Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1022

    Rialachán (AE) Uimh. 1022/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a mhéid a bhaineann le cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle

    IO L 287, 29.10.2013, p. 5–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1022/oj

    29.10.2013   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/5


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1022/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 22 Deireadh Fómhair 2013

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a mhéid a bhaineann le cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    An 29 Meitheamh 2012, d'iarr Ceannairí Stáit nó Rialtais an Limistéir Euro ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun foráil a dhéanamh maidir le sásra aonair maoirseachta a mbeidh baint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) leis. Ina chonclúidí an 29 Meitheamh 2012, thug an Chomhairle Eorpach cuireadh dá hUachtarán plean oibre sonrach uainithe a fhorbairt, i ndlúthchomhar le hUachtarán an Choimisiúin, le hUachtarán an Ghrúpa Euro agus le hUachtarán BCE, chun fíoraontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, plean ina n-áireofar tograí nithiúla maidir le haontachas agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú i seirbhísí airgeadais.

    (2)

    Is í an fhoráil seo maidir le sásra aonair maoirseachta an chéad chéim i dtreo aontas baincéireachta Eorpach a bhunú, ar aontas é a mbeidh leabhar rialacha aonair dílis le haghaidh seirbhísí airgeadais agus creataí nua le haghaidh árachais taiscí agus le haghaidh réitigh mar bhuntaca leis.

    (3)

    Chun foráil a dhéanamh maidir le sásra aonair maoirseachta, cuireann Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (4) cúraimí sonracha ar BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ceadaíonn sé do Bhallstáit eile dlúthchomhar le BCE a bhunú.

    (4)

    Le cúraimí maoirseachta a chur ar BCE maidir le hinstitiúidí creidmheasa i roinnt de na Ballstáit, níor cheart go gcuirfí isteach ar shlí ar bith ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) ('ÚBE'), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) dá bhrí sin, an ról atá aige a chothabháil agus na cumhachtaí agus na cúraimí uile atá aige cheana a choinneáil: ba cheart go leanfadh sé de leabhar rialacha aonair is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an leabhair rialacha sin, agus ba cheart go leanfadh sé de chóineasú na gcleachtas maoirseachta ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú.

    (5)

    Tá sé ríthábhachtach go mbeadh sásraí cuntasachta daonlathacha ann san aontas baincéireachta.

    (6)

    Le linn do ÚBE na cúraimí a chuirtear air a dhéanamh, agus aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, ba cheart go dtabharfadh sé lánaird ar éagsúlacht na n-institiúidí creidmheasa, ar a méid agus a samhlacha gnó, agus ar thairbhí sistéamacha na héagsúlachta sa tionscal baincéireachta Eorpach.

    (7)

    Chun dea-chleachtais mhaoirseachta sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn, tá tábhacht bhunúsach ag baint leis go mbeadh lámhleabhar maoirseachta Eorpach maidir le maoirseacht insititiúidí airgeadais, arna tharraingt suas ag ÚBE i gcomhar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, ag gabháil leis an leabhar rialacha aonair. Ba cheart go ndéanfaí na dea-chleachtais ar fud an Aontais, a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí agus próisis mhaoirseachta, a shainaithint sa lámhleabhar maoirseachta sin chun a comhlíonadh croíphrionsabail idirnáisiúnta agus Aontais a ghnóthú. Níor cheart gur i bhfoirm gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheadh an lámhleabhar ná níor cheart go srianfaí leis maoirseacht bunaithe ar bhreithniú an cháis. Ba cheart go gcuimseofaí ann na hábhair go léir a thagann faoi raon freagrachtaí ÚBE, lena n-áirítear, a mhéid is infheidhme, cosaint tomhaltóirí agus an comhrac i gcoinne an sciúrtha airgid. Ba cheart go leagfaí amach ann méadracht agus modheolaíochtaí i ndáil le measúnú riosca, le luathrabhaidh agus le critéir do ghníomhaíocht mhaoirseachta. Ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as an lámhleabhar. Ba cheart go mbreathnófaí ar úsáid an lámhleabhair mar ghné shuntasach sa mheasúnú ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta agus don athbhreithniú piaraí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    (8)

    Ba cheart go mbeadh ÚBE in ann faisnéis a iarraidh ó insititiúidí airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le haon fhaisnéis ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag na hinstitiúidí airgeadais sin, lena n-áirítear faisnéis atá i seilbh daoine a fhaigheann luach saothair ó na hinstitiúidí airgeadais sin as gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh, iniúchtaí a sholáthraíonn iniúchóirí seachtracha do na hinstitiúidí airgeadais sin chomh maith le cóipeanna de dhoiciméid, leabhair agus taifid ábhartha.

