EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1175

Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú

IO L 306, 23.11.2011, p. 12–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 29/04/2024; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32024R1263

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1175/oj

23.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/12


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1175/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbéarfadh comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhlíonadh na dtreoirphrionsabal arb iad praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe na n-íocaíochtaí.

(2)

Is éard a bhí sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) i dtosach Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú (3), a neartú, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (4) agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (5). Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 sa bhliain 2005 le Rialachán (CE) Uimh. 1055/2005 (6) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1056/2005 (7) faoi seach. Lena gcois sin, glacadh Tuarascáil ón gComhairle an 20 Márta 2005 dar teideal “Cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a fheabhsú” (8).

(3)

Tá an CCF bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir a bheidh i dtaca i gcobhsaíocht airgeadais, lena dtacófar le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

(4)

Leis an gcuid choisctheach de CCF, ceanglaítear ar na Ballstáit cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú agus a choimeád ar bun agus clár cobhsaíochta agus clár um chóineasú a thíolacadh chuige sin. Bhainfeadh sí tairbhe as foirmeacha ní ba láidre faireachais chun comhsheasmhacht ó na Ballstáit a áirithiú i dtaca le creat comhordaithe bhuiséadaigh an Aontais agus chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an creat sin.

(5)

Ba cheart inneachar na gclár cobhsaíochta agus na gclár um chóineasú, mar aon leis an nós imeachta maidir lena scrúdú, a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn CCF a chur chun feidhme.

(6)

Leis na spriocanna buiséadacha sna cláir chobhsaíochta agus sna cláir um chóineasú, ba cheart go gcuirfí san áireamh go sainráite na bearta a ghlactar i gcomhréir leis na mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha, na treoirlínte maidir le beartais fostaíochta na mBallstát agus an Aontais, agus, go ginearálta, na cláir athchóirithe náisiúnta.

(7)

Ba cheart na cláir cobhsaíochta agus na cláir um chóineasú a thíolacadh agus a mheasúnú sula ndéanfar na príomhchinntí maidir leis na buiséid náisiúnta do na blianta ina dhiaidh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, spriocdháta iomchuí a bhunú maidir le tíolacadh na gclár cobhsaíochta agus na gclár um chóineasú. Agus sainiúlachtaí bhliain bhuiséadach na Ríochta Aontaithe á gcur san áireamh, ba cheart forálacha ar leith a bhunú do dháta tíolactha a cláir um chóineasú.

(8)

Leis an taithí a fuarthas agus leis na botúin a rinneadh le linn na chéad deich mbliana den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, léirítear go bhfuil gá le rialachas eacnamaíoch feabhsaithe san Aontas, ar rialachas é ar cheart dó a bheith bunaithe ar thiomantas níos treise ar an leibhéal náisiúnta do na rialacha agus do na beartais a aontaíodh i gcomhpháirt agus a bheith bunaithe ar chreat níos urrúnta ar leibhéal an Aontais maidir le faireachas ar bheartais náisiúnta eacnamaíocha.

(9)

Ba cheart go mbraithfeadh an creat rialachais eacnamaíoch feabhsaithe ar roinnt beartas idirnasctha agus comhleanúnacha don fhás inbhuanaithe agus don fhostaíocht inbhunaithe, go háirithe straitéis Aontais don fhás agus do phoist, lena leagfaí béim ar leith ar an margadh inmheánach a fhorbairt agus a neartú, an trádáil idirnáisiúnta agus an t-iomaíochas a chothú, Seimeastar Eorpach do chomhordú neartaithe ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha (an Seimeastar Eorpach), creat éifeachtach chun easnaimh rialtais iomarcacha a chosc agus a cheartú (CCF), creat urrúnta chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, riachtanais íosta le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta, rialáil fheabhsaithe agus faireachas feabhsaithe ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear maoirseacht macrastuamachta ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(10)

Tagann CCF agus creat iomlán an rialachais eacnamaíoch le straitéis an Aontais don fhás agus do phoist agus tacaíonn siad léi. Leis na hidirnaisc idir na sraitheanna éagsúla, níor cheart go bhforálfaí d’eisceachtaí ó fhorálacha CCF.

(11)

Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht ní ba dhlúithe agus ní ba thráthúla ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta mar chuid de neartú an rialachais eacnamaíoch. Agus é á aithint aige gurb iad institiúidí ábhartha an Aontais agus a n-ionadaithe iad contrapháirtithe Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú an idirphlé, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa deis a thairiscint do Ballstát is ábhar do mholadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 6(2) nó le hAirteagal 10(2) páirt a ghlacadh i malartú tuairimí. Is faoin mBallstát féin é a chinneadh an nglacfaidh sé páirt i malartú tuairimí den sórt sin nó nach nglacfaidh.

(12)

Ba cheart go mbeadh ról neartaithe ag an gCoimisiún sa nós imeachta feabhsaithe faireachais i dtaca le measúnuithe is sonrach do gach Ballstát ar leith, faireachán, misin ar an láthair, moltaí agus foláirimh.

(13)

Ba cheart go n-ullmhófaí na cláir cobhsaíochta agus na cláir um chóineasú agus na cláir athchóirithe náisiúnta ar dhóigh chomhleanúnach agus ba cheart uainiú a dtíolactha a ailíniú. Ba cheart na cláir sin a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Ba cheart iad a phoibliú.

(14)

Faoin Seimeastar Eorpach do chomhordú neartaithe ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha (an Seimeastar Eorpach), tosaíonn timthriail an fhaireachais beartais agus an chomhordaithe go luath sa bhliain le hathbhreithniú cothrománach ina ndéanann an Chomhairle Eorpach, ar bhonn ionchuir ón gCoimisiún agus ón gComhairle na príomhdhúshláin atá os gcomhair an Aontais agus an limistéir euro a shainaithint agus ina ndéanann sí treoir straitéiseach a thabhairt maidir le beartais. Ba cheart go ndéanfaí plé i bParlaimint na hEorpa freisin ag tús na timthrialach bliantúil faireachais in am trátha sula ndéanfar an plé sa Chomhairle Eorpach. Le linn dóibh a gcláir cobhsaíochta agus a gcláir um chóineasú agus a gcláir athchóirithe náisiúnta a ullmhú, ba cheart go dtabharfadh na Ballstáit aird ar an treoir chothrománach ón gComhairle Eorpach.

(15)

Chun an tiomantas náisiúnta do CCF a fheabhsú, ba cheart creataí buiséadacha náisiúnta a ailíniú go hiomlán le cuspóirí an fhaireachais iltaobhaigh san Aontas, agus go háirithe leis an Seimeastar Eorpach.

(16)

I gcomhréir leis na socruithe dlíthiúla agus polaitiúla i ngach Ballstát, ba cheart go mbeadh páirt ag na parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach mar is cuí sa Seimeastar Eorpach agus in ullmhú na gclár cobhsaíochta, na gclár um chóineasú agus na gclár athchóirithe náisiúnta chun trédhearcacht na gcinntí a ghlactar agus an tiomantas do no cinntí sin mar aon leis an gcuntasacht ina leith, a mhéadú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart go rachfaí i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, leis an gCoiste Beartais Eacnamaíoch, leis an gCoiste Fostaíochta agus leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach, faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, i dtaca leis na príomh-shaincheisteanna beartais i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le forálacha CFAE agus le socruithe dlíthiúla agus polaitiúla náisiúnta.

