill foirne lena mbaineann a bhunófar fad na tréimhse iarchuir;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 2:

    “2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na cineálacha ionstraimí a shonrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (l)(ii) de mhír 1.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

    Chun na baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 92(3), forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin rialála theicniúla lena leagtar amach na critéir chun na nithe seo a leanas a shainiú:

    (a)

    feidhmeanna rialála agus freagrachtaí lucht bainistíochta;

    (b)

    aonad gnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl priacal an aonaid ábhartha gnó; agus

    (c)

    catagóirí eile foirne nach dtagraítear go sainráite dóibh in Airteagal 92(3), a bhfuil tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide, ar tionchar é atá chomh hábhartha céanna le tionchar na gcatagóirí foirne dá dtagraítear sa mhír sin.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (c)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “3.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe (l), (m) agus sa dara mír de phointe (o) den mhír sin maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    institiúid nach institiúid mhór í mar a shainmhínítear i bpointe (146) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus a bhfuil luach a sócmhainní, ar an meán agus ar bhonn aonair, i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cothrom le nó níos lú ná EUR 5 bhilliún in imeacht na tréimhse 4 bliana go díreach roimh an mbliain airgeadais reatha;

    (b)

    ball foirne nach airde a luach saothair inathraitheach bliantúil ná EUR 50 000 agus nach ionann agus níos mó ná aon trian de luach saothair iomlán bliantúil an bhaill foirne sin.

    4.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, is ceadmhach don Bhallstát an tairseach dá dtagraítear ansiúd a ísliú nó a ardú, ar choinníoll:

    (a)

    nach institiúid mhór, mar a shainmhínítear i bpointe (146) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann úsáid as an bhforáil seo, agus i gcás ina n-ardaítear an tairseach:

    (i)

    go gcomhlíonann an institiúid na critéir a leagtar amach i bpointí (145)(c), (d) agus (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

    (ii)

    nach airde an tairseach ná EUR 15 billiún;

    (b)

    gurb iomchuí an tairseach a ardú i gcomhréir leis an mír seo, á chur san áireamh cineál na hinstitiúide gona raon agus castacht gníomhaíochta, a heagar inmheánach nó, i gcás inarb iomchuí, saintréithe an ghrúpa lena mbaineann sí.

    5.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, féadfaidh an Ballstát a chinneadh nach mbeidh baill foirne, a bhíonn i dteideal luach saothair inathraitheach bliantúil is ísle ná an tairseach agus an sciar dá dtagraítear sa phointe sin i bpointe (b), nach mbeidh siad faoi réir na díolúine a leagtar amach ansiúd i ngeall ar shonraíochtaí an mhargaidh náisiúnta i dtéarmaí cleachtas luacha saothair nó mar gheall ar chineál na bhfreagrachtaí nó ar phróifíl an phoist atá ag na baill foirne sin.

    6.   Faoin 28 Meitheamh 2023, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE, athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil i dtoll a chéile ar chur i bhfeidhm mhíreanna 3 agus 5 agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    7.   Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, d'éascú ar chur chun feidhme mhíreanna 3, 4 agus 5 agus chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad.”;

    (28)

    leasaítear Airteagal 97 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, scriostar pointe (b);

    (b)

    i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    “Agus an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar siúl acu, cuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm prionsabal na comhréireachta i gcomhréir leis na critéir a nochtar de bhun phointe (c) d'Airteagal 143(1).”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4a.   Féadfaidh na húdaráis inniúla na modheolaíochtaí le haghaidh chur i bhfeidhm an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shaincheapadh d'fhonn institiúidí a bhfuil próifílí priacal comhchosúla acu a chur san áireamh, samhlacha gnó comhchosúla nó suíomhanna geografacha comhchosúla risíochtaí, mar shampla. Féadfaidh tagarmharcanna riosca-bhunaithe agus táscairí cainníochtúla a bheith ar na modheolaíochtaí saincheaptha sin, agus féadfar aird chuí a thabhairt leo ar na rioscaí sonracha nach mbeidh cosaint ag gach institiúid orthu, agus ní dhéanfaidh siad difear do cineál institiúidsonrach na mbeart arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 104.

    Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE nuair a úsáideann siad modheolaíochtaí saincheaptha de bhun na míre seo. Déanfaidh ÚBE faireachán ar na cleachtais mhaoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar conas a mheasúnófar próifílí priacal comhchosúla chun críocha na míre seo agus chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm comhsheasmhach comhréireach ann maidir le modheolaíochtaí ar fud an Aontais atá saincheaptha d'institiúidí comhchosúla.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “6.   I gcás ina mbíonn údar réasúnach ag na húdaráis inniúla, i ngeall ar athbhreithniú, go háirithe i ngeall ar mheastóireacht ar shocruithe rialachais, ar shamhail ghnó, nó ar ghníomhaíochtaí institiúide, lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, go raibh sin ar bun, gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena chur ar bun, nó go bhfuil riosca níos mó ann go dtarlódh a leithéid san institiúid atá i gceist, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoin méid sin do ÚBE agus don údarás nó comhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus atá inniúil ar chomhlíonadh na Treorach sin a áirithiú. I gcás go mbíonn riosca níos mó ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ar bun, rachaidh an t-údarás inniúil agus an t-údarás nó comhlacht a dhéanann maoirseacht ar an institiúid i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus atá inniúil ar chomhlíonadh na Treorach sin a áirithiú, rachaidh siad i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad fógra láithreach do ÚBE faoina gcomh-mheasúnú. Glacfaidh an t-údarás inniúil, mar is iomchuí, bearta i gcomhréir leis an Treoir seo.”;

    (29)

    leasaítear Airteagal 98 mar a leanas:

    (a)

    i mír (1), scriostar pointe (j);

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Áireofar leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla risíocht institiúidí ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

    Déanfar na cumhachtaí maoirseachta sin a fheidhmiú sna cásanna seo a leanas, ar a laghad:

    (a)

    i gcás institiúid ina laghdaíonn luach eacnamaíoch a gcothromais dá dtagraítear in Airteagal 84(1) níos mó ná 15 % dá caipiteal Leibhéal 1 mar thoradh ar athrú tobann gan choinne ar rátaí úis mar a leagtar amach in aon cheann de na sé chás maoirseachta suaite a chuirtear i bhfeidhm ar rátaí úis;

    (b)

    i gcás ina dtagann titim mhór ar ghlanioncam úis institiúide, dá dtagraítear in Airteagal 84(1), i ngeall ar athrú tobann gan choinne sna rátaí úis mar a leagtar amach in aon cheann den dá chás maoirseachta suaite a chuirtear i bhfeidhm ar rátaí úis.

    Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú sna cásanna seo a leanas, ar a laghad, ach amháin má mheasann siad, bunaithe ar an athbhreithniú agus ar an meastóireacht dá dtagraítear sa mhír seo, gur leormhaith an bainistiú a dhéanann an institiúid ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála agus nach bhfuil an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

    Chun críche na míre seo, ciallaíonn an téarma ‘cumhachtaí maoirseachta’ na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104(1) nó an chumhacht toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha a fhorchur, seachas iad siúd a shainaithin ÚBE de bhun phointe (b) de mhír 5a den Airteagal seo, rud a léireoidh institiúidí nuair a ríomhfaidh siad luach eacnamaíoch cothromais faoi Airteagal 84(1).”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “5a.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú chun críocha mhír 5:

    (a)

    na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fhomhír de mhír 5, agus an dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5 nach mór a chur i bhfeidhm ar na rátaí uís i gcás gach airgeadra;

    (b)

    i bhfianaise na gcaighdeán stuamachta arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha, seachas toimhdí iompraíochta, a léireoidh institiúidí agus luach eacnamaíoch cothromais á ríomh acu, dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 5, agus a bheidh teoranta don mhéid seo a leanas:

    (i)

    an tslí a láimhseáiltear cothromas na hinstitiúide féin;

    (ii)

    cuimsiú, comhdhéanamh agus lascainiú sreafaí airgid atá íogair do rátaí úis a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus as míreanna na hinstitiúide atá lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear láimhseáil corrlach tráchtála agus comhpháirteanna eile raon difríochta;

    (iii)

    samhlacha dinimiciúla nó statacha de na cláir chomhardaithe a úsáid agus an láimhseáil a dhéantar, dá bharr, ar shuíomhanna amúchta agus ar shuíomhanna atá ag aibiú.

