Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018R0973-20190814

Consolidated text: Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/973/2019-08-14

02018R0973 — GA — 14.08.2019 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/973 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

(IO L 179 16.7.2018, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/472 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019

  L 83

1

25.3.2019

►M2

RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 198

105

25.7.2019




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/973 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Bunaítear, leis an Rialachán seo, plean ilbhliantúil (“an plean”) i dtaca leis na stoic ghrinnill seo a leanas in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh (ranna ICES 2a, 3a agus folimistéar 4), lena n-áirítear san iascach ina saothraítear na stoic sin, agus, i gcás ina leathann na stoic sin amach níos faide ná an Mhuir Thuaidh, ina huiscí máguaird:

(a) Trosc (Gadus morhua) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 7d (Muir nIocht) agus 3a.20 (Skagerrak);

(b) Cadóg (Melanogrammus aeglefinus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 6a (muir thiar na hAlban) agus 3a.20 (Skagerrak);

(c) Leathóg (Pleuronectes platessa) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 3a.20 (Skagerrak);

(d) Glasán (Pollachius virens) i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban) agus roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat);

(e) Sól (Solea solea) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh);

(f) Sól (Solea solea) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 22 go 24 (Muir Bhailt Thiar);

(g) Faoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 7d (Muir nIocht thoir);

(h) Láimhíneach (Lophius piscatorius) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban);

(i) Séacla Artach (Pandalus borealis) i ranna 4a Thoir (an Mhuir Thuaidh thuaidh, Trinse na hIorua) agus 3a.20 (Skagerrak);

(j) Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i roinn 3a (Aonaid Fheidhmiúla 3-4);

(k) Gliomach na hIorua i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) de réir an Aonaid Fheidhmiúil:

 Gliomach na hIorua in Botney Gut-Silver Pit (Aonad Feidhmiúil 5);

 Gliomach na hIorua in Farn Deeps (Aonad Feidhmiúil 6);

 Gliomach na hIorua in Fladen Ground (Aonad Feidhmiúil 7);

 Gliomach na hIorua i Linne Foirthe (Aonad Feidhmiúil 8);

 Gliomach na hIorua i Linne Mhoireibh (Aonad Feidhmiúil 9);

 Gliomach na hIorua in Noup (Aonad Feidhmiúil 10);

 Gliomach na hIorua i dTrinse na hIorua (Aonad Feidhmiúil 32);

 Gliomach na hIorua in Horn's Reef (Aonad Feidhmiúil 33);

 Gliomach na hIorua in Devil's Hole (Aonad Feidhmiúil 34).

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ann ar dháileadh geografach na stoc arna liostú sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear an Rialachán seo trí na limistéir a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin na limistéir stoic a leathnú amach níos faide ná uiscí an Aontais i bhfolimistéar 2 go dtí folimistéar 7.

2.  Más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch, go measann an Coimisiún gur gá an liosta stoc arna leagan amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar an liosta sin.

3.  Maidir le huiscí máguaird dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 4 agus Airteagal 6 agus na bearta a bhaineann le deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 7.

4.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le foghabhálacha a ghabhtar sa Mhuir Thuaidh nuair a bhítear ag iascaireacht na stoc a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Mar sin féin, i gcás ina mbunófar raonta FUTI agus coimircí atá ceangailte le bithmhais do na stoic sin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear pleananna ilbhliantúla, beidh feidhm ag na raonta agus na coimircí sin.

5.  Sonraítear sa Rialachán seo freisin mionsonraí do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh do stoic uile na speiceas a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle ( 1 ), in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ( 2 ) agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(1) ciallaíonn “Raon FUTI” raon luachanna dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), i gcás ina mbíonn uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) mar thoradh san fhadtéarma ar leibhéil uile bhásmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin, agus patrún iascaireachta tugtha a bheith ann, agus faoi mheándálaí reatha comhshaoil gan tionchar suntasach a bheith ar an bpróiseas síolraithe don stoc atá i gceist. Déantar é a dhíorthú ionas nach ndéanfar laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid leis an UTI. Cuirtear uasteorainn leis chun nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(2) ciallaíonn “UTI Físeal” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(3) ciallaíonn “UTI Fuachtair” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(4) is é “luach phointe FUTI” an luach básmhaireachta iascaireachta measta a thugann an UTI fhadtéarmach ag a bhfuil patrún iascaireachta tugtha agus faoi na meándhálaí reatha comhshaoil atá ann;

(5) ciallaíonn “raon íosta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Físeal suas go dtí luach phointe FUTI;

(6) ciallaíonn “raon uasta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó luach phointe FUTI suas go dtí UTI Fuachtair;

(7) ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghduithe faoina bhun;

(8) ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha bithmhaise stoic sceite, agus i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an pointe tagartha flúirse, dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, ar faoina bhun ba cheart gur thrúig le gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta d'fhonn a áirithiú go dtugann na rátaí saothraithe i dteannta athruithe nádúrtha na stoic ar ais go leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh san fhadtéarma.



CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ

Airteagal 3

Cuspóirí

1.  Leis an bplean, rannchuideofar le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistíocht iascaigh agus beidh sé mar aidhm ag an bplean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann UTI a bhaint amach.

2.  Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú, trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir; rannchuideoidh sé freisin le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus lena mbaineannan Rialachán seo.

3.  Déanfaidh an plean an cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme, chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé comhleanúnach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

4.  Go háirithe, beidh sé mar aidhm ag an bplean:

(a) a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b) rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcoibhneas leis an ról atá ag an iascach ina gcomhlíonadh.

5.  Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. I gcás nach bhfuil go leor sonraí ann, féachfar le leibhéal inchomparáide caomhnaithe a bhaint amach do na stoic ábhartha.



CAIBIDIL III

SPRIOCANNA

Airteagal 4

Spriocanna

1.  Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.  Déanfar na raonta seo FUTI atá bunaithe ar an bplean a iarraidh ar ICES.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.

4.  D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a shocrú ar leibhéil is ísle ná na raonta FUTI.

5.  D'ainneoin mhír 3 agus mhír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a) más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i dtaca leis an iascach measctha a shroicheadh;

(b) más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a sheachaint a dhéanfadh dinimic stoic ion-speiceas nó idir-speiceas don stoc; nó

(c) chun athruithe ar dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú go leibhéal nach mó ná 20 %.

6.  I ngach cás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin Bteorainn.

Airteagal 5

Bainistiú na stoc fo-ghabhála

1.  Do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4), déanfar bearta bainistíochta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, deiseanna iascaireachta, a shocrú ag cur san áireamh an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

2.  Déanfar na stoic sin a bhainistiú faoin gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a shainmhínítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nuair nach bhfuil aon fhaisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfear san áireamh, agus bainistiú á dhéanamh ar iascach measctha maidir leis na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, a dheacra atá sé na stoic uile a iascach ar UTI san am céanna, go háirithe i gcásanna ina ndúntar an t-iascach roimh am dá bharr sin.



CAIBIDIL IV

COIMIRCÍ

Airteagal 6

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas ar ICES chun acmhainn iomlán síolraithe na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a choimirciú:

(a) UTI Bspreagphointe do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b) Bteorainn do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 7

Coimircí

1.  I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle, i mbliain ar leith, ná an UTI Bspreagphointe an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná UTI Bspreagphointe a bhflúirse, glacfar gach beart iomchuí ceartaitheach chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a bheidh i gcomhréir le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin uasta FUTI, agus an laghdú ar an mbithmhais á chur san áireamh.

2.  I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle ná an Bteorainn an bhithmhais stoc sceite ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an Bteorainn an flúirse, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na cinn sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), spriociascaireacht an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.  Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a) bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b) bearta de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 9 den Rialachán seo.

4.  Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo ag cur san áireamh cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide inar ísle an bhithmhais stoic sceite agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an flúirse, ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 8

Bearta sonracha caomhnaithe

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur gá gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aon cheann de na stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo a chaomhnú, nó i gcás inar ísle ná an UTI Bspreagphointe, i mbliain ar leith, an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic a chumhdaítear le hAirteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an UTI Bspreagphointe a bhflúirse, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Féadfar an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na gníomhartha tarmligthe sin trí rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:

(a) saintréithe trealaimh iascaireachta, go háirithe méid mogall, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b) úsáid trealaimh iascaireachta, go háirithe an t-achar ama a mbeidh sé ar maos, an doimhneacht ag a n-úsáidfear é, chun an roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c) toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht i limistéir shonracha chun cosaint a thabhairt d'éisc sceite, d'éisc óga, d'éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó do speicis iasc nach spriocspeicis iad;

(d) toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama sonracha, chun éisc sceite nó éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e) íosmhéideanna tagartha caomhnaithe arb aidhm dóibh cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí;

(f) saintréithe eile a bhaineann le roghnaíocht.



CAIBIDIL V

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 9

Bearta teicniúla

▼M2

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ):

▼B

(a) sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a n-úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b) sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c) teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint, nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d) íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí.

▼M2

2.  Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.

▼M1

3.  De mhaolú ar Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98, tá an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i roinn 3a CITM socraithe ag 105 mm.

Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an dáta ar a scoirfidh Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 d'fheidhm a bheith aici.

▼B



CAIBIDIL VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 10

Deiseanna iascaireachta

1.  Agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh siad an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach measctha a chur san áireamh.

2.  Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, malartú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta go léir a leithdháiltear orthu de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó ar chuid acu.

