EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0758

Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

IO L 123, 19.5.2015, p. 77–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/758/oj

19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

77


RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh córas cuimsitheach cineálcheadaithe an Aontais le haghaidh mótarfheithiclí le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

Rinneadh comhchuibhiú ar na ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí ó thaobh roinnt mhór eilimintí sábháilteachta agus comhshaol de ar leibhéal an Aontais d'fhonn ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud an Aontais.

(3)

Tá cur in úsáid sheirbhís eCall a bheadh ar fáil sna feithiclí uile agus sna Ballstáit uile ar cheann de mhórthosaíochtaí an Aontais i réimse na sábháilteachta ar bhóithre ó 2003. D'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, rinneadh sraith tionscnamh a sheoladh, mar chuid de chur chuige deonach maidir le cur in úsáid, ach níl dul chun cinn leordhóthanach bainte amach leo go dtí seo.

(4)

D'fhonn feabhas breise a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2009 dar teideal “eCall: Am don Chur in Úsáid” beartaíodh bearta nua chun seirbhís glao éigeandála infheithicle a chur in úsáid san Aontas. Ba é ceann de na bearta a bhí molta feistiú chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a bheith éigeantach i ngach cineál nua feithiclí, ag tosú leis na feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 arna sainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

(5)

An 3 Iúil 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le eCall: seirbhís nua 112 do shaoránaigh, a ghríosaigh an Coimisiún chun togra a chur isteach laistigh de chreat Threoir 2007/46/CE d'fhonn a áirithiú go gcuirfí córas eCall poiblí atá bunaithe ar 112 in úsáid go héigeantach faoi 2015.

(6)

Tá sé riachtanach fós feabhas a chur ar fheidhmiú na seirbhíse 112 ar fud an Aontais, ionas go soláthróidh an tseirbhís sin cúnamh go gasta agus go héifeachtach i gcásanna éigeandála.

(7)

Táthar ag súil leis go laghdóidh córas eCall an Aontais líon na mbásanna san Aontas chomh maith le déine na ngortuithe a tharlaíonn de dheasca timpistí bóthair, a bhuíochas d'fholáireamh luath a thabhairt do na seirbhísí éigeandála. Trí chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a thabhairt isteach ar bhonn éigeantach, chomh maith leis an uasghrádú riachtanach agus comhordaithe ar bhonneagar sna líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang le haghaidh eCalls a dhéanamh agus Pointí Freagartha Sábháilteachta Poiblí (PFSPanna) chun eCalls a fháil agus a láimhseáil, chuirfí an tseirbhís ar fáil do gach saoránach agus ar an tslí sin rannchuideodh sé le laghdú a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha, ar na costais a bhaineann le cúram sláinte, ar an tranglam tráchta a bhíonn ann de bharr timpistí agus ar chostais eile.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Chinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá na Ballstáit le bonneagar PFSP eCall atá riachtanach chun eCalls uile a fháil agus a láimhseáil i gceart a chur in úsáid ar a gcríocha, sé mhí ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2017. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh Uimh. 585/2014/AE, tá na Ballstáit le tuairisciú don Choimisiún maidir le staid chur chun feidhme an Chinnidh sin faoin 24 Nollaig 2015. Más é conclúid na tuarascála nach mbeidh bonneagar PFSP eCall i mbun oibríochta faoin 1 Deireadh Fómhair 2017, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí chun a áirithiú go gcuirfí bonneagar PFSP eCall in úsáid.

(9)

I gcomhréir le mír 4 de Mholadh 2011/750/AE ón gCoimisiún (5), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur chuir oibreoirí líonra soghluaiste an sásra chun feidhme chun “an t-idirdhealaitheoir eCall” a láimhseáil ina líonraí faoin 31 Nollaig 2014. Más é conclúid an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 6 den Mholadh sin nach gcuirfear “an t-idirdhealaitheoir eCall” chun feidhme faoin 31 Márta 2016, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí líonra soghluaiste an sásra chun feidhme chun “an t-idirdhealaitheoir eCall” a láimhseáil.

