Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0250

    Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE

    IO L 84, 20.3.2014, p. 6–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0785

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/250/oj

    20.3.2014   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    6


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 250/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 26 Feabhra 2014

    lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinne an tAontas agus na Ballstáit cuspóir a leagan síos dóibh féin, arb é an cuspóir sin calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear smuigléireacht agus góchumadh toitíní, a chomhrac. D’fhonn tionchar fadtéarma an chaiteachais a fheabhsú agus macasamhlú a sheachaint, ba cheart dlúthchomhar rialta agus comhordú a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus idir údaráis na mBallstát.

    (2)

    Gníomhaíochtaí a fhéachann le faisnéis níos fearr, oiliúint speisialaithe, lena n-áirítear staidéir dlí chomparáidigh agus cúnamh teicniúil agus eolaíoch a sholáthar, is cuidiú suntasach iad chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ag an am céanna chun leibhéal coibhéiseach cosanta ar fud an Aontais a bhaint amach.

    (3)

    San am atá thart, bhíothas in ann, a bhuí le tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin trí Chinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Clár Hercule) a leasaíodh agus a leathnaíodh le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (Clár Hercule II), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

    (4)

    Sheol an Coimisiún athbhreithniú ar a bhfuil bainte amach ag clár Hercule II ina dtugtar tuairisc ar a ionchuir agus a aschuir.

    (5)

    Rinne an Coimisiún measúnú tionchair in 2011, chun meastóireacht a dhéanamh ar an ngá le leanúint den chlár nó gan leanúint de.

    (6)

    Chun leanúint de na gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, a chomhrac, agus fiú chun na gníomhaíochtaí sin a fhorbairt, agus na dúshláin nua i gcomhthéacs déine buiséadaí á gcur san áireamh freisin, ba cheart clár nua a ghlacadh.

    (7)

    Ba cheart an Clár seo a chur chun feidhme trí na moltaí agus na bearta a liostaítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal “Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléireachta agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE” a chur san áireamh.

    (8)

    Ba cheart an Clár a chur chun feidhme agus é i lánchomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I gcomhréir leis an Rialachán sin, tá deontas ceaptha chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíocht a bheartaítear d’fhonn cuspóir de chuid bheartas an Aontais a bhaint amach agus níl sé le bheith mar aon chuspóir amháin aige trealamh a cheannach.

    (9)

    Ba cheart don Chlár bheith oscailte do rannpháirtíocht Stát aontach, tíortha is iarrthóirí iad agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus a thairbhíonn de straitéis réamh-aontachais, chomh maith le tíortha comhpháirtíochta faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil ailíniú leordhóthanach na reachtaíochta ábhartha agus na modhanna riaracháin do reachtaíocht ábhartha agus modhanna riaracháin an Aontais déanta ag na tíortha sin, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na Stát agus na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla faoi seach, chomh maith le tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá rannpháirteach sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE).

    (10)

    Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheántéarmach neamhspleách maidir le cur chun feidhme an Chláir seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chomh maith le tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Fairis sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme bliantúil an Chláir, lena n-áirítear torthaí na ngníomhaíochtaí a maoiníodh agus faisnéis i dtaca leis an gcomhsheasmhacht agus comhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil.

    (11)

    Comhlíonann an Rialachán seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Leis an gClár, ba cheart comhar idir na Ballstáit agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú, d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus leas á bhaint as acmhainní ar shlí níos éifeachtúla ná mar a fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta. Is gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá bonn údair leis an mbeart sin toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit buiséad ginearálta an Aontais agus buiséid náisiúnta a chosaint le chéile agus go spreagann sé úsáid struchtúir choiteanna an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú. Níor cheart go gcuirfeadh an Clár isteach, áfach, ar fhreagrachtaí na mBallstát.

    (12)

    Ba cheart an Clár a rith ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (6).

