AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.8.2021
COM(2021) 388 final/2
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le haontú an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú
{SEC(2021) 279 final} - {SWD(2021) 192 final} - {SWD(2021) 193 final}
COINBHINSIÚN MAIDIR LE BREITHIÚNAIS EACHTRACHA IN ÁBHAIR SHIBHIALTA NÓ THRÁCHTÁLA A AITHINT AGUS A FHORFHEIDHMIÚ
Tá na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo,
Ós mian leo rochtain éifeachtach ar an gceartas a chur chun cinn do chách agus trádáil agus infheistíocht agus soghluaisteacht iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a éascú trí chomhar breithiúnach,
Arna chreidiúint dóibh gur féidir an comhar sin a fheabhsú trí shraith aonfhoirmeach de rialacha lárnacha a chruthú maidir le breithiúnais eachtracha in ábhair shibhialta nó tráchtála a aithint agus a fhorfheidhmiú, chun aithint agus forfheidhmiú éifeachtach na mbreithiúnas sin a éascú,
Ós cinnte leo go n‑éilíonn comhar breithiúnach feabhsaithe den sórt sin, go háirithe, córas dlí idirnáisiúnta lena gcuirtear níos mó intuarthachta agus deimhneachta ar fáil i ndáil le cúrsaíocht dhomhanda na mbreithiúnas eachtrach, agus atá comhlántach le Coinbhinsiún an 30 Meitheamh 2005 i dtaca le Comhaontuithe maidir le Rogha Cúirte,
Tar éis a chinneadh an Coinbhinsiún seo a thabhairt i gcrích dá réir sin agus tar éis na forálacha seo a leanas a chomhaontú –
CAIBIDIL I – RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon Feidhme
1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta nó tráchtála. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custaim agus riaracháin.
2. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le haithint agus forfheidhmiú breithiúnais i Stát Conarthach amháin ar breithiúnas é a thug cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile.
Airteagal 2
Eisiamh ón raon feidhme
1. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis an méid seo a leanas –
(a) stádas agus inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha;
(b) oibleagáidí cothabhála;
(c) ábhair eile a bhaineann leis an dlí teaghlaigh, lena n‑áirítear socruithe maidir le maoin phósta agus cearta nó oibleagáidí eile de dhroim caidrimh pósta nó caidrimh den sórt sin;
(d) uachtanna agus comharbas;
(e) dócmhainneacht, comhshocrú, réiteach institiúidí airgeadais, agus nithe den sórt sin;
(f) paisinéirí agus earraí a iompar;
(g) truailliú muirí trasteorann, truailliú muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta, truailliú muirí ó longa, teorannú le dliteanas i leith éilimh mhuirí, agus muirchaill choiteann;
(h) dliteanas i leith damáiste núicléach;
(i) bailíocht, neamhniú, nó díscaoileadh daoine dlítheanacha nó comhlachas daoine nádúrtha nó dlítheanacha, agus bailíocht cinntí a thug orgáin dá gcuid;
(j) bailíocht taifead i gcláir phoiblí;
(k) clúmhilleadh;
(l) príobháideacht;
(m) maoin intleachtúil;
(n) gníomhaíochtaí fórsaí armtha, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a bpearsanra i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil;
(o) gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí pearsanra um fhorfheidhmiú an dlí i bhfeidhmiú a ndualgas oifigiúil;
(p) ábhair in aghaidh trustaí (an iomaíocht), ach amháin i gcás ina mbeidh an breithiúnas bunaithe ar iompar arb é atá i gceist leis comhaontú frithiomaíoch nó cleachtas comhbheartaithe idir iomaitheoirí iarbhír nó ionchasacha chun praghsanna a shocrú, tairiscintí camastaíola a dhéanamh, srianta nó cuótaí aschur a bhunú, nó margaí a roinnt trí chustaiméirí, soláthróirí, críocha nó línte tráchtála a leithdháileadh, agus i gcás inar tharla iompar den sórt sin agus a éifeacht araon sa Stát tionscnaimh;
(q) athstruchtúrú fiachais cheannasaigh trí bhearta aontaobhacha Stáit.
2. Ní eisiatar breithiúnas ó raon feidhme an Choinbhinsiúin seo i gcás go raibh ábhar ina réamh‑shaincheist sna himeachtaí inar tugadh an breithiúnas, ach nach raibh ina chuspóir do na himeachtaí sin, is é sin ábhar nach mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis. Go háirithe, ós rud é gur i modh cosanta a tháinig ábhar den sórt sin aníos, ní eisiafar breithiúnas ón gCoinbhinsiún mura raibh an t‑ábhar sin ina chuspóir do na himeachtaí.
3. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le headráin ná le himeachtaí gaolmhara.
4. Toisc gur pháirtí sna himeachtaí é Stát, lena n‑áirítear rialtas, gníomhaireacht rialtais nó aon duine atá ag gníomhú thar ceann Stáit, ní eisiatar breithiúnas ó raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.
5. Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear do phribhléidí agus díolúintí na Stát ná na n‑eagraíochtaí idirnáisiúnta, i leith na Stát féin ná i leith na n‑eagraíochtaí féin, ná i leith a gcuid maoine.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Sa Choinbhinsiún seo –
(a) ciallaíonn ‘cosantóir’ duine ar tugadh an t‑éileamh nó an frithéileamh ina choinne sa Stát tionscnaimh;
(b) ciallaíonn ‘breithiúnas’ aon bhreith maidir leis na tuillteanais a thugann cúirt, cibé ainm a thugtar ar an mbreith sin, lena n‑áirítear foraithne nó ordú, agus cinneadh ar chostais nó caiteachas na n‑imeachtaí ag an gcúirt (lena n‑áirítear oifigeach den chúirt), ar choinníoll go mbainfidh an cinneadh le breith maidir leis na tuillteanais a fhéadfar a aithint nó a fhorfheidhmiú faoin gCoinbhinsiún seo. Ní breithiúnas é beart cosanta eatramhach.
2. Measfar gur sa Stát atá gnáthchónaí ar eintiteas nó duine seachas duine nádúrtha —
(a) san áit a bhfuil a oifig chláraithe aige;
(b) ar faoi dhlí an Stáit sin a ionchorpraíodh é nó a cuireadh ar bun é;
(c) san áit a bhfuil a riarachán lárnach aige; nó
(d) san ait a bhfuil a phríomháit ghnó aige.
CAIBIDIL II – AITHINT AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 4
Forálacha ginearálta
1. Déanfar breithiúnas a thug cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh (Stát tionscnaimh) a aithint agus a fhorfheidhmiú i Stát Conarthach eile (Stát iarrtha) i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo. Ní fhéadfar aithint ná forfheidhmiú a dhiúltú ach amháin ar na forais a shonraítear sa Choinbhinsiún seo.
2. Ní dhéanfar aon athbhreithniú ar thuillteanais an bhreithiúnais sa Stát iarrtha. Féadfar breithniú a dhéanamh a mhéid is gá chun an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm.
3. Ní aithneofar breithiúnas ach amháin más rud é go bhfuil éifeacht aige sa Stát tionscnaimh, agus ní dhéanfar é a fhorfheidhmiú ach amháin más féidir é a fhorfheidhmiú sa Stát tionscnaimh.
4. Féadfar aithint nó forfheidhmiú a chur ar athlá nó a dhiúltú más rud é go bhfuil an breithiúnas dá dtagraítear faoi mhír 3 ina ábhar athbhreithnithe sa Stát tionscnaimh nó mura bhfuil an teorainn ama i gcomhair gnáth‑athbhreithniú a iarraidh dulta in éag. Ní chuirfidh diúltú cosc le hiarratas a dhéanamh ar aithint ná ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais ina dhiaidh sin.
Airteagal 5
Bunúis le haithint agus forfheidhmiú
1. Féadfar breithiúnas a aithint agus a fhorfheidhmiú más rud é go gcomhlíontar ceann amháin de na ceanglais seo a leanas —
(a) más rud é go bhfuil sainchónaí sa Stát tionscnaimh sin ar an duine ar ina choinne a iarrtar aithint nó forfheidhmiú an tráth a tháinig an duine sin chun bheith ina pháirtí sna himeachtaí sa chúirt tionscnaimh;
(b) más rud é gurbh í an phríomháit ghnó ag an duine nádúrtha ar ina choinne a iarrtar aithint nó forfheidhmiú sa Stát tionscnaimh an tráth a tháinig an duine sin chun bheith ina pháirtí sna himeachtaí sa chúirt tionscnaimh agus gur de dhroim ghníomhaíochtaí an ghnó sin a rinneadh an t‑éileamh ar a bhfuil an breithiúnas bunaithe;
(c) más rud é gurb é an duine a thionscain an t‑éileamh, seachas frithéileamh, ar a bhfuil an breithiúnas bunaithe, an duine arb ina choinne a iarrtar aithint nó forfheidhmiú;
(d) más rud é gur choimeád an cosantóir brainse, gníomhaireacht nó bunaíocht eile ar bun gan pearsantacht dhlítheanach ar leithligh sa Stát tionscnaimh an tráth a tháinig an duine sin chun bheith ina pháirtí sna himeachtaí sa chúirt tionscnaimh, agus gur de droim ghníomhaíochtaí an bhrainse sin, na gníomhaireachta sin nó na bunaíochta sin a rinneadh an t‑éileamh ar a bhfuil an breithiúnas bunaithe;
(e) más rud é gur thoiligh an cosantóir go sainráite le dlínse na cúirte tionscnaimh i rith na n‑imeachtaí inar tugadh an breithiúnas;
(f) más rud é go ndearna an cosantóir argóint maidir leis na tuillteanais os comhair na cúirte tionscnaimh gan cur i gcoinne dlínse laistigh den chreat ama dá bhforáiltear i ndlí an Stáit tionscnaimh, mura léir nach n‑éireodh le hagóid i gcoinne dlínse ná i gcoinne fheidhmiú na dlínse faoin dlí sin;
(g) más rud é gur rialaigh an breithiúnas ar oibleagáid chonarthach agus gur thug cúirt den Stát an rialú sin ina raibh an oibleagáid sin comhlíonta, nó inar chóir í sin a bheith déanta, i gcomhréir leis an méid seo a leanas