(10)

Is gné riachtanach é faisnéis suite chruinn agus iontaofa a sholáthar le go bhfeidhmeoidh an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ar bhealach éifeachtach. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal go mbeidh sé comhoiriúnach leis na seirbhísí arna soláthar ag cláir Galileo agus Bhreis — seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Is córas neamhspleách domhanda um loingseoireacht satailíte é an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus is córas réigiúnach um loingseoireacht satailíte é an córas a bunaíodh faoi chlár EGNOS a chuireann feabhas ar cháilíocht chomhartha an Chórais Suite Domhanda.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag feistiú éigeantach feithiclí leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 maidir le cineálacha nua gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma (catagóir M1 agus catagóir N1) amháin ar dtús, feithiclí lena bhfuil sásra truicéaraithe iomchuí ann dóibh cheana féin. Maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí cur i bhfeidhm an cheanglais i dtaca le córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a leathnú amach go luath amach anseo chun go n-áireofaí ann catagóirí eile feithicle, amhail feithiclí earraí troma, busanna agus cóistí, dé-rothaigh chumhachtaithe agus tarracóirí talmhaíochta, ba cheart don Choimisiún é sin a mheasúnú tuilleadh d'fhonn, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na críche sin.

(12)

Chun go dtiocfadh méadú ar an dul i bhfód, ba cheart feistiú feithiclí de chineálacha atá ann cheana féin agus atá le monarú i ndiaidh an 31 Márta 2018 leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a chur chun cinn. I ndáil le cineálacha feithiclí a bheidh cineálcheadaithe roimh an 31 Márta 2018, féadfar córas eCall a aisfheistiú iontu ar bhonn deonach.

(13)

Is féidir leis an tseirbhís eCall idir-inoibritheach phoiblí ar fud an Aontais atá bunaithe ar an uimhir ghlao éigeandála Eorpach aonair 112 a bheith ann i dteannta le córais eCall lena dtacaíonn seirbhís tríú páirtí (seirbhísí eCall STP) ar choinníoll go nglactar na bearta atá riachtanach chun leanúnachas i soláthar na seirbhíse don tomhaltóir a áirithiú. Chun leanúnachas na seirbhíse poiblí eCall atá bunaithe ar 112 a áirithiú sna Ballstáit uile i gcaitheamh shaolré na feithicle agus chun a ráthú go mbeidh an tseirbhís phoiblí eCall atá bunaithe ar 112 ar fáil go huathoibríoch i gcónaí, ba cheart go ndéanfaí gach feithicil a fheistiú le seirbhís phoiblí eCall atá bunaithe ar 112, beag beann ar cibé acu a roghnaíonn nó nach roghnaíonn úinéir feithicle seirbhís eCall STP.

(14)

Ba cheart go dtabharfaí forbhreathnú réalaíoch do thomhaltóirí ar an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus ar an gcóras eCall STP, má tá ceann díobh feistithe san fheithicil, mar aon le faisnéis chuimsitheach agus iontaofa maidir le haon fheidhmiúlachtaí nó seirbhísí breise atá nasctha leis an tseirbhís éigeandála phríobháideach, le feidhmchláir ghlao éigeandála nó ghlao cúnta infheithicle atá á dtairiscint agus maidir leis an leibhéal seirbhíse a bhféadfar a bheith ag súil leis nuair a cheannaítear seirbhís tríú páirtí chomh maith leis an gcostas a ghabhann leis an tseirbhís sin. Seirbhís phoiblí leasa ginearálta atá sa tseirbhís eCall atá bunaithe ar an tseirbhís 112 agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain shaor in aisce ag na tomhaltóirí uile uirthi.

(15)

Ba cheart go mbeadh feistiú éigeantach feithiclí leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 gan dochar don cheart atá ag gach geallsealbhóir, amhail monaróirí gluaisteán agus oibreoirí neamhspleácha, seirbhísí breise éigeandála agus/nó seirbhísí breisluacha a thairiscint, taobh leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 nó ag cur leis. Ba cheart, áfach, aon seirbhísí breise a cheapadh ar dhóigh nach gcuirfear le seachmall tiománaí nó nach gcuirfidh siad isteach ar fheidhmiú an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus ar fheidhmiú obair éifeachtúil na n-ionad glaonna éigeandála. Ba cheart an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus an córas a sholáthraíonn seirbhísí príobháideacha nó breisluacha a cheapadh ar dhóigh nach bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú eatarthu. I gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil, ba cheart go gcomhlíonfaidís an reachtaíocht infheidhme maidir le sábháilteacht, le slándáil agus le cosaint sonraí agus ba cheart go mbeadh rogha i gcónaí ag tomhaltóirí ina leith.