(17)

Má chloíonn na Ballstáit leis an gcuspóir meántéarmach do na riochtaí buiséadacha, ba cheart go gceadófaí lamháil sábháilteachta a bheith acu maidir leis an luach tagartha, arb é 3 % d’OTI é, chun airgeadas poiblí inbhuanaithe, nó dul chun cinn tapa i dtreo na hinbhuanaitheachta, a áirithiú agus, ag an am céanna, go gceadófaí lamháil ionramhála buiséadaí a bheith acu, agus aird á tabhairt go háirithe ar an ngá atá le hinfheistíocht phoiblí. Ba cheart an cuspóir buiséadach meántéarmach a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn modha a bheadh aontaithe go comhpháirteach ar modh é lena léireofaí go cuí rioscaí na ndliteanas follasach agus intuigthe don airgeadas poiblí mar a chorpraítear in aidhmeanna CCF é.

(18)

Ní mór an oibleagáid chun an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú agus a choimeád ar bun a chur i ngníomh trí phrionsabail a shonrú do chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh. Ba cheart, a áirithiú, leis na prionsabail sin, inter alia, go gcionroinnfí ioncam amhantrach, eadhon ioncam is mó ná a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis ón bhfás eacnamaíoch, chun an fiachas a laghdú.

(19)

Maidir leis an oibleagáid chun an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú agus a choimeád ar bun, ba cheart go mbeadh sí infheidhme ar na Ballstáit uile.

(20)

Maidir le dul chun cinn leordhóthanach i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, ba cheart meastóireacht a dhéanamh air sin ar bhonn measúnaithe fhoriomláin ar ina leith a bheadh an comhardú struchtúrach ina thagairt, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim. Chuige sin, agus fad nach ndéanfar an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú, níor cheart go hiondúil go rachadh ráta fáis chaiteachas an rialtais os cionn ráta meántéarmach tagartha fáis OTI ionchasaigh, agus ba cheart na méaduithe a bheadh os cionn an chaighdeáin sin a mheaitseáil le méaduithe lánroghnacha ar ioncaim rialtais agus ba cheart laghduithe ar ioncam lánroghnach a chúiteamh trí laghduithe ar chaiteachas. Ba cheart ráta meántéarmach tagartha i leith fáis OTI ionchasaigh a ríomh de réir modha a bheadh aontaithe go comhpháirteach. Ba cheart don Choimisiún an modh ríofa do na réamhaisnéisí sin agus don ráta meántéarmach tagartha fáis OTI ionchasaigh a thiocfaidh astu a phoibliú. Ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh an inathraitheacht sa chaiteachas infheistíochta a bheith an-ard, go háirithe i gcás na mBallstát beag.

(21)

Ba cheart conair choigeartaithe níos gasta i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh a cheangal i gcás Ballstát a bhfuil leibhéal fiachais acu ar mó ná 60 % d’OTI é, nó a bhfuil rioscaí suntasacha acu maidir le hinbhuanaitheacht fiachais fhoriomláin.

(22)

Ba cheart imeacht sealadach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh a cheadú nuair a eascraíonn sé as imeacht neamhghnách nach bhfuil neart ag an mBallstát lena mbaineann air, a bhfuil mórthionchar aige ar riocht airgeadais an rialtais ghinearálta nó i gcás géarchor chun donais eacnamaíoch don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, ar an gcoinníoll nach gcuirtear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma, chun an téarnamh geilleagrach a éascú. Ba cheart aird a thabhairt ar chur chun feidhme na mór-athchóirithe struchtúracha agus imeacht sealadach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ón gcoigeartú iomchuí ina leith a cheadú, ar choinníoll go gcoinnítear lamháil sábháilteachta iomchuí i leith luach tagartha an easnaimh. Ba cheart go dtabharfaí aird faoi leith, sa chomhthéacs seo, ar athchóirithe sistéamacha ar phinsin, i gcás inar cheart go léireofaí, leis an imeacht, costas díreach incriminteach atreorú na ranníocaíochtaí ón gcolún atá faoi bhainistiú poiblí chuig an gcolún atá lánmhaoinithe. Ba cheart bearta lena ndéantar sócmhainní an cholúin lánmhaoinithe a aistriú ar ais chuig an gcolún atá faoi bhainistiú poiblí a mheas mar bhearta de chineál aonuaire agus sealadach, ar bearta iad atá eisiata, dá bhrí sin, ón gcomhardú struchtúrach a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh.

(23)

I gcás diallta shuntasaigh ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, ba cheart don Choimisiún foláireamh a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann, agus ba cheart don Chomhairle an cás a scrúdú laistigh de mhí ina dhiaidh sin agus moladh a dhéanamh maidir leis na bearta coigeartaithe is gá a dhéanamh. Ba cheart, leis an moladh sin, teorainn ama nach faide ná cúig mhí a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an diall. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tuarascáil a dhéanamh don Chomhairle faoin ngníomhaíocht a rinneadh. I gcás ina mainneoidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an gComhairle, ba cheart don Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena suífí nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach agus ba cheart di tuarascáil a dhéanamh don Chomhairle Eorpach. Tá sé tábhachtach go suífí sin in am má mhainníonn Ballstáit gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, go háirithe má leantar den mhainneachtain sin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a mholadh don Chomhairle moltaí athbhreithnithe a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann iarraidh ar BCE páirt a ghlacadh i misean faireachais i leith Ballstát an limistéir euro agus i leith Bhallstáit a ghlacann páirt i gComhaontú an 16 Márta 2006 idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro lena leagtar síos na nósanna imeachta oibriúcháin do mheicníocht rátaí malairte ag céim a trí den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadais (9), nuair is iomchuí. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún tuarascáil don Chomhairle maidir le toradh an mhisin agus, más iomchuí, ba cheart go mbeadh sé in ann a chinneadh a chuid fionnachatana a phoibliú.

(24)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinntí aonair a ghlacadh lena suitear neamhchomhlíonadh na moltaí a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal 121(4) CFAE lena mbunaítear bearta beartais más rud é go ndiallann Ballstát go suntasach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh. Mar chuid de chomhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát ar beartais iad arna seoladh i dtionól na Comhairle mar a fhorailtear dó Airteagal 121(1) CFAE, leanann na cinntí aonair sin go dlúth ó na moltaí dá dtagraítear ar moltaí iad arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 121(4) CFAE. Maidir le cearta vótála comhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu a chur ar fionraí i dtaca leis an gComhairle do ghlacadh cinnidh lena suitear neamhchomhlíonadh na moltaí a dhirítear chuig Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige ar bhonn Airteagal 121(4) CFAE, is iarmhairt dhíreach í ar chinneadh den sórt sin a bheith ina dhlúthchuid den obair leantach ar an moladh sin agus ar an bhforáil in Airteagal 139(4) CFAE lena bhforchoimeádtar an ceart vótála ar mholtaí den sórt sin do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(25)

Chun comhlíonadh chreat faireachais bhuiséadaigh an Aontais a áirithiú i gcás na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart sásra sonrach um fhorfheidhmiú a bhunú ar bhonn Airteagal 136 CFAE i gcásanna ina mbeadh diall shuntasach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh.

(26)

Leis na tagairtí atá i Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, ba cheart aird a thabhairt ar uimhriú nua na nAirteagal in CFAE.

