Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018D0937

    Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

    ST/7/2018/REV/1

    IO L 165I, 2.7.2018, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/937/oj

    2.7.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    CINNEADH (AE) 2018/937 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

    an 28 Meitheamh 2018

    lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa

    TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

    Ag féachaint don tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) na critéir maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, eadhon nach bhfuil líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais le dul thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go bhfuil an ionadaíocht le bheith comhréireach go céimlaghdaitheach, agus go bhfuil íosmhéid seisear comhaltaí le bheith ann do gach Ballstát, agus nach bhfuil níos mó ná sé shuíochán is nócha le bheith ag aon Bhallstát.

    (2)

    Foráiltear le hAirteagal 10 CAE, inter alia, go bhfuil oibriú an Aontais le fothú ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaíonn a Rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, do na Ballstáit sa Chomhairle.

    (3)

    Tá feidhm ag Airteagal 14(2) CAE, dá bhrí sin, faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálacha maidir le cinnteoireacht sa Chomhairle,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Agus Airteagal 14(2) CFAE á chur i bhfeidhm, urramófar na prionsabail seo a leanas:

    le leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa, táthar le leas iomlán a bhaint as an íosmhéid agus as an uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit atá leagtha amach le CAE d'fhonn méideanna daonraí na mBallstát faoi seach a léiriú a ghaire is féidir,

    táthar le comhréireacht chéimlaghdaitheach a shainiú mar a leanas: an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéanfar slánú go dtí slán-uimhreacha, tá sé le hathrú de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Comhalta de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos mó daoine, ionadaíocht do líon níos mó saoránach ná gach Comhalta de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó an teideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige i bParlaimint na hEorpa más airde an daonra sa Bhallstát sin,

    go bhfuil leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa le forbairtí déimeagrafacha sna Ballstáit a léiriú.

    Airteagal 2

    Ríomhann an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát ar bhonn na sonraí is déanaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    Airteagal 3

    1.   Déantar leis seo líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát a shocrú mar a leanas do théarma parlaiminteach 2019-2024:

    An Bheilg

    21

    An Bhulgáir

    17

    Poblacht na Seice

    21

    An Danmhairg

    14

    An Ghearmáin

    96

    An Eastóin

    7

    Éire

    13

    An Ghréig

    21

    An Spáinn

    59

    An Fhrainc

    79

    An Chróit

    12

    An Iodáil

    76

    An Chipir

    6

    An Laitvia

    8

    An Liotuáin

    11

    Lucsamburg

    6

    An Ungáir

    21

    Málta

    6

    An Ísiltír

    29

    An Ostair

    19

    An Pholainn

    52

    An Phortaingéil

    21

    An Rómáin

    33

    An tSlóivéin

    8

    An tSlóvaic

    14

    An Fhionlainn

    14

    An tSualainn

    21

    2.   Mar sin féin, i gcás gur Ballstát den Aontas fós í an Ríocht Aontaithe ag tús théarma parlaiminteach 2019-2024, is é an líon dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Chinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach (4) an líon ionadaithe i bParlaimint na hEorpa in aghaidh an Bhallstáit a rachaidh i mbun oifige go dtí go mbeidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

    A luaithe a bheidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, is é an líon dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a bheidh i líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát.

    Maidir leis na hionadaithe uile i bParlaimint na hEorpa a líonfaidh na suíocháin bhreise a bheidh ann mar thoradh ar an difríocht idir an líon suíochán a leithdháiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, glacfaidh siad a gcuid suíochán i bParlaimint na hEorpa ag an am céanna.

    Airteagal 4

    Fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2024-2029, cuirfidh Parlaimint na hEorpa faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) CAE, togra le haghaidh leithdháileadh nuashonraithe suíochán i bParlaimint na hEorpa.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2018.

    Thar ceann na Comhairle Eorpaí

    An tUachtarán

    D. TUSK


    (1)  Tionscnamh arna ghlacadh an 7 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Toiliú an 13 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).

    (4)  Cinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 181, 29.6.2013, lch. 57).


    Top