Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Dokuments 62024TN0596R(01)

Ceartúchán ar Chás T-596/24 (IO C, C/2025/405, 27.1.2025)

JO C, C/2025/90022, 10.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/405/corrigendum/2025-03-10/oj (GA, LT, RO)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/405/corrigendum/2025-03-10/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/90022

10.3.2025

Ní mór Cás T-596/24, CIT Coin Invest, a léamh mar seo a leanas:

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 8 Samhain 2024 – CIT Coin Invest AG v Zollamt Österreich

(Cás T-596/24, CIT Coin Invest)

(C/2025/405)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir ar phointe dlí: CIT Coin Invest AG

An t-údarás is cosantóir: Zollamt Österreich

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil Airteagail 345 agus 346 de Threoir 2006/112/CE (1) le léiriú sa chaoi go bhfuil boinn óir a áirítear sa liosta a fhoilsíonn an Coimisiún go bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le meas in aon chás mar bhoinn a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE, ionas go gcumhdaítear iad leis an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 346 de Threoir 2006/112/CE, fiú murar chomhlíon na boinn óir sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE tráth a n-allmhairithe?

2)

An ndéanann sé difear don fhreagra ar Cheist 1 nár chomhlíon na boinn óir sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE tráth a n-eisiúna?

3)

An bhfuil Airteagal 345 de Threoir 2006/112/CE le léiriú sa chaoi go meastar go bhfuil boinn óir ar an liosta a fhoilsíonn an Coimisiún go bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má tá aghaidhluach comhfhreagrach acu dá dtagraítear sa liosta sin, fiú murar chomhlíon na boinn óir sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE tráth a n-eisiúna?

4)

An ndéanann sé difear don fhreagra ar Cheist 3 nár chomhlíon na boinn óir sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE tráth foilsithe an liosta sin?

5)

An bhfuil Airteagal 345 de Threoir 2006/112/CE le léiriú sa chaoi go measfar go n-áirítear boinn óir sa liosta a fhoilsíonn an Coimisiún go bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má tá aghaidhluach comhfhreagrach acu dá dtagraítear sa liosta sin agus go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 344 de Threoir 2006/112/CE, ach nach mbuailtear (agus nach n-eisítear) iad go dtí tar éis fhoilsiú an liosta, agus nach eisiúintí eile boinn óir iad atá luaite go sainráite cheana féin ar an liosta?

6)

An bhfuil Airteagal 344(1)(2) de Threoir 2006/112/CE le léiriú sa chaoi nach mór boinn óir a mheas mar dhlíthairiscint ina dtír thionscnaimh de réir bhrí na forála sin más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach mór do na cistí poiblí agus don chuideachta faoi úinéireacht tromlaigh phoiblí a bhuail agus a d’eisigh na boinn óir sin amháin glacadh leo ar aghaidhluach, ach ní gá do na creidiúnaithe uile glacadh leo in íocaíochtaí rialta?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/405/corrigendum/2025-03-10/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Augša