    (13)

    D’fhonn foráil a dhéanamh do mhéid solúbthachta i leithdháileadh na gcistí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leithdháileadh táscach na gcistí a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin aige, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    (14)

    Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh ina mbeidh na gníomhaíochtaí a maoiníodh, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana agus na himthosca eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, amhail cásanna a bhaineann le Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ina mbíonn an t-uasráta cómhaoinithe de 90 % de na costais incháilithe infheidhme. Ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a phlé leis an gCoiste Comhairleach chun an Cosc Calaoise a Chomhordú (COCOLAF) arna bhunú le Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún (7).

    (15)

    Ba cheart go saothródh na Ballstáit chun a ranníocaíochtaí airgeadais a fheabhsú faoin gcomhaoiniú i gcás deontas a dheonaítear faoin gClár.

    (16)

    Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún na céimeanna is gá chun a áirithiú go bhfuil na cláir oibre bhliantúla comhsheasmhach agus comhlántach le cláir ábhartha eile arna maoiniú ag an Aontas, go háirithe i réimse an chustaim, d’fhonn tionchar foriomlán ghníomhaíochtaí an Chláir a neartú agus chun aon fhorluí de chuid an Chláir le cláir eile a sheachaint.

    (17)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh thréimhse iomlán an Chláir, arb ionann é agus an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (18)

    Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

    (19)

    Ba cheart Cinneadh Uimh. 804/2004/CE a aisghairm. Ba cheart bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chun go bhféadfar oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí a rinneadh faoin gCinneadh sin a chríochnú mar aon le hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear ann.

    (20)

    Is iomchuí trasdul rianúil gan bhriseadh a áirithiú idir Clár Hercule II agus an Clár agus is iomchuí go ndéanfaí ré an chláir a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an gClár amhail ón 1 Eanáir 2014.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis seo an clár gníomhaíochta ilbhliantúil “Hercule III” (“an Clár”) chun gníomhaíochtaí i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chur chun cinn don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020.

    Airteagal 2

    Breisluach

    Rannchuideoidh an clár leis na nithe seo a leanas uile:

    (a)

    gníomhaíochtaí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní;

    (b)

    comhar agus comhordú trasnáisiúnta feabhsaithe ar leibhéal Aontais, idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus go háirithe maidir le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht oibríochtaí trasteorann;

    (c)

    calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc go héifeachtach, trí chomhoiliúint speisialaithe a thairiscint d’fhoireann údarás náisiúnta agus réigiúnach agus do gheallsealbhóirí eile.

    Déanfaidh an Clár coigiltis a chruthú go háirithe, ar coigiltis iad a thig as soláthar comhchoiteann saintrealaimh agus bunachar sonraí a úsáidfidh na geallsealbhóirí agus as an oiliúint speisialaithe.

    Airteagal 3

    Cuspóir ginearálta

    Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta an Chláir leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus sa chaoi sin, iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh a fheabhsú agus cosaint airgead na gcáiníocóirí a áirithiú.

    Airteagal 4

    Cuspóir sonrach

    Is é a bheidh i gcuspóir sonrach an Chláir calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

    Déanfar an cuspóir sonrach a thomhas trí thagairt a dhéanamh, inter alia, do spriocleibhéil agus bunlínte agus trí mheán na dtáscairí feidhmíochta a leanas:

    (a)

    líon na ngabhálacha, na gcoigistithe agus na ngnóthaithe tar éis cásanna calaoise arna mbrath trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí trasteorann;

    (b)

    breisluach agus úsáid éifeachtach an trealaimh theicniúil chómhaoinithe;

    (c)

    malartú faisnéise i measc Ballstáit maidir leis na torthaí a baineadh amach leis an ábhar teicniúil;

    (d)

    líon agus cineál na ngníomhaíochtaí oiliúna, lena n-áirítear an oiliúint speisialaithe.