(i) comhaontú na bpáirtithe, nó
(ii) an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh, in éagmais áit chomhaontaithe maidir le feidhmíocht,
mura léir nach bhfuil nasc feidhmiúil substaintiúil leis an Stát sin i gceist le gníomhaíochtaí an chosantóra i ndáil leis an idirbheart;
(h) más rud é gur rialaigh an breithiúnas ar léas ar mhaoin dhochorraithe (tionóntacht) agus gur thug cúirt den Stát ina bhfuil an mhaoin suite an rialú sin;
(i) más rud é gur rialaigh an breithiúnas i gcoinne an chosantóra ar oibleagáid chonarthach lenar urraíodh ceart in rem a bhaineann le maoin dhochorraithe a bhí suite sa Stát tionscnaimh ach gur tugadh an t‑éileamh conarthach mar aon le héileamh i gcoinne an chosantóra chéanna maidir leis an gceart in rem sin os comhair na cúirte;
(j) más rud é gur rialaigh an breithiúnas ar oibleagáid neamhchonarthach de dheasca báis, díobháil fhisiciúil, damáiste do mhaoin inláimhsithe nó caillteanas maoine inláimhsithe, agus gur sa Stát tionscnaimh a tharla an gníomh nó an neamhghníomh is cúis go díreach leis an díobháil sin, beag beann ar an áit a ndearnadh an díobháil sin;
(k) más rud é go mbaineann an breithiúnas le bailíocht, forléiriú, éifeachtaí, riar nó athrúchán iontaobhais a cruthaíodh go saorálach agus a fianaíodh i scríbhinn, agus—
(i) más rud é, an tráth a tionscnaíodh na himeachtaí, gur ainmníodh an Stát tionscnaimh san ionstraim iontaobhais mar Stát ar ina gcúirteanna a chinnfear díospóidí maidir leis na hábhair sin; nó
(ii) más rud é, an tráth a tionscnaíodh na himeachtaí, gur ainmníodh an Stát tionscnaimh go sainráite nó go hintuigthe san ionstraim iontaobhais mar an Stát ina bhfuil príomháit riaracháin an iontaobhais suite.
Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo ach amháin maidir le breithiúnais a bhaineann le gnéithe inmheánacha d’iontaobhas idir daoine atá laistigh den chaidreamh iontaobhais nó a bhí laistigh den chaidreamh iontaobhais;
(l) más rud é gur rialaigh an breithiúnas ar fhrithéileamh —
(i) a mhéid a bhí sé i bhfabhar an duine a rinne an frithéileamh, ar choinníoll go ndearnadh an frithéileamh i ngeall ar an idirbheart céanna nó an tarlú céanna ba chúis leis an éileamh; nó
(ii) a mhéid a bhí sé i gcoinne an fhrithéilitheora, murar éiligh dlí an Stáit tionscnaimh go ndéanfaí an frithéileamh a chomhdú chun réamhbhreith a sheachaint;
(m) más rud é gur thug cúirt a ainmníodh i gcomhaontú arna thabhairt i gcrích nó arna dhoiciméadú i scríbhinn nó trí aon mhodh cumarsáide eile a fhágann go bhfuil an fhaisnéis inrochtana ionas gur féidir í a úsáid i gcomhair tagartha ina dhiaidh sin, seachas comhaontú eisiach maidir le rogha cúirte.
Chun críocha na fomhíre seo, ciallaíonn ‘comhaontú eisiach maidir le rogha cúirte’ comhaontú arna thabhairt i gcrích ag dhá pháirtí nó níos mó lena n‑ainmnítear, chun déileáil le díospóidí a tháinig chun cinn nó a d‘fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le caidreamh dlíthiúil áirithe, cúirteanna Stáit amháin nó cúirt shonrach amháin nó níos mó de Stát amháin, d’fhonn an dlínse d’aon chúirt eile a eisiamh.
2. Má iarrtar aithint nó forfheidhmiú i gcoinne duine nádúrtha atá ag gníomhú go príomha chun críoch pearsanta, teaghlaigh nó tís (tomhaltóir) in ábhair a bhaineann le conradh tomhaltóra, nó in aghaidh fostaí i gcúrsaí a bhaineann le conradh fostaíochta an fhostaí —
(a) ní bheidh feidhm ag mír 1(e) e ach amháin más rud é gur díríodh an toiliú chuig an gcúirt, ó bhéal nó i scríbhinn;
(b) ní bheidh feidhm ag míreanna 1(f), (g) ná (m).
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le breithiúnas a rialaigh maidir le léas cónaithe ar mhaoin dhochorraithe (tionóntacht) nó a rialaigh maidir le clárú maoine dochorraithe. Féadfar breithiúnas den sórt sin a aithint agus a forfheidhmiú ach amháin más cúirt den Stát í ina bhfuil an mhaoin suite a thug an breithiúnas.
Airteagal 6
Bonn eisiach le haithint agus forfheidhmiú
D’ainneoin Airteagal 5, déanfar breithiúnas a rialaigh ar chearta in rem maidir le maoin dhochorraithe a aithint agus a fhorfheidhmiú más rud é go bhfuil an mhaoin suite sa Stát tionscnaimh, agus sa Stát sin amháin.