    (9)

    Ba cheart údar maith a bheith le hiarrataí ar fhaisnéis a dhéanann ÚBE agus ba cheart iad a bheith réasúnaithe go cuí. Maidir le hagóidí i gcoinne iarrataí sonracha ar fhaisnéis, arna ndéanamh ar fhorais neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ba cheart go ndéanfaí iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha. I gcás ina ndéanann seolaí iarrata ar fhaisnéis agóidí den sórt sin, níor cheart go scaoilfeadh an méid sin an seolaí ón bhfaisnéis a iarradh a sholáthar. Ba cheart gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh inniúil lena chinneadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cibé an gcomhlíonann iarraidh shonrach ar fhaisnéis, arna déanamh ag ÚBE, an Rialachán sin.

    (10)

    Ba cheart an margadh inmheánach agus comhtháthú an Aontais a áirithiú agus sa chomhthéacs sin ba cheart ábhair imní a bhaineann le rialachas agus le socruithe vótála ÚBE a bhreithniú go cúramach agus ba cheart cóir chomhionann idir na Ballstáit atá páirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Ballstáit eile a ráthú.

    (11)

    Ós rud é go ndearnadh ÚBE, ina bhfuil cearta comhionanna ag gach Ballstát atá rannpháirteach ann, a bhunú agus é mar aidhm leis cur i bhfeidhm comhsheasmhach an leabhair rialacha aonair a fhorbairt, agus rannchuidiú leis an leabhar rialacha sin, agus feabhas a chur ar chomhleanúnachas na gcleachtas maoirseachta laistigh den Aontas, agus ós rud é go bhfuil ról ceannródaíoch ag BCE laistigh de SAM, ba cheart an ÚBE a fheistiú le hionstraimí leormhaithe a chuirfeadh ar a chumas na cúraimí a chuirtear air maidir le sláine an mhargaidh inmheánaigh a dhéanamh go héifeachtúil.

    (12)

    I bhfianaise na gcúraimí maoirseachta a chuirtear ar BCE le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ba cheart go mbeadh an ÚBE in ann a chúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis an BCE freisin ar an tslí chéanna agus a dhéanann sé é i ndáil leis na húdaráis inniúla eile. Ba cheart, go háirithe, go ndéanfaí na sásraí atá ann cheana i ndáil le heasaontais a réiteach agus le gníomhaíochtaí i staideanna éigeandála a choigeartú dá réir sin chun go leanfaidís de bheith éifeachtach.

    (13)

    Chun a bheith in ann a ról maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh i gcúinsí éigeandála, ba cheart an ÚBE a chur ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha a iarraidh air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha, lena n-áirítear an ceart labhairt ag an gcruinniú nó aon rannchuidiú eile a dhéanamh.

    (14)

    Chun a áirithiú go bhfuil leasanna na mBallstát uile á gcur san áireamh ar bhealach iomchuí, agus chun gur féidir le ÚBE feidhmiú go cuí d'fhonn an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais a chothabháil agus a threisiú, ba cheart na socruithe maidir le vótáil laistigh dá Bhord Maoirseoirí a oiriúnú.

    (15)

    Ba cheart do phainéal neamhspleách atá comhdhéanta de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus nach mbaineann aon choinbhleachtaí leasa leo, arna cheapadh ag an mBord Maoirseoirí, scrúdú a dhéanamh ar chinntí a bhaineann le sáruithe ar dhlí an Aontais agus a bhaineann le réiteach easaontas. Ba cheart na cinntí a mholann an painéal don Bhord Maoirseoirí a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí sin den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar cheart go n-áireofaí ann tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát atá páirteach i SAM ("Ballstáit rannpháirteacha") agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil páirteach ("Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach") ann.