    Airteagal 5

    Cuspóirí oibríochtúla

    Is iad seo a leanas uile a bheidh i gcuspóirí oibríochtúla an Chláir:

    (a)

    cosc agus imscrúdú calaoise agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a fheabhsú thar na leibhéil reatha trí chomhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach a fheabhsú;

    (b)

    cosaint leasanna airgeadais an Aontais i gcoinne calaoise a mhéadú trí mhalartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a éascú, lena n-áirítear malartuithe foirne;

    (c)

    an comhrac i gcoinne calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a neartú trí thacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d’imscrúduithe náisiúnta, agus go háirithe d’údaráis chustaim agus údaráis um fhorghníomhú an dlí;

    (d)

    nochtadh leasanna airgeadais an Aontais is eol faoi láthair do chalaois, d’éilliú agus do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a theorannú, i gcomparáid leis an leibhéal nochta atá ann inniu, d’fhonn bac a chur ar fhorbairt geilleagair neamhdhleathaigh in eochair-réimsí ina bhfuil riosca amhail an chalaois eagraithe, lena n-áirítear smuigléireacht agus góchumadh toitíní;

    (e)

    leibhéal fhorbairt chosaint shonrach dhlíthiúil agus bhreithiúnach leasanna airgeadais an Aontais i gcoinne calaoise a fheabhsú trí anailís chomparáideach dlí a chur chun cinn.

    Airteagal 6

    Comhlachtaí atá incháilithe do chistiú

    Beidh gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas incháilithe do chistiú faoin gClár:

    (a)

    údaráis náisiúnta nó réigiúnacha tíre rannpháirtí, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 7(1), ar údaráis iad a dhéanann neartú na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun cinn;

    (b)

    institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le bliain amháin ar a laghad, i mBallstát nó i dtír rannpháirteach, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 7(1), agus go ndéanann siad neartú na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun cinn.

    Airteagal 7

    Rannpháirtíocht sa chlár

    1.   Is iad na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 a bheidh sna tíortha rannpháirteacha (“tíortha rannpháirteacha”).

    2.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht aon cheann de na tíortha seo a leanas:

    (a)

    Stáit aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na Stát agus na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla faoi seach;

    (b)

    tíortha comhpháirtíochta faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar choinníoll go bhfuil comhfhogasú leordhóthanach na reachtaíochta ábhartha agus na modhanna riaracháin do reachtaíocht ábhartha agus modhanna riaracháin an Aontais déanta ag na tíortha sin. Glacfaidh na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann páirt sa Chlár i gcomhréir leis na forálacha a bheidh le cinneadh leis na tíortha sin tar éis bhunú Comhaontuithe Réime maidir lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais;

    (c)

    tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    3.   Maidir le hionadaithe tíortha a ghlacann páirt sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais do thíortha Oirdheisceart na hEorpa, le hionadaithe ó Chónaidhm na Rúise, agus le hionadaithe ó thíortha áirithe lenar thug an tAontas comhaontú i gcrích maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí a bhaineann le calaois, agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár aon uair a fhónann sin chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach a bhaint amach. Glacfaidh na hionadaithe sin páirt sa Chlár i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    Déanfaidh an Clár, faoi na coinníollacha céanna is atá leagtha amach sna cláir oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11, tacaíocht airgeadais iomchuí a sholáthar do na gníomhaíochtaí uile seo a leanas:

    (a)

    soláthar cúnaimh theicniúil speisialaithe d’údaráis inniúla na mBallstát trí cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    eolas sonrach, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha theicneolaíocht na faisnéise (TF) a sholáthar lena n-éascaítear comhar trasnáisiúnta agus comhar leis an gCoimisiún;

    (ii)

    an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann;

    (iii)

    tacú le cumas na mBallstát toitíní arna ngabháil a stóráil agus a scriosadh chomh maith le seirbhísí neamhspleácha anailíse chun anailís a dhéanamh ar thoitíní arna ngabháil;

    (iv)

    malartuithe foirne do thionscadail shonracha a fheabhsú, go háirithe i réimse an chomhraic i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní;

    (v)

    tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil d’údaráis na mBallstát um fhorghníomhú an dlí agus gníomhaíochtaí trasteorann neamhdhleathacha agus calaois a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais á gcomhrac acu, lena n-áirítear go háirithe tacaíocht d’údaráis chustaim;