    (c)

    i bhfianaise na gcaighdeán arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha, seachas toimhdí iompraíochta, a léireoidh institiúidí agus an glanioncam úis dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5 á ríomh acu a bheidh teoranta don mhéid seo a leanas:

    (i)

    cuimsiú agus comhdhéanamh sreafaí airgid atá íogair do rátaí úis a eascraíonn as sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus as míreanna na hinstitiúide atá lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear láimhseáil corrlach tráchtála agus comhpháirteanna eile raon difríochta;

    (ii)

    samhlacha dinimiciúla nó statacha de na cláir chomhardaithe a úsáid agus an láimhseáil a dhéantar, dá bharr, ar shuíomhanna amúchta agus ar shuíomhanna atá ag aibiú;

    (iii)

    an tréimhse ar lena linn a dhéanfar glanioncam úis sa todhchaí a thomhas;

    (d)

    sainmhíniú ar an ní is titim mhór ann, dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

    Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (d)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “8.   Measúnóidh ÚBE an bhféadfaí rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais (rioscaí ESG) a áireamh san athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú a dhéanfaidh ÚBE:

    (a)

    sainmhíniú aonfhoirmeach a cheapadh ar an ní is rioscaí ESG ann, lena n-áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí eatramhacha; is éard a bheidh sa mhéid réamhráite na rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní dar siocair athruithe rialála;

    (b)

    critéir iomchuí cháilíochta agus chainníochta a cheapadh chun measúnú a dhéanamh thionchar na rioscaí ESG ar chobhsaíocht airgeadais na n-institiúidí go gearrthéarmach, go meántéarmach, agus go fadtéarmach; áireofar ar chritéir den sórt sin próisis tástála struis agus cásanailísí chun tionchar na rioscaí ESG i ndálaí difriúla nach ionann déine dóibh a mheasúnú;

    (c)

    na socruithe, próisis, sásraí, agus straitéisí nach mór do na hinstitiúidí a chur chun feidhme d'fhonn rioscaí ESG a shainaithint, a mheasúnú, agus a bhainistiú;

    (d)

    na modheolaíochtaí agus uirlisí anailíse lena measúnaítear tionchar na rioscaí ESG ar ghníomhaíochtaí iasachta agus eadránaíochta airgeadais na n-institiúidí.

    Cuirfidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh chuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa, agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2021.

    Bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin, féadfaidh ÚBE, más iomchuí, treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le hiniamh na rioscaí ESG san athbhreithniú maoirseachta agus próiseas meastóireachta a dhéanfaidh na húdaráis inniúla.”;

    (30)

    in Airteagal 99(2), scriostar pointe (b);

    (31)

    scriostar Airteagal 103;

    (32)

    leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   Chun críocha Airteagal 97, Airteagal 98(4) agus (5), Airteagal 101(4) agus Airteagal 102 den Treoir seo agus chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, beidh ar a laghad na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla:

    (a)

    a chur de cheangal ar institiúidí cistí dílse breise a bheith acu os cionn na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 104a den Treoir seo;

    (b)

    a chur de cheangal orthu socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí a dhaingniú a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 73 agus 74;

    (c)

    ceanglaítear ar institiúidí plean a chur isteach chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thabhairt ar ais agus spriocdháta a leagan síos chun an plean a chur chun feidhme, lena n-áirítear feabhsuithe ar an bplean sin maidir leis an raon feidhme agus an spriocdháta;

    (d)

    ceanglaítear ar institiúidí beartas soláthair ar leith nó láimhseáil sócmhainní i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm;

    (e)

    gnó, oibríochtaí nó líonra institiúidí a shrianadh nó teorainn a chur leo nó dífheistiú gníomhaíochtaí a iarraidh a chuirfidh fóntacht institiúide faoi rioscaí iomarcacha;

    (f)

    ceanglaítear ar institiúidí laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais institiúidí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

    (g)

    ceanglaítear ar institiúidí luach saothair inathraitheach mar chéatadán de ghlanioncaim a shrianadh i gcás ina mbeidh sé ar neamhréir le bonn caipitil fónta a chaomhnú;

    (h)

    ceanglaítear ar institiúidí glanbhrabúis a úsáid chun na cistí dílse a threisiú;

    (i)

    dáileacháin nó íocaíochtaí úis arna ndéanamh ag institiúid do scairshealbhóirí, do chomhaltaí nó do shealbhóirí ionstraimí Breise Leibhéal 1 a shrianadh nó iad a thoirmeasc i gcás nach ionann an toirmeasc sin agus mainneachtain na hinstitiúide;

    (j)

    ceanglais maidir le tuairisciú breise nó tuairisciú níos minice a fhorchur, lena n-áirítear tuairisciú ar chistí dílse, ar leachtacht agus ar luamhánú;

    (k)

    ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur, lena n-áirítear srianta ar neamhréireanna aibíochta idir sócmhainní agus dliteanais;

    (l)

    nochtaí breise a cheangal.

    2.   Chun críocha phointe (j) de mhír 1, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais maidir le tuairisciú breise nó tuairisciú níos minice a fhorchur ar institiúidí ach i gcás ceanglas ábhartha a bheith iomchuí agus comhréireach maidir leis an gcríoch dá n-éilítear an fhaisnéis agus nach faisnéis dhúblach í an fhaisnéis sin a iarrtar.

    Chun críocha Airteagal 97 go hAirteagal 102, measfar gur faisnéis dhúblach í aon fhaisnéis bhreise a fhéadfar a éileamh ar institiúidí i gcás inar tuairiscíodh an fhaisnéis chéanna, nó faisnéis atá mórán mar an gcéanna léi cheana féin, don údarás inniúil nó i gcás ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil í a chur ar fáil.

    Ní éileoidh an t-údarás inniúil ar institiúid faisnéis bhreise a thuairisciú i gcás ina bhfuair an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin cheana féin i bhformáid atá éagsúil nó atá ar leibhéal éagsúil gráinneachta agus i gcás nach gcuirfidh an fhormáid ná an ghráinneacht éagsúil sin cosc ar an údarás inniúil faisnéis a chur ar fáil a bheidh ar comhcháilíocht agus ar comhiontaofacht leis an bhfaisnéis sin a chuirfear ar fáil ar bhonn na faisnéise breise a thuairisceofaí seachas sin.”;

    (b)

    scriostar mír 3;

    (33)

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 104a

    Ceanglas cistí dílse breise

    1.   Forchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) i gcás ina gcinnfidh siad, ar bhonn na n-athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le hAirteagal 101, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith institiúid aonair:

    (a)

    go bhfuil an institiúid neamhchosantach ar rioscaí nó ar ghnéithe rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach, mar a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, faoi na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

    (b)

    nach gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 73 agus 74 den Treoir seo ná in Airteagal 393 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní dócha go mbeadh bearta eile maoirseachta leordhóthanach d'fhonn a áirithiú go bhféadfaí na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama iomchuí;

    (c)

    meastar nach leor na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 98(4) go bhféadfaidh an institiúid a suíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghearr gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthchoinníollacha margaidh;

    (d)

    léirítear leis an measúnú a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 101(4) gur cosúil gur ceanglais cistí dílse neamhleora an toradh a bheidh ar neamh-chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcur chuige ceadaithe a chur i bhfeidhm;

    (e)

    mainníonn an institiúid leibhéal leordhóthanach cistí dílse breise a bhunú nó a choinneáil d'fhonn na treoracha arna gcur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 104b(3) a chumhdach;

    (f)

    cásanna eile institiúidsonrach a measann an t-údarás inniúil gur cúis imní ábhartha maoirseachta iad.

    Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) a fhorchur ach amháin chun na rioscaí a chlúdach a thabhaíonn institiúidí aonair de bharr a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a léiríonn tionchar cúinsí eacnamaíocha áirithe agus forbairtí margaidh maidir le próifíl priacal institiúide aonair.

    2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar gur rioscaí nó gnéithe rioscaí iad ach amháin más rioscaí nó gnéithe rioscaí iad nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 i gcás inarb airde méideanna, cineálacha agus dáileachán an chaipitil a mheasann an t-údarás inniúil a bheith leordhóthanach ag cur san áireamh an t-athbhreithniú maoirseachta a dhéanfaidh na hinstitiúidí ar an measúnú i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 73 den Treoir seo ná na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, agus próifíl priacal gach institiúide á cur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla na rioscaí nach bhfuil cosaint ag an institiúid orthu a mheas lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    rioscaí institiúidsonracha nó gnéithe rioscaí den sórt sin a eisiatar go sainráite ó na ceanglais cistí dílse, nó nach dtugtar aghaidh orthu go sainráite sna ceanglais sin a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

    (b)

    rioscaí institiúidsonracha nó gnéithe rioscaí den sórt sin ar dócha go ndéanfar gannmheas orthu in ainneoin go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Sa mhéid go bhfuil rioscaí nó gnéithe rioscaí faoi réir socruithe idirthréimhseacha nó forálacha marthanachta a leagtar amach sa Treoir seo nó i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mheasfar gur rioscaí nó gnéithe rioscaí den sórt sin ar dócha go ndéanfar gannmheas orthu in ainneoin go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Chun críocha na chéad mhíre, cumhdóidh an caipiteal a mheastar a bheidh leordhóthanach na rioscaí uile nó gnéithe de rioscaí a shainaithnítear a bheith ábhartha de bhun an mheasúnaithe sin, a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Is féidir a mheas gurb ábhartha an riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 98(5), ar a laghad, ach amháin má bhíonn na húdaráis inniúla den tuairim, agus an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht á chur i gcrích acu, gur leormhaith an bainistiú a dhéanann an institiúid ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála agus nach bhfuil an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

    3.   I gcás ina dteastóidh cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas priacal an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise a cheanglaítear faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

    I gcás ina dteastóidh cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacal an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise a cheanglaítear faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    4.   Comhlíonfaidh an institiúid an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) le cistí dílse a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    comhlíonfar ar a laghad trí cheathrú den cheanglas cistí dílse breise le caipiteal Leibhéal 1;

    (b)

    beidh ar a laghad trí cheathrú de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (a) comhdhéanta de chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an institiúid an ceanglas cistí dílse breise a chomhlíonadh le cion níos mó de chaipiteal Leibhéal 1, nó de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar gá agus ag féachaint d'imthosca sonracha na hinstitiúide.