(27)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 leis seo mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na rialacha lena gcumhdaítear inneachar agus tíolacadh clár cobhsaíochta agus clár um chóineasú agus lena gcumhdaítear scrúdú agus faireachán a dhéanamh ar na cláir sin mar chuid d’fhaireachas iltaobhach arna dhéanamh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún chun cosc a chur, ag céim luath, ar easnaimh rialtais ghinearálta iomarcacha a bheith ann agus chun faireachas agus comhordú ar bheartais eacnamaíocha a chur chun cinn agus chun tacú, tríd an meid sin a dhéanamh, le cuspóirí an Aontais don fhás agus don fhostaíocht a ghnóthú.”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Chun críche an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “Ballstáit a ghlacann páirt” na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(b)

ciallaíonn “Ballstáit nach nglacann páirt” na Ballstáit sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu.”.

(3)

Cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

“ROINN 1-A

AN SEIMEASTAR EORPACH UM BEARTAS EACNAMAÍOCH A CHOMHORDÚ

Airteagal 2-a

1.   Chun a áirithiú go ndéanfar comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus go mbeidh cóineasú marthanach ann ó thaobh fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát, déanfaidh an Chomhairle faireachas iltaobhach mar dhlúthchuid den Seimeastar Eorpach um beartas eacnamaíoch a chomhordú, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.   Áirítear an méid seo a leanas sa an Seimeastar Eorpach:

(a)

foirmliú chur chun feidhme mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (na mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha) i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE, agus an faireachas a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin;

(b)

foirmliú chur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 148(2) CFAE (na treoirlínte don fhostaíocht), agus an scrúdú a dhéantar ar an gcur chun feidhme sin;

(c)

tíolacadh agus measúnú chláir cobhsaíochta nó chláir um chóineasú na mBallstát faoin Rialachán seo;

(d)

tíolacadh agus measúnú chláir athchóirithe náisiúnta na mBallstát lena dtacaítear le straitéis an Aontais don fhás agus do phoist agus ar straitéis í arna bunú i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) thuas agus leis an mór-threoir do na Ballstáit arna heisiúint ag an gComhairle Eorpach agus ag an gCoimisiún ag tús na timthrialach bliantúil faireachais;

(e)

an faireachas chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (10).

3.   I gcaitheamh an tSeimeastair Eorpaigh, chun comhairle thráthúil agus chomhtháite a sholáthar maidir lena bhfuil beartaithe ó thaobh beartais mhacra-fhioscaigh agus mhacra-struchtúraigh, déanfaidh an Chomhairle, mar riail ghinearálta, tar éis di na cláir sin a mheasúnú ar bhonn moltaí ón gCoimisiún, treoir a thabhairt do na Ballstáit agus lánúsáid á baint aici as na hionstraimí dlíthiúla dá bhforáiltear faoi Airteagal 121 agus faoi Airteagal 148 CFAE, agus faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar an treoir a chuirfear chucu agus a gcuid beartas eacnamaíoch, fostaíochta agus buiséadach á bhforbairt acu sula ndéanfaidh siad na príomhchinntí maidir lena mbuiséid náisiúnta do na blianta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn.

Má mhainníonn Ballstát gníomhú de réir na treorach arna fáil, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air sin:

(a)

moltaí dá éis sin ón gComhairle go ndéanfaí bearta sonracha;

(b)

foláireamh ón gCoimisiún faoi Airteagal 121(4) CFAE;

(c)

bearta faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Beidh cur chun feidhme na mbeart faoi réir faireacháin athneartaithe ag an gCoimisiún agus féadfaidh misin faireachais a bheith san áireamh leis an bhfaireachán sin faoi Airteagal -11 den Rialachán seo.

4.   Chun gur mó trédhearcacht na gcinntí a dhéanfar, an tiomantas náisiúnta ina leith agus an chuntasacht i leith, beidh rannpháirtíocht chuí ag Parlaimint na hEorpa sa Seimeastar Eorpach, go háirithe trí bhíthin an idirphlé eacnamaíoch arna dhéanamh de bhun Airteagal 2-ab den Rialachán seo. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, leis an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch, leis an gCoiste Fostaíochta agus leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh i gcás inarb iomchuí sin. Beidh na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach, faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, maidir leis na príomh-shaincheisteanna beartais i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le forálacha an CFAE agus le socruithe dlíthiúla agus polaitiúla náisiúnta.

I gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE, déanfaidh Uachtarán na Comhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, Uachtarán an Ghrúpa Euro, tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Eorpach gach bliain faoi thorthaí an fhaireachais iltaobhaigh. Ba cheart na tuarascálacha sin a bheith mar chuid den Idirphlé Eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 2-ab den Rialachán seo.

(4)

Cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

“ROINN 1-Aa

AN tIDIRPHLÉ EACNAMAÍOCH

Airteagal 2-ab

1.   Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro, láithriú os comhair an choiste chun plé a dhéanamh ar na nithe a leanas:

(a)

faisnéis arna soláthar ag an gComhairle don choiste faoi na mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha de bhun Airteagal 121(2) CFAE;

(b)

mór-threoir do na Ballstáit a d’eisigh an Coimisiún ag tús na timthrialach bliantúil faireachais;

(c)

aon chonclúidí ar tháinig an Chomhairle Eorpach orthu maidir leis an treoshuíomh don bheartas eacnamaíoch i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

(d)

torthaí an fhaireachais iltaobhaigh arna dhéanamh faoin Rialachán seo;

(e)

aon chonclúidí ar tháinig an Chomhairle Eorpach orthu maidir le treoshuíomh agus torthaí an fhaireachais iltaobhaigh;

(f)

aon athbhreithniú a dhéanfar ag deireadh an tSeimeastair Eorpaigh ar an tslí ina ndéantar an faireachas iltaobhach;

(g)

moltaí ón gComhairle arna ndíriú chuig Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE i gcás diallta shuntasaigh agus an tuarascáil a rinne an Chomhairle chuig an gComhairle Eorpach mar a shainítear sin in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 10(2) den Rialachán seo.

2.   Mar riail ghinearálta, táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle de réir na moltaí agus na dtograí ón gCoimisiún nó go ndeánfaidh sí a seasamh a mhíniú go poiblí.

3.   Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do mholadh ón gComhairle faoi Airteagal 6(2) nó faoi Airteagal 10(2) páirt a ghlacadh i malartú tuairimí.

4.   Cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2a:

“Airteagal 2a

Beidh cuspóir meántéarmach difreáilte ag gach Ballstát dá riocht buiséadach. Na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha sin, ar cuspóirí do thír shonrach iad, féadfaidh siad imeacht ón gceanglas i dtaobh riochta is riocht atá gar do chomhardú nó riocht bharrachais agus lamháil sábháilteachta á soláthar acu i ndáil leis an 3 % den chóimheas OTI-easnaimh rialtais. Leis na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha, áiritheofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí nó áiritheofar go ndéanfar dul chun cinn pras i dtreo inbhuanaitheachta den sórt sin agus, ag an am céanna, beidh lamháil ionramhála buiséadaí ann, agus an gá atá le hinfheistíocht phoiblí á chur san áireamh, go háirithe.

Agus na fachtóirí sin á gcur san áireamh, sonrófar, do na Ballstáit aghlacann páirt agus do Bhallstáit aghlacann páirt in ERM2, na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha ar cuspóirí do thír shonrach iad laistigh de réimse sainithe idir -1 % d’OTI agus comhardú nó barrachas, i dtéarmaí arna gcoigeartú go timthriallach, agus iad glan ó bhearta de chineál aonuaire agus sealadach.

Déanfar athbhreithniú ar an gcuspóir buiséadach meántéarmach gach trí bliana. Féadfar cuspóir meántéarmach Ballstáit a athbhreithniú tuilleadh i gcás ina gcuirfear athchóiriú struchtúrach chun feidhme a mbeadh mórthionchar aige ar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Áireofar urraim an chuspóra bhuiséadaigh meántéarmaigh sna creataí buiséadacha meántéarmacha náisiúnta i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (11).

