Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1232

Rialachán (AE) Uimh. 1232/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas Eorpach leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (2007-2010)

IO L 346, 30.12.2010, pp. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2010

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1232/oj

30.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1232/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2010

maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas Eorpach leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (2007-2010)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175 agus Airteagal 352(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus leis an gceanglas le haghaidh aontoilíochta sa Chomhairle dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 352(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le linn ceann de na cuspóirí a shonraítear i gComhaontú Angla-Éireannach an 15 Samhain 1985 a chur chun feidhme, bunaíodh an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Ciste) sa bhliain 1986 le Comhaontú an 18 Meán Fómhair 1986 idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Comhaontú) d’fhonn dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, agus d’fhonn teagmháil, idirphlé agus athmhuintearas a chothú idir náisiúnaithe agus aontachtaithe ar fud na hÉireann.

(2)

Tá ranníocaíochtaí airgeadais á dtabhairt ag an Aontas don Chiste ón mbliain 1989 i leith, mar go n-aithníonn an tAontas gurb ionann cuspóirí an Chiste agus na cuspóirí atá á saothrú aige féin. Sa tréimhse 2005 go 2006, gealladh EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana ó bhuiséad an Chomhphobail do na blianta 2005 agus 2006 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 177/2005 ón gComhairle an 24 Eanáir 2005 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gComhphobal leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (3). Chuaigh an Rialachán sin in éag an 31 Nollaig 2006.

(3)

Daingnítear leis na measúnuithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 177/2005 go bhfuil gá le tuilleadh tacaíochta do ghníomhaíochtaí an Chiste, ach leanúint d’athneartú a dhéanamh ar an tsineirgíocht idir cuspóirí an Chiste agus ar an gcomhordú le hidirghabhálacha faoi na Cistí Struchtúracha, go háirithe leis an gClár Speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha Teorann na hÉireann (clár PEACE) a cuireadh ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 ag leagan síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha (4).

(4)

Ar mhaithe leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann, is gá leanúint ar aghaidh, tar éis an 31 Nollaig 2006, leis an tacaíocht a thugann an tAontas don Chiste. Mar aitheantas ar an iarracht speisialta a dhéantar maidir leis an bpróiseas síochána, táthar tar éis tacaíocht bhreise ó na Cistí Struchtúracha a chionroinnt ar chlár PEACE don tréimhse 2007 go 2013 de bhun mhír 22 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (5).

(5)

Ag a cruinnithe sa Bhruiséil an 15 agus an 16 Nollaig 2005, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún na bearta riachtanacha a dhéanamh d’fhonn leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht a thugann an Comhphobal don Chiste agus tús á chur leis an gcéim dheireanach fhíor-thábhachtach d’obair an Chiste a mhairfidh go dtí 2010.

(6)

Is é is príomhchuspóir don Rialachán seo ná tacaíocht a thabhairt don tsíocháin agus don athmhuintearas trí réimse gníomhaíochtaí atá níos leithne ná iad siúd atá cumhdaithe faoi na Cistí Struchtúracha, agus a théann níos faide ná raon feidhme bheartas an Aontais um chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta.

(7)

Ba cheart go mbeadh rannchuidiú an Aontais leis an gCiste i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais do na blianta 2007, 2008, 2009 agus 2010 agus, ar an dóigh sin, tiocfaidh deireadh leis an rannchuidiú sin an tráth céanna a dtiocfaidh deireadh leis an gCiste.

(8)

Le linn ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais a chionroinnt, ba cheart go dtabharfaí tús áite do thionscadail de chineál trasteorann nó trasphobail, ar shlí ina gcomhlánóidh siad na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chlár PEACE don tréimhse 2007 go 2010.

(9)

I gcomhréir leis an gComhaontú, ba cheart go mbeadh na ranníocóirí uile leis an gCiste páirteach mar bhreathnadóirí ag cruinnithe de chuid Bhord an Chiste.

(10)

Tá sé thar a bheith tábhachtach comhordú cuí a áirithiú idir gníomhaíochtaí an Chiste agus na gníomhaíochtaí sin a mhaoinítear faoi na Cistí Struchtúracha agus dá bhforáiltear le hAirteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe clár PEACE.

(11)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos clúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán an Chiste, arb é a bheidh ann ná an tagairt phríomha, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais (6), don údarás buiséadach i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(12)

Ba cheart gur EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana, do na blianta 2007, 2008, 2009 agus 2010, arna shloinneadh de réir luachanna reatha, a bheadh i méid ranníocaíochtaí an Aontais leis an gCiste.