(16)

D'fhonn rogha oscailte do chustaiméirí agus iomaíocht chothrom a áirithiú, chomh maith le nuálaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoi iomaíochas thionscal teicneolaíochta faisnéise an Aontais ar an margadh domhanda, ba cheart go mbeadh na córais eCall infheithicle bunaithe ar ardán idir-inoibritheach, caighdeánaithe, slán agus rochtain-oscailte i gcomhair feidhmchláir nó seirbhísí infheithicle féideartha amach anseo. De bhrí go n-éilíonn sé sin cúltaca teicniúil agus dlíthiúil, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, lena n-áirítear monaróirí feithiclí agus oibreoirí neamhspleácha, measúnú a dhéanamh gan mhoill ar na roghanna uile atá ann chun ardán rochtain-oscailte den sórt sin a chur chun cinn agus a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach chuige sin a chur ar aghaidh. Thairis sin, ba cheart go bhféadfaí rochtain ar an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a fháil ar tháille réasúnach nach mó ná méid ainmniúíl agus gan idirdhealú do na hoibreoirí neamhspleácha uile chun críocha deisithe agus cothabhála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(17)

D'fhonn sláine an chórais chineálcheadaithe a choinneáil, níor cheart go nglacfaí ach leis na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 is féidir a thástáil go hiomlán chun críocha an Rialacháin seo.

(18)

Éilíonn an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, mar chóras éigeandála, an leibhéal iontaofachta is airde agus is féidir. Ba cheart beachtas an tacair íosta sonraí agus beachtas an tarchuir gutha, agus an cháilíocht, a áirithiú, agus ba cheart córas tástála aonfhoirmeach a fhorbairt chun fadmharthanacht agus buanfas an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla a dhéanamh go tráthrialta i gcomhréir le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

Déantar feithiclí a tháirgtear i sraitheanna teoranta agus feithiclí atá ceadaithe de bhun Airteagal 24 de Threoir 2007/46/CE a eisiamh, faoin dTreoir sin, ó na ceanglais maidir le háititheoirí a chosaint i gcás tuairt thosaigh agus i gcás tuairt chliathánach. Dá bhrí sin, ba cheart na feithiclí sin a eisiamh ón oibleagáid ceanglais eCall a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Thairis sin, ní fhéadfar cuid d'fheithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall ar chúiseanna teicniúla.

(20)

Ba cheart feithiclí sainchuspóireacha a bheith faoi réir chomhlíonadh cheanglais eCall a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcás ina bhfuil an bhunfheithicil/an fheithicil neamhchríochnaithe feistithe leis an sásra truicéaraithe riachtanach.

(21)

Ba cheart go gcomhlíonfadh aon phróiseáil ar shonraí pearsanta tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 na rialacha um chosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), go háirithe chun a ráthú nach mbeidh feithiclí arna bhfeistiú le córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrianaithe ina ngnáthstádas oibríochtúil a bhaineann le eCall 112, agus nach mbeidh siad faoi réir buan-rianú agus go mbeidh an íosfhaisnéis atá de dhíth chun na glaonna éigeandála a láimhseáil go hiomchuí san áireamh sa tacar íosta sonraí arna sheoladh ag an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis sin na moltaí a rinne an Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil a cuireadh ar bun faoi Airteagal 29 de Threoir 95/46/CE (“Meitheal Airteagal 29 um Chosaint Sonraí”) agus atá ina “Doiciméad oibre maidir le cosaint sonraí agus le himpleachtaí príobháideachta sa tionscnamh eCall”, a glacadh an 26 Meán Fómhair 2006.

(22)

Ba cheart go gcuirfeadh monaróirí na bearta riachtanacha uile chun feidhme chun go gcomhlíonfar na rialacha maidir le príobháideacht agus le cosaint sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (11).

