Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0454

Rialachán (CE) Uimh. 454/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, i dtaca leis an idirthréimhse a fhadú

IO L 145, 4.6.2008, pp. 238–239 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/12/2014; Arna aisghairm le 32013R0576

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/454/oj

4.6.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

238


RIALACHÁN (CE) Uimh. 454/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, i dtaca leis an idirthréimhse a fhadú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (3) na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le seiceálacha ar ghluaiseachtaí den sórt sin.

(2)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go mbeidh tabhairt isteach peataí madraí agus cat i gcríocha na hÉireann, Mhálta, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe faoi réir ceanglas speisialta ar feadh idirthréimhse cúig bliana, agus na staideanna áirithe sna Ballstáit sin maidir le confadh á gcur san áireamh.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go bhféadfaidh na Ballstáit sin a bhfuil rialacha speisialta acu ar an dáta sin chun eicíneacocóis agus sceartáin a rialú, a chur faoi deara go mbeidh tabhairt isteach peataí ina gcríocha faoi réir na gceanglas sin ar feadh idirthréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Déanann an Fhionlainn, Éire, Málta, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe a rialacha sonracha um thabhairt isteach peataí maidir le heicíneacocóis a chur i bhfeidhm; ceanglaíonn Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe go rachadh peataí madraí agus cat faoi chóireáil bhreise in aghaidh sceartán nach mór a bheith deimhnithe freisin i bpasanna na n-ainmnithe.

(4)

Rachaidh na córais idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 in éag an 3 Iúil 2008. Foráiltear le hAirteagal 23 den Rialachán sin go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar na córais idirthréimhseacha roimh dheireadh na hidirthréimhse.

(5)

Chuige sin agus de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, ceanglaíodh ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Feabhra 2007, maidir leis an ngá atá leis an tástáil shéireolaíoch a choinneáil, mar aon le tograí iomchuí chun an córas a chinneadh a chuirfear i bhfeidhm tar éis na gcóras idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 6, in Airteagal 8 agus in Airteagal 16 den Rialachán sin. Ba cheart go mbeadh an tuarascáil sin bunaithe ar an taithí a fuarthas go dtí seo agus ar mheastóireacht priacail, a bhunófar ar thuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB).

(6)

Ar iarratas ón gCoimisiún, d’eisigh an UESB tuairim eolaíoch chun cuidiú leis an gCoimisiún leasuithe iomchuí, eolaíochtbhunaithe a mholadh ar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Ina theannta sin, bhí ar an gCoimisiún tuarascálacha na mBallstát ar an taithí a fuair siad maidir le cur chun feidhme Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 16 den Rialachán sin a bhreithniú.

(7)

Toisc gur caitheadh níos mó ama leis an measúnú eolaíoch ná mar a beartaíodh, áfach, cuireadh moill ar an tuarascáil ón gCoimisiún. Chun go bhféadfar aird chuí a thabhairt ar chonclúidí na tuarascála, ba cheart dul in éag na gcóras idirthréimhseach a iarchur.

(8)

Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 mar a leanas:

1.

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘1.   Go dtí an 30 Meitheamh 2010, beidh tabhairt isteach na bpeataí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I i gcríoch na hÉireann, Mhálta, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:’;

2.

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Go dtí an 30 Meitheamh 2010, féadfaidh an Fhionlainn, Éire, Málta, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le heicíneacocóis, agus Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le sceartáin, a chur faoi deara go mbeidh tabhairt isteach peataí ina gcríoch faoi réir rialacha speisialta a bheidh i bhfeidhm an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.’;

3.

in Airteagal 23, cuirtear an dáta ‘1 Iúil 2010’ in ionad an dáta ‘1 Eanáir 2008’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 21 Bealtaine 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  Tuairim an 12 Nollaig 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Phairlimint na hEorpa an 10 Aibreán 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 19 Bealtaine 2008.

(3)   IO L 146, 13.6.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 245/2007 ón gCoimisiún (IO L 73, 13.3.2007, lch. 9).


Top