(13)

Tá an straitéis a seoladh don chéim dheireanach de ghníomhaíochtaí an Chiste (ó 2006 go 2010) agus dar teideal “Sharing this Space” dírithe ar cheithre phríomhréimse: bunsraitheanna a leagan síos le haghaidh athmhuintearais sna pobail is imeallaithe, naisc a chothú ar mhaithe le teagmháil idir pobail scoilte, bogadh i dtreo sochaí níos comhtháthaithe, agus oidhreacht a fhágáil. Dá dhroim sin, is é an aidhm bhunúsach atá leis an gCiste agus leis an Rialachán seo ná athmhuintearas idirphobail a spreagadh.

(14)

Rannchuideoidh an tacaíocht ón Aontas le hathneartú a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus idir pobail na mBallstát.

(15)

Níor cheart a mheas gur cúnamh éifeachtach é an cúnamh ón gCiste ach amháin a mhéid a chruthaíonn sé feabhas eacnamaíoch agus sóisialta atá inbhuanaithe agus a mhéid nach n-úsáidtear é mar chiste malartach ar chaiteachas poiblí nó príobháideach eile.

(16)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gComhphobal leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (2007 go 2010) (7), bunaíodh an méid tagartha airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste sa tréimhse 2007 go 2010.

(17)

Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 a neamhniú ina breithiúnas ar an 3 Meán Fómhair 2009 i gCás C-166/07 (Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh) (8), toisc go raibh an Rialachán sin bunaithe ar Airteagal 308 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE), agus ar an Airteagal sin amháin, agus rialaigh sí gurb iad an tríú mír d’Airteagal 159 de Chonradh CE agus Airteagal 308 de Chonradh CE araon na bunúis dlí iomchuí. Rialaigh an Chúirt freisin, áfach, go gcoimeádfaí éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 i bhfeidhm go dtí cibé tráth, laistigh de thréimhse réasúnach, a dtiocfadh rialachán nua i bhfeidhm arna ghlacadh ar an mbunús dlí iomchuí agus nach ndéanfadh neamhniú Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 difear do bhailíocht aon íocaíochtaí a rinneadh nó aon ghealltanas a tugadh faoin Rialachán sin. I ndáil leis sin, ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is gá foráil a dhéanamh maidir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm le héifeacht aisghníomhach mar go mbaineann sé le tréimhse iomlán an chláir ó 2007 go 2010,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

EUR 60 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais i gcomhair chur chun feidhme an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Ciste) sa tréimhse 2007 go 2010.

Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainn an chreata airgeadais.

Airteagal 2

Déanfaidh an Ciste na ranníocaíochtaí a úsáid i gcomhréir le Comhaontú an 18 Meán Fómhair 1986 idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Comhaontú).

Le linn na ranníocaíochtaí a chionroinnt, tabharfaidh an Ciste tús áite do thionscadail de chineál trasteorann nó trasphobail, ar shlí ina gcomhlánóidh siad na gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha, agus go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an gClár Speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha Teorann na hÉireann (clár PEACE).

Úsáidfear na ranníocaíochtaí ar shlí ina gcruthófar feabhas inbhuanaithe de chineál eacnamaíoch agus sóisialta sna limistéir sin lena mbaineann. Ní úsáidfear iad mar chiste malartach ar chaiteachas poiblí agus príobháideach eile.

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht, i gcáil breathnadóra, thar ceann an Aontais ag cruinnithe de chuid Bhord an Chiste.

Beidh ionadaíocht i gcáil breathnadóra ag an gCiste ag cruinnithe de chuid Choiste Faireacháin chlár PEACE, agus de chuid aon idirghabhálacha eile a bhaineann leis na Cistí Struchtúracha de réir mar is iomchuí.

Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Bord an Chiste, nósanna imeachta iomchuí a chinneadh chun comhordú a chothú ar gach leibhéal idir an Ciste agus na húdaráis bhainistíochta agus na comhlachtaí cur chun feidhme a chuirtear ar bun faoi na hidirghabhálacha Cistí Struchtúracha lena mbaineann, go háirithe faoi chlár PEACE.

Airteagal 5

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Bord an Chiste, poiblíocht iomchuí agus nósanna imeachta faisnéise iomchuí chun ranníocaíochtaí an Aontais leis na tionscadail arna maoiniú ag an gCiste a phoibliú.