Airteagal 7
Aithint agus forfheidhmiú a dhiúltú
1. Féadfar aithint nó forfheidhmiú a dhiúltú —
(a) i gcás an doiciméid lenar tionscnaíodh na himeachtaí nó doiciméad comhionann, lena n‑áirítear ráiteas ar eilimintí bunriachtanacha an éilimh—
(i) más rud é nár tugadh fógra don chosantóir ina leith in am trátha agus ar shlí a chuirfeadh ar a chumas socrú a dhéanamh chun é féin a chosaint, mura rud é go ndearna an cosantóir láithreas a thaifeadadh agus a chás a thíolacadh gan fógra a chonspóid sa chúirt tionscnaimh, ar choinníoll go gceadaítear fógra a chonspóid de réir dhlí an Stáit tionscnaimh; nó
(ii) más rud é gur tugadh fógra don chosantóir sa Stát iarrtha ar mhodh atá ar neamhréir le bunphrionsabail an Stáit iarrtha maidir le doiciméid a sheirbheáil;
(b) más rud é gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas;
(c) más rud é gur léir nach mbeadh an t‑aitheantas nó an forfheidhmiú ag luí le beartas poiblí an Stáit iarrtha, lena n‑áirítear cásanna nach raibh na himeachtaí sonracha as ar tháinig an breithiúnas ag luí le bunphrionsabail chothroime nós imeachta an Stáit sin agus cásanna a bhaineann le sáruithe slándála nó ceannasacht an Stáit sin;
(d) más rud é go raibh na himeachtaí sa chúirt tionscnaimh contrártha do chomhaontú, nó d’ainmniúchán in ionstraim iontaobhais, faoina raibh an díospóid atá i gceist le cinneadh i gcúirt Stáit nach an Stát tionscnaimh é;
(e) más rud é go bhfuil an breithiúnas ar neamhréir le breithiúnas a thug cúirt den Stát iarrtha i ndíospóid idir na páirtithe céanna; nó
(f) más rud é go bhfuil an breithiúnas ar neamhréir le breithiúnas a thug cúirt Stáit eile roimhe sin i ndíospóid idir na páirtithe céanna ar an ábhar céanna, ar choinníoll go gcomhlíonann an breithiúnas a tugadh roimhe sin na coinníollacha is gá chun é a aithint sa Stát iarrtha.
2. Féadfar aithint nó forfheidhmiú a chur ar athlá nó a dhiúltú ach imeachtaí idir na páirtithe céanna maidir leis an ábhar céanna a bheith ar feitheamh os comhair cúirte den Stát iarrtha sna cásanna seo a leanas
(a) más rud é go raibh cúirt an Stáit iarrtha os comhair an stáit tionscnaimh; agus
(b) más rud é go bhfuil dlúthnasc idir an díospóid agus an Stát iarrtha.
Ní chuirfidh diúltú faoin mír seo cosc le hiarratas a dhéanamh ar aithint ná ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais ina dhiaidh sin.
Airteagal 8
Réamh‑shaincheisteanna
1. Ní aithneofar ná ní fhorfheidhmeofar rialú ar réamh‑shaincheist faoin gCoinbhinsiún seo más rialú é ar ábhar nach mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis nó más rialú é ar ábhar dá dtagraítear in Airteagal 6 ar a rialaigh cúirt Stáit seachas an Stát dá dtagraítear san Airteagal sin.
2. Féadfar aithint agus forfheidhmiú breithiúnais a dhiúltú más rud é go raibh, agus a mhéid a bhí, an breithiúnas bunaithe ar rialú ar ábhar nach mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis, nó ar ábhar dá dtagraítear in Airteagal 6 ar a rialaigh cúirt Stáit seachas an Stát dá dtagraítear san Airteagal sin.
Airteagal 9
Codanna inleithlithe
Deonófar aithint nó forfheidhmiú do chuid inleithlithe de bhreithiúnas más rud é go ndéanfar aithint nó forfheidhmiú na coda sin a iarraidh, nó más rud é nach féidir ach cuid den bhreithiúnas a aithint ná a fhorfheidhmiú faoin gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 10
Damáistí
1. Féadfar aithint nó forfheidhmiú breithiúnais a dhiúltú más rud é go ndámhfar, agus a mhéid a dhámhfar, damáistí leis an mbreithiúnas, lena n‑áirítear damáistí eiseamláireacha nó damáistí pionósacha, nach gcúitíonn páirtí as caillteanas iarbhír nó as díobháil iarbhír a baineadh dó.
2. An chúirt a rachfar os a comhair, cuirfidh sí san áireamh cé acu a bhainfear fónamh as na damáistí a dhámhfaidh an chúirt tionscnaimh chun costais agus caiteachas a bhaineann leis na himeachtaí a chumhdach nó nach mbainfear, agus a mhéid a dhéanfar amhlaidh.
Airteagal 11
Socraíochtaí breithiúnacha (transactions judiciaires)
Socraíochtaí breithiúnacha (transactions judiciaires) a cheadaigh cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, nó a tugadh i gcrích i rith imeachtaí os comhair cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, agus ar féidir iad a fhorfheidhmiú ar an modh céanna le breithiúnas sa Stát tionscnaimh, déanfar iad a fhorfheidhmiú faoin gCoinbhinsiún seo ar an modh céanna le breithiúnas.
Airteagal 12
Doiciméid le tabhairt ar aird
1. Déanfaidh an páirtí a iarrann aithint nó forfheidhmiú an méid seo a leanas a thabhairt ar aird —
(a) cóip iomlán dheimhnithe den bhreithiúnas;
(b) más trí mhainneachtain a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de dhoiciméad lena suitear gur tugadh fógra don pháirtí mainneachtana i leith an doiciméid lenar tionscnaíodh na himeachtaí, sin nó doiciméad comhionann;
(c) aon doiciméad is gá chun a shuí go mbeidh éifeacht ag an mbreithiúnas nó, i gcás inarb infheidhme, go mbeifear in ann é a fhorfheidhmiú sa Stát tionscnaimh;
(d) sa chás dá dtagraítear in Airteagal 11, deimhniú ó chúirt (lena n‑áirítear ó oifigeach den chúirt) an Stáit tionscnaimh ina sonraítear gur féidir an tsocraíocht bhreithiúnach nó cuid di a fhorfheidhmiú ar an modh céanna le breithiúnas sa Stát tionscnaimh.