(6)

Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh gach Ballstát a ghlacann páirt an fhaisnéis is gá chun críche faireachais iltaobhaigh a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún go tráthrialta faoi Airteagal 121 CFAE i bhfoirm chláir chobhsaíochta, ar clár é lena soláthraítear bonn sár-riachtanach le haghaidh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí lena gcuideofar le cobhsaíocht praghsanna, le fás láidir inbhuanaithe agus le cruthú fostaíochta.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

“(a)

an cuspóir buiséadach meántéarmach agus conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin i ndáil le comhardú an rialtais ghinearálta mar chéatadán d’OTI, an chonair a bhfuiltear ag súil a bheidh ag cóimheas fiachais an rialtais ghinearálta, an chonair fáis atá beartaithe do chaiteachas an rialtais, lena n-áirítear an chionroinnt chomhfhreagrach d’ollfhoirmiú caipitil sheasta, agus aird á tabhairt go háirithe ar na coinníollacha agus ar na critéir chun fás an chaiteachais a shuíomh faoi Airteagal 5(1), an chonair fáis atá beartaithe d’ioncam rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe agus cainníochtú na mbeart lánroghnach ioncaim atá beartaithe;

(aa)

faisnéis faoi dhliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, agus faoi dhliteanais theagmhasacha, amhail ráthaíochtaí poiblí, a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu go ar chuntais an rialtais ghinearálta;

(ab)

faisnéis faoi chomhsheasmhacht an chláir chobhsaíochta leis na mórthreoirlínte beartais eacnamaíocha agus leis an gclár athchóirithe náisiúnta;

(b)

na príomhthoimhdí maidir le forbairtí eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo agus faoi athróga eacnamaíocha tábhachtacha atá ábhartha do ghnóthú an chláir chobhsaíochta, amhail caiteachas rialtais infheistíochta, fás réadach OTI, fostaíocht agus boilsciú;

(c)

measúnú cainníochtúil ar bhearta buiséadacha agus ar bhearta eile beartais eacnamaíoch atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun cuspóirí an chláir a ghnóthú, ar measúnú é a mbeidh anailís chostais/sochair mar chuid de ar na mór-athchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí buiséadacha acu atá dearfach, díreach agus fadtéarmach, lena n-áirítear tríd an bhfás inbhuanaithe ionchasach a mhéadú;”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Beidh an clár cobhsaíochta bunaithe ar an gcás macra-fhioscach arb é is dóichí a tharlóidh nó ar chás níos stuama. Déanfar comparáid idir na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha agus na réamhaisnéisí is cothroime le dáta ón gCoimisiún agus, más iomchuí, réamhaisnéisí comhlachtaí neamhspleácha eile. Maidir le haon difríochtaí suntasacha atá ann idir an cás macraifhioscach a roghnaíodh agus an réamhaisnéis ón gCoimisiún, cuirfear síos orthu le réasúnaíocht, go háirithe más rud é go n–imíonn leibhéal nó fás na dtoimhdí seachtracha ó na luachanna atá sna réamhaisnéisí ón gCoimisiún.

Déanfar cineál beacht na faisnéise sin a áirítear i bpointí (a), (aa), (b), (c) agus (d) de mhír 2 a leagan amach i gcreat comhchuibhithe arna bhunú ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Is ar bhonn bliantúil a thabharfar an fhaisnéis faoi chonairí le haghaidh an chóimheas i ndáil le comhardú agus fiachas an rialtais ghinearálta, faoi fhás caiteachais rialtais, faoin gconair fáis atá beartaithe d’ioncam rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe, faoi na bearta lánroghnacha atá beartaithe maidir le hioncam, arna gcainníochtú go hiomchuí, agus na príomhthoimhdí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 agus cuimseofar léi an bhliain roimhe sin, an bhliain reatha agus na trí bliana ina dhiaidh sin ar a laghad.

4.   Beidh faisnéis ar áireamh i ngach clár maidir lena stádas i gcomhthéacs na nósanna imeachta náisiúnta, go háirithe cé acu ar cuireadh an clár faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta, agus an raibh an deis ag an bparlaimint náisiúnta plé a dhéanamh ar thuairim na Comhairle maidir leis an gclár a tháinig roimhe sin nó, más ábhartha, ar aon mholadh nó ar aon fholáireamh a tugadh, agus ar fhormheas an pharlaimint an clár sin.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Déanfar na cláir cobhsaíochta a thíolacadh gach bliain i mí Aibreáin, agus faoi lár mhí Aibreáin de rogha, agus tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a gcláir cobhsaíochta a phoibliú.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Ar bhonn measúnuithe ón gCoimisiún agus ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle, faoi chuimsiú an fhaireachais iltaobhaigh faoi Airteagal 121 CFAE, na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a thíolacfaidh na Ballstáit lena mbaineann ina gcuid clár cobhsaíochta a scrúdú, an tsaincheist i dtaobh an toimhdí sochreidte iad na toimhdí eacnamaíocha a bhfuil an clár bunaithe orthu a mheasúnú, an tsaincheist i dtaobh an conair iomchuí í an chonair choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh a mheasúnú, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar an gconair chomhfhreagrach maidir le cóimheas an fhiachais, agus an tsaincheist i dtaobh an leordhóthanach na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun an chonair choigeartaithe sin a urramú d’fhonn an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú le linn an timthrialla a mheasúnú.

Le linn dóibh measúnú a dhéanamh ar an gconair choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún an bhfuil feabhas bliantúil iomchuí á shaothrú ag an mBallstát lena mbaineann ar a chomhardú buiséadach atá coigeartaithe go timthriallach, agus é glan ó bhearta de chineál aonuaire agus sealadach, rud atá riachtanach chun a chuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú, a bhfuil tagarmharc 0,5 % d’OTI aige. I gcás Ballstát a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar leibhéal fiachais ar mó ná 60 % d’OTI é nó a bhfuil rioscaí suntasacha acu maidir le hinbhuanaitheacht a bhfiachais fhoriomláin, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún ar airde é an feabhas bliantúil ar an gcomhardú buiséid atá coigeartaithe go timthriallach, agus é glan ó bhearta de chineál aonuaire agus sealadach eile, ná 0,5 % d’OTI. Tabharfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún aird ar cibé a dhéantar iarracht níos láidre coigeartaithe le linn tréimhsí an ratha eacnamaíoch agus cibé a dhéanfaí iarracht is lú ná sin le linn tréimhsí an lag trá eacnamaíoch. Déanfar ioncam amhantrach agus gannchion ioncaim, go háirithe, a chur san áireamh.

Maidir le dul chun cinn leordhóthanach i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, déanfar meastóireacht air sin, ar bhonn measúnaithe fhoriomláin ina bhfuil an comhardú struchtúrach ina thagairt, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim. Chuige sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún a mheasúnú an bhfuil an chonair fáis i leith caiteachais rialtais, agus í á breithniú in éineacht le héifeacht na mbeart atá á ndéanamh nó á mbeartú ar thaobh an ioncaim, i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás Ballstát a bhfuil an cuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu, nach mó fás bliantúil an chaiteachais ná ráta tagartha meántéarmach an fháis ionchasaigh OTI, mura rud é go meaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim;

(b)

i gcás Ballstát nach bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu fós, nach mó fás bliantúil caiteachais ná ráta atá faoi bhun ráta tagartha meántéarmach fháis ionchasaigh OTI, mura rud é go meaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim. Tá méid ghannchion an ráta fáis i leith chaiteachas rialtais, i gcomparáid le ráta meántéarmach tagartha fhás ionchasaigh OTI, socraithe ar bhealach lena n-áiritheofar coigeartú iomchuí i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh;

(c)

i gcás Ballstát nach bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu fós, go ndéantar laghduithe lánroghnacha ar ítimí ioncaim an rialtais a mheaitseáil le laghduithe ar chaiteachas nó le méaduithe lánroghnacha ar ítimí eile ioncaim de chuid an rialtais nó leis an dá cheann.

