This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0253
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/253 of 6 February 2026 on a technical specification relating to the telematics subsystem of the rail system in the European Union for interoperability of data sharing in rail transport (TEL TSI) and repealing Regulations (EU) No 454/2011 (TAP TSI) and (EU) No 1305/2014 (TAF TSI)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/253 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2026 maidir le sonraíocht theicniúil a bhaineann le fochóras teileamaitice an chórais iarnróid san Aontas Eorpach le haghaidh idir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí san iompar ar iarnród (STI TEIL) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 454/2011 (STI FTL) agus (AE) Uimh. 1305/2014 (STI FTS)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/253 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2026 maidir le sonraíocht theicniúil a bhaineann le fochóras teileamaitice an chórais iarnróid san Aontas Eorpach le haghaidh idir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí san iompar ar iarnród (STI TEIL) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 454/2011 (STI FTL) agus (AE) Uimh. 1305/2014 (STI FTS)
C/2026/577
IO L, 2026/253, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/253/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/253 |
10.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/253 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Feabhra 2026
maidir le sonraíocht theicniúil a bhaineann le fochóras teileamaitice an chórais iarnróid san Aontas Eorpach le haghaidh idir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí san iompar ar iarnród (‘STI TEIL’) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 454/2011 (‘STI FTL’) agus (AE) Uimh. 1305/2014 (‘STI FTS’)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 5(11) de go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I bpointe 1(b), an tríú fleasc, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797, liostaítear ‘feidhmchláir theileamaitice do sheirbhísí paisinéirí agus lastais’ mar fhochóras den chóras iarnróid ar a dtugtar tuairisc i bpointe 2.6 den Iarscríbhinn sin. Leagtar amach i bpointí 1.6.2 agus 2.7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin na buncheanglais le haghaidh an fhochórais sin. |
|
(2) |
Na sonraíochtaí teicniúla a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice do sheirbhísí paisinéirí agus lastais’, leagtar amach iad faoi láthair i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún (2), a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice do sheirbhísí paisinéirí (‘STI TAP’), agus i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún (3), a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice don fhochóras lasta (‘STI TAF’). De bhun Chinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (4), tá an dá rialachán sin le hathbhreithniú ar bhonn tacar comhleanúnach cuspóirí, atá le comhtháthú ag an gCoimisiún i sonraíocht theicniúil amháin don idir-inoibritheacht (‘STI’), chun ceanglais foinse oscailte agus ceanglais ailtireachta sonraí oscailte a chur san áireamh, chun teacht chun cinn córas tréthicéadaithe, córas ticéadaithe chomhtháite agus córas faisnéise agus áirithinte taistil ilmhódach a éascú, chun feabhas a chur ar fheidhmíocht lastais iarnróid, chun lóistíocht agus oibríochtaí iompair chomhcheangailte agus ilmhódach a éascú, chun sonraí a áireamh atá le malartú le feidhmchláir a bhaineann le sábháilteacht agus chun ligean do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht fheidhmchlár teileamaitice i gcoinne cheanglas na STInna. |
|
(3) |
