Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 32024D0645

    Cinneadh (CBES) 2024/645 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta

    ST/5331/2024/INIT

    IO L, 2024/645, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/645/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Stádas dlíthiúil an doiciméid I bhfeidhm

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/645/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/645

    20.2.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/645 ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Feabhra 2024

    mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta.

    (2)

    An 21 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle doiciméad dar teideal ‘Compás Straitéiseach 2022 don tSlándáil agus don Chosaint’, doiciméad lena ndéantar tagairt do shíorbhagairt an leathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta, agus lena gcuirtear in iúl cuspóir an Aontais gníomhaíochtaí nithiúla an Aontais a threisiú mar thaca le spriocanna dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm.

    (3)

    Tá Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta a liostaítear i gCaibidil III di, go háirithe na bearta sin a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC) a neartú, a chur chun feidhme agus a uiliú, agus trí acmhainní a chur ar fáil do thionscadail le haghaidh cúnamh teicniúil agus saineolas maidir le raon leathan bearta neamhleata, agus trí ról Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chothú.

    (4)

    An 28 Aibreáin 2004, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1540 (2004) (‘UNSCR 1540 (2004)’), Rún lenar bunaíodh oibleagáidí ceangailteacha do na Stáit uile, agus arbh é ab aidhm dó cosc a chur ar ghníomhaithe neamhstáit rochtain a fháil ar airm ollscriosta agus ar ábhar gaolmhar agus iad a dhíspreagadh. Chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe freisin go bhfuil gach Stát le bearta éifeachtacha a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú chun rialuithe intíre a bhunú chun leathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus modhanna seachadta na n-arm sin a chosc, lena n-áirítear trí rialuithe iomchuí a bhunú ar ábhair ghaolmhara. Treisíodh cuspóirí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a leagtar amach in UNSCR 1540 (2004) le Rún 2663 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    (5)

    I 2017 agus ina dhiaidh sin arís in 2023, ghlac an Chomhairle cinntí mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, eadhon Cinntí (CBES) 2017/809 (1) agus (CBES) 2023/654 (2). Cuirtear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí faoi Chinneadh (CBES) 2023/654 de chúram ar Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta réigiúnacha ábhartha, lena n-áirítear Eagraíocht na Stát Meiriceánach (‘OAS’).

    (6)

    Tacaíonn an tAontas freisin le hobair agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/184/CBES (3) agus 2008/858/CBES ón gComhairle (4), agus trí Chinntí (CBES) 2012/421 (5), (CBES) 2016/51 (6) agus (CBES) 2019/97 ón gComhairle (7).

    (7)

    Faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta, le Cinneadh (CBES) 2019/2108 ón gComhairle (8) tacaítear le gníomhaíochtaí OAS maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch fhoriomlán a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart don Aontas leanúint dá thacaíocht.

    (8)

    Ba cheart a chur de chúram ar Rúnaíocht OAS/an Choiste Idir-Mheiriceánaigh i gcoinne na Sceimhlitheoireachta de chuid Eagraíocht na Stát Meiriceánach (‘CICTE’) na tionscadail atá le cur i gcrích faoin gCinneadh seo a riar agus a bhainistiú.

    (9)

    Ba cheart do Rúnaíocht OAS/CICTE comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta a áirithiú, mar shampla, Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme BTWC, Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun UNSCR 1540 (2004), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus an Chomhpháirtíocht Dhomhanda in aghaidh Leathadh Arm agus Ábhar Ollscriosta. Ba cheart do Rúnaíocht OAS/CICTE comhlántacht agus sineirge na dtionscadal a ghabhtar de láimh ar bhonn an Chinnidh seo le tionscadail ábhartha atá críochnaithe agus atá ar siúl a áirithiú, le gníomhaíochtaí i Meiriceá Laidineach a fhaigheann tacaíocht ó Bhallstáit aonair an Aontais, agus le cláir eile atá urraithe ag an Aontas sa réimse sin, lena n-áirítear an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin agus Ionaid Barr Feabhais AE chun riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta a glacadh an 12 Nollaig 2003, tabharfaidh an tAontas tuilleadh tacaíochta do ghníomhaíochtaí OAS/CICTE trí ghníomhaíocht oibríochtúil a thacaíonn le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach.

    2.   Is iad cuspóirí foriomlána na gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1:

    a)

    na creataí normatacha náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le sábháilteacht agus le slándáil bhitheolaíoch sna Stáit is tairbhithe a neartú;

    b)

    comhlíonadh níos fearr le córais idirnáisiúnta a chothú trí chomhoibriú agus comhar idir Stáit rannpháirteacha a chur chun cinn trí chleachtais nuálacha, mar shampla, ‘cleachtais athbhreithnithe piaraí’ agus freisin trí chuidiú le Stáit rannpháirteacha lena n-aighneachtaí agus dearbhuithe a bhaineann le hionstraimí ábhartha maidir le hairm bhitheolaíocha;

    c)

    acmhainneacht na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a neartú chun airm bhitheolaíocha a dhaingniú trí ghníomhaíochtaí oiliúna;

    d)

    pobal réigiúnach nó líonra de ghníomhaithe a chruthú san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a bhfuil baint acu le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch.

    3.   Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomh dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 2

    1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

    2.   Is é OAS/CICTE a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i gcrích.

    3.   Rachaidh OAS/CICTE i mbun an chúraim dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le OAS/CICTE.

    Airteagal 3

    1.   Is é EUR 2 686 427 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

    2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais arna mhaoiniú leis an méid tagartha dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú deontais i gcrích le OAS/CICTE. Sonrófar sa chomhaontú deontais go bhfuil OAS/CICTE le hinfheictheacht ranníocaíocht an Aontais a áirithiú, atá iomchuí lena mhéid.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú i gcrích.

    Airteagal 4

    1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta ó OAS/CICTE. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

    2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais chur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1.

    Airteagal 5

    1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3). Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura dtabharfar aon chomhaontú den sórt sin i gcrích laistigh den tréimhse sin.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 a thacaíonn le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).

    (2)  Cinneadh 2023/654(CBES) ón gComhairle an 20 Márta 2023 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 81, 21.3.2023, lch. 29).

    (3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 65, 7.3.2006, lch. 51).

    (4)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/858/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 a thacaíonn leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta a chur chun feidhme (IO L 302, 13.11.2008, lch. 29).

    (5)  Cinneadh 2012/421/CBES ón gComhairle an 23 Iúil 2012 a thacaíonn leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 196, 24.7.2012, lch. 61).

    (6)  Cinneadh 2016/51(CBES) ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a thacaíonn leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 12, 19.1.2016, lch. 50).

    (7)  Cinneadh 2019/97(CBES) ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11).

    (8)  Cinneadh (CBES) 2019/2108 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 a thacaíonn le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad (IO L 318, 10.12.2019, lch. 123).


    IARSCRÍBHINN

    Tacaíocht ón Aontas chun sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad

    CÚLRA

    I gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) i gcoinne leathadh arm ollscriosta a glacadh an 12 Nollaig 2003, lena leagtar síos mar chuspóir go ndéanfaí ról Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chothú agus a saineolas a fheabhsú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an leata, thacaigh an t-Aontas arís le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘UNSCR 1540 (2004)’) agus le cur chun feidhme na rún a thiocfadh ina dhiaidh.

