EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R1101

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (leagan códaithe) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 304, 14.11.2008, p. 70–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/03/2009; Arna aisghairm le 32009R0223

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1101/oj

14.11.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/70


RIALACHÁN (CE, EURATOM) Uimh. 1101/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2008

maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach

(leagan códaithe)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 187 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh go substaintiúil arís agus arís eile (2) Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (3). Ar mhaithe leis an tsoiléire agus leis an réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Caithfidh an Coimisiún faisnéis iomlán, iontaofa a bheith aige chun na dualgais a chuirtear de chúram air leis na Conarthaí a chomhlíonadh. D’fhonn bainistíocht éifeachtach a dhéanamh, ba cheart go mbeadh fáil ag Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, dá ngairfear ‘Eurostat’ anseo feasta, ar an bhfaisnéis staidrimh náisiúnta go léir a theastaíonn uaithi chun an staidreamh Comhphobail a ullmhú agus chun na hanailísí iomchuí a dhéanamh.

(3)

Le hAirteagal 10 de Chonradh CE agus le hAirteagal 192 den Chonradh Euratom, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit comhall chúraimí an Chomhphobail a éascú. Is cuid den oibleagáid sin freisin gach faisnéis a theastaíonn chun na críche sin a thabhairt. Ina theannta sin, is mór an caillteanas faisnéise ar leibhéal an Chomhphobail é gan fáil a bheith ag Eurostat ar shonraí staidrimh rúnda, agus déanann sé obair achrannach d’ullmhú an staidrimh agus de na hanailísí ar an gComhphobal.

(4)

Ní bheidh aon údar feasta ag na Ballstáit chun forálacha a agairt i leith na rúndachta staidrimh, ós rud é go bhfuil sé deimhnithe go dtugann Eurostat an ráthaíocht chéanna i leith na rúndachta staidrimh agus a thugann na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh. Tá na ráthaíochtaí sin cumhdaithe cheana, go méid áirithe, i gConarthaí an Chomhphobail, go háirithe in Airteagal 287 de Chonradh CE, in Airteagal 194(1) de Chonradh Euratom agus in Airteagal 17 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialachán Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (4), agus féadfar na ráthaíochtaí a neartú le bearta cuí, arna nglacadh faoin Rialachán seo.

(5)

Ba cheart déileáil i slí éifeachtúil le haon sárú ar an rúndacht staidrimh atá cosanta ag an Rialachán seo, is cuma cé a dhéanfaidh é.

(6)

I gcás aon sárú ar na rialacha atá ina gceangal ar oifigigh agus ar sheirbhísigh eile atá ag obair do Eurostat, cibé an ndearnadh an cion go toiliúil nó trí fhaillí, dlífear smachtbhannaí araíonaíochta a thionscnamh ina gcoinne agus, más cuí, pionóis dhlíthiúla i leith shárú na rúndachta gairmiúla, de bhun fhorálacha comhcheangailte Airteagal 12 agus Airteagal 18 den Phrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach.

(7)

Níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le sonraí staidrimh atá cumhdaithe ag an rúndacht staidrimh, i réimse inniúlachta na n-institiúidí náisiúnta staidrimh, a tharchur chuig Eurostat, ná ní dhéanann sé difear d’fhorálacha sonracha an dlí náisiúnta ná d’fhorálacha sonracha an dlí Chomhphobail a bhaineann le cineálacha eile faisnéise a chur chuig an gCoimisiún.

(8)

Tá an Rialachán seo le glacadh gan dochar d’Airteagal 296(1)(a) de Chonradh CE, lena bhforáiltear nach gceanglaítear ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála.

(9)

Beidh gá le hacmhainní daonna, le hacmhainní teicniúla agus le hacmhainní airgeadais chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, agus go háirithe na forálacha sin a cheaptar chun cosaint a áirthiú do na sonraí staidrimh rúnda a tharchuirtear chuig Eurostat.

(10)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo:

(a)

na húdaráis náisiúnta a údarú chun sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (dá ngairfear ‘Eurostat’ anseo feasta);

(b)

ráthaíocht a thabhairt go nglacfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun rúndacht na sonraí a tharchuirfear amhlaidh a áirthiú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis an rúndacht staidrimh. Ní dhéanfaidh sé difear d’fhorálacha speisialta Comhphobail ná d’fhorálacha speisialta náisiúnta a bhaineann le coimirce a dhéanamh ar an rúndacht, cé is moite den rúndacht staidrimh.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo, sainmhínitear mar seo a leanas na téarmaí a thugtar thíos:

(a)

sonraí staidrimh rúnda: na sonraí a shainmhínitear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le staidreamh Comhphobail (6);

(b)

na húdaráis náisiúnta: na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus na comhlachtaí náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu as staidreamh a bhailiú agus a úsáid thar ceann na gComhphobal;

(c)

faisnéis faoi shaol príobháideach daoine nádúrtha: faisnéis faoi shaol príobháideach agus faoi shaol teaghlaigh daoine nádúrtha, mar a shainmhínitear iad sa reachtaíocht náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta sna Ballstáit éagsúla;

(d)

úsáid chun críocha an staidrimh: úsáid chun táblaí staidrimh a thiomsú nó chun anailísí eacnamaíocha staidrimh a dhéanamh amháin; ní cheadaítear úsáid chun críocha riaracháin, chun críocha dlíthiúla ná chun críocha cánach ná chun seiceáil a dhéanamh maidir leis na haonaid a ndearnadh suirbhéireacht orthu;

(e)

aonad an staidrimh: an bunaonad a chumhdaítear leis na sonraí staidrimh a tharchuirtear chuig Eurostat;

(f)

sainaithint dhíreach: aonad staidrimh a shainaithint óna ainm nó óna sheoladh, nó ó uimhir aitheantais a dáileadh go hoifigiúil agus a foilsíodh;

(g)

sainaithint indíreach: go bhféadfaí céannacht aonaid staidrimh a dhéanamh amach ar shlí eile seachas ón bhfaisnéis a luaitear ag pointe (f);

(h)

oifigigh Eurostat: oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair i Eurostat;

(i)

foireann eile de chuid Eurostat: seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair i Eurostat;

(j)

scaipeadh: sonraí a sholáthar i cibé cén fhoirm: foilseacháin, rochtain ar bhunachair sonraí, micrifíseanna, cumarsáid teileafóin, etc.