Agus na moltaí ábhartha ón nGníomhaireacht (5) á gcur san áireamh, is gá ceanglais choiteanna theicniúla agus fheidhmiúla a leagan amach maidir le comhroinnt faisnéise digití trí shonraí idir-inoibritheacha le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus lasta. Ba cheart do na ceanglais sin freastal ar riachtanais athraitheacha na hearnála iarnróid agus tacú le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais sa limistéar Eorpach aonair iarnróid (6) agus sa ghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) (7), amhail sábháilteacht iarnróid (8), bainistiú toillte gréasáin agus faisnéis ghréasáin (9), faisnéis dhigiteach idirmhódúil agus ilmhódach (10), iompar lastais gan pháipéar (11), cearta paisinéirí iarnróid (12) nó córais áirithinte le haghaidh ticéadú comhtháite. |
|
(4) |
Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo córais faisnéise agus prótacail comhroinnte sonraí idir sealbhóirí sonraí, ar thaobh amháin, agus faighteoirí sonraí nó úsáideoirí sonraí, ar an taobh eile, a rialaítear le rialacha cothrománacha an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), go háirithe Caibidlí III, IV, V agus IX de, agus Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maille leis na hoiriúnuithe is gá le haghaidh na gcoincheap agus na bpróiseas a bhaineann leis an bhfochóras teileamaitice. |
|
(5) |
Ba cheart an méid seo a leanas a chumhdach le próisis a bhaineann le hiarnróid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo – bainistiú toillte agus tráchta, bainistiú nasc idir traenacha agus le modhanna eile iompair, ullmhú traenacha, bainistiú vaigíní lastais agus a n-ualaigh chomh maith le doiciméid leictreonacha lastais a ghabhann leo agus ticéadú iarnróid a tháirgeadh lena n-áirítear ticéid a eisiúint thar oibreoirí agus modhanna iompair chomh maith le faisnéis faoi thaisteal paisinéirí ar iarnród. Mar thoradh air sin, ba cheart a áireamh sa sainmhíniú ar pháirtithe leasmhara teileamaitice ní hamháin na bainisteoirí bonneagair iarnróid agus na gnóthais iarnróid ach freisin páirtithe leasmhara eile a dhéanann cúraimí atá mar chuid de na próisis sin a bhaineann leis an iarnród. |
|
(6) |
Chun freagrachtaí soiléire a áirithiú i bpróisis ticéadaithe, is gá a shonrú go bhféadfadh ceann amháin nó níos mó de na róil seo a leanas a bheith ag gnóthas iarnróid nó ag díoltóir ticéad, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15): ‘dáileoir’ nó ‘miondíoltóir’ táirgí iarnróid, nó ‘eisitheoir’ ticéad iarnróid. Ba cheart an caidreamh idir na heintitis sin a bheith faoi réir conarthaí a d’fhéadfadh teacht faoi reachtaíocht an Aontais nó faoin reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta agus rialacha cothrománacha maidir le comhroinnt sonraí. Ba cheart a áireamh sna conarthaí sin forálacha maidir leis an réiteach idir-inoibritheach a comhaontaíodh idir an gnóthas iarnróid agus an dáileoir a bhfuil baint aige le seiceáil infhaighteachta agus le háirithint táirgí iarnróid. A mhéid a bhaineann le dáileadh táirgí iarnróid, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na réitigh idir-inoibritheacha is infheidhme ar bhonn forálacha conarthacha. Ba cheart go liostófaí i nDoiciméad Teicniúil ERA B.5 (16) arna eisiúint ag an nGníomhaireacht na réitigh is mó a úsáidtear faoi láthair, is é sin 2 réiteach leagáide STI FTP, OSDM agus OMSA. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2016/796 agus faoi phróiseas Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797, beidh aon doiciméad teicniúil arna eisiúint nó arna leasú ag an nGníomhaireacht éigeantach i gcás ina ndéantar tagairt dá bonnlíne chomhfhreagrach in Foscríbhinn C den Rialachán seo. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás ina gcuirtear caighdeán Eorpach dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) in ionad doiciméad teicniúil, ba cheart bonnlíne nua a ionchorprú i bhFoscríbhinn C den Rialachán seo faoin bpróiseas céanna. |
|