    I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (b)

    an ceanglas maoláin chomhcheangailte;

    (c)

    an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh.

    I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (b)

    an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí an luamhánaithe iomarcaigh.

    5.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil údar cuí i scríbhinn do gach institiúid leis an gcinneadh ceangal cistí dílse breise a fhorchur faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1), ar a laghad, trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na gnéithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. Leis an údar sin, sa chás a leagtar amach i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo, áireofar ráiteas sonrach ar na cúiseanna lena measfar nach leor a thuilleadh an treoir maidir le cistí dílse breise a fhorchur.

    Airteagal 104b

    Treoir maidir le cistí dílse breise

    1.   De bhun na straitéisí agus na bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 73, bunóidh institiúidí a gcaipiteal inmheánach ar leibhéal cuí cístí dílse atá leordhóthanach chun na rioscaí uile nach bhfuil cosaint ag institiúid orthu a chumhdach agus chun a áirithiú gur féidir le cistí dílse na hinstitiúide caillteanais ionchasacha a chomhshó a thagann as cásanna struis, lena n-áirítear iad siúd arna sainaithint sa tástáil struis maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 100.

    2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar leibhéal an chaipitil inmheánaigh a shocraíonn gach institiúid i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo mar chuid den athbhreithniú agus den mheastóireacht arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le hAirteagal 101 a chur san áireamh, lena n-áirítear torthaí na dtástálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 100.

    De bhun na n-athbhreithnithe sin, cinnfidh na húdaráis inniúla an leibhéal foriomlán cistí dílse le haghaidh gach institiúide a mheasann siad a bheith cuí.

    3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an treoir maidir le cistí dílse breise a chur in iúl d'institiúidí.

    Is éard a bheidh sa treoir maidir le cistí dílse breise cistí dílse breise a sháraíonn an méid ábhartha de chistí dílse mar a cheanglaítear de bhun Chodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Caibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402, pointe (a) d'Airteagal 104(1) agus pointe (6) d'Airteagal 128 den Treoir seo nó de bhun Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is ábhartha, a theastaíonn chun go mbainfear amach an leibhéal foriomlán cistí dílse a mheasann na húdaráis inniúla a bheidh iomchuí de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

    4.   Ní mór do threoir na n-údarás inniúil maidir le cistí dílse breise de bhun mhír 3 den Airteagal seo a bheith institiúidsonrach. Leis an treoir sin, féadfar rioscaí a chumhdach a dtugtar aghaidh orthu le ceanglas cistí dílse breise arna bhforchur de bhun phointe (a) d'Airteagal 104 (1) sa mhéid go gcumhdaítear léi gnéithe de na rioscaí sin nach gcumhdaítear cheana féin faoin gceanglas sin, agus sa mhéid sin amháin.

    5.   I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (b)

    an ceanglas a leagtar amach faoi Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte.

    I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an treoir maidir le cístí dílse breise a chomhlíonadh, a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh, ní úsáidfear iad chun an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sin a chomhlíonadh, an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 104a den Treoir seo forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh agus ar an gceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    6.   I gcás ina mainnítear an treoir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402, na ceanglais cistí dílse breise ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus, de réir mar is ábhartha, an ceanglas maoláin chomhcheangailte nó an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní chuirfear chun gnímh na srianta dá dtagraítear in Airteagal 141 ná in Airteagal 141b den Treoir seo.

    Airteagal 104c

    Comhar a dhéanamh le húdaráis réitithe

    Déanfaidh na húdaráis inniúla fógra faoin gceanglas maidir le cistí dílse breise arna fhorchur ar institiúidí de bhun Airteagal 104(1)(a) agus faoi aon treoir maidir le cistí dílse breise a thabhairt d'institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104b(3).

    (*7)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).”;"

    (34)

    in Airteagal 105, scriostar pointe (d);

    (35)

    in Airteagal 108, scriostar mír 3;

    (36)

    leasaítear Airteagal 109 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    “2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar na máthairghnóthais agus na fochuideachtaí atá faoi réir na Treorach seo na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn II den Chaibidil seo ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite a chomhlíonadh, chun a áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear le Roinn II den Chaibidil seo comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go sonrach, áiritheoidh siad go gcuirfidh na máthairghnóthais agus na fochuideachtaí atá faoi réir na Treorach seo na socruithe, na próisis agus na sásraí sin chun feidhme ina gcuid fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir na Treorach seo, lena n-áirítear iad sin a bunaíodh in lárionaid airgeadais eischósta. Beidh na socruithe, na próisis agus na sásraí sin comhsheasmhach agus comhtháite freisin agus beidh na fochuideachtaí sin in ann aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Comhlíonfaidh na foghnóthais sin, nach bhfuil faoi réir na Treorach seo iad féin, na ceanglais earnáil-sonracha a bhaineann leo féin ar bhonn aonair.

    3.   Ní bheidh oibleagáidí a d'eascair ó Roinn II den Chaibidil seo maidir le foghnóthais, nach bhfuil faoi réir na Treorach seo iad féin, infheidhme más féidir leis an máthairinstitiúid AE a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm Roinn II neamhdhleathach faoi rialacha na tríú tíre ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe.”;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “4.   Ní bheidh feidhm ar bhonn comhdhlúite ag na ceanglais luacha saothair a leagtar síos in Airteagal 92, in Airteagal 94 ná in Airteagal 95 maidir le ceachtar acu seo a leanas:

    (a)

    foghnóthais atá bunaithe san Aontas i gcás ina bhfuil siad faoi réir ceanglais shonracha luacha saothair i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais;

    (b)

    foghnóthais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás ina mbeadh siad faoi réir ceanglais shonracha luacha saothair i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais dá mbeidís bunaithe san Aontas.

    5.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, agus d'fhonn imchéimniú na rialacha a leagtar amach in Airteagail 92, 94 agus 95 a chosc, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 92, in Airteagail 94 agus 95 i leith baill foirne gach foghnóthais nach bhfuil faoi réir na Treorach seo ar bhonn aonair i gcás:

    (a)

    gur cuideachta bainistíochta sócmhainní nó gnóthas atá san fhochuideachta a chuireann na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 2, 3, 4, 6 agus 7 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i gcrích; agus

    (b)

    go bhfuil na baill foirne sin sainordaithe chun gníomhaíochtaí gairmiúla a chur i gcrích a mbeidh tionchar ábhartha díreach acu ar phróifíl priacal nó ar ghnó na n-institiúidí laistigh den ghrúpa.

    6.   D'ainneoin mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit Airteagail 92, 94 agus 95 a chur i bhfeidhm, ar bhonn comhdhlúite, ar raon feidhme níos leithne d'fhoghnóthais agus ar bhaill foirne gach foghnóthais.”;

    (37)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 111:

    “Airteagal 111

    Cinneadh ar an maoirseoir comhdhlúthaithe

    1.   I gcás inar máthairinstitiúid creidmheasa i mBallstát é nó inar máthairchuideachta institiúide creidmheasa AE é máthairghnóthas, is é an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairinstitiúid creidmheasa sa Bhallstát sin nó ar an máthairinstitiúid creidmheasa AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa aon cheann dá fhochuideachtaí, is é an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairghnólacht infheistíochta sa Bhallstát sin nó ar an máthairghnólacht infheistíochta AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus inar institiúid creidmheasa ceann amháin ar a laghad dá fhochuideachtaí, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa, nó i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir chomhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    2.   I gcás inar máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát é nó inar máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát é nó inar máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE é nó inar máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE é máthairghnóthas institiúide, is é údarás inniúil na hinstitiúide a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar an institiúid sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    3.   I gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna i mBallstát ag dhá institiúid nó níos mó nó i gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna acu i mBallstát nó an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE chéanna nó an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE chéanna ag dhá institiúid údaraithe nó níos mó san Aontas, is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite:

    (a)

    údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa nach bhfuil ach institiúid creidmheasa amháin laistigh den ghrúpa;

    (b)

    údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir chomhardaithe, i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa; nó

    (c)

    údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa sa ghrúpa.

    4.   I gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) nó (6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe, nó, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa sa ghrúpa, údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    5.   De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 1, ar phointe (b) de mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh de ghrúpa, is é an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó d'institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe na n-institiúidí creidmheasa sin a ndéantar maoirseacht orthu ná méid iomlán chláir chomhardaithe na n-institiúidí creidmheasa a ndéanann aon údarás inniúil eile maoirseacht orthu ar bhonn aonair a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

    De mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, is é an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó de ghnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa ar mó, i bhfoirm chomhiomlán, méid iomlán a chláir chomhardaithe, a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

    6.   I gcásanna áirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla, trí chomhaontú comhchoiteann, na critéir dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 a tharscaoileadh agus údarás inniúil difriúil a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcás nach mbeadh sé iomchuí na critéir, dá dtagraítear iontu a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar na hinstitiúidí lena mbaineann agus ar thábhacht chomparáideach a gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha, nó ar an ngá lena áirithiú go leanfaidh an t-údarás inniúil céanna den mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcásanna den sórt sin, beidh an ceart éisteacht a fháil sula ndéanann na húdaráis inniúla an cinneadh ag máthairinstitiúid AE, nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE, nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ag an institiúid ar mó méid iomlán a clár chomhardaithe, de réir mar is infheidhme.