    (16)

    Ba cheart cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí le linn staideanna éigeandála a ghlacadh le tromlach simplí den Bhord Maoirseoirí lenar cheart go n-áireofaí tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteacha agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil rannpháirteach.

    (17)

    Ba cheart go ndéanfaí cinntí a bhaineann le gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d'Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI den Rialachán sin a ghlacadh trí thromlach cáilithe den Bhord Maoirseoirí, lenar cheart go n-áireofaí ann ar a laghad tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach i SAM agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil rannpháirteach.

    (18)

    Ba cheart do ÚBE rialacha nós imeachta a fhorbairt don phainéal a áiritheoidh go mbeidh sé neamhspleách agus oibiachtúil.

    (19)

    Ba cheart cothromaíocht a bheith i gcomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus ba cheart go ndéanfadh sé ionadaíocht chuí do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach.

    (20)

    Maidir le ceapacháin na gcomhaltaí do chomhlachtaí agus coistí inmheánacha an ÚBE, ba cheart cothromaíocht gheografach i measc na mBallstát a áirithiú leo.

    (21)

    Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an ÚBE go cuí agus go dtugtar ionadaíocht leormhaith do na Ballstáit uile, ba cheart faireachán a dhéanamh ar na socruithe vótála, ar chomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus ar chomhdhéanamh an phainéil neamhspleách. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis tréimhse iomchuí ama, ag cur san áireamh aon taithí a fuarthas agus forbairtí a tharla i rith na tréimhse sin.

    (22)

    Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí airgeadais.

    (23)

    Ba cheart go ndéanfaí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna a sholáthar do ÚBE le cur ar a chumas aon chúraimí breise a chuirtear air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leordhóthanach. Ba cheart go ndéanfaí aird chuí a thabhairt ar na cúraimí breise sin sa nós imeachta maidir lena bhuiséad a bhunú, a chur chun feidhme agus a rialú de réir mar a leagtar amach iad in Airteagal 63 agus in Airteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚBE a áirithiú go ndéantar na caighdeáin is airde éifeachtúlachta a chomhlíonadh.

    (24)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal rialála agus maoirseachta stuamachta, atá éifeachtach agus comhsheasmhach, a áirithiú ar fud na mBallstát uile, sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a chothabháil, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (25)

    Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.   Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 94/19/CE, Threoir 2002/87/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (6); Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta (7) agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, de Threoir 2005/60/CE, de Threoir 2007/64/CE agus de Threoir 2009/110/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d'aon ghníomh Aontais eile atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena gcuirtear cúraimí ar an Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (8).

    (b)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    "Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás le cur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sé cóineasú maoirseachta a chothú, déanfaidh sé tuairimí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún agus déanfaidh sé anailísí eacnamaíocha ar na margaí chun gnóthú chuspóir an Údaráis a chur chun cinn.";

    (c)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

    "I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach chun leasa an Aontais ina iomláine.";

    (2)

    in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    "(f)

    na húdaráis inniúla nó mhaoirseachta mar a shainítear iad sna gníomhartha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i dtaca leis na cúraimí a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    "Airteagal 3

    Cuntasacht na nÚdarás

    Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh an Banc Ceannais Eorpach cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na gcúraimí maoirseachta a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 i gcomhréir leis an Rialachán sin.";

    (4)

    i bpointe (2) d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    "(i)

    údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i dTreoir 2007/64/CE, agus amhail dá dtagraítear i dTreoir 2009/110/AE.";

    (5)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    "(a)

    rannchuidiú le caighdeáin agus cleachtais choiteanna ardcháilíochta rialála agus mhaoirseachta a bhunú, go háirithe trí thuairimí a sholáthar d'institiúidí an Aontais agus trí threoirlínte, trí mholtaí agus trí dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt agus trí bhearta eile a bheidh bunaithe ar na gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

    (aa)

    lámhleabhar maoirseachta Eorpach maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta san Aontas ina iomláine, lena leagfar amach dea-chleachtais mhaoirseachta do mhodheolaíochtaí agus do phróisis, á chur san áireamh dó, inter alia, cleachtais ghnó agus samhlacha gnó athraitheacha institiúidí airgeadais;";