Airteagal 6

Faoin 30 Meitheamh 2008, déanfaidh an Ciste a straitéis maidir lena ghníomhaíochtaí a thabhairt chun deiridh (straitéis chlabhsúir) a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear:

(a)

plean gníomhaíochta ina mbeidh íocaíochtaí réamh-mheasta agus dáta beartaithe don fhoirceannadh;

(b)

nós imeachta um dhíscor;

(c)

an chaoi ina ndéileálfar le haon mhéideanna iarmharacha agus le haon ús a fhaightear tráth clabhsúir an Chiste.

Beidh íocaíochtaí a dhéanfar leis an gCiste ina dhiaidh sin faoi réir an choinníll go bhformheasfaidh an Coimisiún an straitéis chlabhsúir. Mura gcuirfear an straitéis chlabhsúir faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2008, cuirfear stop leis na híocaíochtaí leis an gCiste go dtí go bhfaightear an straitéis.

Airteagal 7

1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na ranníocaíochtaí a riaradh.

Faoi réir mhír 2, déanfar an ranníocaíocht bhliantúil a íoc, ina tráthchodanna, mar a leanas:

(a)

déanfar an chéad réamhíocaíocht 40 % nuair a bheidh gealltanas faighte ag an gCoimisiún, arna shíniú ag Cathaoirleach Bhord an Chiste agus á rá go gcomhlíonfaidh an Ciste na coinníollacha a bhaineann le deonú na ranníocaíochta agus a leagtar amach sa Rialachán;

(b)

déanfar an dara réamhíocaíocht 40 % sé mhí ina dhiaidh sin;

(c)

déanfar an íocaíocht deiridh 20 % tar éis don Choimisiún tuarascáil bhliantúil an Chiste ar a chuid gníomhaíochtaí agus cuntais iniúchta an Chiste don bhliain i dtrácht a fháil agus a ghlacadh.

2.   Sula ndéanfaidh an Coimisiún tráthchuid a íoc, déanfaidh sé measúnú ar riachtanais airgeadais an Chiste ar bhonn iarmhéid airgid an Chiste an tráth a bheidh sceidealta do gach íocaíocht. Más rud é, tar éis an mheasúnaithe sin, nach bhfuil riachtanais airgeadais an Chiste ina údar cuí le ceann de na tráthchodanna sin a íoc, cuirfear an íocaíocht lena mbaineann ar fionraí. Athbhreithneoidh an Coimisiún an fionraí sin ar bhonn aon fhaisnéise nua a sholáthróidh an Ciste agus leanfaidh sé leis na híocaíochtaí a luaithe a mheasfar go bhfuil údar cuí leo.

Airteagal 8

Ní fhéadfar ranníocaíocht ón gCiste a chionroinnt ar aon oibríocht a fhaigheann cúnamh airgid faoi idirghabháil Chistí Struchtúracha, nó a bhfuil airgead dlite di faoi idirghabháil den sórt sin, ach amháin más rud é nach bhfuil suim an chúnaimh airgeadais sin, móide 40 % den ranníocaíocht ón gCiste, níos mó ná 75 % de chostais iomlána cháilithe na hoibríochta.

Airteagal 9

Cuirfear tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin sé mhí roimh dháta an fhoirceanta dá bhforáiltear sa straitéis chlabhsúir nó sé mhí tar éis na híocaíochta deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 7(1), cibé acu is túisce, agus beidh an fhaisnéis go léir is gá san áireamh sa tuarascáil chun a chumasú don Choimisiún luacháil a dhéanamh ar chur chun feidhme an chúnaimh sin agus ar bhaint amach chuspóirí an Chiste.

Airteagal 10

Déanfar an ranníocaíocht don bhliain dheireanach a íoc tar éis an anailís ar riachtanais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a dhéanamh agus ar choinníoll go n-urramaítear feidhmíocht an Chiste sa straitéis chlabhsúir.

Airteagal 11

Is é an 31 Nollaig 2013 an dáta deireanach a mbeidh caiteachas cáilithe.

Airteagal 12

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 6 amhail ón 1 Eanáir 2007.

Rachaidh an Rialachán seo in éag an 31 Nollaig 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 29 Aibreán 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010.

(3)   IO L 30, 3.2.2005, lch. 1.

(4)   IO L 161, 26.6.1999, lch. 1.

(5)   IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

(6)   IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(7)   IO L 409, 30.12.2006, lch. 86.

(8)  Cás C-166/07 An Pharlaimint v An Chomhairle [2009] ECR I-7135.


Top