(23)

Agus ceanglais theicniúla á gcomhlíonadh acu, ba cheart do mhonaróirí feithiclí foirmeacha teicniúla de chosaint sonraí a chomhtháthú ina gcórais infheithicle agus ba cheart go gcomhlíonfaidís an prionsabal ar a dtugtar “príobháideacht trí dhearadh”.

(24)

Ba cheart do mhonaróirí an fhaisnéis go bhfuil córas poiblí eCall saor in aisce ann, atá bunaithe ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112, agus faisnéis maidir le ceart úinéir na feithicle an córas sin a roghnú seachas córas eCall STP agus maidir le próiseáil sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a sholáthar mar chuid den doiciméadacht theicniúil a thugtar ar láimh in éineacht leis an bhfeithicil. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil ar líne lena híoslódáil freisin.

(25)

Ni fhéadfar sonraí a tharchuirtear tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus a phróiseálann PFSPanna a aistriú chuig an tseirbhís éigeandála agus na páirtithe seirbhíse dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 585/2104/AE ach amháin i gcás teagmhais a bhaineann le eCalls agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh sin agus déantar iad a úsáid go heisiach chun cuspóirí an Chinnidh sin a bhaint amach. Ní dhéantar sonraí a phróiseálann na PFSPanna tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a aistriú chuig tríú páirtithe eile gan toiliú sainráite a fháil roimh ré ón duine is ábhar do na sonraí.

(26)

Tá comhchaighdeáin forbartha ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (IECT) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chun seirbhís eCall phan-Eorpach a chur in úsáid agus ba cheart feidhm a bheith acu chun críocha an Rialacháin seo, toisc go ndéanfaidh sé sin éabhlóid theicneolaíoch sheirbhís eCall infheithicle a éascú, idir-inoibritheacht agus leanúnachas na seirbhíse a áirithiú ar fud an Aontais, agus na costais chur chun feidhme a laghdú don Aontas ina iomláine.

(27)

Chun a áirithiú go gcuirfear comhcheanglais theicniúla i bhfeidhm i ndáil leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le haicmí áirithe feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 a dhíolmhú ón oibleagáid córais eCall infheithicle a shuiteáil, le ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus tástálacha a bhunú d'fheithiclí cineálcheadaithe CE maidir lena gcórais eCall infheithicle agus le cineálcheadú CE maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus i dtaca le rialacha teicniúla mionsonraithe agus nósanna imeachta tástála a bhunú maidir le cur i bhfeidhm rialacha áirithe ar shonraí pearsanta agus maidir lena áirithiú nach mbeidh aon mhalartú sonraí pearsanta ann idir an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais tríú páirtithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe agus le geallsealbhóirí ábhartha, ag dul i gcomhairle go háirithe le heagraíochtaí cosanta tomhaltóirí, mar aon leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus le Meitheal Airteagal 29 um Chosaint Sonraí i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le socruithe praiticiúla chun easpa inrianaitheachta agus rianaithe a mheasúnú, leis an teimpléad don fhaisnéis úsáideora agus na forálacha riaracháin do chineálcheadú CE maidir leis an teimpléad do dhoiciméid faisnéise a bheidh le soláthar ag monaróirí chun críocha an chineálcheadaithe, leis an teimpléad do na deimhnithe ar chineálcheadú CE agus leis an tsamhail do mharc chineálcheadú CE, a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(29)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí feithiclí le dul in oiriúint do cheanglais theicniúla an Rialacháin seo.

(30)

Is Rialachán nua ar leith é an Rialachán seo i gcomhthéacs an nós imeachta um chineálcheadú CE dá bhforáiltear i dTreoir 2007/46/CE, agus dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I, III, IV agus XI a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an margadh inmheánach a bhaint amach trí chomhcheanglais theicniúla a thabhairt isteach d'fheithiclí cineálcheadaithe nua arna bhfeistiú leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Chuathas i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé tuairim uaidh an 29 Deireadh Fómhair 2013 (14),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cineálcheadú CE feithiclí i ndáil leis na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 mar atá sainithe i bpointe 1.1.1 agus i bpointe 1.2.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin.

