This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2891
Decision No 1/2023 of the Partnership Council established by the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part of 21 December 2023 as regards the transitional product-specific rules of origin for electric accumulators and electrified vehicles [2023/2891]
Cinneadh uimh. 1/2023 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 21 Nollaig 2023 i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe [2023/2891]
Cinneadh uimh. 1/2023 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 21 Nollaig 2023 i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe [2023/2891]
PUB/2023/1797
IO L, 2023/2891, 28.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2891/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 22021A0430(01) | Athchur | iarscríbhinn 5 | 21/12/2023 | |
Modifies | 22021A0430(01) | Athchur | airteagal 68 | 21/12/2023 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2891 |
28.12.2023 |
CINNEADH UIMH. 1/2023 ÓN GCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an 21 Nollaig 2023
i ndáil leis na rialacha idirthréimhseacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe [2023/2891]
TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 68 de agus Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis, maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe. |
(2) |
Cuireadh ábhair imní in iúl faoi na dúshláin a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialacha sin maidir le cóimeáil feithiclí leictreacha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. |
(3) |
Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 a chur le cur i bhfeidhm na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023. Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i bhfeidhm. |
(4) |
Is é is aidhm do na rialacha táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, go ndreasófar an infheistíocht in acmhainn mhonaraithe san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. Níor cheart na rialacha atá ag teacht isteach a chur siar a thuilleadh in aon chor. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an leasaithe atá beartaithe, deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfar athruithe breise ar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha le haghaidh taisc-cheallraí leictreacha agus feithiclí leictrithe go dtí an 1 Eanáir 2032. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68 den Chomhaontú Trádála agus Comhair:
‘Article 68
Leasú ar an gCaibidil seo agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann léi
1. Féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta an Chaibidil seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú, faoi réir mhír 2.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú seo; |
(b) |
na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, go dtí an 1 Eanáir 2032; agus |
(c) |
an tAirteagal seo, a mhéid a bhaineann sé le hIarscríbhinn 3 i gcás táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, agus le hIarscríbhinn 5, go dtí an 1 Eanáir 2032; |
Mar sin féin, beidh feidhm ag mír 1 i gcás ina leasófar na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 maidir le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 5, nó in Iarscríbhinn 5 de bharr nuashonruithe ar an gCóras Comhchuibhithe.’
Airteagal 2
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 21 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta
Na Comhchathaoirligh
Maroš ŠEFČOVIČ
David CAMERON
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN 5
RIALACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA TÁIRGESHONRACHA LE hAGHAIDH TAISC-CHEALLRAÍ LEICTREACHA AGUS FEITHICLÍ LEICTRITHE
Rialacha eatramhacha táirgeshonracha is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026
Maidir leis na táirgí a liostaítear i gcolún 1 thíos, beidh feidhm ag an riail tháirgeshonrach agus a liostaítear i gcolún 2 ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026.
Colún 1 An Córas Comhchuibhithe um Aicmiú (2017) lena n-áirítear tuairisc shonrach |
Colún 2 An riail tionscnaimh tháirgeshonrach is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo go dtí an 31 Nollaig 2026 |
||||||
85.07 |
|
||||||
|
CTSH; Paicéid cheallra a chóimeáil ó chealla ceallra nó ó mhodúil cheallraí neamhthionscnaimh; nó MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha) |
||||||
|
CTH; nó MaxNOM 70 % (Praghas díreach ón monarcha) |
||||||
87.02-87.04 |
|
||||||
|
MaxNOM 60 % (Praghas díreach ón monarcha) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2891/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)