This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D2116
Decision of the EEA Joint Committee No 182/2025 of 11 July 2025 amending Annex XX (Environment) to the EEA Agreement [2025/2116]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 182/2025 an 11 Iúil 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/2116]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 182/2025 an 11 Iúil 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/2116]
IO L, 2025/2116, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2116/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 21994A0103(70) | Cur le | pointe 21aly |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2116 |
6.11.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 182/2025
an 11 Iúil 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/2116]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh (AE) 2024/2951 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 maidir le cainníocht na lamháltas uile-Aontais atá le heisiúint faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise le haghaidh 2027 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21alx (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘21aly. |
32024 D 2951: Cinneadh (AE) 2024/2951 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 maidir le cainníocht na lamháltas uile-Aontais atá le heisiúint faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise le haghaidh 2027 (IO L, 2024/2951, 3.12.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh (AE) 2024/2951 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Iúil 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L, 2024/2951, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2951/oj.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2116/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)