Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0400

    Rialachán (CE) Uimh. 400/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

    IO L 126, 21.5.2009, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2024; Arna aisghairm le 32023R0734

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/400/oj

    21.5.2009   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/11


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 400/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Aibreán 2009

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle (2) go nglacfar bearta áirithe i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (3).

    (2)

    Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (4), lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh, ar bearta iad atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

    (3)

    I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana agus a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

    (4)

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe a ghlacadh ar mhodheolaíocht Chóras Eorpach na gCuntas 1995 agus chun cinntí a dhéanamh maidir leis na hathruithe ar na sonraí a iarrtar ar na Ballstáit. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (5)

    Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar mhodheolaíocht ESA 95, ar leasuithe iad atá ceaptha chun a hinneachar a shoiléiriú agus a fheabhsú, ar choinníoll nach n-athraíonn siad a coincheapanna bunúsacha, nach n-éilítear acmhainní breise chun iad a chur chun feidhme agus nach gcuireann siad faoi deara méadú ar a hacmhainní dílse. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2)’;

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 3(2):

    ‘Laistigh de na teorainneacha arna socrú in Airteagal 2(2), glacfaidh an Coimisiún aon athruithe — táblaí nua, tíortha nua agus/nó réigiúin nua lena mbaineann — sna sonraí a iarrtar ar na Ballstáit. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2)’;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    ‘Airteagal 4

    1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh (dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta) cúnamh don Choimisiún.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreáin 2009.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    H.-G. PÖTTERING

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NEČAS


    (1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Samhain 2008 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2009.

    (2)  IO L 310, 30.11.1996, lch. 1.

    (3)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    (4)  IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

    (5)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


    Top