Eisiafar as an gcaiteachas comhiomlán caiteachas úis, caiteachas ar chláir de chuid an Aontais a mheaitseáiltear go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais agus athruithe neamh-lánroghnacha ar chaiteachas ar shochar dífhostaíochta.

Má sháraíonn fás an chaiteachais an tagairt mheántéarmach, ní mheasfar gur sárú ar an tagarmharc é an sárú sin a mhéid a dhéanfar an sárú sin a chúiteamh go hiomlán le méaduithe ar ioncam a bhfuil bunús dlí leo.

Cinnfear ráta meántéarmach tagartha fháis ionchasaigh an OTI ar bhonn réamh-mheastacháin ar a bhfuil le teacht agus meastacháin ar ar tharla cheana. Déanfar na réamh-mheastacháin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Déanfaidh an Coimisiún an modh ríofa do na réamh-mheastacháin sin agus ráta meántéarmach tagartha fháis ionchasaigh OTI a thiocfaidh astu a phoibliú.

Agus conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh á sainiú acu do Bhallstáit nach bhfuil an cuspóir sin gnóthaithe acu fós, agus diall sealadach ón gcuspóir sin á cheadú acu do Bhallstáit a bhfuil an cuspóir sin gnóthaithe acu, ar an gcoinníoll go bhfágfar lamháil sábháilteachta iomchuí i leith luach tagartha an easnaimh, agus go measfar go bhfillfidh an riocht buiséadach ar an gcuspóir buiséadach meántéarmach laistigh de thréimhse an chláir, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún cur chun feidhme mór-athchóirithe struchtúracha san áireamh a bhfuil éifeachtaí buiséadacha acu atá dearfach, díreach agus fadtéarmach, méadú an fháis inbhuanaithe ionchasaigh san áireamh, agus a bhfuil, dá bhrí sin, tionchar infhíoraithe acu ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Tabharfar aird speisialta ar athchóirithe pinsean lena dtugtar isteach córas ilcholúnach ina n-áirítear colún éigeantach lánmhaoinithe. Maidir leis na Ballstáit a chuirfidh athchóirithe den sórt sin chun feidhme, ceadófar dóibh imeacht ó chonair an choigeartaithe i dtreo a gcuspóir buiséadach meántéarmach nó imeacht ón gcuspóir féin, agus léireofar, leis an diall sin, méid thionchar díreach incriminteach an athchóirithe ar chomhardú an rialtais ghinearálta, ar an gcoinníoll go bhfágfar lamháil iomchuí sábháilteachta maidir le luach tagartha an easnaimh.

Ina theannta sin, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún, an cheist i dtaobh an éascaíonn an clár cobhsaíochta cóineasú inbhuanaithe agus réadach a ghnóthú i limistéar an euro agus comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha, agus an bhfuil beartais eacnamaíocha an Bhallstáit lena mbaineann ag teacht le mórthreoirlínte na mBallstát agus an Aontais maidir leis an mbeartas eacnamaíoch agus le treoirlínte na mBallstát agus an Aontais don fhostaíocht.

Féadfar imeacht sealadach a cheadú ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh dá dtagraítear sa tríú fomhír, do Bhallstáit, i gcás imeachta neamhghnách nach bhfuil neart ag an mBallstát lena mbaineann air agus ar imeacht é a bhfuil mórthionchar aige ar riocht eacnamaíoch an rialtais ghinearálta nó i gcás géarchor chun donais eacnamaíoch don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma.

2.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún an clár cobhsaíochta a scrúdú laistigh de thrí mhí ar a mhéid ón dáta a dtíolactar an clár. Ar mholadh ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle tuairim a ghlacadh faoin gclár, más gá sin. I gcás ina measfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE, gur cheart cuspóirí agus inneachar an chláir a neartú go háirithe i dtaca le conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, iarrfaidh an Chomhairle, sa tuairim uaithi, ar an mBallstát lena mbaineann a chlár a choigeartú.”.

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Mar chuid den fhaireachas iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 121(3) CFAE, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na gclár cobhsaíochta, ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit a ghlacann páirt ar fáil agus ar bhonn measúnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, go háirithe d’fhonn imeachtaí suntasacha sa riocht buiséadach, idir iarbhír agus dóchúil, ón gcuspóir buiséadach meántéarmach, nó ó chonair iomchuí an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin, a aithint.

2.   I gcás ina bhfeictear diall suntasach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo, agus d’fhonn easnamh iomarcach a chosc, díreoidh an Coimisiún foláireamh chuig an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de mhí ón dáta a nglacfaidh an Coimisiún an foláireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, scrúdú ar an gcás agus glacfaidh sí moladh maidir leis na bearta beartais is gá ar bhonn moladh ón gCoimisiún, bunaithe ar Airteagal 121(4) CFAE. Leagfar teorainn ama síos leis an moladh chun aghaidh a thabhairt ar an diall, ar teorainn ama í nach faide ná cúig mhí. Laghdófar an teorainn ama go trí mhí i gcás ina measfaidh an Coimisiún ina foláireamh go dteastaíonn gníomhaíocht phráinneach de bharr a thromchúisí atá an cor. Poibleoidh an Chomhairle an moladh sin, ar thogra ón gCoimisiún.

Laistigh den teorainn ama a leagfaidh an Chomhairle síos sa mholadh faoi Airteagal 121(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil chuig an gComhairle maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh sin.

I gcás ina mainníonn an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh laistigh den teorainn ama atá sonraithe i moladh ón gComhairle faoin dara fomhír, molfaidh an Coimisiún láithreach don Chomhairle go ndéanfadh sí cinneadh a ghlacadh, trí thromlach cáilithe, lena suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. Ag an tráth céanna, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle go ndéanfadh sí moladh leasaithe a ghlacadh faoi Airteagal 121(4) CFAE maidir leis na bearta beartais is gá.

Más rud é nach nglacann an Chomhairle an cinneadh ar an moladh ón gCoimisiú,n ar moladh é á rá nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach, agus má leanann an Ballstát lena mbaineann ar aghaidh lena mhainneachtain gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle, mí amháin tar éis an mholta roimhe sin, an cinneadh a ghlacadh lena suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach simplí, an moladh a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é. Ag an tráth céanna, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle go ndéanfadh sí moladh leasaithe a ghlacadh faoi Airteagal 121(4) CFAE maidir leis na bearta beartais is gá.

Agus an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh dá dtagraítear sa cheathrú agus sa chúigiú fomhír á dhéanamh, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a ghlacann páirt agus gníomhóidh an Chomhairle gan aird a thabhairt ar vóta an chomhalta ón gComhairle a ionadaíonn don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

Cuirfidh an Chomhairle tuarascáil fhoirmiúil faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir leis na cinntí a rinneadh dá réir sin.

3.   Aon diall ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó chonair iomchuí an choigeartaithe ina threo, déanfar meastóireacht ar an diall sin ar bhonn measúnaithe fhoriomláin agus an comhardú struchtúrach ina thagairt, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim, mar a shainítear in Airteagal 5(1) iad.

Chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an diall suntasach é an diall, áireofar na critéir seo a leanas, go háirithe, sa mheasúnú:

(a)

i gcás Ballstáit nach bhfuil an cuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe aige, nuair a bheidh an t-athrú ar an gcomhardú struchtúrach á mheasúnú, measfar an diall a bheith suntasach más 0,5 % d’OTI é i mbliain amháin ar a laghad nó más 0,25 % d’OTI é ar an meán in aghaidh na bliana in dhá bhliain as a chéile;

(b)

agus forbairtí caiteachais atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim á measúnú, an bhfuil tionchar iomlán 0,5 % d’OTI ar a laghad in aon bhliain amháin nó 0,5 % d’OTI go carnach in dhá bhliain as a chéil, ag an diall ar an gcomhardú rialtais.

Ní mheasfar diall maidir leis na bhforbairtí caiteachais a bheith suntasach má chuaigh an Ballstát lena mbaineann thar an gcuspóir buiséadach meántéarmach, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh ioncam amhantrach suntasach a bheith ann, agus más rud é nach ndéanfaidh na pleananna buiséid atá leagtha síos sa chlár cobhsaíochta an cuspóir sin a chur i gcontúirt le linn thréimhse an chláir.

Ar an gcaoi chéanna, féadfar gan breithniú ar an diall nuair a eascraíonn sé as imeacht neamhghnách nach bhfuil neart ag an mBallstát lena mbaineann air, agus a bhfuil mórthionchar aige ar riocht airgeadais an rialtais ghinearálta, nó i gcás géarchoir chun donais eacnamaíoch don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma.”.

(10)

Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh gach Ballstát nach nglacann páirt an fhaisnéis is gá chun críche faireachais iltaobhaigh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún go tráthrialta faoi Airteagal 121 CFAE i bhfoirm cláir um chóineasú, ar clár é lena soláthraítear bonn sár-riachtanach d’inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chuideoidh le cobhsaíocht praghsanna, le fás láidir inbhuanaithe agus le cruthú fostaíochta.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

“(a)

cuspóir buiséadach meántéarmach agus conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin maidir le comhardú ginearálta an rialtais ghinearálta mar chéatadán d’OTI, an pátrún a cheaptar a bheidh ag cóimheas fiachais an rialtais ghinearálta, an chonair fáis atá pleanáilte do chaiteachas an rialtais, lena n-áirítear an chionroinnt chomhfhreagrach d’ollfhoirmiú caipitil sheasta agus aird á tabhairt go háirithe ar na dálaí agus ar na critéir chun fás an chaiteachais a shuíomh faoi Airteagal 9(1), an chonair fáis atá pleanáilte don ioncam rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe agus cainníochtú na mbeart lánroghnach ioncaim atá beartaithe, cuspóirí meántéarmacha an bheartais airgeadaíochta, an gaol atá ag na cuspóirí sin le cobhsaíocht praghsanna agus rátaí malairte agus le cóineasú marthanach a ghnóthú;

(aa)

faisnéis faoi dhliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, agus faoi dhliteanais theagmhasacha, amhail ráthaíochtaí poiblí, a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar chuntais an rialtais ghinearálta;

(ab)

faisnéis faoi chomhchuibheas an chláir um chóineasú leis na mór-threoirlínte i ndáil leis an mbeartas eacnamaíoch agus leis an gclár athchóirithe náisiúnta;

(b)

na príomhthoimhdí faoi fhorbairtí eacnamaíocha a thuartar agus athróga eacnamaíocha tábhachtacha atá ábhartha i dtaca leis an gclár um chóineasú a ghnóthú, amhail caiteachas infheistíochta rialtais, fás réadach OTI, fostaíocht agus boilsciú;

(c)

measúnú cainníochtúil ar bhearta buiséadacha agus ar bhearta eile an bheartais eacnamaíoch atá á ndéanamh nó á mbeartú chun cuspóirí an chláir a ghnóthú, a mbeidh anailís chostais/sochair ag gabháil leis ar na mór-athchóirithe struchtúracha a bhfuil éifeachtaí buiséadacha acu atá dearfach, díreach agus fadtéarmach, méadú an fháis inbhuanaithe ionchasaigh san áireamh;”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Is ar an gcás macraifhioscach arb é is dóichí a tharlóidh nó ar chás níos stuama a bheidh an clár um chóineasú bunaithe. Déanfar comparáid idir na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha agus na réamhaisnéisí is cothroime le dáta ón gCoimisiún agus, más iomchuí, réamhaisnéisí de chuid comhlachtaí neamhspleácha eile. Aon difríochtaí suntasacha a bheidh idir an cás macraifhioscach a roghnaíodh agus an réamhaisnéis ón gCoimisiún, cuirfear síos orthu agus míneofar iad, go háirithe má tá difear suntasach idir an leibhéal nó an fás atá ag baint le toimhdí seachtracha agus na luachanna atá sna réamhaisnéisí ón gCoimisiún.

Déanfar cineál beacht na faisnéise sin a áirítear i bpointí (a), (aa), (b), (c) agus (d) de mhír 2 a leagan amach i gcreat comhchuibhithe a bhunóidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Is ar bhonn bliantúil a thabharfar an fhaisnéis faoi chonairí chomhardú agus fiachas an rialtais ghinearálta, faoi fhás chaiteachas an rialtais, faoin gconair fáis atá beartaithe d’ioncam an rialtais bunaithe ar bheartas neamhathraithe, faoi na bearta lánroghnacha atá beartaithe maidir le hioncam, agus iad á gcainníochtú go hiomchuí, agus na príomhthoimhdí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) de mhír 2 agus cuimseofar léi an bhliain roimhe sin, an bhliain reatha agus na trí bliana ina dhiaidh sin ar a laghad.

4.   Beidh faisnéis i ngach clár maidir lena stádas i gcomhthéacs na nósanna imeachta náisiúnta, go háirithe i dtaobh ar cuireadh an clár faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta, agus an raibh an deis ag an bparlaimint náisiúnta plé a dhéanamh ar an tuairim ón gComhairle faoin gclár a tháinig roimhe sin nó, más ábhartha, ar aon mholadh nó ar aon fholáireamh a tugadh, agus ar fhormheas an pharlaimint an clár.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1.   Déanfar na cláir um chóineasú a thíolacadh gach bliain i mí Aibreáin, faoi lár mhí Aibreáin de rogha, agus tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a gcláir um chóineasú a phoibliú.”.

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Ar bhonn measúnuithe a bheidh déanta ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle faoi chuimsiú an fhaireachais iltaobhaigh faoi Airteagal 121 CFAE, na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a thíolacfaidh na Ballstáit lena mbaineann ina gcuid clár cobhsaíochta a scrúdú, déanfaidh sí measúnú i dtaobh an toimhdí sochreidte iad na toimhdí eacnamaíocha a bhfuil an clár bunaithe orthu, an conair iomchuí í conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, agus conair chomhfhreagrach chóimheas an fhiachais á cur san áireamh, agus an leordhóthanach iad na bearta atá á ndéanamh nó atá á mbeartú chun an chonair choigeartaithe sin a urramú d’fhonn an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú le linn na timthrialach agus cóineasú inbhuanaithe a ghnóthú.