    7.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún agus do ÚBE gan mhoill faoi aon chomhaontú a thagann faoi raon feidhme mhír 6.”;

    (38)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 113:

    “Airteagal 113

    Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta institiúidsonracha

    1.   Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí máthairinstitiúide AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 73 agus 97, leordhóthanacht leibhéal comhdhlúite na gcistí dílse a chinneadh atá i seilbh an ghrúpa institiúidí maidir lena staid airgeadais agus a phróifíl priacal agus leibhéal na gcistí dílse is gá chun pointe (a) d'Airteagal 104(1) a chur i bhfeidhm ar gach eintiteas laistigh den ghrúpa institiúidí agus ar bhonn comhdhlúite;

    (b)

    i dtaca le bearta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair thábhachtacha agus ar thorthaí ábhartha a bhaineann le maoirseacht leachtachta agus a bhaineann le leordhóthanacht na heagraíochta freisin agus láimhseáil rioscaí mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 86 agus a bhaineann leis an ngá atá le ceanglais leachtachta institiúidsonracha i gcomhréir le hAirteagal 105;

    (c)

    i dtaca le haon treoir maidir le cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 104b(3).

    2.   Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a gcuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104a faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha eile;

    (b)

    chun críocha phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú ar phróifíl priacal leachtachta an ghrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 86 agus le hAirteagal 105;

    (c)

    chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104b.

    Déanfar breithniú cuí sna cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar mheasúnú riosca na bhfochuideachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhréir le hAirteagail 73, 97, 104a agus 104b.

    Leagfar amach na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 i ndoiciméid ina mbeidh na cúiseanna iomlána a chuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ar fáil don mháthairchuideachta AE. I gcás easaontú, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle le ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle le ÚBE as a stuaim féin.

    3.   Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach den chineál sin idir na húdaráis inniúla laistigh de na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe cinneadh ar chur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagal 104b agus Airteagal 105 den Treoir seo ar bhonn comhdhlúite tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar mheasúnú riosca na bhfochuideachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha. Más rud é, ag deireadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh siar ar feitheamh aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb iad na tréimhsí idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh de 1 mhí tar éis an t-easaontas a bheith tarchurtha do ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse ceithre mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

    Maidir leis na húdaráis inniúla faoi seach atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí de chuid mháthairinstitiúid creidmheasa AE nó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite tar éis breithniú cuí a dhéanamh ar thuairimí agus ar ábhair amhrais an mhaoirseora chomhdhlúthaithe, déanfaidh siadsan an cinneadh ar chur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagal 104b agus Airteagal 105 den Treoir seo. Más rud é, ag deireadh aon cheann de na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Treoir seo, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis inniúla a gcinneadh siar ar feitheamh aon chinneadh a ghlacfaidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin agus glacfaidh siad a gcinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Measfar gurb iad na tréimhsí idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2 den Treoir seo. Déanfaidh ÚBE an cinneadh laistigh de 1 mhí tar éis an t-easaontas a bheith tarchurtha do ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse 4 mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

    Leagfar an cinneadh amach i ndoiciméad ina mbeidh na cúiseanna iomlána agus cuirfear san áireamh ann measúnú riosca, tuairimí agus ábhair amhrais na n-údarás inniúil eile, arna gcur in iúl le linn na dtréimhsí ama dá dtagraítear i mír 2. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an doiciméad ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus don mháthairinstitiúid AE.

    I gcás ina ndeachaigh siad i gcomhairle le ÚBE, déanfaidh na húdaráis inniúla go léir a chomhairle a mheas, agus míneoidh siad aon imeacht suntasach ón gcomhairle sin.

    4.   Aithneofar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí a rinne na húdaráis inniúla in éagmais cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 3 mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm iad.

    Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus aon chinneadh arna dhéanamh in éagmais cinneadh comhpháirteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil nó, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina gcuirfidh údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí máthairinstitiúide AE nó, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, iarratas lánréasúnaithe i scríbhinn chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe chun an cinneadh a thabhairt cothrom le dáta maidir le pointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagail 104b agus 105 a chur i bhfeidhm. Sna imthosca eisceachtúla sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar an gcinneadh a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn déthaobhach idir an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil a iarrfaidh amhlaidh.

    5.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach a chur i bhfeidhm dá dtagraítear san Airteagal seo, maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 73, 86 agus 97, phointe (a) d'Airteagal 104(1), Airteagail 104b agus 105 d'fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (39)

    in Airteagal 115, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   I gcás nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, ar cuideachta í a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 21a, cuirfear i gcrích le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an máthairghnóthas bunaithe na socruithe comhordaithe comhoibrithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.”;

    (40)

    leasaítear Airteagal 116 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “1a.   Chun an bealach a réiteach do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 112(1), 114(1) agus 115(1) den Treoir seo, bunóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe freisin coláistí maoirseoirí i gcás ina mbeidh ceannoifig gach fochuideachta máthairinstitúide AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil údaráis mhaoirseachta an tríú tír faoi réir ceanglais rúndachta arb ionann iad agus na ceanglais a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil 1 den Treoir seo agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagail 76 agus 81 de Threoir 2014/65/AE.”;

    (b)

    i mír 6, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, ar cuideachta í a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 21a, a bheith rannpháirteach sa choláiste ábhartha maoirseoirí.”;

    (41)

    in Airteagal 117, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “5.   Oibreoidh na húdaráis inniúla, na haonaid um fhaisnéis airgeadais agus na húdaráis sin a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2(1) de Treoir (AE) 2015/849 maidir le comhlíonadh na Treorach sin, i ndlúthchomhar laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach agus déanfaidh siad an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil dá chéile d'fhonn a gcúraimí faoi seach faoin Treoir seo, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir (AE) 2015/849 ar choinníoll nach gcuirfidh comhar agus malartú faisnéise den sórt sin isteach ar fhiosrúchán, ar imscrúdú ná ar imeacht atá fós ar bun, i gcomhréir le dlí coiriúil nó le dlí riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil suite an t-údarás inniúil, an t-aonad um fhaisnéis airgeadais nó an t-údarás poiblí a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2(1) de Treoir (AE) 2015/849.

    Féadfaidh ÚBE cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás easaontú faoi chomhordú gníomhaíochtaí maoirseachta faoin Airteagal seo ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    6.   Faoin 1 Eanáir 2020, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar an bealach chun comhar agus malartú faisnéise a dhéanamh idir na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, go háirithe maidir le grúpaí trasteorann agus chun críche sáruithe tromchúiseacha ar rialacha frithsciúrtha airgid a shainaithint.”;

    (42)

    in Airteagal 119, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Faoi réir Airteagal 21a, glacfaidh na Ballstáit aon bhearta is gá chun na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chur faoi mhaoirseacht chomhdhlúite.”;

    (43)

    in Airteagal 120, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás ina mbeidh cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir forálacha coibhéiseacha faoin Treoir seo agus faoi Threoir 2009/138/CE, go háirithe i dtéarmaí maoirseachta rioscabhunaithe, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, le comhaontú mhaoirseoir an ghrúpa in earnáil an árachais, gan ach forálacha na Treorach maidir leis an earnáil airgeadais is mó tábhacht mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(2) de Threoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm ar an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha sin.”;

    (44)

    in Airteagal 125(1), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

    “I gcás, de bhun Airteagal 111 den Treoir seo, nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe de chuid grúpa ina bhfuil máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus an comhordaitheoir a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/87/CE, comhoibreoidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an comhordaitheoir chun críche chur i bhfeidhm na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite. D'fhonn comhar éifeachtach a éascú agus a bhunú, beidh socruithe scríofa comhordaithe comhoibrithe i bhfeidhm ag an maoirseoir comhdhlúthaithe agus ag an gcomhordaitheoir.”;

    (45)

    in Airteagal (128), cuirtear na míreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad mhíre:

    “Ní úsáidfidh institiúidí caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choimeádtar chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte, dá dtagraítear i bpointe (6) den chéad mhír den Airteagal seo, a chomhlíonadh chun aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, na ceanglais cistí dílse breise a fhorchuirtear de bhun Airteagal 104a den Treoir seo chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh, agus an treoir arna cur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 104b den Treoir seo chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a chomhlíonadh.

    Ní úsáidfidh institiúidí caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choimeádtar chun ceann de ghnéithe an cheanglais maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh chun gnéithe infheidhme eile den cheanglas maoláin chomhcheangailte sin a chomhlíonadh.

    ‘Ní úsáidfidh institiúidí caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choimeádtar chun an ceanglas maoláin chomhcheangailte, dá dtagraítear i bpointe (6) den chéad mhír den Airteagal seo, a chomhlíonadh chun ceanglais na gcomhpháirteanna rioscabhunaithe a leagtar amach in Airteagail 92a agus 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 45c agus 45d de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh.”;

    (46)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 129 agus 130:

    “Airteagal 129

    Ceanglas maidir le caipiteal maolánach caomhantais a choimeád

    1.   Sa bhreis ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinnítear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh, ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí caipiteal maolánach caomhantais a choimeád de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá cothrom le 2,5 % de mhéid iomlán an riosca nach bhfuil cosaint acu air, ar riosca é arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Teideal II de Chuid a hAon den Rialachán sin.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát gnólachtaí infheistíochta beaga agus meánmhéide a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a comhlíonadh, i gcás nach bagairt í díolúine den sórt sin ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin.