2. An chúirt a rachaidh an páirtí os a comhair, mura gceadaítear don chúirt sin a fhíorú cé acu a comhlíonadh coinníollacha na Caibidle seo nó nár comhlíonadh de réir théarmaí an bhreithiúnais, féadfaidh an chúirt sin aon doiciméad riachtanach a éileamh.
3. Féadfaidh doiciméad a bhaineann leis an mbreithiúnas, arna eisiúint ag cúirt den Stát tionscnaimh (lena n‑áirítear oifigeach den chúirt), a bheith ag gabháil le hiarratas ar aithint nó forfheidhmiú, san fhoirm a mhol agus a d’fhoilsigh Comhdháil na Háige maidir an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
4. Mura bhfuil na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo i dteanga oifigiúil den Stát iarrtha, beidh aistriúchán deimhnithe go teanga oifigiúil ag gabháil leo, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Stáit iarrtha.
Airteagal 13
Nós imeachta
1. Tá an nós imeachta maidir le haithint, dearbhú maidir le forfheidhmiú nó clárú le haghaidh forfheidhmiú, agus forfheidhmiú an bhreithiúnais, faoi rialú dhlí an Stáit iarrtha mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo. Gníomhóidh cúirt an Stáit iarrtha go gasta.
2. Ní dhiúltóidh cúirt an Stáit iarrtha aithint ná forfheidhmiú breithiúnais faoin gCoinbhinsiún seo ar an bhforas gur cheart aithint nó forfheidhmiú a iarraidh i Stát eile.
Airteagal 14
Costais na n‑imeachtaí
1. Ní éileofar urrús, banna ná taisce, cibé cén dóigh a dtuairiscítear iad, ar pháirtí a iarrann i Stát Conarthach amháin forfheidhmiú breithiúnais arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile, ar an bhforas aonair gur náisiúnach eachtrach é an páirtí sin ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí ar an bpáirtí sin sa Stát ina n‑iarrtar an forfheidhmiú.
2. Aon ordú chun costais nó caiteachas imeachtaí a íoc, arna dhéanamh i Stát Conarthach i gcoinne aon duine atá díolmhaithe ó na ceanglais maidir le hurrús, banna, nó taisce de bhua mhír 1 nó de bhua dhlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí, déanfar, ar iarratas ón duine a bheidh i dteideal shochar an ordaithe, an t‑ordú sin a fhorfheidhmiú in aon Stát Conarthach eile.
3. Féadfaidh Stát a dhearbhú nach gcuirfidh sé mír 1 i bhfeidhm nó féadfaidh sé a ainmniú trí dhearbhú cé acu dá chúirteanna nach gcuirfidh mír 1 i bhfeidhm.
Airteagal 15
Aithint agus forfheidhmiú faoin dlí náisiúnta
Faoi réir Airteagal 6, ní chuirfidh an Coinbhinsiún seo cosc le haithint ná le forfheidhmiú breithiúnas faoin dlí náisiúnta.
CAIBIDIL III – CLÁSAIL GHINEARÁLTA
Airteagal 16
Foráil Idirthréimhseach
Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú más rud é, an tráth a tionscnaíodh na himeachtaí sa Stát tionscnaimh, go raibh éifeacht ag an gCoinbhinsiún idir an Stát sin agus an Stát iarrtha.
Airteagal 17
Dearbhuithe maidir le haithint agus forfheidhmiú a theorannú
Féadfaidh Stát a dhearbhú go bhféadfaidh a chúirteanna aithint nó forfheidhmiú breithiúnais a dhiúltú, is é sin breithiúnas arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh eile, más rud é go raibh cónaí ag na páirtithe sa Stát iarrtha, agus go raibh an gaol idir na páirtithe agus gach eilimint eile a bhaineann leis an díospóid, seachas áit na cúirte tionscnaimh, nasctha leis an Stát iarrtha, agus leis sin amháin.
Airteagal 18
Dearbhuithe i leith ábhair shonracha
1. I gcás ina mbeidh leas mór ag Stát gan an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le hábhar sonrach, féadfaidh an Stát a dhearbhú nach gcuirfidh sé an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an ábhar sin. Áiritheoidh an Stát a bhfuil dearbhú den sórt sin á dhéanamh aige nach mbeidh an dearbhú níos leithne ná mar is gá agus go mbeidh an t‑ábhar sonrach a eisiatar sainithe go soiléir agus go beacht.
2. Maidir leis an ábhar sin, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún –
(a) sa Stát Conarthach a rinne an dearbhú;
(b) i Stáit Chonarthacha eile, más rud é go n‑iarrtar aithint nó forfheidhmiú breithiúnais arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh a rinne an dearbhú.