Agus conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh á measúnú acu, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún san áireamh an ndéantar iarracht níos déine coigeartaithe le linn tréimhsí an ratha eacnamaíoch agus iarracht is lú ná sin le linn tréimhsí an lag trá eacnamaíoch. Déanfar ioncam amhantrach agus gannchion ioncaim a chur san áireamh, go háirithe. I gcás Ballstát a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar leibhéal fiachais ar mó ná 60 % d’OTI é nó a bhfuil rioscaí suntasacha acu maidir le hinbhuanaitheacht a bhfiachais fhoriomláin, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún cibé an airde é an feabhas bliantúil ar an gcomhardú buiséid atá coigeartaithe go timthriallach, agus é glan ó bhearta aonuaire agus ó bhearta sealadacha eile, ná 0,5 % d’OTI. I gcás Bhallstáit a ghlacann páirt in ERM2, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún an bhfuil feabhas bliantúil iomchuí á shaothrú ag an mBallstát lena mbaineann ar a chomhardú buiséid atá coigeartaithe go timthriallach, agus é glan ó bhearta is de chineál aonuaire nó sealadach eile, rud atá riachtanach chun a chuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú, a bhfuil tagarmharc 0,5 % d’OTI aige.

Maidir le dul chun cinn leordhóthanach i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, déanfar meastóireacht air sin ar bhonn measúnaithe fhoriomláin agus an comhardú struchtúrach ina thagairt, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim. Chuige sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún a mheasúnú i dtaobh an bhfuil conair fáis chaiteachas an rialtais, agus í á breithniú in éineacht le héifeacht na mbeart atá á ndéanamh nó á mbeartú ar thaobh an ioncaim, i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás Ballstát a bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu, nach sáróidh fás bliantúil an chaiteachais ráta tagartha meántéarmach fháis ionchasaigh OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim;

(b)

i gcás Ballstát nach bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu fós, nach sáróidh fás bliantúil an chaiteachais ráta atá faoi bhun ráta tagartha meántéarmach fháis ionchasaigh OTI, ach amháin má mheaitseáiltear an sárú sin le bearta lánroghnacha ioncaim. Tá méid an easnaimh i ráta fáis chaiteachas an rialtais, i gcomparáid le ráta meántéarmach tagartha fháis ionchasaigh OTI, socraithe ar bhealach lena n-áiritheofar coigeartú iomchuí i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh;

(c)

i gcás Ballstát nach bhfuil a gcuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe acu fós, go ndéantar laghduithe lánroghnacha ar ítimí ioncaim an rialtais a mheaitseáil le laghduithe ar chaiteachas nó le méaduithe lánroghnacha ar ítimí eile ioncaim de chuid an rialtais nó leis an dá cheann.

Eisiafar as an gcaiteachas comhiomlán caiteachas úis, caiteachas ar chláir de chuid an Aontais a mheaitseáiltear go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais agus athruithe neamh-lánroghnacha ar chaiteachas ar shochar dífhostaíochta.

Má sháraíonn fás an chaiteachais an tagairt mheántéarmach, ní mheasfar gur sárú ar an tagarmharc é an sárú sin a mhéid a dhéanfar an sárú sin a chúiteamh go hiomlán le méaduithe ar ioncam a bhfuil bunús dlí leo.

Cinnfear ráta meántéarmach tagartha fháis ionchasaigh OTI ar bhonn réamh-mheastacháin ar a bhfuil le teacht agus meastacháin ar ar tharla cheana. Déanfar na réamh-mheastacháin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Déanfaidh an Coimisiún an modh ríofa do na réamh-mheastacháin sin agus ráta meántéarmach tagartha fháis ionchasaigh OTI a thiocfaidh astu a phoibliú.

Agus conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh á sainiú acu do Bhallstáit nach bhfuil an cuspóir sin gnóthaithe acu fós, agus diall sealadach ón gcuspóir sin á cheadú acu do Bhallstáit a bhfuil an cuspóir sin gnóthaithe acu, ar an gcoinníoll go bhfágfar lamháil sábháilteachta iomchuí i leith luach tagartha an easnaimh, agus go dtuartar go bhfillfidh an riocht buiséadach ar an gcuspóir buiséadach meántéarmach laistigh de thréimhse an chláir, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún cur chun feidhme mór-athchóirithe struchtúracha san áireamh a bhfuil éifeachtaí buiséadacha acu atá dearfach, díreach agus fadtéarmach, méadú an fháis inbhuanaithe ionchasaigh san áireamh, agus a bhfuil, dá bhrí sin, tionchar infhíoraithe acu ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

Tabharfar aird speisialta ar athchóirithe pinsean lena dtugtar isteach córas ilcholúnach lena n-áirítear colún éigeantach lánmhaoinithe. Maidir leis na Ballstáit a chuirfidh athchóirithe mar sin chun feidhme, ceadófar dóibh imeacht ó chonair an choigeartaithe i dtreo a gcuspóir buiséadach meántéarmach nó imeacht ón gcuspóir féin, agus léireofar, leis an diall sin, méid thionchar díreach incriminteach an athchóirithe ar chomhardú an rialtais ghinearálta, ar an gcoinníoll go bhfágfar lámháil iomchuí sábháilteachta maidir le luach tagartha an easnaimh.

Ina theannta sin, scrúdóidh an Chomhairle agus an Coimisiún, an cheist i dtaobh an éascaítear le clár um chóineasú cóineasú marthanach agus réadachagus comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha a ghnóthú agus an bhfuil beartais eacnamaíocha an Bhallstáit lena mbaineann ag teacht le mórthreoirlínte beartais eacnamaíocha agus treoirlínte na mBallstát agus an Aontais don fhostaíocht. Lena chois sin, i gcás Bhallstáit aghlacann páirt in ERM2, scrúdóidh an Chomhairle an áirithítear, leis an gclár um chóineasú, rannpháirtíocht rianúil sa mheicníocht rátaí malairte.

Féadfar imeacht sealadach a cheadú ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh dá dtagraítear sa tríú fomhír, do Bhallstáit, i gcás imeachta neamhghnách nach bhfuil neart ag an mBallstát lena mbaineann air, a bhfuil mórthionchar aige ar riocht eacnamaíoch an rialtais ghinearálta nó i gcás géarchoir chun donais eacnamaíoch don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma.

2.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún an clár um chóineasú a scrúdú laistigh de thrí mhí ar a mhéid ón dáta a dtíolactar é. Ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, déanfaidh an Chomhairle tuairim a ghlacadh faoin gclár, más gá sin. I gcás ina measfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE, gur cheart cuspóirí agus inneachar an chláir a neartú go háirithe i dtaca le conair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, iarrfaidh an Chomhairle, sa tuairim uaithi, ar an mBallstát lena mbaineann a chlár a choigeartú.”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

1.   Mar chuid den fhaireachas iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 121(3) CFAE, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na gclár um chóineasú, ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit a bhfuil maolú acu ar fáil agus ar bhonn measúnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, go háirithe d’fhonn imeachtaí suntasacha sa riocht buiséadach, idir iarbhír agus dóchúil, ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó chonair iomchuí an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin, a aithint.

Lena chois sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachán ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát nach nglacann páirt i bhfianaise chuspóirí an chláir um chóineasú d’fhonn a áirithiú go mbeidh a mbeartais ag feidhmiú i dtreo cobhsaíochta agus, ar an dóigh sin, go seachnófar mí-ailíniú ar na rátaí malairte iarbhír agus luaineachtaí iomarcacha ar na rátaí malairte ainmniúla.