    (vi)

    cumas theicneolaíocht na faisnéise a fhorbairt ar fud na dtíortha rannpháirteacha trí bhunachair shonraí shonracha agus uirlisí TF sonracha lena n-éascaítear rochtain ar shonraí agus anailís ar shonraí a fhorbairt agus a sholáthar;

    (vii)

    malartú sonraí a mhéadú, uirlisí TF le haghaidh imscrúduithe a fhorbairt agus a sholáthar, agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise;

    (b)

    eagrú oiliúna speisialaithe spriocdhírithe, agus ceardlann oiliúna ar anailís riosca, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha, atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (i)

    tuiscint níos fearr ar mheicníochtaí an Aontais agus ar mheicníochtaí náisiúnta a chothú tuilleadh;

    (ii)

    taithí agus dea-chleachtais a mhalartú idir na húdaráis ábhartha sna tíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe um fhorghníomhú an dlí, chomh maith le hionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

    (iii)

    gníomhaíochtaí na mBallstát, na dtíortha rannpháirteacha, agus ionadaithe eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta, mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 7(3), a chomhordú;

    (iv)

    eolas a scaipeadh, go háirithe i dtaobh riosca a shainaithint níos fearr chun críocha imscrúdaithe;

    (v)

    gníomhaíochtaí taighde ardphróifíle a fhorbairt, lena n-áirítear staidéir;

    (vi)

    comhar idir cleachtóirí agus acadóirí a fheabhsú;

    (vii)

    feasacht a ardú tuilleadh i dtaobh na breithiúnachta agus brainsí eile de ghairm an dlí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

    (c)

    aon ghníomhaíocht eile nach gcumhdaítear faoi phointe (a) nó pointe (b) den Airteagal seo, dá bhforáiltear sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, atá riachtanach chun na cuspóirí ginearálta, na cuspóirí sonracha agus na cuspóirí oibríochtúla a ndéantar foráil dóibh in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 faoi seach a bhaint amach.

    CAIBIDIL II

    CREAT AIRGEADAIS

    Airteagal 9

    Imchlúdach airgeadais

    1.   EUR 104 918 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020.

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdháilfear méideanna táscacha ar na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8, laistigh de na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cineál gníomhaíochta. Féadfaidh an Coimisiún imeacht ón leithdháileadh táscach cistí atá leagtha síos san Iarscríbhinn, ach ní fhéadfaidh sé an cion leithdháilte den imchlúdach airgeadais a mhéadú le níos mó ná 20 % do gach cineál gníomhaíochta.

    Sa chás go mbeadh gá dul thar an teorainn 20 % sin, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun leithdháileadh táscach na gcistí atá leagtha síos san Iarscríbhinn a mhodhnú.

    Airteagal 10

    Cineál idirghabhála airgeadais agus cómhaoinithe

    1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    2.   Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a sholáthrófar faoi Airteagal 8:

    (a)

    deontais;

    (b)

    soláthar poiblí;

    (c)

    aisíocaíocht na gcostas arna dtabhú ag na hionadaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faoin gClár.

    3.   Ní ceannach trealaimh amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

    4.   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear dóibh in Airteagal 11, amhail cásanna a bhaineann leis na Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ní rachaidh an ráta cómhaoinithe thar 90 % de na costais incháilithe.

    Airteagal 11

    Cláir oibre bhliantúla

    Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla chun an Clár a chur chun feidhme. Leis na cláir sin, áiritheofar go gcuirfear chun feidhme na cuspóirí ginearálta, na cuspóirí sonrach agus na cuspóirí oibríochtúla dá bhforáiltear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 faoi seach ar bhealach comhsheasmhach agus cuirfear síos ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cuir chun feidhme agus a méid iomlán. I gcás deontas, áireofar sna cláir oibre bhliantúla na gníomhaíochtaí arna maoiniú, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana agus an t-uasráta cómhaoinithe.