    Déanfar cinntí maidir le cur i bhfeidhm na díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a réasúnú go hiomlán, beidh iontu míniú i dtaobh cén fáth nach bagairt í an díolúine sin ar chobhsaíocht chóras airgeadais an Bhallstáit agus beidh an sainmhíniú beacht iontu ar cé hiad na gnólachtaí infheistíochta beaga agus meánmhéide atá le bheith díolmhaithe.

    Déanfaidh na Ballstáit sin a chinneann an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm fógra a thabhairt do BERS maidir leis sin. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ÚBE agus údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

    3.   Chun críocha mhír 2, ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.

    4.   Chun críche mhír 2, déanfar gnólachtaí infheistíochta a chatagóiriú mar ghnólachtaí beaga nó meánmhéide i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE (*8) ón gCoimisiún.

    5.   I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh ina iomláine, beidh sí faoi réir na srianta ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141(2) agus (3).

    Airteagal 130

    Ceanglas maidir le cúlchiste fritimthriallach institiúidsonrach a choimeád

    1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí caipiteal maolánach fritimthriallach institiúidsonrach a choimeád arb ionann é agus méid iomlán na risíochtaí ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna iolrú faoi mheán ualaithe na rátaí maolánacha fritimthriallacha arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 140 den Treoir seo, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Teideal II de Chuid a hAon den Rialachán sin. Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh sa mhaolán sin.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát gnólachtaí infheistíochta beaga agus meánmhéide a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i gcás nach bagairt í díolúine den sórt sin ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin.

    Déanfar cinntí maidir le cur i bhfeidhm na díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a réasúnú go hiomlán, beidh míniú iontu i dtaobh cén fáth nach bagairt í an díolúine sin ar chobhsaíocht chóras airgeadais an Bhallstáit agus beidh an sainmhíniú beacht iontu ar cé hiad na gnólachtaí infheistíochta beaga agus meánmhéide a bheidh díolmhaithe.

    Déanfaidh na Ballstáit sin a chinneann an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm fógra a thabhairt do BERS maidir leis sin. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ÚBE agus údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

    3.   Chun críocha mhír 2, ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.

    4.   Chun críche mhír 2, déanfar gnólachtaí infheistíochta a chatagóiriú mar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE.

    5.   I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh ina iomláine, beidh sí faoi réir na srianta ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141(2) agus (3).

    (*8)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L124, 20.5.2003, lch. 36).”;"

    (47)

    leasaítear Airteagal 131 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as G-SIInna a shainaithint, ar bhonn comhdhlúite, agus as institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (O-SIInna) a shainaithint, ar bhonn aonair, fo-chomhdhlúite nó comhdhlúite, de réir mar is infheidhme. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin. Féadfaidh na Ballstáit níos mó ná údarás amháin a ainmniú.

    Beidh aon cheann díobh seo a leanas ina G-SIInna:

    (a)

    grúpa a mbeidh máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE i gceannas air; nó

    (b)

    institiúid nach fochuideachta máthairinstitiúide AE, fochuideachta máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE ná fochuideachta máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE í.

    Féadfaidh O-SIInna a bheith ina n-institiúid nó ina ngrúpa ar a bhfuil máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, ar a bhfuil máthairinstitiúid i mBallstát, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, i gceannas.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Is ar na catagóirí seo a leanas a bheidh modheolaíocht an tsainaitheantais do G-SIInna bunaithe:

    (a)

    na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 2 den Airteagal seo;

    (b)

    gníomhaíocht trasteorann an ghrúpa, gan gníomhaíochtaí an ghrúpa ar fud na mBallstát rannpháirteach a áireamh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

    Beidh ualú comhionann ag gach catagóir agus beidh sé comhdhéanta de tháscairí inchainníochtúla. I gcás na gcatagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, is ionann na táscairí agus na táscairí comhfhreagracha arna gcinneadh de bhun mhír 2.

    Déanfaidh an mhodheolaíocht bhreise sainaitheantais scór foriomlán breise a sholáthar do gach eintiteas dá dtagraítear i mír 1 ar a ndearnadh measúnú, ar dá bhonn a fhéadfaidh údaráis inniúla nó údaráis ainmnithe ceann de na bearta a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 10.

    (*9)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).”;"

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Déanfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin 1 Eanáir 2015 maidir leis na critéir d'fhonn na coinníollacha a chinneadh chun an mhír seo a chur i bhfeidhm i dtaca le measúnú a dhéanamh ar O-SIInna. Cuirfear san áireamh sna treoirlínte sin na creataí idirnáisiúnta d'institiúidí intíre a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus sainiúlachtaí náisiúnta agus sainiúlachtaí an Aontais.

    Tabharfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, tuairisc don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2020 maidir leis an modheolaíocht iomchuí i dtaca le dearadh agus calabrú an ráta mhaolánaigh i gcás O-SII.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a cheangal ar gach O-SII, ar bhonn comhdhlúite, ar bhonn fo-chomhdhlúite nó ar bhonn aonair, de réir mar is infheidhme, maolán O-SII suas le 3 % a choimeád de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na critéir maidir le sainaithint O-SII á gcur san áireamh. Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh sa mhaolán sin.”;

    (e)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “5a.   Faoi réir údarú an Choimisiúin dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a cheangal ar gach O-SII, ar bhonn comhdhlúite, ar bhonn fo-chomhdhlúite nó ar bhonn aonair, de réir mar is infheidhme, maolán O-SII os cionn 3 % a choimeád de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh sa mhaolán sin.

    Laistigh de 6 seachtaine ón bhfógra dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún cibé acu a mheastar gur iomchuí nó nach iomchuí maolán O-SII. Ina theannta sin, féadfaidh ÚEB a thuairim faoin maolán a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Tráth nach déanaí 3 trí mhí ó chuirfidh BERS an fógra dá dtagraítear i mír 7 chuig an gCoimisiún, déanfaidh an Coimisiún — á thabhairt san áireamh dó measúnú BERS agus ÚBE más ábhartha, agus más dóigh leis nach bhfágfaidh maolán O-SII drochiarmhairt dhíréireach ar chóras airgeadais na mBallstát eile, go hiomlán nó i bpáirt, ná ar an Aontas ina iomláine ina bhfoirmeoidh nó ina gcruthóidh sé constaic roimh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh —déanfaidh sé gníomh a ghlacadh lena n-údaraítear don údarás inniúil nó don údarás ainmnithe an beart atá beartaithe a ghlacadh.”;

    (f)

    i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

    “7.   Sula ndéantar maolán O-SII a shocrú nó a athshocrú, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe fógra do BERS mí amháin roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 5 agus tabharfaidh sé fógra do BERS 3 mhí roimh fhoilsiú chinneadh an údaráis inniúil nó an údaráis ainmnithe dá dtagraítear i mír 5a. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig ÚBE agus chuig údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill. Leagfar amach sna fógraí den sórt sin ar an méid seo a leanas:”;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Gan dochar d'Airteagal 133 agus do mhír 5 den Airteagal seo, i gcás inar fochuideachta de G-SII nó de O-SII é O-SII, ar institiúid nó grúpa é ar a bhfuil máthairinstitiúid AE i gceannas, agus atá faoi réir mhaolán O-SII ar bhonn comhdhlúite, ní bheidh an maolán a bhfuil feidhm aige ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite maidir le O-SII níos mó ná pé acu is lú:

    (a)

    suim an ráta mhaolánaigh is airde i gcás G-SII nó O-SII i dtaca leis an ráta maolánach is infheidhme maidir leis an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite agus 1 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

    (b)

    3 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó an ráta a d'údaraigh an Coimisiún le cur i bhfeidhm ar an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 5a den Airteagal seo.”;

    (h)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 9 agus 10:

    “9.   Beidh ar a laghad cúig fhochatagóir de G-SIInna ann. Déanfar an teorainn is ísle agus na teorainneacha idir gach fochatagóir a chinneadh ar bhonn na scór i gcomhréir le modheolaíocht an tsainaitheantais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na scoithscóir idir fochatagóirí cóngaracha a shainmhíniú go soiléir agus cloífidh siad leis an bprionsabal go bhfuil síormhéadú líneach ann lena mbaineann tábhacht chórasach, idir gach fochatagóir as a dtiocfaidh méadú líneach ar an gceanglas maidir le caipiteal breise Gnáthchothromas Leibhéal 1, cé is moite d'fhochatagóir uimhir a cúig agus aon fhochatagóir bhreise níos airde. Chun críocha na míre seo, is í tábhacht shistéamach an tionchar a mheastar a bheidh ag anás G-SII ar an margadh airgeadais domhanda. Sannfar maolán G-SII 1 % de mhéid iomlán na neamhchosanta riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar an bhfochatagóir is ísle agus déanfar an maolán a shanntar ar gach fochatagóir a mhéadú 0,5 % grádán ar a laghad de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin.

