Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E077

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL V - AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
    CAIBIDIL 2 - BEARTAIS MAIDIR LE SEICEÁLACHA TEORANN, LE TEARMANN AGUS LE hINIMIRCE
    Airteagal 77 (sean-Airteagal 62 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 75–76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_77/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/75


    Airteagal 77

    (sean-Airteagal 62 CCE)

    1.   Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:

    (a)

    a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha;

    (b)

    seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

    (c)

    córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a thabhairt isteach de réir a chéile.

    2.   Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile;

    (b)

    na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha;

    (c)

    na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse laistigh den Aontas;

    (d)

    aon bheart is gá chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile;

    (e)

    nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha.

    3.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a), a éascú agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

    4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le teorannú geografach a dteorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.


    Top