This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0209
Decision of the EEA Joint Committee No 229/2025 of 24 October 2025 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2026/209]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 229/2025 an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/209]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 229/2025 an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/209]
IO L, 2026/209, 12.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil III pointe 14 fleasc | 25/10/2025 | |
| Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil III pointe 15 fleasc | 25/10/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/209 |
12.2.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 229/2025
an 24 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/209]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1079 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí fíteashláintíochta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 14 (Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún) agus 15 (Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 L 1079: Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1079 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 (IO L, 2025/1079, 3.6.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1079 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/1079, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2025/1079/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/209/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)