    10.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 9, agus é ag úsáid na bhfochatagóirí agus na scoithscór dá dtagraítear i mír 9, agus breithiúnas iontaofa maoirseachta á thabhairt aige, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    G-SII a athdháileadh ó fhochatagóir níos ísle go fochatagóir níos airde;

    (b)

    eintiteas dá dtagraítear i mír 1 ag a bhfuil scór foriomlán dá dtagraítear i mír 2 atá níos ísle ná scoithscór na fochatagóire is ísle a leithdháileadh ar an bhfochatagóir sin nó ar fhochatagóir níos airde, rud a fhágann go ndéanfar é a ainmniú mar G-SII;

    (c)

    agus an Sásra Réitigh Aonair á chur san áireamh, ar bhonn an scóir fhoriomláin breise dá dtagraítear i mír 2a, G-SII a athdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle.”;

    (i)

    scriostar mír 11;

    (j)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

    “12.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe fógra do BERS maidir le hainmneacha G-SIInna agus O-SIInna agus maidir leis an bhfochatagóir ar a leithdháiltear gach G-SII faoi seach. Beidh san fhógra na cúiseanna iomlána a bhfuil breithiúnas maoirseachta á thabhairt nó nach bhfuil, i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) de mhír 10. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig ÚBE gan mhoill, agus cuirfidh sé na hainmneacha sin ar fáil go poiblí. Cuirfidh na húdaráis inniúla nó na húdaráis ainmnithe an fhochatagóir ar a leithdháiltear gach G-SII ar fáil go poiblí.

    Déanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe sainaithint G-SIInna agus O-SIInna agus leithdháileadh G-SII ar na fochatagóirí faoi seach a athbhreithniú uair sa bhliain, agus tuairisceoidh sé an toradh don institiúid lena mbaineann a bhfuil tábhacht shistéamach léi, do BERS a chuirfidh na torthaí ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig ÚEB gan mhoill. Cuirfidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an liosta nuashonraithe de na hinstitiúidí arna sainaithint a bhfuil tábhacht shistéamach leo ar fáil don phobal agus an fhochatagóir ar a leithdháiltear gach G-SII arna shainaithint.”;

    (k)

    scriostar mír 13;

    (l)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 14 agus 15:

    “14.   I gcás ina bhfuil grúpa, ar bhonn comhdhlúite, faoi réir mhaolán G-SII agus mhaolán O-SII, beidh feidhm ag an maolán atá níos airde.

    15.   I gcás ina bhfuil institiúid faoi réir maolán um priacal sistéamach, arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 133, déanfar an maolán sin a charnadh le maolán O-SII nó maolán G-SII a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    I gcás inar mhó suim an ráta mhaolánaigh um priacal sistéamach arna ríomh chun críocha mhír 10, 11 nó 12 d'Airteagal 133 agus an ráta maolánach O-SII nó ráta maolánach G-SII a bhfuil an institiúid chéanna faoina réir, ná 5 %, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 5a den Airteagal seo.”;

    (m)

    scriostar míreanna 16 agus 17;

    (n)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 18:

    “18.   Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, chun críocha an Airteagail seo, leis na modheolaíochtaí a shonrú faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe institiúid nó grúpa a shainaithint mar G-SII ar a bhfuil máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE i gceannas, agus leis an modheolaíocht a shonrú maidir leis an sainmhíniú ar na fochatagóirí agus maidir le leithdháileadh G-SIInna sna fochatagóirí bunaithe ar an tábhacht shistéamach a bhaineann leo, agus aon chaighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2014.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

    (48)

    scriostar Airteagal 132;

    (49)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 133 agus 134:

    “Airteagal 133

    Ceanglas maidir le maolán um priacal sistéamach a chothabháil

    1.   Féadfaidh gach Ballstát maolán um priacal sistéamach maidir le caipiteal Gáthchothromas Leibhéal 1 don earnáil airgeadais nó i dtaca le fothacar amháin nó níos mó den earnáil sin maidir le gach risíocht nó le fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a thabhairt isteach, d'fhonn priacail mhacrastuamachta nó shistéamacha nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná le hAirteagal 130 agus le hAirteagal 131 den Treoir seo a chosc agus a mhaolú, sa chiall gur rioscaí iad a chuirfeadh isteach ar an gcóras airgeadais ag a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar i mBallstát sonrach.

    2.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí an maolán um priacal sistéamach mar seo a leanas:

    Formula

    i gcás:

    BSR = an maolán um priacal sistéamach

    rT = an ráta maolánach is infheidhme maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca d'institiúid;

    ET = méid iomlán na neamhchosanta ar riosca d'institiúid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    i= an t-innéacs lena gcuirtear fothacar risíochtaí in iúl dá dtagraítear i mír 5;

    ri = an ráta maolánach is infheidhme i dtaca le méid na neamhchosanta ar riosca maidir le fothacar risíochtaí i; agus

    Ei = méid na neamhchosanta ar riosca d'institiúid maidir le fothacar risíochtaí i, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    3.   Chun críocha mhír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as an maolán um priacal sistéamach a bhunú agus as risíochtaí agus fothacair na n-institiúidí a mbeidh feidhm aige ina leith a shainaithint. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.

    4.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a cheangal ar na hinstitiúidí maolán um priacal sistéamach maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choimeád arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ar bhonn aonair, comhdhlúite, nó fo-chomhdhlúite, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Teideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    5.   Féadfaidh go mbeidh feidhm ag maolán um priacal sistéamach ar an méid seo a leanas:

    (a)

    gach risíocht atá lonnaithe sa Bhallstát a shocraíonn an maolán sin;

    (b)

    na risíochtaí earnála seo a leanas atá lonnaithe sa Bhallstát a shocraíonn an maolán sin:

    (i)

    gach risíocht mhiondíola ar dhaoine nádúrtha arna hurrú le réadmhaoin chónaithe;

    (ii)

    gach risíocht ar dhaoine dlítheanacha arna hurrú le morgáistí ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe;

    (iii)

    gach risíocht ar dhaoine dlítheanacha cé is moite díobh siúd a shonraítear i bpointe (ii);

    (iv)

    gach risíocht ar dhaoine nádúrtha cé is moite díobh siúd a shonraítear i bpointe (i);

    (c)

    gach risíocht atá lonnaithe i mBallstáit eile, faoi réir mhíreanna 12 agus 15;

    (d)

    risíochtaí earnála, mar a shainítear i bpointe (b) den mhír seo iad, atá lonnaithe i mBallstáit eile amháin lena bhféadfar aitheantas a thabhairt do ráta maolánach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134;

    (e)

    risíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha;

    (f)

    fothacair d'aon cheann de na catagóirí neamhchosanta a aithnítear i bpointe (b).

    6.   Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis na fo-earnálacha iomchuí risíochtaí ar ar féidir leis an údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe maolán um priacal sistéamach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (f) de mhír 5 den Airteagal seo.

    7.   Beidh feidhm ag maolán um priacal sistéamach maidir le gach risíocht, nó fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, de na hinstitiúidí go léir, nó ceann amháin nó níos mó d'fhothacair na n-institiúidí sin, ar a bhfuil na húdaráis den Bhallstát lena mbaineann inniúil i gcomhréir leis an Treoir seo agus socraítear é de réir céimeanna coigeartaithe de phointe céatadáin 0,5 nó den mhéid sin iolraithe. Féadfar ceanglais éagsúla a thabhairt isteach i gcomhair fothacair éagsúla institiúidí agus risíochtaí. Ní thabharfaidh an maolán um priacal sistéamach aghaidh ar na rioscaí a chumhdaítear le hAirteagal 130 agus le hAirteagal 131.

    8.   Agus é á chur de cheangal maolán um priacal sistéamach a choimeád comhlíonfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas:

    (a)

    ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist leis an maolán um priacal sistéamach do chóras airgeadais Ballstát eile i bpáirt nó ina iomláine nó do chóras airgeadais Ballstát de chuid an Aontais ina iomláine ina bhfoirmeoidh nó ina gcruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh;

    (b)

    déanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an maolán um priacal sistéamach a athbhreithniú ar a laghad gach re bliain;

    (c)

    ní bhainfear úsáid as an maolán um priacal sistéamach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a chumhdaítear le hAirteagal 130 agus le hAirteagal 131.

    9.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, mar is infheidhme, fógra do BERS roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 13. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ÚBE agus údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

    I gcás gur fochuideachta a bhfuil a máthairghnóthas lonnaithe i mBallstát eile í an institiúid a bhfuil feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach amháin nó níos mó ina leith, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe fógra d'údaráis an Bhallstáit sin.

    I gcás ina mbeidh feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le risíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig údaráis mhaoirseachta na dtríú tíortha sin gan mhoill.

    Leagfar amach sna fógraí den sórt sin t an méid seo a leanas:

    (a)

    na priacail mhacrastuamachta nó na priacail shistéamacha sa Bhallstát;

    (b)

    na cúiseanna le méid na bpriacal macrastuamachta nó sistéamach a bheith ina mbagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ar an leibhéal náisiúnta lena dtugtar bonn cirt leis an ráta maolánach um priacal sistéamach;

    (c)

    an bonn cirt lena meastar gur dóigh go mbeidh an maolán um priacal sistéamach éifeachtach comhréireach chun an riosca a mhaolú;

    (d)

    measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach an mhaoláin um priacal sistéamach ar an margadh inmheánach, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát;

    (e)

    an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach a bheartaíonn an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a fhorchur agus na risíochtaí a mbeidh feidhm ag na rátaí ina leith agus na hinstitiúidí a bheidh faoi réir na gceanglas i ndáil leis na rátaí sin;

    (f)

    i gcás ina bhfuil feidhm ag an ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le gach risíocht, beidh bonn cirt leis an bhfáth a bhfuil an t-údarás den tuairim nach dúbláil é maolán um priacal sistéamach ar fheidhmiú mhaolán O-SII dá bhforáiltear in Airteagal 131.