    Chuir Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) Gníomhaíocht Chomhpháirteach na Comhairle, a thacaíonn le cur chun feidhme UNSCR 1540 (2004), chuir sí an ghníomhaíocht sin chun feidhme trí chur chun feidhme teicniúil na dtionscadal a tháinig roimhe seo, ós rud é go raibh sainordú ag an Oifig tacaíocht shubstainteach agus lóistíochta a chur ar fáil don Choiste um Rún 1540 agus dá shaineolaithe.

    Achoimre an tionscadail

    Is é is aidhm don tionscadal ‘Sábháilteacht agus Slándáil Bhitheolaíoch a Neartú i Meiriceá Laidineach’ (an ‘Tionscadal’) cur chun feidhme na mbeart maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú in 11 thír ó Mheiriceá Laidineach (an Airgintín, an tSile, an Cholóim, Cósta Ríce, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, Meicsiceo, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua) i gcomhréir le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear ‘UNSCR 1540’ anseo feasta). Féachann an Tionscadal freisin le hacmhainneacht an 11 thír sin a mhéadú chun aon teagmhais mhórscála a bhaineann le hoibreáin bhitheolaíocha a réamh-mheas agus freagairt dóibh go héifeachtach.

    Le meascán de ghníomhaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha, tabharfaidh an Tionscadal údaráis rialtais le chéile, chomh maith le príomhionadaithe ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil chun feasacht a mhúscailt agus chun acmhainneacht níos fearr maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a fhorbairt ar fud Chríocha Mheiriceá. Go sonrach, tá ceithre phríomhchuspóir ag an Tionscadal: 1) na creataí normatacha náisiúnta atá ann cheana a neartú (lena n-áirítear rialacháin agus caighdeáin); 2) comhlíonadh na gcóras idirnáisiúnta a mhéadú trí thíolacadh tuarascálacha náisiúnta a iarrtar faoi na hionstraimí sin a spreagadh; 3) gníomhaíochtaí oiliúna agus for-rochtana a fhorbairt; agus 4) pobal/líonra réigiúnach de gheallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a chur chun cinn a bhfuil baint acu le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch.

    1.   Réamhrá agus cuspóirí

    1.1.   Réamhrá

    Ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1540 (‘UNSCR 1540’) in 2004 chun cur i gcoinne aon bhagairtí ó ghníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad a bhfuil rochtain acu ar airm núicléacha, cheimiceacha agus bhitheolaíocha, ar a n-ábhair ghaolmhara agus ar na modhanna lena seachadtar iad. I measc nithe eile, le UNSCR 1540, ceanglaítear ar na Stáit bearta éifeachtacha a dhéanamh agus a fhorfheidhmiú chun rialuithe intíre a bhunú chun leathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus na modhanna lena seachadtar iad a chosc. De réir mhír oibríochtúil 3(a) agus (b), áireofar ar na bearta sin rialuithe iomchuí a bhunú agus bearta éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil chun na hítimí sin a chur san áireamh agus a dhaingniú agus iad á dtáirgeadh, á n-úsáid, á stóráil nó á n-iompar.

    Bealach amháin inar féidir leis na Stáit a n-oibleagáidí faoi Rún 1540 a chomhlíonadh ná a bheith ina bpáirtithe i gcomhaontuithe lárnacha maidir le neamhleathadh agus a n-oibleagáidí a chur chun feidhme faoi na comhaontuithe sin. Mar shampla, tháinig an Coinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha (‘BWC’) i bhfeidhm in 1975 agus dhaingnigh beagnach gach ballstát de chuid OAS é. Leagtar síos in BWC go ndéanfaidh gach Stát is Páirtí, i gcomhréir lena phróisis bhunreachtúla, aon bhearta is gá chun forbairt, táirgeadh, stoc-charnadh, fáil nó coinneáil oibreán, tocsainí, armán, trealaimh agus modhanna seachadta a thoirmeasc agus a chosc, lena n-áirítear, bearta bithshábháilteachta agus bithshlándála saotharlainne a shonraítear in Airteagal IV a chur chun feidhme.

    Cé gur páirtithe sna príomhionstraimí idirnáisiúnta sin, in go leor cásanna, iad na Stáit rannpháirteacha atá beartaithe sa Tionscadal seo, is minic nach mbíonn na creataí dlíthiúla agus rialála intíre is gá acu chun a n-oibleagáidí faoi BWC agus ionstraimí cur chun feidhme gaolmhara a chur chun feidhme ina n-iomláine. Ina theannta sin, san Athbhreithniú Cuimsitheach deireanach a rinne sé ar oibleagáidí faoi UNSCR 1540 a bheith á gcomhlíonadh ag na Stáit, d’eisigh an Coiste um Rún 1540 doiciméad críochnaitheach inar léiríodh leibhéal sách íseal comhlíontachta le hoibleagáidí faoi Rún 1540 ar fud an domhain, agus leibhéal comhlíontachta níos ísle fós laistigh de Chríocha Mheiriceá.

    Mar shampla, maidir le bearta a bhaineann le hairm bhitheolaíocha, tugadh faoi deara nár tháinig ach feabhas beag ar leibhéil chur chun feidhme ar fud an domhain, agus i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib tá an staid níos laige fós: níor glacadh ach 19 % de na bearta a bhaineann le hairm bhitheolaíocha.

    Léiríonn na sonraí is déanaí ón Innéacs Slándála Sláinte Domhanda (1) leibhéil ísle comhlíontachta ar an gcaoi chéanna. Is ábhar imní ar leith é go bhfuil roinnt saotharlanna ar leibhéal bithshábháilteachta BSL-3 (2) agus roinnt saotharlanna ainmhithe ar leibhéal bithshábháilteachta BSL-4 (de réir chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe) sa réigiún nár chuir beartais bhithshlándála éifeachtacha chun feidhme ina n-iomláine. Agus tá ar a laghad dhá shaotharlann BSL-4 eile á dtógáil sna Stáit atá beartaithe don Tionscadal seo.

    I bhfianaise an chomhthéacs sin, tugadh ar aird sa tuarascáil chríochnaitheach ó phróiseas Athbhreithnithe Chuimsithigh an Choiste um Rún 1540 gur cuspóir fadtéarmach i gcónaí é go gcuirfeadh na Ballstáit UNSCR 1540 chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, agus tugadh ar aird freisin go bhfuil cúnamh de dhíth ó chuid mhaith de stáit OAS chun an sprioc sin a bhaint amach (3). Ina theannta sin, tháinig an Coiste ar an gconclúid gur cheart do na Stáit gníomhú go práinneach chun bearta a ghlacadh le haghaidh ábhair a bhaineann le hairm bhitheolaíocha a chur san áireamh agus a dhaingniú.

    Bealach eile chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán bithshábháilteachta agus bithshlándála is ea úsáid a bhaint as bearta cothaithe muiníne BWC. Tá na bearta sin, a bhunaigh Stáit is Páirtithe in BWC in 1986, ceaptha ‘chun tarlú débhríochtaí, amhras agus dabht a chosc nó a laghdú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta i réimse na ngníomhaíochtaí bitheolaíocha síochánta’. Mar sin féin, níor chuir ach 10 as 34 Bhallstát OAS a gcuid bearta cothaithe muiníne faoi bhráid Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme BWC (‘ISU’) in 2022 (4).

    An leibhéal íseal rannpháirtíochta ó rialtais an réigiúin maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch, is de bharr meascán de thosca atá sé, lena n-áirítear feasacht neamhleor ó lucht déanta beartas maidir leis an mbagairt agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teagmhas bitheolaíoch mórscála; tosaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil a théann in iomaíocht le haghaidh acmhainní tearca atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta; agus na dúshláin bhunúsacha a bhaineann le cumas ullmhachta agus freagartha comhtháite náisiúnta biththeagmhas a fhorbairt.