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    "(c)

    tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a éascú i measc údarás inniúil;"

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    "(i)

    feidhmiú comhsheasmhach comhleanúnach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn, faireachán, measúnú agus tomhas ar an riosca sistéamach a chur chun cinn, forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh a chur chun cinn, lena soláthraítear ardleibhéal cosanta do thaisceoirí agus d'infheisteoirí ar fud an Aontais agus lena bhforbraítear modhanna chun institiúidí airgeadais atá ag cliseadh a réiteach agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hionstraimí maoiniúcháin iomchuí a chur chun cinn, d'fhonn comhar a chothú idir údaráis inniúla a bhfuil baint acu le bainistíocht géarchéime maidir le hinstitiúidí airgeadais trasteorann a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith ag baint leo, i gcomhréir le hAirteagal 21 go hAirteagal 26;";

    (iv)

    scriostar pointe (l);

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    "1a.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáidfidh sé gach cumhacht a chuirfear ar fáil dó; agus

    (b)

    agus aird chuí á tabhairt don chuspóir chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, tabharfaidh sé lánaird ar chineálacha, shamhlacha gnó agus mhéideanna éagsúla institiúidí creidmheasa.";

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    "2a.   "Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige agus na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á gcomhlíonadh aige, beidh aird chuí ag an Údarás ar phrionsabail na dea-rialála, lena n-áirítear ar thorthaí anailísí costais is tairbhe arna dtabhairt ar aird i gcomhréir leis an Rialachán seo.";

    (6)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4.   Déanfaidh an tÚdarás Coiste um nuáil airgeadais a bhunú mar chuid lárnach den Údaráis agus lena dtabharfar na húdaráis inniúla ábhartha go léir le chéile d'fhonn cur chuige comhardaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus maoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus d'fhonn comhairle a sholáthar don Údarás lena tíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.";

    (b)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

    "Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.";

    (7)

    Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.   I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d'fhéadfadh feidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, más gá, a chomhordú.

    Chun a bheith in ann an ról sin maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfaidh na húdaráis inniúla maoirseachta ábhartha air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha."

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.   I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle de bhun mhír 2, agus in imthosca eisceachtúla inar gá gníomhaíocht chomhordaithe de chuid na n-údarás inniúil chun freagairt d'fhorbairtí díobhálacha a d'fhéadfadh feidhmiú rianúil nó sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras airgeadais sin, a chur i mbaol, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leith a ghlacadh lena gceanglófar ar údaráis inniúla an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí den sórt sin trína áirithiú go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí airgeadais agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht sin.";

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 19(1):

    "1.   Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, i gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil maidir leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht ar thaobh údaráis inniúil eile sna cásanna a shonraítear sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.";

    (9)

    Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    "Airteagal 20a

    Cóineasú an phróisis athbhreithnithe maoirseachta

    Cuirfidh an tÚdarás, faoi réir raon feidhme a chumhachtaí, cóineasú an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta chun cinn i gcomhréir le Treoir 2013/36/ AE chun caighdeáin láidre mhaoirseachta a thabhairt i gcrích san Aontas."

    (10)

    Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.   Cuirfidh an tÚdarás, faoi raon feidhme a chumhachtaí, feidhmiú éifeachtúil, éifeachtach agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí chun cinn dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2006/36/CE agus cothóidh sé comhsheasmhacht chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i measc na gcoláistí maoirseoirí. Agus é mar chuspóir aige dea-chleachtais mhaoirseachta a chóineasú, cuirfidh an tÚdarás comhphleananna maoirseachta agus comhscrúduithe chun cinn agus féadfaidh daoine de chuid fhoireann an Údaráis páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na gcoláistí maoirseoirí, lena n-áirítear scrúduithe ar an láthair, ar gníomhaíochtaí iad arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag dhá údarás inniúla nó níos mó.";

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    "2.   Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir lena áirithiú go bhfeidhmíonn na coláistí maoirseoirí go comhsheasmhach ar mhaithe le hinstitiúidí airgeadais trasteorann ar fud an Aontais, agus aird á tabhairt ar an riosca sistéamach atá ann i leith institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus tionólfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, cruinniú coláiste.";