    I gcás, mar thoradh ar an gcinneadh an ráta maolánach um priacal sistéamach a shocrú, ina mbeidh laghdú nó nach mbeidh aon athrú ar an ráta maolánach a socraíodh roimhe sin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil ná an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, ach an mhír seo a chomhlíonadh.

    10.   I gcás nach mbeidh mar thoradh, le socrú nó athshocrú ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach i ndáil le haon tacar nó fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 atá faoi réir ráta maolánach um riosca comhcheangailte sistéamach atá os cionn 3 % d'aon cheann de na risíochtaí sin, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe de réir mar is infheidhme, fógra a thabhairt do BERS, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 9, mí amháin roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 13.

    Chun críocha na míre seo, ní chuirfear san áireamh sa tairseach 3 % an t-aitheantas a thugtar do ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134.

    11.   I gcás ina mbeidh ráta maolánach um riosca comhcheangailte sistéamach atá ar leibhéal idir 3 % agus 5 % maidir le haon cheann de na risíochtaí sin mar thoradh ar shocrú nó athshocrú ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar de neamhchosantaí dá dtagraítear i mír 5 faoi réir mhaolán um priacal sistéamach aonair nó níos mó, iarrfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe an Bhallstáit a shocraíonn an maolán sin san fhógra a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 9 tuairim an Choimisiúin. Tabharfaidh an Coimisiún a thuairim laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an fógra a fháil.

    Más tuairim dhiúltach í an tuairim a fhaightear ón gCoimisiún, déanfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an Bhallstáit a shocraíonn an maolán um priacal sistéamach sin an tuairim a chomhlíonadh nó cúiseanna a thabhairt gan déanamh amhlaidh.

    I gcás gur fochuideachta a bhfuil a máthairghnóthas lonnaithe i mBallstát eile í institiúid a bhfuil feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach amháin nó níos mó ina leith, iarrfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe san fhógra a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 9 moladh ón gCoimisiún agus ó BERS.

    Tabharfaidh an Coimisiún agus BERS araon a moladh ar fáil laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra a fháil.

    I gcás nach n-aontaíonn údaráis na fochuideachta agus na máthairchuideachta faoin ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach is infheidhme i leith na hinstitiúide sin agus i gcás moladh diúltach a fháil ón gCoimisiún agus ó BERS, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an t-ábhar a chuir faoi bhráid ÚBE agus a chúnamh a lorg i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Cuirfear an cinneadh ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach a shocrú maidir leis na risíochtaí sin ar fionraí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ag ÚBE.

    12.   I gcás ina n-eascraíonn ráta maolánach um riosca comhcheangailte sistéamach atá os cionn 5 % maidir le haon cheann de na risíochtaí sin as socrú nó athshocrú ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach i dtaca le haon cheann de na catagóirí neamhchosanta a liostaítear i mír 5, féachfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, le húdarú a fháil ón gCoimisiún sula ndéanfar maolán um priacal sistéamach a chur chun feidhme.

    Laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún cibé acu a mheastar gur iomchuí nó nach iomchuí an maolán um priacal sistéamach. Ina theannta sin, féadfaidh ÚBE a thuairim faoin maolán um priacal sistéamach a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Laistigh de thrí mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh lena n-údaraítear an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an beart atá beartaithe a ghlacadh, agus measúnú BERS agus ÚBE á gcur san áireamh, más ábhartha, agus má tá sé sásta nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha i gceist le ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach do chóras airgeadais Ballstát eile i bpáirt nó ina iomláine nó do chóras airgeadais Ballstáit de chuid an Aontais ina iomláine ina bhfoirmeoidh nó ina gcruthóidh sé constaic i gcoinne dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    13.   Tabharfaidh gach údarás inniúil, nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, fógra maidir le socrú nó athshocrú ceann amháin nó níos mó de na rátaí maolánacha um priacal sistéamach trína fhoilsiú ar an suíomh gréasáin iomchuí. Áireofar san fhoilsiú sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach;

    (b)

    na hinstitiúidí lena mbaineann an maolán um priacal sistéamach;

    (c)

    na risíochtaí lena mbaineann an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach;

    (d)

    bonn cirt leis an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach a shocrú nó a athshocrú;

    (e)

    an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí i bhfeidhm an maolán um priacal sistéamach a shocrú nó a athshocrú; agus

    (f)

    ainmneacha na dtíortha ina dtugtar aitheantas sa mhaolán um priacal sistéamach do na risíochtaí atá lonnaithe sna tíortha sin.

    I gcás ina bhféadfaidh foilseachán na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír cobhsaíocht an chórais airgeadais a chur i mbaol, ní chuirtear an fhaisnéis san áireamh san fhoilseachán.

    14.   I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh ina iomláine, beidh sí faoi réir na srianta ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141(2) agus (3).

    Más rud é go bhfágann cur chun feidhme na srianta ar dháileacháin nach sásúil an dul chun cinn a dhéantar i dtaobh Chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide, i bhfianaise an riosca ábhartha shistéamaigh, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta breise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64.

    15.   I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an maolán um priacal sistéamach a shocrú ar bhonn na risíochtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile, déanfar an maolán a shocrú go cothrom maidir le gach risíocht atá lonnaithe laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go bhfuil an maolán socraithe chun an ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 134.

    Airteagal 134

    Aitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach

    1.   Féadfaidh Ballstáit eile aitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 133 agus féadfaidh siad an ráta sin a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre i dtaca leis na risíochtaí atá lonnaithe sa Bhallstát ina socraítear an ráta sin.

    2.   I gcás ina dtugann na Ballstáit aitheantas do ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhair institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh siad fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig ÚBE agus chuig an mBallstát lena socraítear an ráta maolánach um priacal sistéamach sin gan mhoill.

    3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le haitheantas a thabhairt do ráta maolánach um priacal sistéamach, cuirfidh Ballstát san áireamh an fhaisnéis a thíolaic an Ballstát a shocraíonn an ráta sin i gcomhréir le hAirteagal 133(9) agus (13).

    4.   I gcás ina dtugann Ballstáit aitheantas do ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhair institiúidí atá údaraithe ar bhonn intíre, féadfaidh an maolán um priacal sistéamach agus an maolán um priacal sistéamach a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 a charnadh, ar choinníoll go dtugtar aghaidh ar rioscaí éagsúla leis na maoláin sin. I gcás ina dtugtar aghaidh leis na maoláin ar na rioscaí céanna, ní bheidh feidhm ach ag an maolán is airde.

    5.   Féadfaidh Ballstát a shocraíonn ráta maolánach um priacal sistéamach i gcomhréir le hAirteagal 133 den Treoir seo a iarraidh ar BERS moladh a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 do Bhallstát amháin nó níos mó a fhéadfaidh an ráta maolánach um priacal sistéamach a aithint.”;

    (50)

    leasaítear Airteagal 136 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

    “3.   Déanfaidh gach údarás ainmnithe measúnú ar a dhéine atá an riosca timthriallach sistéamach ráta agus a iomchuí atá an ráta frithimthriallach maolánach dá Bhallstát gach ráithe agus an ráta frithimthriallach maolánach a shocrú nó a choigeartú de réir mar is gá. Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh gach údarás ainmnithe an méid seo a leanas san áireamh:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Foilseoidh gach údarás ainmnithe ar bhonn ráithiúil ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas ar a shuíomh idirlín:

    (a)

    an ráta fritimthriallach maolánach is infheidhme;

    (b)

    an cóimheas ábhartha creidmheas-go-OTI agus an claonadh atá aige ón treocht fhadtéarmach;

    (c)

    an treoir a thugtar maidir le maolán arna ríomh i gcomhréir le mír 2;

    (d)

    bonn cirt leis an ráta maolánach sin;

    (e)

    i gcás ina méadaítear an ráta maolánach, an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí an ráta méadaithe maolánach sin i bhfeidhm chun críocha a gcúlchiste fritimthriallach institiúidsonrach a ríomh;

    (f)

    más dáta ar lú ná 12 mhí tar éis dháta an fhoilsithe faoin mír seo é an dáta dá dtagraítear i bpointe (e), déanfar tagairt do na himthosca eisceachtúla ina dtugtar údar leis an sprioc-am níos giorra chun iarratas a dhéanamh;

    (g)

    i gcás ina laghdaítear an ráta maolánach, an tréimhse tháscach a meastar nach dtiocfaidh méadú ar an ráta maolánach lena linn, maille le bonn cirt leis an tréimhse sin.

    Déanfaidh na húdaráis ainmnithe gach beart réasúnach chun uainiú an fhoilsithe sin a chomhordú.

    Tabharfaidh na húdaráis ainmnithe fógra faoi gach athrú ar an ráta fritimthriallach maolánach agus an fhaisnéis is gá mar a shonraítear i bpointí (a) go (g) den chéad fhomhír do BERS. Foilseoidh BERS ar a shuíomh gréasáin gach ráta maolánach den sórt sin ar tugadh fógra ina leith agus gach faisnéis ghaolmhar.”;

    (51)

    in Airteagal 141, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 6:

    “1.   Ní dhéanfaidh institiúid a chomhlíonann an ceanglas maoláin chomhcheangailte dáileachán i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéad a laghdódh sé a caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 go leibhéal nach gcomhlíontar an ceanglas maoláin chomhcheangailte a thuilleadh.

