This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32017R0458
Regulation (EU) 2017/458 of the European Parliament and of the Council of 15 March 2017 amending Regulation (EU) 2016/399 as regards the reinforcement of checks against relevant databases at external borders
Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha
Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha
IO L 74, 18.3.2017, pp. 1–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32016R0399 | Aisghairm | airteagal 8 mír 3 pointe (h) PT (iii) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Cur le | airteagal 8 mír 3 pointe (ia) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Cur le | airteagal 8 mír 3 pointe (ib) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 2 | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (a) PT (i) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (a) PT (ii) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (a) PT (vi) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (g) PT (i) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (g) PT (ii) | 07/04/2017 | |
| Modifies | 32016R0399 | Athchur | airteagal 8 mír 3 pointe (g) PT (iii) | 07/04/2017 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32017R0458R(01) | (DA) |
|
18.3.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2017/458 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Márta 2017
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 77(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Tá seiceálacha a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha fós ar cheann de na príomhchosaintí atá ag an limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus cuireann sé go mór le slándáil an Aontais agus a cuid saoránach a ráthú san fhadtéarma. Is ar mhaithe leis na Ballstáit uile a dhéantar seiceálacha den sórt sin. Ceann de na cuspóirí atá le seiceálacha den sórt sin is ea cosc a chur le haon bhagairt do shlándáil inmheánach agus do bheartas poiblí na mBallstát, beag beann ar bhunús na bagairte sin, lena n-áirítear i gcás ina dtagann an bhagairt sin ó shaoránaigh de chuid an Aontais. |
|
(2) |
Seiceálacha íosta a dhéanamh ar bhonn fíorú pras éasca ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, sin an riail atá ann faoi láthair i gcás daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais. Léiríonn feiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, ar saoránaigh den Aontas go leor acu, gur gá seiceálacha a dhéantar ag teorainneacha an Aontais a athneartú a fhad a bhaineann le daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, maidir le doiciméid taistil daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, ba cheart seiceáil chórasach a dhéanamh ina leith, ar dhul isteach ar chríoch na mBallstát dóibh agus ar imeacht ón gcríoch sin dóibh, i mbunachair sonraí ábhartha ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mí-leithghabháladh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí, chun a áirithiú nach ndéanann daoine den sórt sin a bhfíorchéannacht a cheilt. |
|
(4) |
Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil go córasach i ngach bunachar sonraí ábhartha ar theacht isteach do na daoine sin. Ba cheart a áirithiú go ndéanfaí seiceálacha den sórt sin go córasach ar imeacht amach dóibh freisin. |
|
(5) |
Ba cheart do ghardaí teorann daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais a sheiceáil go córasach freisin i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) agus i mbunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart nár dhochar an méid sin do bhunachair sonraí náisiúnta agus do bhunachair sonraí Interpol a cheadú. |
|
(6) |
Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag a gcuid gardaí teorann, ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha, ar na bunachair sonraí ábhartha náisiúnta agus Aontais, lena n-áirítear CFS agus bunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a Cailleadh agus a Goideadh (“DTGC”), d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme ina iomláine. |
|
(7) |
Ba cheart seiceálacha córasacha den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir go hiomlán le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus ba cheart dínit an duine a urramú go hiomlán leo, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2016/399, ba cheart do na Ballstáit comhaltaí foirne agus acmhainní atá iomchuí agus leordhóthanach a imlonnú chun seiceálacha córasacha a dhéanamh ionas nach mbeadh tréimhsí feithimh díréireacha ann agus nach gcuirfí bac ar an sreabhadh tráchta ag teorainneacha seachtracha mar thoradh ar sheiceálacha den sórt sin. |
|
(9) |