    (11)

    In Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    "1a.   Ar a laghad uair sa bhliain, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil sé iomchuí measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 32 agus cuirfidh sé a chuid réasúnaithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéantar na measúnuithe sin ar fud an Aontais nochtfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach.";

    (12)

    in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.   Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais ar pleananna iad atá éifeachtach comhsheasmhach agus cothrom le dáta agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin. Cuideoidh an tÚdarás freisin i gcás ina ndéantar foráil dó sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha a fhorbairt chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú.";

    (13)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 27(2):

    "2.   Cuirfidh an tÚdarás measúnú ar an ngá atá le córas sásraí comhleanúnacha, daingne inchreidte cistiúcháin a bheith ann ar fáil, mar aon le hionstraimí airgeadais iomchuí a bheadh nasctha le sraith socruithe comhordaithe um bainistiú géarchéime.";

    (14)

    In Airteagal 29(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    "Chun críche cultúr coiteann maoirseachta a chothú, déanfaidh an tÚdarás, agus cleachtais gnó agus samhlacha gnó athraitheacha institiúidí airgeadais, inter alia, á gcur san áireamh, lámhleabhar maoirseachta Eorpach maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta san Aontas ina iomláine. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta Eorpach dea-chleachtas maoirseachta do mhodheolaíochtaí agus do phróisis.";

    (15)

    in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.   Ar bhonn athbhreithnithe piaraí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), féachfaidh na húdaráis inniúla le déanamh de réir na dtreoirlínte agus na moltaí sin. Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt nó nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla á gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fhaigheann sé le linn dó a chuid cúraimí a dhéanamh, chun cóineasú ar na caighdeáin agus na cleachtais is airde a áirithiú.

    3a.   Déanfaidh an tÚdarás tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina léiríonn an t-athbhreithniú piaraí nó aon fhaisnéis eile a fhaightear le linn dó a chuid cúraimí a dhéanamh gur gá tionscnamh reachtach chun a áirithiú go ndéantar rialacha stuamachta a chomhchuibhiú tuilleadh.";

    (16)

    in Airteagal 31, leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    "(b)

    cinneadh a dhéanamh maidir le raon feidhme na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, iontaofacht na faisnéise a fhíorú;";

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d), phointe (e) agus phointe (f):

    "(d)

    fógra a thabhairt do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill maidir le haon staideanna éigeandála fhéideartha;

    (e)

    gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás forbairtí a d'fhéadfadh feidhmiú na margaí airgeadais a chur i mbaol d'fhonn na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh údaráis inniúla ábhartha a chomhordú;

    (f)

    lárchoimeád a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 35 mar thoradh ar na hoibleagáidí tuairiscithe rialála atá ann d'institiúidí. Déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis sin a roinnt leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann;";

    (17)

    Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2.   Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:

    (a)

    modheolaíochtaí coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais institiúide;

    (b)

    cineálacha coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais;

    (c)

    modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht a bhíonn ag táirgí áirithe nó ag próisis dáiliúcháin ar institiúid; agus

    (d)

    modheolaíochtaí coiteanna chun meastóireacht a dhéanamh ar shócmhainní, de réir mar is gá, chun críche tástáil struis a dhéanamh.";

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    "3a.   Chun críche measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais faoin Airteagal seo, féadfaidh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 35 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann, faisnéis a iarraidh go díreach ó na hinstitúidí airgeadais sin. Féadfaidh sé a cheangal ar údaráis inniúla freisin athbhreithnithe sonracha a dhéanamh. Féadfaidh sé iarraidh ar údaráis inniúla cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair, agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach ann chun inchomparáideacht agus iontaofacht modhanna, cleachtas agus torthaí a áirithiú.

    3b.   Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitúidí airgeadais go gcuirfidh siad an fhaisnéis a chaithfidh siad a sholáthar faoi mhír 3a faoi réir iniúchóireacht neamhspleách.";

    (18)

    Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

    "1.   Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás i bhformáidí sonraithe, chun go mbeidh sé in ann na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha. Beidh an fhaisnéis cruinn, comhleanúnach, iomlán agus tráthúil.

