This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2549
Decision of the EEA Joint Committee No 152/2023 of 13 June 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2023/2549]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 152/2023 an 13 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2549]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 152/2023 an 13 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2549]
IO L, 2023/2549, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2549/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XXVII pointe 9ax | ||
| Modifies | 21994A0103(52) | Cur le | caibidil XXVII pointe 9ay |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2549 |
30.11.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 152/2023
an 13 Meitheamh 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2549]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/248 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, ‘Pregler’/‘Osttiroler Pregler’ (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/380 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2022 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáillí faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [‘Homokháti őszibarack pálinka’] (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le deochanna biotáilleacha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le deochanna biotáilleacha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 9aw (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/888 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘9ax. |
32022 R 0248: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/248 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, ‘Pregler’/‘Osttiroler Pregler’ (IO L 41, 22.2.2022, lch. 14). |
|
9ay. |
32022 R 0380: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/380 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2022 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáillí faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [‘Homokháti őszibarack pálinka’] (IO L 74, 7.3.2022, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/248 agus (AE) 2022/380 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 41, 22.2.2022, lch. 14.
(2) IO L 74, 7.3.2022, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2549/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)