    Teagmhas a bhaineann le leathadh oibreáin phataiginigh d'aon ghnó, bíodh sin trí ghníomhaí a bhfuil sé beartaithe aige díobháil a dhéanamh do spriocdhaonra nó trí mhodhanna a tharlaíonn go nádúrtha, d’fhéadfadh an teagmhas sin a bheith ina chúis le hiarmhairtí suntasacha sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla. Sampla amháin is ea líon mór díréireach na marbh i gCríocha Mheiriceá ón ráig dhomhanda de H1N1 in 2009 a léiríonn leochaileachtaí an réigiúin. Ar an gcaoi chéanna, i gcás víris H5N1 an Fhliú Éanúil Ardphataiginigh (HPAI), atá ag dul thart le tamall anuas, má bhíonn an cumas sna víris sin scaipeadh i measc daoine go héifeachtúil agus go marthanach, d’fhéadfadh sé go mbeadh paindéim fliú ann agus rátaí arda tinnis agus báis ann dá thoradh sin. Dá bhrí sin, tá an galar eipeasótach sin fós ina bhagairt shuntasach don tsláinte phoiblí rud a éilíonn go gcaithfear bearta coisctheacha a chur chun cinn agus na rialuithe atá ann cheana a fheabhsú a thuilleadh fós.

    Léiríonn na dúshláin sin an gá atá le freagairt chomhordaithe ar theagmhas bitheolaíoch i réigiún OAS. Ba cheart go mbeadh gníomhaithe éagsúla páirteach sa fhreagairt sin, lena n-áirítear aireachtaí rialtais (sláinte, talmhaíocht, slándáil, ceartas, cosaint, faisnéis, iompar, gnóthaí eachtracha, tráchtáil idirnáisiúnta, geilleagar, eolaíocht agus teicneolaíocht, mar aon le haireachtaí eile), an pobal um fhorfheidhmiú an dlí agus céadfhreagróirí eile, eintitis san earnáil phríobháideach (go háirithe an lucht tionscail agus an lucht acadúil), agus an tsochaí shibhialta.

    1.2.   Cuspóirí

    Leis an tionscadal seo, a mhairfidh trí bliana, féachtar le cleachtais maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú in 11 thír i Meiriceá Laidineach, i gcomhréir le Rún 1540 (2004), lena n-áirítear bearta éifeachtacha a bhunú agus a fhorfheidhmiú chun leathadh arm bitheolaíoch a chosc.

    Beidh na gníomhaíochtaí, a shonraítear i Roinn 5 thíos, bunaithe ar na ceithre phríomhchuspóir seo a leanas:

    na creataí normatacha náisiúnta a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil bitheolaíoch atá ann cheana sna Stáit is tairbhithe a neartú.

    comhlíontacht níos fearr le córais idirnáisiúnta a chothú trí chomhoibriú agus comhar a chur chun cinn idir Stáit rannpháirteacha trí chleachtaí nuálacha ar nós ‘cleachtaí athbhreithnithe piaraí’ agus trí chuidiú le tíortha rannpháirteacha freisin a n-aighneachtaí agus dearbhuithe a bhaineann le hionstraimí ábhartha i gcoinne airm bhitheolaíocha a chur chun cinn.

    acmhainneacht na hearnála poiblí agus príobháidí a neartú chun airm bhitheolaíocha a dhaingniú trí ghníomhaíochtaí oiliúna.

    comhphobal réigiúnach nó líonra de ghníomhaithe san earnáil phríobháideach agus phoiblí atá ag gabháil don tsábháilteacht agus don tslándáil bhitheolaíoch a chruthú.

    2.   Roghnú na gníomhaireachta cur chun feidhme agus comhordú le tionscnaimh chistiúcháin ábhartha eile

    2.1.   Gníomhaireacht Cur Chun Feidhme – Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS)

    Tá an Coiste Idir-Mheiriceánach i gcoinne na Sceimhlitheoireachta, ar coiste de chuid Eagraíocht na Stát Meiriceánach é, (‘OAS/CICTE’), ag tacú go gníomhach le hiarrachtaí i ndáil le neamhleathadh i gCríocha Mheiriceá ó 2005 i leith. In 2010, tugadh sainordú sonrach do OAS/CICTE chun cabhrú lena ballstáit UNSCR 1540 a chur chun feidhme. Ó shin i leith, thug OAS/CICTE cúnamh dá bhallstáit ar bhealaí éagsúla: pleananna gníomhaíochta náisiúnta i dtaca le UNSCR 1540 a dhréachtú, creataí dlíthiúla agus rialála a neartú; acmhainneacht a fhorbairt chun gáinneáil agus smuigleáil ábhar núicléach, raideolaíoch, bitheolaíoch agus ceimiceach a chosc agus a chomhrac; malartú cleachtas éifeachtach a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an athbhreithnithe piaraí; agus comhordú a éascú ar an leibhéal polaitiúil chun réimsí a shainaithint le haghaidh comhar réigiúnach agus foréigiúnach.

    Ó 2009 i leith, bhí CICTE/OAS i gceannas ar roinnt cleachtaí náisiúnta bainistithe géarchéime biththeagmhas arb é ab aidhm dóibh feasacht ar bhagairtí bithshlándála a ardú agus oifigigh agus ionadaithe ó ghníomhaireachtaí agus ó eagraíochtaí a thabhairt le chéile chun foghlaim conas a bhfreagairtí ar bhiththeagmhas a chomhordú. Mar fhreagairt air sin, d’iarr roinnt ballstát de chuid OAS cúnamh ó CICTE go sonrach chun pleananna náisiúnta freagartha bithéigeandála a dhréachtú nó a nuashonrú.

    Le déanaí, chuir CICTE tionscadal trí bliana, arna chistiú ag an Aontas, chun feidhme, tionscadal dar teideal ‘tacú le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad’ (Cinneadh ón gComharle (CBES) 2019/2108). Bhí ról ríthábhachtach ag an tionscnamh ceannródaíoch seo chun bunú beart éifeachtach a spreagadh chun leathadh arm bitheolaíoch agus na modhanna lena seachadtar iad a chosc in ocht dtír i Meiriceá Laidineach (an Airgintín, an tSile, an Cholóim, an Phoblacht Dhoiminiceach, Meicsiceo, Panama, Paragua agus Uragua). Rannchuidigh CICTE freisin le formheas foraithne le déanaí in Uragua agus dréachtreachtaíochta i bParagua; rannchuidigh sé leis an bpróiseas dréachtaithe reachtaíochta san Airgintín agus sa Cholóim; agus tá comhairle tugtha aige maidir le tograí reachtacha sa Phoblacht Dhoiminiceach, chomh maith le dlí maidir le rialú straitéiseach ar idirbhearta tráchtála íogaire, atá faoi athbhreithniú reachtach faoi láthair sa tSile.

