Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Dokument 32011R0579
Regulation (EU) No 579/2011 of the European Parliament and of the Council of 8 June 2011 amending Council Regulation (EC) No 850/98 for the conservation of fishery resources through technical measures for the protection of juveniles of marine organisms and Council Regulation (EC) No 1288/2009 establishing transitional technical measures from 1 January 2010 to 30 June 2011
Rialachán (AE) Uimh. 579/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011
Rialachán (AE) Uimh. 579/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011
IO L 165, 24.6.2011, S. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Nicht mehr in Kraft, Datum des Endes der Gültigkeit: 13/08/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R1241
Beziehung | Rechtsakt | Kommentar | Betreffende Passage | Von | bis |
---|---|---|---|---|---|
Änderung | 31998R0850 | Cur le | iarscríbhinn II | 01/07/2011 | |
Änderung | 31998R0850 | Cur le | iarscríbhinn I | 01/07/2011 | |
Änderung | 32009R1288 | Athchur | airteagal 1 P1 | 01/07/2011 | |
Änderung | 32009R1288 | Athchur | airteagal 2 | 01/07/2011 | |
Änderung | 32009R1288 | Leasú | airteagal 1 P2 | 01/07/2011 |
Beziehung | Rechtsakt | Kommentar | Betreffende Passage | Von | bis |
---|---|---|---|---|---|
Stillschweigend aufgehoben durch | 32019R1241 | 14/08/2019 |
24.6.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 579/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEorpa AGUS ÓN gComhairle
an 8 Meitheamh 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle (3) maidir le bearta teicniúla sealadacha a bhí cumhdaithe roimhe sin le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 ón gComhairle (4) a choimeád i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go leanann na bearta sin d’fheidhm a bheith acu go dtí tráth glactha beart buan. |
(2) |
I bhfianaise an athchóirithe atá le teacht ar an gComhbheartas Iascaigh (CBI) agus i bhfianaise ábharthacht an athchóirithe sin maidir le hinneachar agus raon feidhme na mbeart nua teicniúil buan, is iomchuí glacadh na mbeart sin a mhoilliú go dtí go mbeidh creat nua reachtach ann. |
(3) |
Chun caomhnú agus bainistiú cuí acmhainní muirí a choimeád ar bun, agus ós rud é gur féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidh feidhm ag creat nua reachtach amhail ón 1 Eanáir 2013, ba cheart go leanfadh na bearta teicniúla atá i bhfeidhm faoi láthair d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sin. |
(4) |
Dá thoradh sin, ós rud é go scoirfidh na bearta teicniúla sealadacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 d’fheidhm a bheith acu ón 1 Iúil 2011, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun bailíocht na mbeart sin a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2012. |
(5) |
Rinneadh na cuótaí iascaireachta le haghaidh Torcéisc (Caproidae) a bhunú den chéad uair faoi Rialachán (AE) Uimh. 57/2011 ón gComhairle (5). Is iomchuí, dá bhrí sin, a shoiléiriú gur féidir spriociascaireacht a dhéanamh ar thorciasc agus líonta tarraingthe ag a bhfuil méid mogaill sa réimse 32 milliméadar go 54 milliméadar á n-úsáid. Dá thoradh sin, ba cheart Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (6) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 leis seo mar a leanas:
1. |
In Iarscríbhinn I, sa tábla, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘Torciasc (Caproidae)’, lena ngabhann réimse méide mogaill 32 mm go 54 mm agus céatadán íosta 90/60 den spriocspeiceas; |
2. |
In Iarscríbhinn II, sa tábla, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘Torciasc (Caproidae)’, lena ngabhann réimse méide mogaill 32 mm go 54 mm agus céatadán íosta 90 % den spriocspeiceas. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 leis seo mar a leanas:
1. |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
2. |
In Airteagal 2, cuirtear na focail ‘an 31 Nollaig 2012’ in ionad na bhfocal ‘an 30 Meitheamh 2011’. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Meitheamh 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
GYŐRI E.
(1) IO C 84, 17.3.2011, lch. 47.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Bealtaine 2011.
(3) IO L 347, 24.12.2009, lch. 6.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 ón gComhairle an 16 Eanáir 2009 lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara i leith stoc áirithe éisc agus i leith grúpaí stoc éisc don bhliain 2009, ar nithe iad sin a mbeidh feidhm acu in uiscí an Chomhphobail agus, maidir le soithí Comhphobail, in uiscí ina bhfuil gá le teorainneacha ar ghabhálacha (IO L 22, 26.1.2009, lch. 1.).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 57/2011 ón gComhairle an 18 Eanáir 2011 lena socraítear na deiseanna iascaireachta i leith stoc áirithe éisc agus i leith grúpaí stoc éisc don bhliain 2011, ar nithe iad sin a mbeidh feidhm acu in uiscí an AE agus, maidir le soithí AE, in uiscí áirithe neamh-AE (IO L 24, 27.1.2011, lch. 1.).
(6) IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.