Ní bheidh feidhm aige maidir leis na feithiclí seo a leanas:

(a)

feithiclí a tháirgtear i sraitheanna teoranta arna gceadú de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2007/46/CE;

(b)

feithiclí arna gceadú de bhun Airteagal 24 de Threoir 2007/46/CE;

(c)

feithiclí nach bhféadfar, ar chúiseanna teicniúla, a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall, mar a chinntear i gcomhréir le mír 2.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun aicmí feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 a shainaithint, ar feithiclí iad nach féidir a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall ar chúiseanna teicniúla, ar bhonn staidéar lena ndéantar na costais agus na tairbhí a mheasúnú, ar staidéar é a dhéanann an Coimisiún nó a shainordaíonn an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar na gnéithe ábhartha sábháilteachta agus teicniúla uile.

Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112” córas éigeandála, lena gcuimsítear trealamh infheithicle agus an bealach chun an tarchur eCall a thruicearú, a bhainistiú agus a chur i ngníomh, a chuirtear i ngníomh go huathoibríoch le braiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, tacar íosta sonraí caighdeánaithe agus a bhunaíonn cainéal fuaime bunaithe ar an gcóras 112 idir áititheoirí na feithicle agus PFSP eCall;

(2)

ciallaíonn “eCall” glao éigeandála infheithicle chuig 112, a dhéantar go huathoibríoch trí bhíthin braiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn tacar íosta sonraí agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus PFSP eCall trí líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang;

(3)

ciallaíonn “pointe freagartha sábháilteachta poiblí” nó “PFSP” láthair fhisiciúil ina bhfaightear glaonna éigeandála ar dtús faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a aithníonn an Ballstát;

(4)

ciallaíonn “PFSP is iomchuí” PFSP arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis fhreagracha chun glaonna éigeandála ó limistéar áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;

(5)

ciallaíonn “PFSP eCall” an PFSP is iomchuí arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis a fuair agus a láimhseáil eCalls den chéad uair;

(6)

ciallaíonn “tacar íosta sonraí” nó “TÍS” an fhaisnéis a shainítear leis na “Córais chliste iompair — eSafety — tacar íosta sonraí (TÍS) eCall” (EN 15722:2011) a sheoltar chuig PFSP eCall;

(7)

ciallaíonn “trealamh infheithicle” trealamh atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil sin lena dtugtar rochtain ar na sonraí infheithicle atá riachtanach chun an t-idirbeart eCall a dhéanamh trí líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang nó a bhfuil rochtain aige ar na sonraí sin;

(8)

ciallaíonn “idirbheart eCall” seisiún cumarsáide soghluaiste gan sreang a bhunú trasna líonra cumarsáide poiblí gan sreang agus TÍS a tharchur ó fheithicil go PFSP eCall agus cainéal fuaime a bhunú idir an fheithicil agus PFSP eCall céanna;

(9)

ciallaíonn “líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang” líonra cumarsáide soghluaiste gan sreang atá ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir 2002/22/CE (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(10)

ciallaíonn “eCall lena dtacaíonn seirbhísí tríú páirtí” nó “eCall STP” glao éigeandála infheithicle chuig soláthróir seirbhíse tríú páirtí, a dhéantar go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí;

(11)

ciallaíonn “soláthróir seirbhíse tríú páirtí” eagraíocht a aithníonn na húdaráis náisiúnta mar eagraíocht atá ceadaithe eCall STP a fháil agus TÍS a sheoladh chuig PFSP eCall;

(12)

ciallaíonn “córas eCall infheithicle seirbhísí tríú páirtí” nó “córas eCall infheithicle STP” córas arna chur i ngníomh go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí.

Airteagal 4

Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

Léireoidh monaróirí go bhfuil gach cineál nua feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2 feistithe le córas buansuiteáilte eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Oibleagáidí sonracha na monaróirí

1.   Áiritheoidh monaróirí go ndéantar a gcuid cineálacha nua feithicle uile, agus a gcuid córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin a mhonarú agus a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.   Léireoidh monaróirí go dtógtar gach cineál nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéantar eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú go huathoibríoch i gcás timpiste tromchúiseach a thiteann amach ar chríoch an Aontais agus a bhraitear trí cheann amháin nó níos mó de bhraiteoirí nó de phróiseálaithe laistigh den fheithicil a chur i ngníomh.

Léireoidh monaróirí go dtógtar cineálacha nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú de láimh freisin.

Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an rialtán truicir de láimh don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheapadh ar bhealach ina ndéanfar míláimhseáil a sheachaint.

3.   Tá mír 2 gan dochar don cheart atá ag úinéir na feithicle leas a bhaint as córas eCall infheithicle STP a chuireann seirbhís chomhchosúil ar fáil, le cois chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

comhlíonfaidh an córas eCall infheithicle STP caighdeán EN 16102:2011 “Córais chliste iompair — eCall — Ceanglais oibriúcháin do thacaíocht ó thríú páirtí”;

(b)

áiritheoidh monaróirí nach bhfuil ach córas amháin sa turas i ngníomh agus go ndéantar truicearú go huathoibríoch ar an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 i gcás nach bhfeidhmíonn an córas eCall infheithicle STP;

(c)

beidh an ceart ag úinéir na feithicle i gcónaí chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a roghnú in ionad chóras eCall infheithicle STP;

(d)

déanfaidh monaróirí faisnéis faoin gceart dá dtagraítear i bpointe (c) a chur i lámhleabhar an úinéara.

4.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil na glacadóirí sna córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 comhoiriúnach leis na seirbhísí suite a sholáthraíonn córais Galileo agus EGNOS. Féadfaidh monaróirí comhoiriúnacht le córais eile um loingseoireacht satailíte a roghnú freisin, de bhreis air sin.

5.   Na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus iad sin amháin, ar córais iad atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil nó cineálcheadaithe go leithleach, ar córais iad a fhéadfar a thástáil, glacfar leo chun críocha chineálcheadú CE.

6.   Léireoidh monaróirí go dtabharfar rabhadh d'áititheoirí na feithicle i gcás cliseadh criticiúil ar an gcóras a mbeadh mar thoradh air nach bhféadfaí eCall atá bunaithe ar 112 a chur.

7.   Beidh an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrochtana do gach oibreoir neamhspleách ar tháille réasúnach nach mó ná méid ainmniúil agus gan idirdhealú chun críocha deisithe agus cothabhála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

8.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 lena mbunaítear na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na tástálacha i gcomhair chineálcheadú CE feithiclí i dtaca lena gcórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus i gcomhair chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

Beidh na ceanglais theicniúla agus na tástálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 7 agus ar na caighdeáin atá ar fáil a bhaineann le eCall, más infheidhme, lena n-áirítear:

(a)

EN 16072:2011 “Córas cliste iompair — eSafety — Ceanglais oibriúcháin eCall Phan — Eorpaigh”;

(b)

EN 16062:2011 “Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) eCall”;

(c)

CEN/TS 16454:2013 “Córais chliste iompair — ESafety — Tástáil chomhlíontachta eCall ó phointe deiridh go pointe deiridh”, maidir le comhlíontacht chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 leis an eCall pan-Eorpach;

(d)

EN 15722:2011 “Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall”;

(e)

EN 16102:2011 “Córais chliste iompair — eCall — Ceanglais oibriúcháin do thacaíocht ó thríú páirtí”;

(f)

aon chaighdeáin Eorpacha bhreise a bhaineann leis an gcóras eCall agus a ghlactar i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), nó Rialacháin de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (Rialacháin CENAE) a bhaineann le córais eCall agus ar aontaigh an tAontas dóibh.

Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

9.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun na leaganacha de na caighdeáin dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a nuashonrú tráth a nglactar leagan nua.

Airteagal 6

Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí

1.   Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE agus do Threoir 2002/58/CE. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, comhlíonfaidh sí na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear sna Treoracha sin.

2.   Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta a phróiseáltar de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil.

3.   Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin.

4.   Áiritheoidh monaróirí nach bhfuil an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrianaithe agus nach bhfuil sé faoi réir aon bhuanrianaithe.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbaintear sonraí go huathoibríoch agus go leanúnach ó chuimhne inmheánach chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Beidh cead an t-eolas faoi na trí áit dheireanacha ina raibh an fheithicil, agus an t-eolas sin amháin, a choimeád a mhéid a bheidh fíorghá leis chun an áit reatha agus an treo taistil a shonrú tráth an teagmhais.

6.   Ní bheidh na sonraí sin ar fáil lasmuigh den chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'eintitis ar bith sula ndéantar an eCall a thruicearú.