    Ina theannta sin, agus le tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, chuir OAS/CICTE dhá thionscadal eile chun feidhme le déanaí maidir le hábhair ghaolmhara. I dtionscadal amháin, dar teideal Strengthening Strategic Control Regimes in Latin America and the Caribbean (20202021 Phase One) [An córas rialaithe straitéisigh a neartú i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (2020-2021 céim a haon)], díríodh ar rialuithe níos láidre a chur chun cinn maidir le haistriú earraí íogaire, lena n-áirítear oibreáin bhitheolaíocha agus cheimiceacha. Cuireadh an dara tionscadal dar teideal Countering Illicit Trade of CBRN (Chemical, Biological, Radiological and Nuclear) Material in Free Trade Zones of Latin America [Trádáil aindleathach ábhar CBRN (ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach) a chomhrac i gcroiseanna saorthrádála Mheirceá Laidinigh] chun feidhme in 2022 chun leathadh na n-ábhar agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann le hairm ollscriosta a chosc agus a chomhrac i sé thír i Meiriceá Laidineach (an Airgintín, an Bhrasaíl, an tSile, Meicsiceo, Panama, agus Paragua) i gceithre chrios saorthrádála, trí shlabhraí soláthair a dhaingniú agus a bharrfheabhsú agus rialuithe trádála straitéiseacha a neartú.

    Tháinig torthaí tábhachtacha as na hiarrachtaí sin agus as iarrachtaí eile chun ullmhacht bith-theagmhas agus cumais freagartha a fheabhsú. Mar shampla, d’fhorbair OAS/CICTE líonra de bhreis agus 240 gairmí polaitiúil agus teicniúil (lena n-áirítear eolaithe agus pearsanra saotharlainne) ó gach cearn den réigiún a bhfuil oiliúint fhíorúil nó oiliúint phearsanta á fáil acu faoi láthair. Leis an tionscadal nua seo, cuirfidh OAS/CICTE leis an líonra atá ann cheana agus cuirfidh sé chun cinn rochtain ar ardán arna chruthú ag OAS le teagmhálacha, foilseacháin, leabharlanna, gníomhaíochtaí agus imeachtaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí neamhrialtais, agus eagraíochtaí eile, maidir le saincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála, etc (5). Tá sé léirithe go bhfuil na cineálacha sin líonraí ríthábhachtach chun faisnéis a chomhroinnt go tráthúil.

    Baineann buntáiste comparáideach le creat réigiúnach OAS, i ngeall ar chineál trasnáisiúnta na mbagairtí, a mbíonn gá leis an gcomhar idir tíortha comharsanacha chun na dúshláin sin a ghleic. Cuidítear sa chreat freisin leis an éifeachtúlacht a áirithiú agus seachnaítear dúbláil iarrachtaí. Go deimhin féin, faoi chomhaontú idir CICTE/OAS agus Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), is in OAS/CICTE atá Comhordaitheoir Leathsféir Rún 1540 do Chríocha Mheiriceá lonnaithe ón mbliain 2017 i leith. A bhuí leis an ról ceannaireachta ríthabháchtach sin, bhí CICTE/OAS in ann a bheith ar thús cadhnaíochta chun tuiscint réigiúnach níos fearr a chur chun cinn i dtaobh thábhacht an rúin, agus i dtaobh chur chun feidhme náisiúnta agus réigiúnach a chuid beart.

    I ndáil leis sin, tá ról uathúil ag OAS — an phríomheagraíocht réigiúnach i gCríocha Mheiriceá — sa leathsféar chun éifeachtacht a léiriú, i bhfianaise an líonra pointí teagmhála náisiúnta atá aige cheana; an láithreacht fhairsing atá aige ar fud an réigiúin agus an cumas atá ann oibriú ar an láthair leis na tíortha is tairbhithe atá beartaithe. Maidir le forbairt beartais, leanfaidh OAS/CICTE de bheith ag obair trí phríomhchomhlachtaí polaitiúla laistigh de OAS, mar shampla an Coiste um Shlándáil Leathsféir de Bhuanchomhairle OAS agus trí chruinnithe rialta bliantúla CICTE.

    Tá an togra a leagtar amach thíos ceaptha chun cur leis na hiarrachtaí thuasluaite agus chun leanúint de leibhéal ullmhachta agus cur chun feidhme an réigiúin a neartú i ndáil le bearta maidir leis an mbithshlándáil agus leis an mbithshábháilteacht.

    2.2.   Comhordú le tionscnaimh chistiúcháin ábhartha eile

    Mar chleachtas ginearálta, comhordaíonn OAS/CICTE a chuid gníomhaíochtaí le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile a fhaigheann cistí ó na rialtais deontóirí céanna agus ó chomhlachtaí éagsúla deontóra araon.

    Tá comhpháirtíocht straitéiseach sheanbhunaithe ag OAS/CICTE le hOifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) – lena n-áirítear a oifig réigiúnach i Meiriceá Laidineach UNLIREC -, agus Grúpa Saineolaithe Choiste 1540, chun cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta a chuíchóiriú agus a éascú sa réigiún i dtaca le UNSCR 1540.

    Oibríonn OAS/CICTE go dlúth cheana féin le heagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas Eorpach maidir le hobair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoin tionscadal seo. Ina dteannta siúd a liostaítear thuas, áirítear ar na heintitis eile Aonad Tacaíochta um Chur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha (BWC-ISU), an Lárionad Réigiúnach um an tSíocháin, um an Dí-armáil agus um an bhForbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UNLIREC), agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH). Déanfaidh foireann bainistíochta atá bunaithe ag Ceanncheathrú OAS comhordú leis na comhlachtaí sin, chun a áirithiú go mbeidh gach iarracht comhlántach agus chun dúbláil a sheachaint, agus chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí tionscadail ailínithe le hoibleagáidí UNSCR 1540 agus BWC.

    Díreofar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ar lucht ceaptha beartas, reachtóirí agus eolaithe na beatha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a oibríonn i réimse na bithshábháilteachta agus na bithshlándála. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin cúrsaí oiliúna ar an láthair le haghaidh na dtíortha is tairbhithe, chomh maith le cúrsa oiliúna ar líne chun dul i dteagmháil le níos mó tairbhithe sa réigiún. I gcás oiliúint agus cúraimí an-speisialaithe, féadfaidh OAS tacaíocht ghearrthéarmach (saineolaithe, oiliúnóirí agus taighdeoirí) a fháil ar conradh freisin, agus oibreoidh sé lena chomhpháirtithe sna réimsí sin (lena n-áirítear BWC-ISU, UNODA, WOAH, an tAontas agus an saol acadúil) chun a áirithiú go gcomhlíonann an pearsanra na ceanglais theicniúla uile, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, tarraingt as na huainchlár atá ag na heagraíochtaí sin.

    Is léir freisin go bhfuil an tionscadal seo i gcomhréir le Cinneadh 2019 ón gComhairle Eorpach chun tacú le cur chun feidhme BWC lasmuigh den Aontas tríd an mbagairt a bhaineann le leathadh arm bitheolaíoch sa réigiún a laghdú. Chun é sin a dhéanamh, sa tionscadal chuideofaí lena áirithiú gur leor na creataí dlíthiúla agus rialála de chuid na rialtas chun an dul chun cinn tapa sna heolaíochtaí beatha a chur san áireamh agus chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair.

    Ós rud é go luaitear go soiléir in Athbhreithniú Cuimsitheach 2022 go bhfuil leibhéil agus raon feidhme na mbeart slándála agus cuntasachta sa réigiún fós íseal, caithfear tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun sábháilteacht bhitheolaíoch agus slándáil níos fearr a chothú fud fad an réigiúin. Rinneadh dul chun cinn tábhachtach, a bhuí le ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh go sonrach, ach tá tuilleadh oibre fós le déanamh. Beidh an chéim nua seo sa chlár ina cuidiú chun cur leis na torthaí iomadúla a baineadh amach cheana féin, chun teagmháil a dhéanamh le níos mó tíortha sa réigiún, agus chun tionchar marthanach na n-infheistíochtaí suntasacha airgeadais agus teicniúla a rinneadh cheana a áirithiú.