Tá feidhm ag an oibleagáid i leith seiceálacha córasacha a dhéanamh ar theacht isteach agus ar imeacht amach maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát. Tá feidhm aici freisin, ar theacht isteach agus ar imeacht amach araon, maidir le teorainneacha inmheánacha na mBallstát ar ina leith atá an fíorú i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta is infheidhme Schengen curtha i gcrích cheana féin, ach nár glacadh an cinneadh go fóill i dtaobh rialuithe ar a dteorainneacha inmheánacha a ardú de bhun fhorálacha ábhartha na nIonstraimí Aontachais ábhartha. Chun nach gcuirfí daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais faoi réir na seiceálacha sin faoi dhó le linn dóibh teorainneacha inmheánacha na mBallstát sin a thrasnú ar talamh, ba cheart é a bheith indéanta iad a chur faoi réir na seiceálacha sin ar theacht amach dóibh ar bhonn neamhchórasach, bunaithe ar mheasúnú riosca. |
|
(10) |
Mar thoradh ar fhorbairtí teicneolaíochta, is féidir, i bprionsabal, bunachair sonraí ábhartha a cheadú ar bhealach nach mbeadh ach éifeacht theoranta ar an bhfad a thógann sé chun an teorainn a thrasnú, ós rud é gur féidir na seiceálacha ar dhoiciméid agus ar dhaoine araon a dhéanamh san am céanna. D’fhéadfadh geataí rialaithe teorann uathoibríocha a bheith ábhartha sa chomhthéacs sin. Trí úsáid a bhaint as sonraí faoi phaisinéirí a fhaightear i gcomhréir le Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (3), nó i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile, d’fhéadfaí cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseas maidir leis na seiceálacha a cheanglaítear a dhéanamh le linn an phróisis trasnaithe teorann. Is féidir, dá bhrí sin, seiceálacha ag teorannacha seachtracha a neartú gan éifeacht dhiúltach dhíréireach a bheith ar dhaoine atá ag taisteal de mheon macánta, chun gur fearr is féidir na daoine sin a shainaithint a bhfuil rún acu a bhfíorchéannacht a cheilt nó a bhfuil foláireamh ábhartha amuigh ina leith ar chúiseanna slándála nó le haghaidh a ngabhála. Ba cheart seiceálacha córasacha a dhéanamh ag gach teorainn sheachtrach. |
|
(11) |
Mar sin féin, i gcás ina bhfuil tionchar díréireach ar an sreabhadh tráchta ag an teorainn, mar thoradh ar sheiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair sonraí ag na teorainneacha, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit gan na seiceálacha córasacha sin a dhéanamh más rud é, ar bhonn measúnú riosca, go gcinnfí nach dtiocfadh aon riosca slándála as an maolú sin ar na seiceálacha. Ba cheart measúnú riosca den sórt sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ba cheart é a bheith faoi réir tuairisciú tráthrialta don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht araon. Níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht gan na seiceálacha córasacha sin a dhéanamh, áfach, ach amháin go ceann idirthréimhse theoranta maidir le teorainneacha aeir. Ag pointí trasnaithe teorann nach ndéantar na seiceálacha córasacha sin, ba cheart céannacht na ndaoine sin a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais a bhunú ar bhonn doiciméad barántúil taistil a thabhairt ar aird nó a thíolacadh, ar doiciméad é atá bailí chun an teorainn a thrasnú. Chun na críche sin, ba cheart na daoine sin a bheith faoi réir fíorú pras éasca ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, agus fíorú i dtaobh an bhfuil comharthaí falsaithe nó góchumtha air, i gcás inarb iomchuí trí fheistí teicniúla a úsáid, agus, i gcásanna ina bhfuil amhras faoin doiciméad taistil nó ina léirítear go bhféadfadh an duine sin beartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chur i mbaol, ba cheart don gharda cósta na bunachair sonraí ábhartha uile a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(12) |
I gcás ina bhfuil rún ag Ballstát seiceálacha a dhéanamh i mbunachair sonraí ábhartha ar bhonn spriocdhírithe maidir le daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, ba cheart dó fógra a thabhairt do na Ballstáit eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún gan mhoill. Ba cheart don Choimisiún nós imeachta a fhorbairt maidir le fógra den sórt sin a thabhairt, i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir leis an Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann (Lámhleabhar Schengen). |
|
(13) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle (5), thug an tAontas isteach sainaitheantóirí bithmhéadracha na híomhá den éadan agus na méarlorg mar ghné slándála i bpasanna agus i ndoiciméid taistil a eisíonn na Ballstáit. Tugadh isteach na gnéithe slándála sin chun pasanna agus doiciméid taistil a dhéanamh níos sláine agus chun nasc iontaofa a dhéanamh idir an sealbhóir agus an pas nó an doiciméad taistil. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, ceann amháin de na sainaitheantóirí bithmhéadracha sin ar a laghad a fhíorú i gcásanna amhrais faoi bharántúlacht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, nó faoi chéannacht a shealbhóra. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige céanna maidir le seiceálacha ar náisiúnaigh tríú tír, nuair is féidir. |