    2.   Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe nó trí bhíthin theimpléid inchomparáide arna bhformheas ag an Údarás. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.

    3.   Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil go cuí ó údarás inniúil, soláthróidh sé aon fhaisnéis atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid cúraimí a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.";

    (b)

    i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    "6.   I gcás nach mbeidh faisnéis iomlán nó chruinn ar fáil nó nach soláthraítear í ar bhealach tráthúil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5, féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh trí iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, go díreach uathu siúd a leanas:

    (a)

    institiúidí airgeadais ábhartha;

    (b)

    cuideachtaí sealúchais nó brainsí 'institiúide airgeadais ábhartha;

    (c)

    eintitis oibríochta neamhrialaithe i ngrúpa airgeadais nó in ilchuideachta atá suntasach ó thaobh ghníomhaíochtaí airgeadais na n-institiúidí airgeadais ábhartha.

    Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás go pras agus gan aon mhoill mhíchuí.";

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    "7a.   I gcás nach ndéanann seolaithe iarrataí faoi mhír 6 faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán a chur ar fáil go pras, cuirfidh an tÚdarás in iúl don Bhanc Ceannais Eorpach nuair is infheidhme agus do na húdaráis ábhartha sna Ballstáit lena mbaineann a chomhoibreoidh, faoi réir an dlí náisiúnta, leis an Údarás d'fhonn rochtain iomlán ar an bhfaisnéis a chinntiú agus ar aon doiciméid, leabhair nó taifid tionscnaimh ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag na seolaithe d'fhonn an fhaisnéis a fhíorú.";

    (19)

    Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír i mír 4:

    "Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás i ndáil le moladh, tabharfaidh sé míniú don Chomhairle agus do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin i gcomhréir le hAirteagal 19 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.";

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír i mír 5:

    "I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, an Chomhairle agus BERS a chur ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas chomh maith.";

    (20)

    Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    "Buailfidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta le chéile ar a thionscnamh féin de réir mar is gá, agus i gcás ar bith ar a laghad ceithre huaire sa bhliain.";

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    "4.   Faoi réir rúndachta gairmiúla de réir mar a leagtar amach in Airteagal 70 í, soláthróidh an tÚdarás an fhaisnéis uile is gá agus áiritheoidh sé go mbeidh tacaíocht leordhóthanach rúnaíochta ann don Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta. Déanfar cúiteamh leordhóthanach a thabhairt do chomhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar ionadaithe iad de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúis, gan ionadaithe tionsclaíochta a áireamh. Beidh an cúiteamh sin comhionann ar a laghad leis na rátaí aisíocaíochta de chuid oifigeach de bhun Theideal V, Chaibidil 1, Chuid 2 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (9) (Rialacháin Foirne). Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta meithleacha i ndáil le saincheisteanna teicniúla a bhunú. Fónfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, agus seolfar nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

    (21)

    Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1 cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d):

    "(d)

    ionadaí amháin arna ainmniú ag Bord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus nach mbeidh ábalta vóta a chaitheamh;";

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    "4a.   I bpléití nach mbaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mar a fhoráiltear in Airteagal 44(4), féadfaidh ionadaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag a bhfuil saineolas maidir le cúraimí baincéireachta ceannais a bheith i dteannta an ionadaí arna ainmniú ag Bord Maoirseoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.";

    (22)

    In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

    "1a.   Chun críocha Airteagal 17, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a ghairm, agus is Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a bheidh ar an bpainéal, nach ionadaithe iad thar ceann an údaráis inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe acu agus nach bhfuil aon leas acu san ábhar ná naisc dhíreacha acu leis an údarás inniúil lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta den phainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcásanna ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    2.   Chun críocha Airteagal 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a chomóradh, agus is Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a bheidh ar an bpainéal, nach ionadaithe iad de chuid na n-údarás inniúil atá ina bpáirtithe san easaontas iad agus nach bhfuil aon leas sa choinbhleacht acu, ná naisc dhíreacha acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta den phainéal.