    3.   Cur síos ar an tionscadal

    3.1.   Cur síos

    Sa tionscadal, tabharfar le chéile údaráis náisiúnta, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, agus saineolaithe idirnáisiúnta ó 11 stát i Meiriceá Laidineach ar a mhéad chun féachaint ar na céimeanna is féidir a ghlacadh chun cumais sábháilteachta agus slándála bitheolaíche neartaithe a áirithiú sna réimsí sin. Sa tionscadal, féachfar le leas a bhaint as taithí na Rúnaíochta a bheith ag obair ar na hábhair sin i gCríocha Mheiriceá, as an líonra seanbhunaithe teagmhálacha agus comhpháirtithe atá aici, lena n-áirítear na gairmithe a ghlac páirt sa tionscadal a cuireadh chun feidhme le linn 2019-2024 maidir leis an mbithshábháilteacht agus leis an mbithshlándáil.

    Sa tionscadal, bainfear leas as cur chuige déthaobhach ina gcuimsítear gníomhaíochtaí náisiúnta agus foréigiúnacha araon. Ar an leibhéal náisiúnta, beidh na hiarrachtaí dírithe ar obair i gcomhar le stáit aonair de chuid OAS chun feabhas a chur ar na hinniúlachtaí náisiúnta, reachtaíocht agus rialacháin a dhréachtú agus pleananna gníomhaíochta tírshonracha a fhorbairt chun cumais oibríochtúla a neartú. Ar an leibhéal réigiúnach, beidh na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta dírithe ar mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn, agus ar na paraiméadair struchtúracha, shubstainteacha agus fheidhmiúla a shainiú faoi chuimsiú cur chuige réigiúnach.

    Ina theannta sin, mar chuid den chur chuige réigiúnach sa tionscadal, féachfar le leas a bhaint as próiseas ‘athbhreithniú piaraí’, ar próiseas é a forbraíodh le blianta beaga anuas, faoina dtugann stáit gealltanas go deonach oibriú le chéile chun measúnú a dhéanamh ar a láidreachtaí agus a laigí coiteanna i gcur chun feidhme oibleagáidí UNSCR 1540 agus cleachtais éifeachtacha agus réimsí a shainaithint le haghaidh comhar déthaobhach leanúnach. Tar éis na dtrí athbhreithniú piaraí rathúla maidir le rún 1540 sa réigiún — idir an tSile agus an Cholóim (2017), an Phoblacht Dhoiminiceach agus Panama (2019) agus Paragua agus Uragua (2019) —, an cleachtadh leantach idir an Phoblacht Dhoiminiceach agus Panama (2022) agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe in 2023 le Meicsiceo, leis an mBrasaíl agus leis an tSile (Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2023) agus le hUragua agus leis an tSile (Deireadh Fómhair 2023), féachfar sa tionscadal le hathbhreithnithe piaraí breise a dhéanamh i gcás na stát sin. I gcás tíortha nach bhfuil na hathbhreithnithe sin déanta acu go fóill, díreofar cuid de na hathbhreithnithe piaraí breise sin ar ábhar sonrach (e.g., rialú straitéiseach trádála agus/nó gnéithe bitheolaíocha).

    Ar deireadh, sa tionscadal féachtar le comhar leanúnach idir tíortha a chur chun cinn agus a fheabhsú, dea-chleachtais a chur chun cinn agus an cleachtas i dtaobh páipéir theicniúla a fhoilsiú a chur chun cinn (i dteannta na dtuarascálacha críochnaitheacha arna gcur isteach ag na stáit) chun an dul chun cinn a dhéantar sna hathbhreithnithe piaraí sin a léiriú.

    3.2.   Modheolaíocht

    3.2.1.   An struchtúr eagrúcháin

    Cuirfidh OAS/CICTE an tionscadal seo chun feidhme, i gcomhar le stáit de chuid OAS a fhaigheann tacaíocht. Ar fhoireann bainistíochta OAS/CICTE an tionscadail, beidh triúr ball foirne agus cúntóir tacaíochta riaracháin/airgeadais atá bunaithe ag ceanncheathrú OAS in Washington, DC, i gcomhar le pearsanra seachtrach ar conradh bunaithe ar na gníomhaíochtaí sonracha a bheidh le cur i gcrích, agus faoi mhaoirseacht ghinearálta agus faoi threoir Rúnaí Feidhmiúcháin CICTE.

    Mar a tugadh faoi deara thuas, áireofar ar an bpearsanra atá ar conradh seachtrach speisialtóir dlí agus speisialtóir teicniúil le haghaidh fothú acmhainneachta. I gcás oiliúint agus cúraimí an-speisialaithe, féadfaidh OAS tacaíocht ghearrthéarmach (saineolaithe, oiliúnóirí agus taighdeoirí) a fháil ar conradh freisin ó uainchláir saineolaithe eagraíochtaí comhpháirtíochta teicniúla eile, lena n-áirítear BWC-ISU, UNODA, WOAH, agus an tAontas Eorpach.

    Comhordóidh foireann bainistithe cláir OAS/CICTE go díreach le húdaráis náisiúnta na stát a raibh tacaíocht iarrtha acu roimhe seo maidir le rún 1540 (2004). I roinnt cásanna, tá comhaontuithe comhair ag OAS cheana chun cabhrú leis na stáit i réimsí chur chun feidhme rún 1540 a bheidh mar bhonn don chúnamh teicniúil.

    3.2.2.   Cur chuige teicniúil

    Maidir le hiarrataí ar chúnamh reachtach agus teicniúil, beidh gá le measúnú agus anailís tosaigh ar an reachtaíocht agus ar na rialacháin atá ann cheana a bheidh le déanamh ag speisialtóir dlí i gcomhar leis an bhfoireann bainistithe tionscadail agus leis na húdaráis ábhartha sna tíortha is tairbhithe trí mhisin cúnaimh reachtaigh agus theicniúil, chun bearnaí sonracha agus tosaíochtaí tíre a shainaithint. Úsáidfear na torthaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal a bhí ann roimhe seo maidir leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil mar bhonn don oiliúint a bheidh ann amach anseo. Úsáidfear an líonra réigiúnach a cruthaíodh as measc rannpháirtithe na ngníomhaíochtaí ar an láthair agus Ollchúrsaí Oscailte ar Líne (MOOC) chun faisnéis theicniúil maidir le réimsí bithshábháilteachta agus bithshlándála a dháileadh chun fóram plé a chruthú do na hábhair sin agus an comhar réigiúnach a fheabhsú.

    D’áireofaí an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí chun an comhar náisiúnta a chur chun cinn agus a fheabhsú:

    Anailís ar an reachtaíocht agus na rialacháin atá ann cheana i dtíortha is tairbhithe chun bearnaí sonracha a shainaithint.

    Liostaí rialaithe d’oibreáin agus tocsainí bitheolaíocha (bunaithe ar chritéir bhithshábháilteachta nó bhithshlándála ag brath ar na haicmithe riosca le haghaidh pataiginí), agus liostaí rialaithe onnmhairí a dhréachtú agus a ghlacadh.

    Pleananna freagartha náisiúnta le haghaidh bagairtí bitheolaíocha a fhorbairt agus a ghlacadh.