Airteagal 3

1.   Beidh na húdaráis náisiúnta údaraithe chun sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat.

2.   Ní fhéadfar rialacha náisiúnta a bhaineann leis an rúndacht staidrimh a agairt chun cosc a chur le tarchur sonraí rúnda staidrimh chuig Eurostat i gcás ina bhforálfar le gníomh de dhlí an Chomhphobail lena rialaítear staidreamh Comphobail go dtarchuirfear na sonraí sin.

3.   Déanfar na sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat, de réir bhrí mhír 2, ionas nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint go díreach. Ní chuirfidh sé sin bac ar inghlacthacht rialacha tarchuir is forleithne i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát.

4.   Ní bheidh sé de cheangal ar na húdaráis náisiúnta faisnéis a bhaineann le saol príobháideach daoine nádúrtha a tharchur chuig Eurostat más rud é go bhféadfaí na daoine sin a shainaithint go díreach nó go hindíreach leis an bhfaisnéis arna tarchur.

Airteagal 4

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta rialaitheacha, riaracháin, teicniúla agus eagraíochtúla go léir is gá chun rúndacht na sonraí staidrimh arna dtarchur ag ranna inniúla na mBallstát chuig Eurostat a áirthiú i gcomhréir le hAirteagal 3.

2.   Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir le sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat agus na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Airteagal 5

1.   Ordóidh an Coimisiún d’Ard-Stiúrthóir Eurostat a áirithiú go ndéanfar na sonraí a tharchuirfidh na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit chuig Eurostat a chosaint. Bunóidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), na socruithe i gcomhair eagrúchán inmheánach Eurostat ionas go n-áiritheofar cosaint dá leithéid.

2.   Ní bheidh rochtain ach ag oifigigh Eurostat ar na sonraí staidrimh rúnda a tharchuirfear chuig Eurostat agus is chun críocha an staidrimh amháin a fhéadfaidh siad iad a úsáid.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, áfach, rochtain ar na sonraí staidrimh rúnda a thabhairt do bhaill foirne eile de chuid Eurostat agus do dhaoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat, i gcásanna speisialta agus chun críocha an staidrimh amháin. Cinnfidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   Ní fhéadfar sonraí staidrimh rúnda a bheidh i seilbh Eurostat a scaipeadh ach nuair a bheidh siad comhcheangailte le sonraí eile i bhfoirm nach gceadóidh na haonaid staidrimh a shainaithint go díreach ná go hindíreach.

5.   Ní fhéadfaidh oifigigh ná seirbhísigh eile de chuid Eurostat ná daoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat na sonraí sin a úsáid ná a scaipeadh chun críocha eile nach iad na críocha iad a leagtar síos sa Rialachán seo. Leanfaidh an toirmeasc sin de bheith infheidhme tar éis aistriú, foirceannadh seirbhíse nó scoir.

6.   Beidh feidhm ag na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na sonraí staidrimh rúnda go léir a gcumhdaítear a dtarchur chuig Eurostat le gníomh de dhlí an Chomhphobail lena rialaítear an staidreamh Comhphobail;

(b)

na sonraí staidrimh rúnda go léir arna dtarchur ag na Ballstáit go deonach chuig Eurostat.

Airteagal 6

Glacfaidh na Ballstáit, roimh an 1 Eanáir 1992, bearta iomchuí chun srian a chur le haon sáruithe ar an gceanglas maidir le sonraí staidrimh rúnda arna dtarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 a choimeád rúnda. Bainfidh na bearta sin ar a laghad le sáruithe arna ndéanamh ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ag oifigigh nó ag seirbhísigh eile de chuid Eurostat agus ag daoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi na bearta a ghlac siad. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh Coiste um an Rúndacht Staidrimh, dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 8

Déanfaidh an Coiste scrúdú ar na ceisteanna a chuirfidh a chathaoirleach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’ionadaí Ballstáit, agus a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 9

Aisghairtear leis seo Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90, arna leasú leis na rialacháin a liostaítear in Iarscíbhinnn I.

Déanfar tagairtí don Rialachán arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (IO C 317 E, 23.12.2006, lch. 600) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.

(2)  Féach Iarscríbhinn I.

(3)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

(4)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(6)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán arna aisghairm agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle

(IO L 151, 15.6.1990, lch. 1).

 

Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle

(IO L 52, 22.2.1997, lch. 1).

Airteagal 21(2) amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

Iarscríbhinn II, pointe 4 amháin


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1) an chéad fhleasc agus an dara fleasc

Airteagal 1(1), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe (1) go pointe (10)

Airteagal 2, pointe (a) go pointe (j)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3) an chéad fhomhír

__

Airteagal 3(3) an dara fomhír

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(6)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(1) go (5)

Airteagal 5(1) go (5)

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1) agus (2)

Airteagal 7(1) agus (2)

Airteagal 7(3)

__

Airteagal 8

Airteagal 8

__

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

__

Iarscríbhinn I

__

Iarscríbhinn II


Top