    2.   Ríomhfaidh institiúid a mhainníonn an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh an t-uasmhéid indáilte (MDA) i gcomhréir le mír 4 agus tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil ina leith sin.

    I gcás ina mbeidh feidhm leis an gcéad fhomhír, ní dhéanfaidh an institiúid aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas sula mbeidh MDA ríofa aici:

    (a)

    dáileachán a dhéanamh i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

    (b)

    oibleagáid a chruthú chun luach saothair inathraitheach nó sochair phinsin lánroghnacha a íoc nó luach saothair inathraitheach a íoc más rud é gur cruthaíodh an oibleagáid chun íoc tráth ar mhainnigh an institiúid na ceanglais maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh; nó

    (c)

    íocaíochtaí a dhéanamh ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

    3.   I gcás ina mainneoidh institiúid a ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nó bheith os a chionn, ní dháilfidh sí níos mó ná MDA arna ríomh i gcomhréir le mír 4 trí aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír de mhír 2.

    4.   Ríomhfaidh institiúidí MDA tríd an tsuim arna ríomh i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir arna chinneadh i gcomhréir le mír 6. Laghdófar MDA d'aon mhéid a bheidh ann mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den dara fomhír de mhír 2.

    5.   Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:

    (a)

    aon bhrabúis eatramhacha nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bheidh ann mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo;

    móide

    (b)

    aon bhrabúis deiridh bliana nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bheidh ann mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo;

    lúide

    (c)

    méideanna a bheadh le híoc i gcáin dá mba rud é go mbeadh na hítimí a shonraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo le coimeád.

    6.   Déanfar an fachtóir a chinneadh mar a leanas:

    (a)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den chéad cheathairíl (is é sin an ceann is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;

    (b)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0.2 an fachtóir a bheidh ann;

    (c)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;

    (d)

    nuair atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, a chuirtear in iúl mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) den Rialachán sin, laistigh den cheathrú ceathairíl (is é sin, an ceann is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann.

    Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:

    Formula

    Formula

    i gcás:

    Qn = orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.”;

    (52)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    “Airteagal 141a

    Mainneachtain maidir leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh

    Measfar go mainneoidh institiúid an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 141 i gcás nach mbeidh cistí dílse aici i méid agus den cháilíocht is gá chun an ceanglas agus gach ceann de na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh san am céanna:

    (a)

    pointe (a) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Rialachán seo;

    (b)

    pointe (b) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Rialachán seo;

    (c)

    pointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an ceanglas cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca an luamhánaithe iomarcaigh faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Rialachán seo.

    Airteagal 141b

    Srianta ar dháileacháin i gcás ina mainnítear an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh

    1.   Ní dhéanfaidh institiúid a chomhlíonann an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe de bhun Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dáileachán i ndáil le caipiteal Leibhéal 1 a mhéad a laghdódh sé a caipiteal ar Leibhéal 1 go leibhéal nach gcomhlíontar an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a thuilleadh.

    2.   Institiúid a mhainníonn an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe a chomhlíonadh, ríomhfaidh sí an t-uasmhéid indáilte a bhaineann le cóimheasa luamhánaithe (L-MDA) i gcomhréir le mír 4 agus tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil faoi sin.

    I gcás ina mbeidh an chéad fhomhír infheidhme, ní dhéanfaidh an institiúid aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas sula mbeidh L-MDA ríofa aici:

    (a)

    dáileachán a dhéanamh i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

    (b)

    oibleagáid a chruthú chun luach saothair inathraitheach nó sochair phinsin lánroghnacha a íoc nó luach saothair inathraitheach a íoc más rud é gur cruthaíodh an oibleagáid chun íoc tráth ar mhainnigh an institiúid na ceanglais maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh; nó

    (c)

    íocaíochtaí a dhéanamh ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

    3.   I gcás ina mainneoidh institiúid a ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh nó bheith os a chionn, ní dháilfidh sí níos mó ná L-MDA arna ríomh i gcomhréir le mír 4 trí aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír de mhír 2.

    4.   Ríomhfaidh institiúidí L-MDA tríd an tsuim arna ríomh i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir arna chinneadh i gcomhréir le mír 6. Laghdófar L-MDA d'aon mhéid a bheidh ann mar thoradh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2.

    5.   Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:

    (a)

    aon bhrabúis eatramhacha nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhaineann le haon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo;

    móide

    (b)

    aon bhrabúis deiridh bliana nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar glanbhrabúis iad i ndáil le haon dáileachán brabús nó aon íocaíocht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo;

    lúide

    (c)

    méideanna a bheadh le híoc i gcáin dá mba rud é go mbeadh na hítimí a shonraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo le coimeád.

    6.   Déanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh mar seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den chéad cheathairíl (is é sin, an ceann is ísle) den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;

    (b)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann;

    (c)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;

    (d)

    i gcás ina mbeidh caipiteal Leibhéal 1 arna choimeád ag an institiúid nach n-úsáidtear chun na ceanglais a chomhlíonadh faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) den Rialachán sin, laistigh den cheathrú ceathairíl (is é sin, an ceann is airde) den cheanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann.

    Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe a ríomh mar seo a leanas:

    Formula

    Formula

    i gcás:

    Qn = orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.’

    7.   Ní bheidh feidhm ag na srianta a fhorchuirtear leis an Airteagal seo ach amháin i gcás na n-íocaíochtaí a mbíonn laghdú ar chaipiteal Leibhéal 1 nó laghdú ar bhrabúis de thoradh orthu, agus i gcás nach ionann íocaíocht a fhionraí nó mainneachtain í a íoc agus cás mainneachtana nó coinníoll chun tús a chur le himeachtaí faoin réimeas dócmhainneachta is infheidhme maidir leis an institiúid.

    8.   I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe a chomhlíonadh agus go bhfuil sé ar intinn aici aon bhrabús atá ar fáil lena dháileadh a dháileadh nó gníomhaíocht a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus cuirfidh sí an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 141(8) ar fáil, cé is moite de phointe (a)(iii) de, agus de L-MDA arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

    9.   Déanfaidh na hinstitiúidí socruithe a choimeád chun a áirithiú go ndéantar méid na mbrabús atá ar fáil lena ndáileadh agus L-MDA a ríomh go cruinn, agus beidh siad in ann a léiriú don údarás inniúil a cruinne atá siad arna iarraidh sin orthu.

    10.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, áireofar i ndáileachán i dtaca le caipiteal Leibhéal 1 aon cheann de na míreanna a liostaítear in Airteagal 141(10).

    Airteagal 141c

    Mainneachtain maidir leis an gceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh

    Measfar gur mhainnigh institiúid an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 141b den Treoir seo i gcás nach mbeidh Caipiteal Leibhéal 1 aici sa mhéid is gá chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an ceanglas a leagtar síos i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) den Rialachán sin agus i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo a chomhlíonadh ag an am céanna, agus aghaidh á tabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach le pointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

    (53)

    in Airteagal 142(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá uirthi nó, más infheidhme, an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe atá uirthi a chomhlíonadh, cuirfidh sí plean maidir le caomhnú caipitil le chéile agus cuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil é tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis gur aithníodh gur mhainnigh an institiúid an ceanglas sin a chomhlíonadh, mura n-údaraíonn an t-údarás inniúil moill níos faide suas go 10 lá.”;

    (54)

    in Airteagal 143(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí a úsáideann siad san athbhreithniú agus sa mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 97, lena n-airítear na critéir i ndáil le prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 97(4) a chur i bhfeidhm;”;

    (55)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 146:

    “Airteagal 146

    Gníomhartha cur chun feidhme

    I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 147(2), déanfar athrú ar an méid caipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 12 agus i dTeideal IV chun forbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta a chur san áireamh a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme.”;

    (56)

    cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 159:

    CAIBIDIL 1A

    Forálacha idirthréimhseacha maidir le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha

    Airteagal 159a

    Forálacha idirthréimhseacha maidir le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas

    Déanfaidh máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá ann cheana ar an 27 Meitheamh 2019 iarratas ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 21a faoin 28 Meitheamh 2021. I gcás ina mainneoidh cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha iarratas ar fhormheas a dhéanamh faoin 28 Meitheamh 2021, déanfar bearta iomchuí de bhun Airteagal 21a(6).

    Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, tabharfar na cumhachtaí maoirseachta uile is gá do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo i dtaca le cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a chun críocha na maoirseachta comhdhlúite.”;

    (57)

    in Airteagal 161, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “10.   Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil a chur i dtoll a chéile ar chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm na gcumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear i bpointe (j) agus (l) d'Airteagal 104(1) agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”.

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Nollaig 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2020. Mar sin féin, beidh feidhm ag na forálacha is gá le go gcomhlíonfar na leasuithe a leagtar amach i bpointe (21) agus i bpointí (29) (a), (b) agus (c) d'Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagal 84 agus Airteagal 98(5) agus (5a) de Threoir 2013/36/AE ón 28 Meitheamh 2021 agus beidh feidhm ag na forálacha is gá le go gcomhlíonfar na leasuithe a leagtar amach i bpointí (52) agus (53) d'Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagail 141b agus 141c agus Airteagal 142(1) de Threoir 2013/36/AE ón 1 Eanáir 2022.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  IO C 34, 31.1.2018, lch. 5.

    (2)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.

    (4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (6)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

    (9)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

    (11)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


    Top