    Treoirlínte náisiúnta a fhorbairt chun oibreáin bhitheolaíocha a chosaint ar scaipeadh de thaisme nó d’aon ghnó, lena n-áirítear bearta éifeachtacha iomchuí chun na hítimí sin a chur san áireamh agus iad a dhaingniú agus iad á dtáirgeadh, á n-úsáid, á stóráil nó á n-iompar agus á gcosaint go fisiciúil.

    Treoirlínte a fhorbairt chun an fhaisnéis atá iarrtha ag BWC ISU a chlárú, a thiomsú agus a chur isteach ó thaobh CBManna de.

    D’áireofaí an méid seo a leanas ar na gníomhaíochtaí chun an comhar réigiúnach a chur chun cinn agus a fheabhsú:

    Gníomhaíochtaí leantacha fothaithe acmhainneachta agus comhair a fhorbairt do thíortha sa réigiún a rinne athbhreithnithe piaraí a bhaineann le cur chun feidhme UNSCR 1540.

    Athbhreithnithe piaraí breise a chruthú agus béim láidir á leagan ar oibleagáidí UNSCR 1540 a bhaineann le hairm bhitheolaíocha.

    Líonra réigiúnach na ngairmithe a neartú ar spéis leo dul i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta agus slándála bitheolaíche.

    Páipéir theicniúla maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hathbhreithniú piaraí a dhréachtú agus a fhoilsiú.

    Cuirfidh OAS/CICTE cúrsaí oiliúna maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch ar fáil i ngach ceann de na tíortha is tairbhithe chun tacú leis an gcúnamh teicniúil agus reachtach agus leis na hiarrachtaí comhair réigiúnaigh atá beartaithe sa tionscadal seo. Cuirfidh na cúrsaí oiliúna sin leis na hiarrachtaí a rinneadh roimhe seo; is saineolaithe idirnáisiúnta a sheolfaidh iad; agus is foireann bainistíochta OAS/CICTE a dhéanfaidh iad a chomhordú. Úsáidfear na cúrsaí freisin chun acmhainneacht a fhorbairt agus grúpa oiliúnóirí agus líonraí gairmithe a bhunú as measc institiúidí eolaíocha éagsúla na dtairbhithe. D’fhéadfadh caidrí na saineolaithe sin eolas, dea-chleachtais saotharlainne, teicnící agus modhanna le haghaidh bainistiú bith-riosca i saotharlanna agus in institiúidí taighde a scaipeadh tuilleadh.

    Oibreoidh OAS/CICTE le hacadóirí agus le taighdeoirí chun leanúint den chúrsa ar líne atá ann cheana féin a chur ar fáil do phearsanra saotharlainne agus do lucht déanta beartas. Má leantar den chúrsa sin a chur ar fáil, cuirfear feabhas ar na hacmhainní reatha chun eolas agus ardú feasachta ar an mbithshábháilteacht, ar an mbithshlándáil agus ar an mbitheitic a scaipeadh tuilleadh i measc acadóirí, múinteoirí, mic léinn agus taighdeoirí sna heolaíochtaí beatha agus i measc páirtithe leasmhara ábhartha eile. Ina theannta sin, forbróidh OAS/CICTE modúil nó cúrsaí nua MOOC maidir leis an eolaíocht fhreagrach, taighde dé-úsáide, taighde dé-úsáide ar ábhar imní (DURC) é, agus sásraí maoirseachta.

    Ar deireadh, is le linn na misean cúnaimh theicniúil agus reachtaigh agus na ngníomhaíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha a áirítear sa togra, a dhéanfar gníomhaíochtaí maidir le for-rochtain agus múscailt feasachta lucht déanta beartas, parlaiminteoirí agus lucht tionscail ar an mbithshábháilteacht, ar an mbithshlándáil, agus ar UNSCR 1540 agus ar chur chun feidhme BWC.

    3.2.3.   Gné na hinscne

    Lena chlár 1540, tá ról lárnach ag OAS/CICTE i dtaobh tacú le hiarrachtaí na stát cur lena gcumas rún 1540 (2004) a chur chun feidhme agus iomadú a chomhrac, chomh maith le comhionannas inscne a chur chun cinn. Cuidíonn na torthaí sin go léir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus le hiarrachtaí stát OAS a chomhlánú chun ionstraimí ábhartha a chur chun feidhme i réimsí an chórais dhomhanda maidir le dí-armáil agus neamhleathadh.

    Féachfaidh OAS/CICTE le cothromas inscne a chinntiú sa phróiseas earcaíochta chun cuidiú leis na tíortha arb iad tairbhithe an tionscadail iad, agus spreagfaidh sé na tíortha is tairbhithe rannpháirtíocht na mban a chothú ar bhealach fóinteach ag gach céim den tionscadal. Déanfar iarracht speisialta i gcónaí gné inscne a ionchorprú agus mná a chur i gcroílár na n-ábhar a phléitear.

    Ina theannta sin, cuireann OAS/CICTE iarrachtaí na héagsúlachta, an chothromais, an chuimsithe agus na hinrochtaineachta (DEIA) chun cinn trí ‘Beartas Institiúideach maidir le Comhionannas Inscne, Éagsúlacht agus Cearta an Duine’ agus trí Threoir Cumarsáide atá ceaptha chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh grúpaí éagsúla, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, i mbeartais, cláir, tionscadail agus cleachtais. Bíonn ‘próiseas imréitigh’ idir-rannach foirmiúil i gceist le gach tionscadal ina dtugann saineolaithe ar ábhar OAS aiseolas nach mór d’fheidhmeoirí a chur san áireamh.

    Tá OAS/CICTE á threorú freisin ag beartas institiúideach chun an gnéaschiapadh a chomhrac. Sula gcuirtear tús le haon ghníomhaíocht, leithdháileann OAS/CICTE Cód Iompair ar gach rannpháirtí (lena n-áirítear údaráis rialtais ardrangaithe) chun meas, dínit agus cuimsitheacht a chinntiú ar fud gach cláir agus chun tuairisciú ar aon iompar a dhéanann daoine eile míchompordach a spreagadh.

    3.2.4.   Comhordú seachtrach

    Chomh maith le comhordú agus comhoibriú le húdaráis náisiúnta ar fud an réigiúin, déanfaidh OAS comhordú agus comhoibriú le hinstitiúidí agus eagraíochtaí eile agus an tionscadal á chur i gcrích. D’fhéadfadh na heintitis, a liostaítear thíos, a bheith in ann tacaíocht a thabhairt maidir le saincheisteanna sonracha agus cuidiú leis an tionscnamh a chur chun cinn sa réigiún:

    Coiste na Comhairle Slándála a bunaíodh de bhun UNSCR 1540 agus a Ghrúpa Saineolaithe.

    Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), lena n-áirítear Aonad Tacaíochta um Chur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha.

    Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tSíocháin, um an Dí-armáil agus um an bhForbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UNLIREC).

    An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), lena n-áirítear an Eagraíocht Phan-Mheiriceánach Sláinte (PAHO).

    An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH).

    Eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí acadúla agus eagraíochtaí san earnáil phríobháideach a bhfuil a gcuspóirí i gcomhréir le cuspóirí an togra seo, lena n-áirítear Sandia National Laboratories; James Martin Center for Nonproliferation Studies — CNS, Johns Hopkins Center for Health Security, Cónaidhm Idirnáisiúnta na gComhlachas Bithshábháilteachta (IFBA), agus comhlachas náisiúnta eile bhithshábháilteachta agus bithshlándála sna tíortha is tairbhithe.