(8) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht nós imeachta trédhearcach agus cuimsitheach maidir le bainistíocht rialaithe athruithe a bhunú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2016/796 chun doiciméid theicniúla a choinneáil ar bun agus ceartúcháin earráidí, mioneisiúintí agus eisiúintí cothabhála lena sainaithnítear nuashonruithe is infheidhme a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Chun iomaíochas an iompair ar iarnród a fhorbairt agus chun bacainní teicniúla a bhaint, go háirithe trí phróisis a bhaineann le hiarnród a dhigitiú, ba cheart a chur san áireamh sa Rialachán seo na tograí a rinneadh sa Dearbhú Aireachta ‘Conairí lasta iarnróid chun borradh a chur faoi lasta iarnróid idirnáisiúnta’ (18) a d’fhormhuinigh na Ballstáit, an Eilvéis agus an Iorua an 21 Meitheamh 2016 in Rotterdam. I gcomhréir leis na tograí sin, is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le comhroinnt sonraí laistigh den slabhra lóistíochta, lena n-áirítear críochfoirt agus oibreoirí iompair idirmhódúil, maidir le faisnéis atá cothrom le dáta agus réamhaisnéis a chomhroinnt faoi ghluaiseachtaí traenacha agus stádas vaigíní lastais agus a n-ualach chun iompar lastais ar iarnród a dhéanamh níos tarraingtí agus chun próisis lóistíochta idirmhódúla a ailíniú ar bhealach níos fearr, agus chun rialacha sábháilteachta agus oibríochtúla a chomhchuibhiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le páirtithe leasmhara teileamaitice a bhfuil oibleagáidí conarthacha orthu na próisis a bhaineann le hiarnród a dhéanamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leo siúd a bhfuil freagracht oibríochtúil orthu sna próisis sin. D’fhéadfadh freagracht oibríochtúil a bheith ar pháirtithe leasmhara teileamaitice nach n-eascraíonn go díreach as oibleagáid chonarthach. Mar shampla, i gcás ina mbíonn tionchar ag faisnéis faoi thrácht traenach ar ghnóthais iarnróid éagsúla a oibríonn traenacha ar an ngréasán céanna agus ar a soláthraithe seirbhíse nó ar sheirbhísí éagsúla iompair ar iarnród ar an ngréasán sin agus ar sholáthraithe seirbhíse gaolmhara. |
|
(10) |
Chun comhréireacht na rialacha maidir le comhroinnt sonraí le hoibreoirí saoráidí seirbhíse a áirithiú, níor cheart a chumhdach leis an Rialachán seo ach bainisteoirí stáisiúin agus críochfoirt lasta ilmhódacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (críochfort iarnróid, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre). Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na creataí Eorpacha is infheidhme maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair agus an limistéar Eorpach aonair iarnróid chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart oibreoirí críochfort lasta ilmhódach a mheas mar oibreoirí saoráidí seirbhíse a thairgeann seirbhísí atá riachtanach chun seirbhís iompair lasta d’iarnród a oibriú agus a liostaítear a saoráidí seirbhíse i bpointe (2), fophointí (b), (c), (d) agus (g), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/34/AE. |
|
(11) |
Chun rochtain a éascú d’údaráis an Aontais, d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar shonraí arna gcomhroinnt trí fheidhmchláir theileamaitice, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le hoibleagáidí comhfhreagracha le haghaidh rochtain shaor in aisce agus rochtain dhíreach ar amhshonraí. Mar sin féin, ar iarrataí trédhearcacha comhréireacha i dtéarmaí a raon feidhme agus a leibhéal mionsonraithe, ba cheart seirbhísí breise a bhaineann le sonraí chun staidreamh oifigiúil Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh a áirithiú ar bhonn inbhuanaithe agus de réir rialacha cothroma, soiléire, intuartha agus comhréireacha, i gcomhréir le creat an Aontais um chearta bunúsacha, agus i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha mar a leagtar síos in Airteagal 338(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagail 17a go 17g agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). |
|
(12) |