    Glacfar cinntí an phainéil i gcásanna ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar.

    3.   Molfaidh na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo cinntí faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 19 lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí.

    4.   Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta do na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo."

    (23)

    In Airteagal 42, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    "Tá an chéad mhír agus an dara mír gan dochar do na cúraimí a chuirtear ar an mBanc Ceannais Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.";

    (24)

    Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1.   Déanfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chuid comhaltaí a bhfuil vóta acu. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige.

    Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d'Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlaigh cháilithe a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, lena n-áireofar ar a laghad tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát, ar Ballstáit rannpháirteacha iad, faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 (Ballstáit rannpháirteacha), agus tromlach simplí a chomhaltaí ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (Ballstáit neamhrannpháirteacha).

    Maidir le cinntí i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 19, glacfar an cinneadh arna mholadh ag an bpainéal trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát neamhrannpháirteach.

    De mhaolú ar an tríú fomhír, ón dáta arb ó Bhallstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre chomhalta a bhfuil vóta acu nó níos lú, glacfar cinneadh arna mholadh ag an bpainéal trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó chomhaltaí údarás inniúil na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad.

    Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige.

    Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil. In éagmais comhthola, glacfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige.

    Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu, ar tromlach é lena n-áireofar tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach, i gcomhréir agus trí thromlach simplí a chomhaltaí ó údaráis inniúla na mBallstát neamhrannpháirteach."

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4.   Cé is moite den Chathaoirleach, den Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus d'ionadaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh arna ainmniú ag an mBord Maoirseachta, ní fhreastalóidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)."

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    "4a.   Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d'éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a ndícheall comhthoil a shroicheadh nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.":

    (25)

    in Airteagal 45(1)i bhfomhír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    "Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí arna dtoghadh ag an Bord Maoirseoirí. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Ar an mBord Bainistíochta beidh beirt ionadaí ar a laghad ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí.";

    (26)

    in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais foirne an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), na bearta cur chun feidhme is gá ó na Rialacháin Foirne.":

    (27)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    "Airteagal 49a

    Caiteachais

    Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe arna dtionól agus an fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.";

    (28)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    "Airteagal 52a

    Caiteachais

    Poibleoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinnithe arna dtionól agus fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne.";

    (29)

    in Airteagal 63, scriostar mír 7;

    (30)

    in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3.   Maidir le saincheist na maoirseachta dírí ar institiúidí nó ar bhonneagair réimse uile-Eorpaigh agus forbairtí margaidh, cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh agus comhtháthú an Aontais ina iomláine á gcur san áireamh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil maidir lena hiomchuí a bheadh sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a chur ar an Údarás.";

    (31)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    "Airteagal 81a

    Athbhreithniú ar na socruithe vótála

    Amhail ón dáta arb ionann agus ceithre Bhallstát líon na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle maidir leis na socruithe vótála a gcuirtear síos orthu in Airteagal 41 agus Airteagal 44, agus aon taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á cur san áireamh."

    Airteagal 2

    Gan dochar d'Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin 31 Nollaig 2015, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (a)

    comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta; agus

    (b)

    comhdhéanamh na bpainéal neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, a ullmhaíonn cinntí chun críocha Airteagal 17 agus Airteagal 19 den Rialachán sin.

    Sa tuarascáil, cuirfear san áireamh, go háirithe, aon athruithe ar líon na mBallstát rannpháirteach, agus déanfar scrúdú chun féachaint an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe ar na forálacha sin i bhfianaise na n-athruithe sin, lena áirithiú go ndéantar cinntí ÚBE ar mhaithe leis an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chothabháil agus a neartú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. LEŠKEVIČIUS


    (1)  IO C 30, 1.2.2013, lch. 6.

    (2)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 34.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013.

    (4)  (Féach leathanach 63 den Iris Oifigiúil seo).

    (5)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

    (6)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

    (7)  OJ L 176, 27.6.2013, lch. 338.

    (8)  Council Regulation (EU) No 1024/2013 of 15 October 2013 conferring specific tasks on the European Central Bank concerning policies relating to the prudential supervision of credit institutions (OJ L 287, 29.10.2013, lch. 63)";

    (9)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.":


    Top