    3.3.   Cuspóirí agus Gníomhaíochtaí an Tionscadail

    Cuspóir 1. Na creataí normatacha náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch i ngach ceann de na Stáit is tairbhithe den Tionscadal a neartú.

    Gníomhaíochtaí Tacaíochta

    Gníomhaíocht 1.1: Athbhreithniú ar na creataí reachtacha agus rialála atá ann cheana i ngach Stát is tairbhí chun bearnaí agus réimsí tosaíochta riachtanais a shainaithint.

    Gníomhaíocht 1.2: Cúnamh reachtach a chur ar fáil de réir mar is gá, lena n-áirítear reachtaíocht agus rialacháin a dhréachtú chun pleananna náisiúnta, liostaí rialaithe, plean freagartha/éigeandála náisiúnta le haghaidh teagmhais bhitheolaíocha a thabhairt cothrom le dáta nó a chruthú.

    Gníomhaíocht 1.3: Measúnú teicniúil a dhéanamh i ngach stát is tairbhí le príomhpháirtithe leasmhara náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus chun bearnaí a bhaineann le cur chun feidhme UNSCR1540 agus BWC a shainaithint, bearnaí a bheidh mar chuid de thuarascáil mheasúnaithe.

    Gníomhaíocht 1.4: Bunaithe ar riachtanais agus acmhainní agus ar thorthaí na dtionscadal a cuireadh chun feidhme cheana, oiliúint a éascú i gceann amháin nó sa dá cheann de na réimsí seo a leanas: bearta bitheolaíocha sábháilteachta agus slándála a chur chun feidhme sa phlean náisiúnta chun freagairt ar bhagairtí bitheolaíocha agus/nó iad a chosc.

    Gníomhaíocht 1.5: Rannchuidiú le treoirlínte náisiúnta a fhorbairt chun oibreáin bhitheolaíocha a chosaint ar scaoileadh saor de thaisme nó d’aon ghnó, chomh maith le treoirlínte náisiúnta maidir le cuntas a thabhairt ar oibreáin bhitheolaíocha agus iad a dhaingniú i dtáirgeadh, in úsáid, i stóráil nó in iompar agus i gcosaint fhisiciúil na n-oibreán sin.

    Gníomhaíocht 1.6: Tacaíocht in situ a fhorbairt agus a chur ar fáil ar ardán ar líne i Spáinnis chun cabhrú le stáit i dtaobh institiúidí a chlárú chun tiomsú na faisnéise atá sna CBManna atá le tuairisciú do BWC-ISU a éascú.

    Na torthaí a bhfuil súil leo

    Tuarascáil mheasúnaithe ina bhfuil moltaí de réir an Stáit agus na gníomhaireachta.

    Misean cúnaimh reachtaigh amháin ar a laghad de réir na tíre chun tacaíocht a chur ar fáil maidir le liostaí rialaithe agus/nó pleananna náisiúnta agus/nó dréacht-reachtaíocht/rialacháin ábhartha a dhréachtú.

    Liosta pataiginí de réir aicmiú riosca, agus/nó liostaí rialaithe onnmhairiúcháin i gcomhréir le riachtanais an Stáit.

    Pleananna náisiúnta de réir an Stáit i bhfianaise na mbearnaí agus na dtosaíochtaí atá acu.

    Treoirlínte ina bhfuil bearta chun cuntas a thabhairt ar oibreáin bhitheolaíocha agus iad a dhaingniú i dtáirgeadh, in úsáid, i stóráil nó in iompar agus i gcosaint fhisiciúil na n-oibreán sin.

    Go bhforbrófar ardáin ar líne le haghaidh líonraí chun fothú acmhainneachta a éascú i réimsí na sábháilteachta agus na slándála bitheolaíche.

    Cuspóir 2. Comhlíonadh córas idirnáisiúnta a chothú trí chomhar a chur chun cinn idir Stáit is tairbhithe agus trí chúnamh a thabhairt i ndáil le haighneachtaí agus dearbhuithe a bhaineann le hionstraimí ábhartha maidir le hairm bhitheolaíocha.

    Gníomhaíochtaí Tacaíochta

    Gníomhaíocht 2.1: Suas le trí chleachtadh athbhreithnithe piaraí a éascú agus béim láidir á leagan ar bhearta chur chun feidhme sábháilteachta agus slándála bitheolaíche, ar rialuithe straitéiseacha trádála, ar oibreáin bhitheolaíocha a iompar, i measc nithe eile.

    Gníomhaíocht 2.2: Trí cheardlann réigiúnacha a dhéanamh maidir le cleachtaí athbhreithnithe piaraí a bhaineann le cur chun feidhme UNSCR 1540.

    Gníomhaíocht 2.3: Páipéir theicniúla maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hathbhreithniú piaraí a dhréachtú agus a fhoilsiú.

    Gníomhaíocht 2.4: Modúl oiliúna a dhearadh agus a fhorbairt, ag baint úsáide as ardán ollchúrsa oscailte ar líne (MOOC) a forbraíodh le déanaí chun treoir a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir le conas faisnéis ábhartha a bhailiú agus a thiomsú le haghaidh na CBManna agus iad a chur faoi bhráid BWC-ISU (an fhaisnéis a chuirtear ar fáil leis an Treoir maidir le Rannpháirtíocht i mBeart Tógála Muiníne BWC arna eisiúint ag BWC-ISU in 2015 á comhlánú).

    Gníomhaíocht 2.5: Gníomhaíocht réigiúnach/fhoréigiúnach a fhorbairt chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na CBManna a chur faoi bhráid BWC-ISU.

    Gníomhaíocht 2.6: Comhdháil réigiúnach a eagrú maidir leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil chun comhordú a mhéadú, i measc nithe eile, agus chun comhroinnt faisnéise leis an earnáil acadúil, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur chun cinn.

    Gníomhaíocht 2.7: Comhdháil réigiúnach a eagrú maidir le stádas chur chun feidhme UNSCR 1540 (2004) i gCríocha Mheiriceá chun feasacht a mhúscailt maidir leis na córais ábhartha a chomhlíonadh.

    Na torthaí a bhfuil súil leo

    Go gcuirfear leis an bhfeasacht maidir le comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le UNSCR 1540 agus maidir le BWC in earnálacha poiblí agus príobháideacha na stát is tairbhithe.

    Go ndéanfar cleachtaí athbhreithnithe piaraí a éascú do shé thír is tairbhithe.

    Go gcuirfear leis an gcomhordú agus leis an gcomhar i measc ghníomhaireachtaí na stát is tairbhithe ó thaobh dhea-chleachtas sábháilteachta agus slándála bitheolaíche de.

    Go ndéanfar bearta slándála a neartú i gcriosanna saorthrádála maidir le hábhair bhitheolaíocha arm.

    Go gcuirfear leis an bhfeasacht faoi chomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le BWC trí aighneachtaí agus dearbhuithe ábhartha a chur i láthair agus trí fhreastal déantóirí beartais ar Chomhdhálacha Stáit is Páirtithe agus ar fhóraim idirnáisiúnta eile, de réir mar is iomchuí.

    Cuspóir 3. Gníomhaíochtaí oiliúna a fhorbairt i Stáit is tairbhithe maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch.