7.   Beidh teicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta leabaithe sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'fhonn an leibhéal iomchuí cosanta príobháideachta a sholáthar d'úsáideoirí eCall, chomh maith leis na cosaintí is gá chun faireachas agus mí-úsáid a chosc.

8.   Ní bheidh san áireamh in TÍS arna sheoladh ag an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach an íosfhaisnéis dá dtagraítear i gcaighdeán EN 15722:2011 “Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall”. Ní tharchuirfear aon sonraí breise tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Déanfar TÍS sin a stóráil ar bhealach ina bhféadfar é a scriosadh go hiomlán agus go buan.

9.   Cuirfidh monaróirí faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil i lámhleabhar an úinéara maidir le próiseáil na sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin:

(a)

an tagairt don bhunús dlí don phróiseáil;

(b)

an fhíric go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a chur i ngníomh mar réamhshocrú;

(c)

na socruithe don phróiseáil sonraí a dhéanann an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

(d)

cuspóir sonrach phróiseáil eCall a bheidh teoranta do na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2);

(e)

na cineálacha sonraí a bhailítear agus a phróiseáltar agus faighteoirí na sonraí sin;

(f)

an teorainn ama maidir le sonraí a choinneáil sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

(g)

an fhíric nach ndéantar aon bhuanrianú ar an bhfeithicil;

(h)

na socruithe maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú mar aon leis an tseirbhís teagmhála atá freagrach as iarrataí ar rochtain a láimhseáil;

(i)

aon fhaisnéis bhreise is gá maidir le hinrianaitheacht, rianú agus próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí eCall STP agus/nó seirbhísí eile breisluacha a sholáthar, ar faisnéis í a bheidh faoi réir toiliú sainráite a fháil ón úinéir agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Féadfaidh difríochtaí a bheith ann idir an phróiseáil sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais eCall infheithicle STP nó seirbhísí breisluacha eile agus tabharfar aird ar leith ar an bhfíric sin.

10.   D'fhonn mearbhall a sheachaint i dtaobh na gcuspóirí atá á saothrú agus i dtaobh bhreisluach na próiseála, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 9 a chur ar fáil ar leithligh i lámhleabhar an úinéara don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chórais eCall STP sula n-úsáidfear an córas.

11.   Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus aon chóras breise lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach a cheapadh ar bhealach nach bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú eatarthu. Mura n-úsáidtear córas lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach nó má dhiúltaíonn an duine is ábhar do na sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt lena shonraí pearsanta nó lena sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh sheirbhís eCall STP nó le haghaidh seirbhís bhreisluach, ní bheidh aon éifeachtaí díobhálacha ag an méid sin ar úsáid an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

12.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a)

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, a chur i bhfeidhm;

(b)

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun a áirithiú nach ndéantar sonraí pearsanta a mhalartú idir an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais tríú páirtí dá dtagraítear i mír 11.

Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

13.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

na socruithe praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar an easpa inrianaitheachta agus rianaithe dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6;

(b)

an teimpléad don fhaisnéis úsáideora dá dtagraítear i mír 9.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

Airteagal 7

Oibleagáidí na mBallstát

Le héifeacht ón 31 Márta 2018, ní dheonóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú CE i ndáil leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach amháin do chineálacha nua feithiclí agus do chineálacha nua córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin, ar nithe iad a chomhlíonann an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 8

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(12) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Meitheamh 2015 Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(12) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(12) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9

Gníomhartha cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na forálacha riaracháin do chineálcheadú CE feithiclí maidir leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na teimpléid do na doiciméid faisnéise atá le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineálcheadaithe;

(b)

na teimpléid do na deimhnithe ar chineálcheadú CE;

(c)

an tsamhail (na samhlacha) do mharc chineálcheadú CE.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh “an Coiste Teicniúil — Mótarfheithiclí” (CTMF), arna bhunú le hAirteagal 40(1) de Threoir 2007/46/CE, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Nuair nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás nach gcomhlíonann monaróirí forálacha an Rialacháin seo ná na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go ndéantar na pionóis a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ar an gcineál neamh-chomhlíonta atá le bheith faoi réir pionóis, beidh an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

dearbhú bréige a dhéanamh le linn nós imeachta ceadaithe nó le linn nós imeachta a mbeidh aisghairm mar thoradh air;

(b)

torthaí tástála le haghaidh cineálcheadú a fhalsú;

(c)

sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh cineálcheadú a aisghairm, a dhiúltú nó a tharraingt siar a bheith mar thoradh air;

(d)

forálacha a leagtar síos in Airteagal 6 a shárú;

(e)

gníomhú de shárú ar fhorálacha Airteagal 5(7).