|
(14) |
Chun gur fusa a bheidh sé seiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair sonraí, ba cheart do na Ballstáit doiciméid taistil nach bhfuil criosanna meaisín-inléite acu a chéimniú amach. |
|
(15) |
Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(16) |
Ba cheart do na Ballstáit, chun a leasa féin agus chun leasanna na mBallstát eile, sonraí a iontráil i mbunachair sonraí an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí beacht agus cothrom le dáta agus go ndéantar iad a fháil agus iontráil go dlíthiúil. |
|
(17) |
Ós rud é go mbaineann cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na seiceálacha i mbunachair sonraí ag teorainneacha seachtracha a athneartú mar fhreagairt, go háirithe, ar mhéadú na bagartha sceimhlitheoireachta, le ceann de chosaintí an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus, dá bhrí sin, feidhmiú ceart limistéar Schengen, ní féidir leis na Ballstáit é a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, agus is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(18) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(19) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(20) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (8); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10). |
|
(22) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (12). |
|
(23) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14). |
|
(24) |
Sa mhéid a bhaineann le húsáid CFS, is éard atá sa Rialachán seo gníomh a chuireann le acquis Schengen, nó a bhaineann leis an acquis sin ar shlí eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach. Na torthaí ar cheisteanna in CFS, níor cheart gur dhochar d’Airteagal 1(4) de Chinneadh 2010/365/AE ón gComhairle (15) iad. |
|
(25) |
Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear, go háirithe, leis an gCairt. |
|
(26) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/399 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ar theacht isteach agus ar imeacht amach dóibh, beidh daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais faoi réir na seiceálacha seo a leanas:
2a. Dá mba rud é go bhféadfadh na seiceálacha sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 tionchar díréireach a imirt ar an sreabhadh tráchta, féadfaidh Ballstát a chinneadh na seiceálacha sin a dhéanamh ar bhonn spriocdhírithe ag pointí trasnaithe teorann sonracha, tar éis measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le beartas poiblí, le slándáil inmheánach, le sláinte phoiblí nó le caidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit. Ní rachaidh raon feidhme ná fad an laghdaithe shealadaigh go dtí seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí thar a bhfuil fíor-riachtanach agus saineofar an raon feidhme agus an fad sin i gcomhréir le measúnú riosca arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann. Luafar sa mheasúnú riosca na cúiseanna atá leis an laghdú sealadach go dtí seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí agus cuirfear san áireamh ann, inter alia, an tionchar díréireach a bheadh ar an sreabhadh tráchta agus déanfar foráil maidir le staidreamh i ndáil le paisinéirí agus i ndáil le teagmhais a bhaineann le coireacht trasteorann. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Maidir le daoine nach bhfuil, i bprionsabal, faoi réir seiceálacha spriocdhírithe sna bunachair sonraí, beidh siad ar a laghad faoi réir seiceáil d’fhonn a gcéannacht a bhunú ar bhonn doiciméid taistil a thabhairt ar aird nó a thíolacadh. Is é a bheidh i gceist le seiceáil den sórt sin fíorú pras éasca ar bhailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, agus fíorú i dtaobh an bhfuil comharthaí falsaithe nó góchumtha air, i gcás inarb iomchuí trí fheistí teicniúla a úsáid, agus, i gcásanna ina bhfuil amhras faoin doiciméad taistil nó ina léirítear go bhféadfadh an duine sin beartas poiblí, slándáil inmheánach, sláinte phoiblí nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chur i mbaol, déanfaidh an garda cósta na bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 a cheadú. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a mheasúnú riosca agus aon nuashonrú a dhéanfar air chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Gníomhaireacht’), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), gan mhoill agus gach sé mhí tuairisceoidh sé don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht i dtaobh chur i bhfeidhm na seiceálacha sna bunachair sonraí a rinneadh ar bhonn spriocdhírithe. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an measúnú riosca nó codanna de a aicmiú. 2b. I gcás ina bhfuil rún ag Ballstát seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh sna bunachair sonraí de bhun mhír 2a, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún dá réir sin gan mhoill. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an fógra nó codanna de a aicmiú. I gcás inarb ábhar imní do na Ballstáit, don Ghníomhaireacht nó don Choimisiún an rún seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh sna bunachair sonraí, tabharfaidh siad fógra faoin ábhar imní sin don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-ábhar imní sin a chur san áireamh. 2c. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 8 Aibreán 2019, meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar iarmhairtí mhír 2 a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 2d. Maidir le teorainneacha aeir, beidh feidhm ag mír 2a agus ag mír 2b maidir leo ar feadh idirthréimhse uasta sé mhí ón 7 Aibreán 2017. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil deacrachtaí sonracha bonneagair ann ag aerfort áirithe a éilíonn tréimhse ama níos faide i gcomhair oiriúnuithe d’fhonn go mbeifear in ann seiceálacha córasacha a dhéanamh sna bunachair sonraí gan tionchar díréireach a bheith aige sin ar an sreabhadh tráchta, féadfar an idirthréimhse sé mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú don aerfort áirithe sin suas go dtí uastréimhse 18 mí i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear sa tríú fomhír. Chun na críche sin, déanfaidh an Ballstát, ar a dhéanaí trí mhí roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, fógra a thabhairt don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit eile faoi na deacrachtaí sonracha bonneagair san aerfort lena mbaineann, na bearta atá beartaithe chun iad a leigheas agus an tréimhse ama a éilítear dá gcur chun feidhme. I gcás ina bhfuil deacrachtaí sonracha bonneagair ann a éilíonn tréimhse ama níos faide i gcomhair oiriúnuithe, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin tar éis an fógra dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, an Ballstát lena mbaineann a údarú an idirthréimhse a fhadú don aerfort lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, leagfaidh sé síos tréimhse an fhadaithe sin. 2e. Féadfar na seiceálacha sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 a dhéanamh roimh ré ar bhonn sonraí faoi phaisinéirí a fhaightear i gcomhréir le Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (*3) nó i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin roimh ré ar bhonn sonraí den sórt sin faoi phaisinéirí, déanfar na sonraí a fuarthas roimh ré a sheiceáil ag an bpointe trasnaithe teorann i gcomparáid leis na sonraí sa doiciméad taistil. Déanfar céannacht agus náisiúntacht an duine lena mbaineann, mar aon le barántúlacht agus bailíocht an doiciméid taistil chun an teorainn a thrasnú, a fhíorú freisin. 2f. De mhaolú ar mhír 2, maidir leis na daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha talún na mBallstát ar ina leith atá an fíorú i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta is infheidhme Schengen curtha i gcrích cheana féin, ach nár glacadh an cinneadh go fóill i dtaobh rialuithe ar a dteorainneacha inmheánacha a ardú de bhun fhorálacha ábhartha na nIonstraimí Aontachais ábhartha, ní fhéadfaidh siad bheith faoi réir na seiceálacha ar theacht amach dóibh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar bhonn neamhchórasach, bunaithe ar mheasúnú riosca. (*1) Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1)." (*2) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1)." (*3) Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).”;" |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i) agus (ii) de mhír 3:
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(vi) de mhír 3:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g)(i) agus (ii) de mhír 3:
|
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g)(iii) de mhír 3:
|
|
(6) |
scriostar pointe (h)(iii) de mhír 3; |
|
(7) |
i mír 3, cuirtear na pointí seo a leanas léi:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2017.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. BORG
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2017.
(2) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(3) Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).
(4) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
(6) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(7) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(8) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(9) IO L 176, 10.07.1999, lch. 36.
(10) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.07.1999, lch. 31).
(11) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(12) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(13) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(14) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(15) Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).