2.   I gcás ina bhfeictear diall suntasach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo, agus chun easnamh iomarcach a chosc, díreoidh an Coimisiún foláireamh chuig an mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de mhí ón dáta a nglacfaidh an Coimisiún an foláireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, scrúdú ar an gcás agus glacfaidh sí moladh maidir leis na bearta beartais is gá ar bhonn moladh ón gCoimisiún, bunaithe ar Airteagal 121(4) CFAE. Leagfar teorainn ama síos leis an moladh, ar teorainn ama í nach faide ná cúig mhí, chun aghaidh a thabhairt ar an diall. Laghdófar an teorainn ama go trí mhí i gcás ina measfaidh an Coimisiún ina fholáireamh go dteastaíonn gníomhaíocht phráinneach de bharr a thromchúisí atá an cor. Poibleoidh an Chomhairle an moladh sin, ar thogra ón gCoimisiún.

Laistigh den teorainn ama a leagfaidh an Chomhairle síos sa mholadh faoi Airteagal 121(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil chuig an gComhairle maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh sin.

I gcás ina mainneoidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh laistigh den teorainn ama atá sonraithe i moladh ón gComhairle faoin dara fomhír, molfaidh an Coimisiún láithreach don Chomhairle cinneadh a ghlacadh, trí thromlach cáilithe. lena suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. Ag an tráth céanna, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle moladh leasaithe a ghlacadh faoi Airteagal 121(4) CFAE maidir leis na bearta beartais is gá.

Más rud é nach nglacann an Chomhairle an cinneadh ar an moladh ón gCoimisiún ar moladh é á rá nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach, agus má leanann an Ballstát lena mbaineann ar aghaidh lena mhainneachtain gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, molfaidh an Coimisiún, mí amháin tar éis an mholta roimhe sin, an cinneadh a ghlacadh lena suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, é a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é. Ag an tráth céanna, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle moladh leasaithe a ghlacadh faoi Airteagal 121(4) maidir leis na bearta beartais is gá.

Agus an cinneadh sin maidir le neamhchomhlíonadh, dá dtagraítear sa cheathrú agus sa chúigiú fomhír á dhéanamh aici, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

Cuirfidh an Chomhairle tuarascáil fhoirmiúil faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, dá réir, maidir leis na cinntí a rinneadh dá réir sin.

3.   Aon diall ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó chonair iomchuí an choigeartaithe ina threo, déanfar meastóireacht ar an diall sin ar bhonn measúnaithe fhoriomláin agus an comhardú struchtúrach ina thagairt, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim, mar a shainítear in Airteagal 9(1) iad.

Áireofar na critéir seo a leanas go háirithe sa mheasúnú a dhéanfar chun a fháil amach an diall suntasach é an diall:

(a)

i gcás Ballstáit nach bhfuil an cuspóir buiséadach meántéarmach gnóthaithe aige, nuair a bheidh an t-athrú ar an gcomhardú struchtúrach á mheasúnú, an é atá sa diall 0,5 % d’OTI ar a laghad i mbliain amháin nó an 0,25 % d’OTI ar a laghad é ar an meán in aghaidh na bliana in dhá bhliain as a chéile;

(b)

agus forbairtí caiteachais atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim á measúnú, an bhfuil tionchar iomlán 0,5 % d’OTI ar a laghad in aon bhliain áirithe nó 0,5 % d’OTI go carnach in dhá bhliain as a chéile, ag an diall ar an gcomhardú rialtais.

Ní mheasfar an diall maidir le forbairtí caiteachais a bheith suntasach má chuaigh an Ballstát lena mbaineann thar an gcuspóir buiséadach meántéarmach, agus amhantair shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh, agus mura ndéanfar an cuspóir sin a chur i gcontúirt leis na pleananna buiséadacha a leagtar síos sa chlár um chóineasú le linn thréimhse an chláir.

Ar an gcaoi chéanna, féadfar gan breithniú a dhéanamh ar an diall nuair a eascraíonn sé as imeacht neamhghnách nach bhfuil neart ag an mBallstát lena mbaineann air, agus a bhfuil mórthionchar aige ar riocht airgeadais an rialtais ghinearálta nó i gcás ina mbeidh géarchor chun donais eacnamaíoch ann don limistéar euro nó don Aontas ina iomláine, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma.”.

(14)

Cuirtear an roinn seo a leanas isteach:

“ROINN 3A

PRIONSABAL AN NEAMHSPLEÁCHAIS STAIDRIMH

Airteagal 10a

D’fhonn a chinntiú go mbeidh an faireachas iltaobhach bunaithe ar staidreamh fónta agus neamhspleách, áiritheoidh na Ballstáit neamhspleáchas gairmiúil na n-údarás náisiúnta staidrimh, ar neamhspleáchas é a bheidh comhsheasmhach leis an gcód cleachtais do Staidreamh Eorpach mar a leagtar síos é i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (12). Ceanglófar an méid seo a leanas ar a laghad leis sin:

(a)

próisis earcaíochta agus dífhostaithe thrédhearcacha nach mór dóibh bheith bunaithe ar chritéir ghairmiúla agus orthu sin amháin;

(b)

cionroinnt bhuiséadacha a chaithfear a dhéanamh ar bhonn bliantúil nó ilbhliantúil;

(c)

an dáta a bhfoilseofar príomhfhaisnéis staidrimh nach mór a ainmniú tráth sách fada roimh ré.

(15)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal -11

1.   Áiritheoidh an Coimisiún idirphlé buan le húdaráis ábhartha na mBallstát i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chun na críche sin, go háirithe cuirfidh an Coimisiún misin i gcrích d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát agus d’fhonn aon riosca nó aon deacracht i dtaca le comhlíonadh chuspóirí an Rialacháin seo a aithint.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi misin faireachais feabhsaithe i mBallstáit atá ina n-ábhar do mholtaí arna n-eisiúint faoi Airteagal 6(2) nó faoi Airteagal 10(2) chun críocha faireachán ar an láthair a dhéanamh. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis go léir is gá ar fáil chun na misin sin a ullmhú agus a chur i gcrích.

3.   Nuair is Ballstát a ghlacann páirt é an Ballstát lena mbaineann nó nuair is Ballstát é a ghlacann páirt in ERM2, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ionadaithe de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh, más iomchuí, páirt a ghlacadh i misin faireachais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig an gComhairle maidir le toradh na misean dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé a gcuid fionnachtana a phoibliú.

5.   Le linn dó na misin dá dtagraítear i mír 2 a eagrú, cuirfidh an Coimisiún a thorthaí sealadacha chuig na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh tráchtaí.”.

(16)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 12a

1.   Faoin 14 Nollaig 2014 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, inter alia ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo, go háirithe cibé an bhfuil sé cruthaithe go bhfuil na forálacha a rialaíonn cinnteoireacht sách urrúnta;

(b)

an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le comhordú níos dlúithe beartas eacnamaíoch agus cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear ar na nósanna imeachta cinnteoireachta, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Cuirfear an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.”.

(17)

Cuirfear tagairtí do “Airteagal 121 CFAE” in ionad na dtagairtí ar fad atá sa Rialachán do “Airteagal 99 den Chonradh”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 150, 20.5.2011, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2011.

(3)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

(4)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

(5)  IO C 236, 2.8.1997, lch. 1.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1055/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97) maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 174, 7.7.2005, lch. 1.).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1056/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 174, 7.7.2005, lch. 5.).

(8)  Féach doiciméad 7423/3/05 ar http://www.consilium.europa.eu/documents.aspx?lang=en

(9)  IO C 73, 25.3.2006, lch. 21.

(10)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.”.

(11)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.”.

(12)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.”.


Top