    Gníomhaíochtaí Tacaíochta

    Gníomhaíocht 3.1: Suas le hocht seisiún oiliúna intíre a eagrú agus a reáchtáil, le cur chuige ‘oiliúint don oiliúnóir’, maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch. Breithneofar le hoiliúint bhithshábháilteachta agus bhithshlándála, i measc ábhair eile, coimircí pataigine ardiarmhairtí (HCPanna) chomh maith lena n-ábhair bhitheolaíocha shintéiseacha (SBManna) agus a mbonneagar bitheolaíochta gaolmhar. Beidh gné láidir bainistíochta riosca ag baint le cúrsaí sábháilteachta agus slándála bitheolaíche araon chomh maith le cultúr sábháilteachta agus slándála a chur chun cinn. Breathnófar freisin ar ábhair mar shampla taighde dé-úsáide, taighde dé-úsáide ar ábhar imní é agus bunú sásraí maoirseachta.

    Gníomhaíocht 3.2: Líonra d’oiliúnóirí sábháilteachta agus slándála bitheolaíche a bhunú i ngach tír is tairbhí, agus i measc Stáit eile is tairbhithe.

    Gníomhaíocht 3.3: Modúl oiliúna a dhearadh agus a fhorbairt, agus an t-ardán MOOC a forbraíodh cheana féin mar bhonn aige, chun feasacht a mhúscailt maidir le taighde dé-úsáide, taighde dé-úsáide ar ábhar imní, eitic agus eolaíocht bheatha, cóid iompair agus sásraí maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ann, chun an riosca go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as ábhair, trealamh agus faisnéis, lena n-áirítear eolas intuigthe, a laghdú le linn an phróisis taighde.

    Gníomhaíocht 3.4: Cleachtadh boird a eagrú agus a chur i gcrích (is féidir iad a sheachadadh ar imeall na gcúrsaí sábháilteachta agus slándála bitheolaíche), ina n-úsáidtear cás inar cheart sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a threisiú nó a chur chun feidhme. Le linn na gníomhaíochta, breithneofar ábhair a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta, slabhra coimeádta, leithscaradh ábhar guaiseach chomh maith le bainistiú riosca iompair.

    Na torthaí a bhfuil súil leo

    Go mbunófar líonra oiliúnóirí agus speisialtóirí bithshlándála agus bithshábháilteachta i ngach tír.

    Go gcruthófar Cúrsaí Oscailte Ar Líne, agus go reáchtálfar ocht gcúrsa.

    Go gcuirfear faoi oiliúint sna Stáit is tairbhithe eolaithe ó ghníomhaireachtaí a bhaineann leis an mbithshlándáil agus leis an mbithshábháilteacht.

    Go spreagfar deimhniúcháin IFBA (Cónaidhm Idirnáisiúnta na gComhlachas Bithshábháilteachta) i measc rannpháirtithe na seisiún oiliúna agus go mbunófar cumainn bithshábháilteachta/bithshlándála/micribhitheolaíochta.

    Cuspóir 4. Pobal réigiúnach nó líonra páirtithe leasmhara a chomhdhlúthú trí rannpháirtíocht ghníomhach ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí a chur chun cinn laistigh de gach tairbhí sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch.

    Gníomhaíochtaí Tacaíochta

    Gníomhaíocht 4.1 Leis an tionscadal seo, féachfar leis an líonra de ghairmithe eolaíochta beatha a cruthaíodh le déanaí a mhéadú. Ina theannta sin, féachfaidh an Tionscadal le hidirghníomhaíochtaí a chur chun cinn i measc na ngairmithe eolaíochta beatha sin trí sheimineáir ar líne chun ábhair éagsúla a bhaineann lena saineolas a phlé agus chun spás a chruthú chun taithí agus ceachtanna a foghlaimíodh a mhalartú.

    Gníomhaíocht 4.2 Rannpháirtíocht na ngairmithe, na n-údarás ardleibhéil, na dteicneoirí idirnáisiúnta, na réigiún agus fóram eile a chur chun cinn maidir le himeachtaí, imeachtaí imill agus cruinnithe eile sábháilteachta agus slándála bitheolaíche a chuireann leis an eolas agus leis an rannpháirtíocht ghníomhach.

    Na torthaí a bhfuil súil leo

    Go mbunófar líonra oiliúnóirí agus speisialtóirí bithshlándála agus bithshábháilteachta sa réigiún.

    Go gcuirfear le feasacht na n-údarás ardleibhéil agus a dteicneoirí, ar údaráis iad a chuireann bearta rialála chun cinn chun UNSCR1540 agus BWC a chur chun feidhme go héifeachtach.

    4.   Tairbhithe

    Is institiúidí náisiúnta agus údaráis náisiúnta iad na tairbhithe díreacha sna Stáit is faighteoirí atá freagrach as cur chun feidhme bithshábháilteachta agus bithshlándála in 11 tír ó Mheiriceá Laidineach (an Airgintín, an tSile, an Cholóim, Cósta Ríce, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, Meicsiceo, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua).

    5.   Infheictheacht an Aontais Eorpaigh

    Cinnteoidh OAS/CICTE go n-aithneoidh gach gníomhaíocht tionscadail an tAontas Eorpach as a thacaíocht airgeadais trí mhodhanna éagsúla. I bpreaseisiúintí, ar na meáin shóisialta, agus in agallaimh leis na meáin nuachta le haghaidh imeachtaí ard-infheictheachta, cuirfear béim ar thacaíocht an Aontais. Déanfar gach trealamh, ábhar clóite nó bogearra ríomhaireachta a bhronnfar ar thíortha is tairbhithe a lipéadú mar threalamh, ábhar clóite nó bogearra ríomhaireachta arna maoiniú ag an Aontas. Taispeánfaidh pearsanra an tionscadail lógó agus/nó bratach an Aontais ar gach hata, bríste cabhlach, nó éide oibre mar mhodh soiléir brandála. Foilseofar tacaíocht an Aontais go maith agus beidh sí le feiceáil ar shuíomhanna gréasáin OAS agus ar fhoilseacháin a bhaineann leis an tionscadal agus leis na cláir a dtacaítear leo.

    6.   Fad ama

    Is é 36 mhí an tréimhse ama atá beartaithe chun an tionscadal a chur i gcrích.

    7.   Suiteáil ghinearálta

    Is é OAS/CICTE a rachaidh i mbun cur chun feidhme teicniúil an tionscadail trína chlár reatha 1540.

    8.   Comhpháirtithe

    Cuirfidh OAS/CICTE an tionscadal chun feidhme i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta i Stáit is tairbhithe, i gcomhar le comhpháirtithe straitéiseacha.

    9.   Tuairisciú

    Cuirfear tuarascálacha ar dhul chun cinn insinte agus stádas airgeadais i láthair ar bhonn bliantúil chun go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht leordhóthanach thráthúil a dhéanamh agus coinneoidh OAS/CICTE dlúthchumarsáid leis an deontóir.


    (1)  Innéacs Slándála Sláinte Domhanda. Le fáil ag: https://www.ghsindex.org/

    (2)  Saotharlanna Bithshábháilteachta Leibhéal 3 a mhapáil de réir Foilseachán. An Lárionad um Shlándáil agus um Theicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn. Lúnasa 2022. Le fáil ag: CSET Mapping BSL3 Labs

    (3)  https://documents-dds-ny.un.org/doc/UNDOC/GEN/N22/725/80/PDF/N2272580.pdf?OpenElement

    (4)  https://bwc-ecbm.unog.ch

    (5)  Fréamhshamhail idirghníomhach an. Ardáin: https://xd.adobe.com/view/68f5f48c-1813-4dff-8840-b5113a7c9a22-3da6/?fullscreen&hints=off


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/645/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Barr