3.  Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, féadfar TAC an stoic sin de ghliomach na hIorua atá i muircheantair ICES 2a agus 4 a ríomh mar shuim na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla agus na ndronnuilleog staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

4.  I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil tionchar suntasach ag iascach áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic ar leith, déanfaidh an Chomhairle an méid sin a chur san áireamh agus féadfaidh sí iascach áineasa a theorannú agus deiseanna iascaireachta á socrú aici, ionas nach sárófar an sprioc iomlán do bhásmhaireacht iascaireachta.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁÍD GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

▼M1

Airteagal 11

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh

1.  I gcás stoic uile na speiceas sa Mhuir Thuaidh a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraí na hoibleagáide sin a mhionsonrú, mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.  Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ní bheidh feidhm aici maidir le hiascaireacht áineasa, lena n-áirítear i gcásanna ina socraíonn an Chomhairle teorainneacha i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo.

▼B



CAIBIDIL VIII

ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ

Airteagal 12

Údaruithe iascaireachta agus uasteorainneacha le haghaidh acmhainne

1.  Le haghaidh gach ceann de limistéir ICES dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i gcás soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar sin. I gcás údaruithe iascaireachta den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit freisin acmhainn iomlán soithí den sórt sin, arna sloinneadh i kW, agus iad ag baint úsáid as trealamh sonrach a theorannú.

2.  Maidir le trosc i Muir nIocht Thoir (roinn ICES 7d), gan dochar do na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh acmhainn iomlán na soithí, arna sloinneadh in kW, ar eisíodh údaruithe iascaireachta dóibh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, níos mó ná uasacmhainn na soithí a bhí gníomhach in 2006 nó in 2007 agus a bhfuil aon trealamh amháin acu seo a leanas á úsáid acu i limistéar ICES lena mbaineann:

(a) tráil ghrinnill agus báid saighne (OTB, OTT, PTB, SDN, SSC, SPR) a bhfuil a mogall:

(i) cothrom le 100 mm nó os a chionn;

(ii) cothrom le 70 mm nó os a chionn agus níos lú ná 100 mm;

(iii) cothrom le 16 mm nó os a chionn agus níos lú ná 32 mm;

(b) tráil bhíoma (TBB) a bhfuil a mogall:

(i) cothrom le 120 mm nó os a chionn;

(ii) cothrom le 80 mm nó os a chionn agus níos lú ná 120 mm;

(c) eangacha geolbhaigh, eangacha fostúcháin (GN);

(d) traimlí (GT);

(e) spiléir (LL).

3.  Déanfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh an t-údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 acu a bhunú agus a chothabháil agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Bhallstáit é.



CAIBIDIL IX

BAINISTIÚ STOIC AR LEAS COITEANN IAD

Airteagal 13

Prionsabail agus cuspóirí a bhaineann le bainistiú stoic ar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha iad

1.  Nuair a shaothraíonn tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin chun a áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht teacht ar shocruithe coiteanna chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh, agus cothroime iomaíochta á cur chun cinn d'oibreoirí an Aontais ar an gcaoi sin.

2.  I gcomhthéacs bainistiú comhpháirteach stoc le tríú tíortha, féadfaidh an tAontas deiseanna iascaireachta a mhalartú le tríú tíortha de bhun Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.



CAIBIDIL X

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 14

Comhar réigiúnach

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 6 Lúnasa 2019 agus ina dhiaidh sin, 12 mhí tar éis gach meastóireacht ar an bplean a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo. Féadfaidh siad na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá sin, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire tugtha a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil den bhliain roimhe sin.

3.  Ní dochar an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.



CAIBIDIL XI

GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH

Airteagal 15

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 6 Lúnasa 2023, agus gach 5 bliana dá éis sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.



CAIBIDIL XII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Lúnasa 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.



CAIBIDIL XIII

TACAÍOCHT ÓN gCISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 17

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a bhaint amach mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.



CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHACHA

Airteagal 18

Aisghairmeacha

1.  Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008.

2.  Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speicis thoirmiscthe

Maidir leis an Rialachán atá le glacadh ar bhonn an togra ón gCoimisiún ar acmhainní iascaigh a chaomhnú agus ar chosaint a thabhairt d'éiceachórais mhuirí trí bhearta teicniúla (2016/0074(COD)), ba cheart go mbeadh forálacha áirithe ann, inter alia, maidir leis na speicis a bhfuil sé toirmiscthe iad a iascach. Ar an gcúis sin tá sé aontaithe ag an dá institiúid gan liosta maidir leis an Muir Thuaidh a chur san áireamh sa Rialacháin seo (2016/0238(COD)).




Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha um rialú seo a leanas a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán um Rialú (Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009) i gcás inarb ábhartha sin maidir leis an Muir Thuaidh: réamhfhógraí, ceanglais logleabhair, calafoirt ainmnithe agus forálacha eile um rialú.



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).

Top