Airteagal 19
Dearbhuithe maidir le breithiúnais a bhaineann le Stát
1. Féadfaidh Stát a dhearbhú nach gcuirfidh sé an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le breithiúnais a dhéantar de dhroim imeachtaí ina bhfuil aon cheann de na páirtithe seo a leanas ina pháirtí —
(a) an Stát sin, nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an Stáit sin; nó
(b) gníomhaireacht rialtais den Stát sin, nó duine nádúrtha ag gníomhú thar ceann gníomhaireacht rialtais den sórt sin.
Áiritheoidh an Stát a bhfuil dearbhú den sórt sin á dhéanamh aige nach mbeidh an dearbhú níos leithne ná mar is gá agus go mbeidh an t‑eisiamh ón raon feidhme sainithe go soiléir agus go beacht. Ní dhéanfaidh an dearbhú idirdhealú idir breithiúnais más rud é gur cosantóir nó éilitheoir sna himeachtaí os comhair na cúirte tionscnaimh an Stát sin, gníomhaireacht rialtais den Stát sin nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann ceachtar acu.
2. Féadfar aithint nó forfheidhmiú breithiúnais a dhiúltú, is é sin breithiúnas arna thabhairt ag cúirt Stáit a rinne dearbhú de bhun mhír 1 más rud é go ndearnadh an breithiúnas de dhroim imeachtaí inar páirtí é an Stát a rinne an dearbhú, sin nó an Stát iarrtha, ceann dá ghníomhaireachtaí rialtais nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann ceachtar acu, a mhéid a shonraítear sa dearbhú.
Airteagal 20
Léirmhíniú aonfhoirmeach
Agus an Coinbhinsiún seo á léirmhíniú, tabharfar aird ar a ghné idirnáisiúnta agus ar an ngá atá le haonfhoirmeacht a chur chun cinn ina fheidhm.
Airteagal 21
Athbhreithniú ar oibriú an Choinbhinsiúin
Déanfaidh Ard‑Rúnaí Chomhdháil na Háige maidir leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach socruithe go tráthrialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú an Choinbhinsiúin seo, lena n‑áirítear aon dearbhú a dhéantar, agus tuairisceoidh sé don Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta agus Beartas.
Airteagal 22
Córais dlí neamhaontaithe
1. I ndáil le Stát Conarthach ina bhfuil feidhm ag dhá chóras dlí nó níos mó in aonaid chríochacha éagsúla maidir le haon ábhar lena ndéileáiltear sa Choinbhinsiún seo —
(a) forléireofar aon tagairt do dhlí nó do nós imeachta Stáit mar thagairt, i gcás inarb iomchuí, don dlí nó don nós imeachta atá i bhfeidhm san aonad críochach ábhartha;
(b) forléireofar aon tagairt do chúirt nó do chúirteanna Stáit mar thagairt, i gcás inarb iomchuí, don chúirt nó do na cúirteanna san aonad críochach ábhartha;
(c) forléireofar aon tagairt do nasc le Stát mar thagairt, i gcás inarb iomchuí, do nasc leis an aonad críochach ábhartha;
(d) forléireofar aon tagairt do nascfhachtóir i ndáil le Stát mar thagairt, i gcás inarb iomchuí, don nascfhachtóir sin i ndáil leis an aonad críochach ábhartha.
2. D’ainneoin fhomhír 1, maidir le Stát Conarthach ina bhfuil dhá aonad chríochacha nó níos mó aige a bhfuil feidhm ag córais dlí éagsúla iontu, ní bheidh an Stát Conarthach sin faoi cheangal an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le cásanna a bhaineann leis na haonaid chríochacha éagsúla sin, agus leo sin amháin.
3. Aon chúirt in aonad críochach de chuid Stáit Chonarthaigh ina bhfuil dhá aonad chríochacha nó níos mó a bhfuil feidhm ag córais dlí éagsúla iontu, ní bheidh sí faoi cheangal breithiúnas ó Stát Conarthach eile a aithint ná a fhorfheidhmiú de bhrí go bhfuil an breithiúnas aitheanta nó forfheidhmithe in aonad críochach eile den Stát Conarthach céanna faoin gCoinbhinsiún seo, agus dá bhrí sin amháin.
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hEagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíoch.
Airteagal 23
Gaol le hionstraimí idirnáisiúnta eile
1. Forléireofar an Coinbhinsiún seo a mhéid is féidir mar Coinbhinsiún atá ag luí le conarthaí eile atá i bhfeidhm maidir le Stáit Chonarthacha, bídís tugtha i gcrích roimh an gCoinbhinsiún seo nó ná bíodh.
2. Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do Stát Conarthach conradh a chur i bhfeidhm ar conradh é a tugadh i gcrích roimh an gCoinbhinsiún seo.
3. Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do Stát Conarthach conradh a chur i bhfeidhm ar conradh é a tugadh i gcrích i ndiaidh an Choinbhinsiúin seo, a mhéid a bhaineann le haithint nó forfheidhmiú breithiúnais arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh ar páirtí sa chonradh sin é freisin. Ní dhéanfaidh aon ní sa chonradh eile difear do na hoibleagáidí faoi Airteagal 6 i leith Stáit Chonarthacha nach Páirtithe sa chonradh sin iad.
4. Ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do chur i bhfeidhm rialacha de chuid Eagraíochta Réigiúnaí um Chomhtháthú Eacnamaíoch ar Páirtí sa Choinbhinsiún seo í a mhéid a bhaineann le haithint nó forfheidhmiú breithiúnais arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh ar Ballstát den Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch é freisin sna cásanna seo a leanas –
(a) glacadh na rialacha sular tugadh an Coinbhinsiún seo i gcrích; nó
(b) glacadh na rialacha tar éis an Coinbhinsiún seo a thabhairt i gcrích, a mhéid nach ndéanann siad difear do na hoibleagáidí faoi Airteagal 6 i leith Stáit Chonarthacha nach Ballstáit den Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch iad.
CAIBIDIL IV – CLÁSAIL CHRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
An Coinbhinsiún a shíniú, a dhaingniú, glacadh leis, a fhormheas, nó aontú leis
1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag na Stáit uile.
2. Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, glacadh leis nó a fhormheasta ag na Stáit is sínitheoirí.
3. Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt le haontú leis ag na Stáit uile.
4. Ionstraimí maidir leis an gCoinbhinsiún a daingniú, glacadh leis, a fhormheas nó aontú leis, taiscfear iad le hAireacht Gnóthaí Eachtracha Ríocht na hÍsiltíre, taiscí an Choinbhinsiúin.
Airteagal 25
Dearbhuithe i leith córais dlí neamhaontaithe
1. Más rud é go bhfuil dhá aonad chríochacha nó níos mó ag Stát ina bhfuil feidhm ag córais dlí éagsúla maidir le hábhair lena ndéileáiltear sa Choinbhinsiún seo, féadfaidh sé a dhearbhú go mbeidh a aonaid chríochacha go léir faoi réim an Choinbhinsiún nó nach mbeidh ach ceann amháin nó níos mó díobh faoi réim an Choinbhinsiúin. Sonrófar go sainráite i ndearbhú den sórt sin na haonaid chríochacha a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leo.
2. Mura ndéanfaidh Stát aon dearbhú faoin Airteagal seo, beidh aonaid chríochacha uile an Stáit sin faoi réim an Choinbhinsiúin sin.
3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hEagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíoch.
Airteagal 26
Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíoch
1. Féadfaidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch, atá comhdhéanta de Stáit cheannasacha amháin agus a bhfuil inniúlacht aici ar chuid de na hábhair nó ar na hábhair uile a rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo, an Coinbhinsiún seo a shíniú, glacadh leis, é a fhormheas nó aontú leis. Sa chás sin beidh cearta agus oibleagáidí Stáit Chonarthaigh ag an Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch a mhéid a bheidh inniúlacht ag an Eagraíocht ar ábhair atá faoi rialú an Choinbhinsiúin seo.
2. Tráth an Coinbhinsiún a shíniú, glacadh leis, a fhormheas nó aontú leis, déanfaidh an Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch fógra i scríbhinn a thabhairt don taiscí faoi na hábhair a rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo ar ina leith a d’aistrigh a Ballstáit inniúlacht chuig an Eagraíocht sin. Déanfaidh an Eagraíocht aon athrú ar a hinniúlacht a chur in iúl go pras i scríbhinn don taiscí mar a shonraítear san fhógra is déanaí a thugtar faoin mír seo.
3. Chun críocha theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, ní áireofar aon ionstraim a thaiscfidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch mura ndearbhóidh an Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 27(1), nach mbeidh a Ballstáit ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún seo.
4. Aon tagairt atá sa Choinbhinsiún seo do ‘Stát Conarthach’ nó do ‘Stát’, beidh feidhm chomhionann aici maidir le hEagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 27
Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch ina Páirtí Conarthach gan a Ballstáit
1. Tráth an Coinbhinsiún a shíniú, glacadh leis, a fhormheas nó aontú leis, féadfaidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch a dhearbhú go bhforfheidhmíonn sí inniúlacht ar na hábhair go léir atá faoi rialú an Coinbhinsiúin seo agus nach mbeidh a Ballstáit ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún seo ach go mbeidh siad faoi cheangal aige de bhua an Eagraíocht é a shíniú, glacadh leis, é a fhormheas nó aontú leis.
2. I gcás ina ndéanfaidh Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíoch dearbhú i gcomhréir le mír 1, beidh feidhm chomhionann ag aon tagairt do ‘Stát Conarthach’ nó do ‘Stát’ atá sa Choinbhinsiún seo, i gcás inarb iomchuí, maidir le Ballstáit na hEagraíochta.
Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse dul in éag ina bhféadfar fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 29(2) maidir leis an dara Stát a mbeidh a ionstraim i ndáil leis an gCoinbhinsiún a dhaingniú, glacadh leis, a fhormheas nó aontú leis dá dtagraítear in Airteagal 24 taiscthe aige.
2. Ina dhiaidh sin tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm —
(a) maidir le gach Stát dá éis sin a dhaingneoidh, a ghlacfaidh leis nó a aontóidh leis, ar an gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse dul in éag ina bhféadfar fógraí a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 29(2) maidir leis an Stát sin;
(b) i gcás aonad críochach atá faoi réim an Coinbhinsiúin seo i gcomhréir le hAirteagal 25, tar éis don Choinbhinsiún teacht i bhfeidhm don Stát a dhéanann an dearbhú, ar an gcéad lá den mhí tar éis tréimhse trí mhí a bheith imithe in éag ó tugadh fógra faoin dearbhú dá dtagraítear san Airteagal sin.
