Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D0128

Cinneadh Uimh. 1/2025 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-na hEilvéise an 13 Eanáir 2025 lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 [2025/128]

C/2025/41

IO L, 2025/128, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/128/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/128/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/128

24.1.2025

CINNEADH Uimh. 1/2025 Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH-NA hEILVÉISE

an 13 Eanáir 2025

lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 [2025/128]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 (1), arna leasú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena leasaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 a mhéid a bhaineann leis na forálacha is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte (2) (‘Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 7 de Phrótacal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, ina gcáil mar Pháirtithe Conarthacha, praghsanna tagartha intíre na n-amhábhar uile a gcuirtear bearta cúitimh praghsanna i bhfeidhm ina leith ar fáil don Chomhchoiste, maidir leis an tréimhse tagartha 12 mhí ó mhí Mheán Fómhair 2023 go dtí mí Lúnasa 2024. Eascraíonn sé as na praghsanna sin go bhfuil athrú tagtha ar staid iarbhír na bpraghsanna maidir leis na hamhábhair sin i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha.

(2)

Is gá, dá bhrí sin, na praghsanna tagartha intíre agus na difríochtaí praghsanna d’amhábhair talmhaíochta a liostaítear i bPrótacal 2, Tábla III, a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le bunmhéideanna na n-amhábhar talmhaíochta a liostaítear i dTábla IV den Phrótacal sin a oiriúnú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Thábla III;

(b)

i dTábla IV, cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad phointe (b).

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.

Thar ceann an Chomhchoiste

An Cathaoirleach

Marco DÜERKOP


(1)   IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

(2)   IO L 23, 26.1.2005, lch. 19.


IARSCRÍBHINN I

‘TÁBLA III

Praghsanna tagartha intíre an Aontais agus na hEilvéise

Amhábhar talmhaíochta

Praghas tagartha intíre na hEilvéise

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Praghas tagartha intíre an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 4(1)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise /Praghas tagartha an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 3(3)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise /Praghas tagartha an Aontais

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

60,35

20,93

39,40

0,00

Cruithneacht dúraim

1,20

0,00

Seagal

47,37

18,48

28,90

0,00

Eorna

Grán buí

Plúr cruithneachta boige

100,37

42,47

57,90

0,00

Púdar bainne iomláin

724,26

356,22

368,05

0,00

Púdar bainne bhearrtha

498,09

237,55

260,55

0,00

Im

1 247,15

556,88

690,25

0,00

Siúcra bán

Uibheacha

38,00

0,00

Prátaí úra

42,31

20,55

21,75

0,00

Saill phlandúil

170,00

0,00 ’


IARSCRÍBHINN II

‘(b)

Méideanna bunúsacha le haghaidh amhábhair thalmhaíochta a chuirtear san áireamh chun na comhpháirteanna talmhaíochta a ríomh:

Amhábhar talmhaíochta

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Airteagal 3(2)

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Airteagal 4(2)

CHF in aghaidh an 100 kg glan

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

29,80

0,00

Cruithneacht dúraim

1,00

0,00

Seagal

22,75

0,00

Eorna

Grán buí

Plúr cruithneachta boige

47,20

0,00

Púdar bainne iomláin

299,95

0,00

Púdar bainne bhearrtha

212,35

0,00

Im

549,35

0,00

Siúcra bán

Uibheacha

30,95

0,00

Prátaí úra

15,75

0,00

Saill phlandúil

138,55

0,00 ’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/128/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top