Airteagal 12

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Márta 2021, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta a bheidh le tabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid ar baineadh amach leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, lena n-áirítear ráta dhul i bhfód an chórais. Féachfaidh an Coimisiún ar cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú go catagóirí eile feithiclí, amhail feithiclí earraí troma, busanna agus cóistí, dé-rothaigh chumhachtaithe, agus tarracóirí talmhaíochta. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar fáil chuige sin.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus tar éis staidéar lena ndéantar na costais agus na tairbhí a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceanglais a mbeidh gá leo d'ardán idir-inoibritheach, caighdeánaithe, slán ar a mbeidh rochtain oscailte. Más iomchuí, agus tráth nach déanaí ná an 9 Meitheamh 2017, glacfaidh an Coimisiún tionscnamh reachtach a bheidh bunaithe ar na ceanglais sin.

Airteagal 13

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear leis seo Iarscríbhinní I, III, IV agus XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2(2), Airteagal 5(8) agus (9), Airteagal 6(12) agus (13) agus Airteagail 8, 9, 10 agus 12 amhail ón 8 Meitheamh 2015.

Beidh feidhm ag Airteagail eile seachas na hAirteagail dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo ón 31 Márta 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 341, 21.11.2013, lch. 47.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 2 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat i gcomhair mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an tseirbhís eCall idir-inoibritheach ar fud an AE a chur in úsáid (IO L 164, 3.6.2014, lch. 6).

(5)  Moladh 2011/750/AE ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2011 maidir le tacaíocht do sheirbhís eCall ar fud an AE i líonraí cumarsáide leictreonaí chun glaonna éigeandála infheithicle atá bunaithe ar 112 (“eCalls”) a tharchur (IO L 303, 22.11.2011, lch. 46).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, p. 1).

(8)  Treoir 2014/45/AE 2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n — aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(10)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(11)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(14)  IO C 38, 8.2.2014, lch. 8.

(15)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Creat — Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(16)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Treoir 2007/46/CE mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“12.8.

Córas eCall

12.8.1.

I láthair: tá/níl (1)

12.8. 2.

cur síos teicniúil nó líníocht den fheiste: …”

;

(2)

in Iarscríbhinn III, Cuid I, roinn A, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“12.8.

Córas eCall

12.8.1.

I láthair: tá/níl (1)”

;

(3)

in Iarscríbhinn IV, leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:

Mír

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Infheidhmeacht

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

X

 

 

X”

 

 

 

 

 

 

;

(b)

leasaítear Aguisín 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 1:

Mír

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Saincheisteanna sonracha

Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

 

N/B”

;

(ii)

cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 2:

Mír

Ábhar

Gníomh rialúcháin

Saincheisteanna sonracha

Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

 

N/B”

;

(c)

in Aguisín 2, leasaítear roinn “4. Ceanglais Theicniúla” mar a leanas:

(i)

cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid I: Feithiclí ar cuid de chatagóir M1 iad:

Mír

Tagairt don ghníomh rialúcháin

Ceanglais mhalartacha

“72

Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)

Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”

;

(ii)

cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid II: Feithiclí ar cuid de chatagóir N1 iad

Mír

Tagairt don ghníomh rialúcháin

Ceanglais mhalartacha

“72

Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)

Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

in Aguisín 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:

Mír

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1 ≤ 2 500 (*) kg

M1 > 2 500 (*) kg

M2

M3

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

G

G

N/B

N/B”

;

(b)

in Aguisín 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:

Mír

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

G

N/B

N/B

G

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B”

;

(c)

in Aguisín 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:

Mír

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M1

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

G”

;

(d)

in Aguisín 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:

Mír

Ábhar

Tagairt don ghníomh rialúcháin

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

“72

Córas eCall

Rialachán (AE) 2015/758

N/B

N/B

G

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B”


Top