Airteagal 29
Caidreamh a chur ar bun de bhun an Choinbhinsiúin
1. Beidh éifeacht leis an gCoinbhinsiún seo idir dhá Stát Chonarthacha más rud é, agus é sin amháin, nár thug ceachtar acu fógra don taiscí maidir leis an gceann eile i gcomhréir le míreanna 2 nó 3. In éagmais fógra den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCoinbhinsiún idir dhá Stát Chonarthacha ón gcéad lá den mhí tar éis don tréimhse dul in éag ina bhféadfar fógraí a thabhairt.
2. Féadfaidh Stát Conarthach fógra a thabhairt don taiscí, laistigh de 12 mhí tar éis dháta an fhógra ón taiscí dá dtagraítear in Airteagal 32(a), más rud é nach ndaingneoidh Stát eile an Coinbhinsiún, nach nglacfaidh sé leis, nach bhformheasfaidh sé é ná nach n‑aontóidh sé leis, nach mbeidh éifeacht aige sin chun caidreamh a chur ar bun idir an dá Stát de bhun an Choinbhinsiúin seo.
3. Féadfaidh Stát fógra a thabhairt don taiscí, tar éis dó a ionstraim a thaisceadh de bhun Airteagal 24(4), nach mbeidh éifeacht ag a dhaingniú, glacadh leis, a fhormheas ná aontú leis chun caidreamh le Stát Conarthach a chur ar bun de bhun an Choinbhinsiúin seo.
4. Féadfaidh Stát Conarthach fógra a thug sé faoi mhíreanna 2 nó 3 a tharraingt siar tráth ar bith. Gabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar sin ar an gcéad lá den mhí tar éis tréimhse trí mhí a bheith imithe in éag ó dháta an fhógra.
Airteagal 30
Dearbhuithe
1. Féadfar na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagail 14, 17, 18, 19 agus 25 a dhéanamh tráth a an Coinbhinsiún s shíniú, a dhaingniú, glacadh leis, a fhormheas nó a aontú leis nó tráth ar bith dá éis sin, agus féadfar iad a mhodhnú nó a tharraingt siar tráth ar bith.
2. Cuirfear dearbhuithe, modhnuithe agus tarraingt siar in iúl don taiscí.
3. Gabhfaidh éifeacht le dearbhú a dhéanfar tráth an Coinbhinsiún a shíniú, a dhaingniú, glacadh leis, a fhormheas nó aontú leis i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo don Stát lena mbaineann.
4. Gabhfaidh éifeacht le dearbhú a dhéanfar tráth ina dhiaidh sin, agus le haon mhodhnú ar dhearbhú nó tarraingt siar dearbhaithe, ar an gcéad lá den mhí tar éis tréimhse trí mhí dul in éag ón dáta a gheobhaidh an taiscí an fógra.
5. Ní bheidh feidhm ag dearbhú a dhéanfar tráth dá éis sin, ná ag aon mhodhnú ar dhearbhú ná tarraingt siar dearbhaithe, maidir le breithiúnais a thagann ó imeachtaí a bhí tionscanta cheana féin os comhair na cúirte tionscnaimh tráth a ghabhfaidh éifeacht leis an dearbhú.
Airteagal 31
Séanadh
1. Féadfaidh Stát Conarthach sa Choinbhinsiún seo é a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a dhíreofar chuig an taiscí. Féadfar an séanadh a theorannú d’aonaid chríochacha áirithe de chóras dlí neamhaontaithe a mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis.
2. Gabhfaidh éifeacht leis an séanadh ar an gcéad lá den mhí tar éis tréimhse 12 mhí dul in éag ón dáta a gheobhaidh an taiscí an fógra. I gcás ina sonrófar san fhógra tréimhse is faide ná sin ina mbeidh éifeacht leis an séanadh, gabhfaidh éifeacht leis an séanadh ar dhul in éag na tréimhse is faide tar éis an dáta a gheobhaidh an taiscí an fógra.
Airteagal 32
Fógraí a thabharfaidh an taiscí
Tabharfaidh an taiscí fógra do Chomhaltaí Chomhdháil na Háige maidir leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach, agus do Stáit eile agus d’Eagraíochtaí Réigiúnacha um Chomhtháthú Eacnamaíoch a shínigh é, a dhaingnigh é, a ghlac leis, a d’fhormheas é nó a d'aontaigh leis an gCoinbhinsiún seo i gcomhréir le hAirteagail 24, 26 agus 27 díobh seo a leanas –
(a) na sínithe, na daingniúcháin, glacadh leis, an formheas agus an t‑aontachas dá dtagraítear in Airteagail 24, 26 agus 27;
(b) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 28;
(c) na fógraí, na dearbhuithe, na modhnuithe agus an tarraingt siar dá dtagraítear in Airteagail 26, 27, 29 agus 30; agus
(d) an séanadh dá dtagraítear in Airteagal 31.
Dá fhianú sin chuir na daoine thíos‑sínithe, ar iad a bheith údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.
Arna dhéanamh sa Háig, an 2 Iúil 2019, i mBéarla agus i bhFraincis, an dá théacs comhúdarásach, in aon chóip amháin a thaiscfear i gcartlann Rialtas Ríocht na hÍsiltíre, agus a gcuirfear cóip dheimhnithe di, trí chainéil taidhleoireachta, chuig gach duine de Chomhaltaí Chomhdháil na Háige maidir leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach tráth a Dara Seisiún is Fiche agus chuig gach ceann de na Stáit eile a ghlac páirt sa Seisiún sin.