    Na hacmhainní atá leithdháilte ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin gClár, rannchuideoidh siad freisin le cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir dá bhforáiltear in Airteagal 3.

    Airteagal 12

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

    3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (10) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le conradh arna gcistiú faoin gClár.

    4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

    CAIBDIL III

    FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE

    Airteagal 13

    Faireachán agus meastóireacht

    1.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear cuspóirí an Chláir a bhaintear amach agus na torthaí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar bhonn bliantúil. Áireofar uirthi sin faisnéis maidir leis an gcomhar agus an comhordú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus maidir le comhsheasmhacht agus comhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha iomchuí eile ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú faoin gClár a scaipeadh ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear ar na láithreáin ghréasáin ábhartha, chun an trédhearcacht maidir le húsáid na gcistí a mhéadú.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnúil ar an gClár agus déanfaidh sé an méid seo a leanas chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

    (a)

    faoin 31 Nollaig 2017, tuarascáil mheántéarmach neamhspleách mheastóireachta maidir lena mhéid a baineadh amach cuspóirí na ngníomhaíochtaí, na torthaí agus na tionchair ar fad, éifeachtacht agus éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus a bhreisluach don Aontas, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil meastóireachta mheántéarma aghaidh ar na féidearthachtaí i ndáil le simpliú, a chomhtháthú inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach gach cuspóra de chuid an Chláir, chomh maith leis an méid a rannchuidíonn na gníomhaíochtaí le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta maidir le baint amach chuspóirí chlár Hercule II;

    (b)

    faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil deiridh meastóireachta maidir leis an méid a baineadh amach cuspóirí an Chláir, lena n-áirítear a bhreisluach, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle; ina theannta sin, déanfar meastóireacht ar thionchair fhadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir d’fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir leis an bhféidearthacht Clár ina dhiaidh sin a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí.

    3.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha uile agus na tairbhithe eile na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun an trédhearcacht agus an chuntasacht a mhéadú agus chun faireachán agus meastóireacht ar an gClár a cheadú, lena n-áirítear maidir le comhar agus comhordú, amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, a thabhairt don Choimisiún.

    Airteagal 14

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

    2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 21 Márta 2014.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA DEIRIDH

    Airteagal 15

    Aisghairm

    Aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE.

    Leanfaidh oibleagáidí airgeadais, áfach, a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCinneadh sin agus oibleagáidí tuairiscithe a shonraítear ann de bheith faoi réir an Chinnidh sin go dtí go gcríochnófar na hoibleagáidí sin.

    Airteagal 16

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    D. KOURKOULAS


    (1)  IO C 201, 7.7.2012, lch. 1.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.

    (3)  Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíocht i réimse chosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).

    (4)  Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochta i réimse chosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193,25.7.2007, lch. 18).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

    (7)  Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1994 lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú (IO L 61, 4.3.1994, lch. 27).

    (8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

    (9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle. (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Chomhphobail Eorpaigh a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292,15.11.1996, lch. 2).


    IARSCRÍBHINN

    LEITHDHÁILEADH TÁSCACH NA GCISTÍ

    Is mar seo a leanas a leithdháilfear méideanna táscacha ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8:

    Cineálacha gníomhaíochta

    Sciar an bhuiséid (mar %)

    (a)

    Cúnamh teicniúil

    70 ar a laghad

    (b)

    Oiliúint

    25 ar a mhéad

    (c)

    Aon ghníomhaíocht eile nach gcumhdaítear faoi phointe (a) nó pointe (b) d’Airteagal 8

    5 ar a mhéad


    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 13

    Gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh, i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha le Parlaimint na hEorpa, ar tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin é, lena n-áirítear miondealú an bhuiséid a leagtar amach san Iarscríbhinn, ó mhí Eanáir 2015 ar aghaidh, agus an clár oibre a thíolacadh chuig an gCoiste atá freagrach i bParlaimint na hEorpa i gcomhthéacs thuarascáil PIF.


    Top