Chun traenacha a oibriú ar fud an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, tá gá le rochtain gan uaim ar na córais faisnéise agus chumarsáide arna n-úsáid ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann i gcomhréir leis na forbairtí teicniúla is déanaí agus idirnascadh leo, agus ba cheart freastal ar thástáil na nuálaíochta. |
|
(13) |
Leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le ceadúnais chaighdeánacha mholta, tacair sonraí agus muirear a ghearradh ar athúsáid doiciméad (20) sainaithnítear ceadúnais Creative Commons (CC) mar shampla de chaighdeán molta le haghaidh ceadúnais oscailte. Is eagraíocht neamhbhrabúsach a fhorbraíonn ceadúnais CC agus tá siad anois ina bpríomhréiteach ceadúnúcháin le haghaidh faisnéis phoiblí ar fud an domhain. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh don leagan is déanaí den fhoireann ceadúnas CC, is é sin CC 4.0. Chun foráil a dhéanamh maidir le socruithe breise mar gheall ar shainiúlachtaí ad hoc na sonraí atá ar fáil lena n-úsáid, ba cheart é a bheith indéanta freisin ceadúnas oscailte caighdeánach arna bhunú ag sealbhóir na sonraí atá coibhéiseach le foireann ceadúnas CC a úsáid, fad is nach gcuireann socruithe gaolmhara srian ar na féidearthachtaí chun na sonraí a athúsáid. Ba cheart é a bheith indéanta freisin ceadúnas oscailte atá coibhéiseach leis an bhfoireann ceadúnas CC a úsáid, faoi théarmaí agus coinníollacha ceadúnaithe cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha faoi réir rialacha cothrománacha ábhartha an Aontais a leagtar amach i gCaibidlí III, IV, V agus IX de Rialachán (AE) 2023/2854. |
|
(14) |
Chun athúsáid sonraí tagartha arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht a éascú, ba cheart don Ghníomhaireacht leagan 1.2 de Cheadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh (‘EUPL’) a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/863 ón gCoimisiún (21) a úsáid. |
|
(15) |
Is ceart bunúsach é saor-rochtain ar fhaisnéis a scaiptear le haghaidh úsáid phoiblí. Le hinfhaighteacht shrianta faisnéise digití maidir le seirbhísí agus bealaí iompair iarnróid atá ann cheana, amhail trácht traenach agus tráthchlár lena n-áirítear coinníollacha iompair agus nasc-amanna idir nóid rochtana, cuirtear bac ar chustaiméirí ionchasacha cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena roghanna tosaíochta iompair chomh maith le feidhmchláir nuálacha nó modhanna meaisínfhoghlama a fhorbairt a d’fhéadfaí a chomhtháthú san intleacht shaorga. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis dhigiteach sin (sonraí amha ) a bheith ar fáil ar líne lena hathúsáid i gcomhréir leis na coinníollacha rochtana ábhartha a leagtar amach faoi cheadúnais phoiblí chaighdeánacha i STI arna bhunú leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart faisnéis faoi oibríochtaí traenach atá faoi réir bearta slándála, amhail iompar earraí contúirteacha nó le haghaidh fórsaí armtha agus sonraí tráchtála a bhaineann le sainaithint na n-earraí arna n-iompar a chosaint agus, dá bhrí sin, níor cheart an fhaisnéis sin a nochtadh don phobal. Féadfaidh gnóthas iarnróid lastais a bheith den tuairim go bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le gnó agus úinéir gaolmhar a shainaithint ina bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó ina bhfaisnéis ríthábhachtach maidir le hinfheictheacht an mhargaidh agus ba cheart iad a chosaint arna iarraidh sin. Chun a áirithiú go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag faisnéis ar sheirbhísí iompair ar iarnród agus chun a húsáid a éascú, ba cheart an fhaisnéis dhigiteach sin a bheith ar fáil lena hathúsáid gan ach srianta dlíthiúla íosta agus saor in aisce. Ba cheart é a bheith meaisín-inléite freisin, arna soláthar ag comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár (‘APInna’) agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart í a sholáthar mar oll-íoslódáil. Chun an sealbhóir sonraí a chosaint, tá sé tábhachtach a áirithiú maidir le húsáideoirí na sonraí atá ar fáil go poiblí i ndáil le seirbhísí iompair lasta iarnróid, go bhfuil siad sin inrianaithe. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcás mí-úsáid líomhnaithe thar na coinníollacha rochtana caighdeánacha a leagtar amach sa STI seo faoi cheadúnais chaighdeánacha oscailte. I gcás ina dtairgeann an sealbhóir sonraí táirgí tráchtála a dhíorthaítear ó sheirbhísí próiseála sonraí breise a chuirtear i bhfeidhm maidir le sonraí atá ar fáil go poiblí – gan difear a dhéanamh d’infhaighteacht phoiblí na sonraí sin nó d’úsáideoirí atá faoi réir théarmaí ceadúnúcháin an tsealbhóra sonraí – féadfar cúiteamh neamh-idirdhealaitheach agus réasúnta a éileamh le haghaidh na seirbhísí sin i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Aontais a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/2854. |
|
(16) |
Tá faisnéis a bhaineann le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí poiblí den chuid is mó faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart coinníollacha teicniúla a leagan síos do pháirtithe leasmhara teileamaitice a bhfuil faisnéis den sórt sin acu chun rochtain a dheonú lena n-úsáid ar na tacair sonraí faoi seach. |
|
(17) |
Tá ról tábhachtach ag nóid uirbeacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/1679, i ngréasán TEN-T mar phointí tosaigh nó mar chinn scríbe (‘an chéad mhíle agus an míle deireanach’) agus is pointí aistrithe iad laistigh de mhodhanna éagsúla iompair paisinéirí nó eatarthu. Le rochtain ar fhaisnéis iompair agus taistil, ba cheart go laghdófaí an éifeacht dhíobhálach a bhíonn ag scrogaill toillte agus nascacht gréasáin neamhleor. Chun comhcheangal seirbhísí iompair a spreagadh, féadfar nóid rochtana i nód uirbeach amháin nó níos mó a ghrúpáil i meitea-stáisiún amháin nó níos mó agus ba cheart faisnéis dhigiteach le haghaidh pleanáil turais, eadhon tráthchlár na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus na coinníollacha iompair gaolmhara, agus an nasc-am íosta idir nóid rochtana éagsúla, a bheith ar fáil go poiblí ar líne lena húsáid faoi cheadúnais chaighdeánacha oscailte. |
|
(18) |
Chun é a chur ar a gcumas do na páirtithe leasmhara teileamaitice lena mbaineann faisnéis a sholáthar do phaisinéirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782 agus chun a chur ar chumas díoltóirí ticéad comparáid a dhéanamh go héasca idir na táirgí iarnróid atá beartaithe dóibh ag gnóthais iarnróid, is gá go bhfeidhmeodh pointí rochtana náisiúnta mar fhoinsí iontaofa faisnéise i gcás gearán agus pointí rochtana iontaofa ar shonraí taistil agus tráchta iarnróid atá cruinn, iomlán agus cothrom le dáta atá bunaithe ar cheanglais cháilíochta sonraí arna sonrú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 agus arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí. |
|
(19) |
Leagtar amach rialacha cothrománacha an Aontais maidir le téarmaí agus coinníollacha le haghaidh comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht i gCaibidlí III, IV agus IX de Rialachán (AE) 2023/2854. Mar thoradh air sin, ba cheart aon táille agus muirear ar chomhroinnt sonraí agus ar rochtain ar shonraí lena n-úsáid, nó ar úsáid feidhmchlár teileamaitice mar APInna agus comhéadain úsáideora gréasáin, nó ar an rochtain ar shonraí tagartha lena n-úsáid de bhun an Rialacháin seo a bheith réasúnta agus comhréireach leis na costais dhlisteanacha a thabhaítear as APInna, comhéadain úsáideora gréasáin nó sonraí tagartha den sórt sin a bhunú, a chothabháil agus a úsáid. |
|
(20) |
Leagtar síos i gCaibidil VIII de Rialachán (AE) 2023/2854 ceanglais fhíor-riachtanacha chothrománacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, spásanna coiteanna sonraí Eorpacha, seirbhísí próiseála sonraí, agus conarthaí cliste lena bhforghníomhaítear comhaontuithe comhroinnte sonraí. Chun cabhrú leis an earnáil iarnróid na ceanglais chothrománacha sin a chomhlíonadh agus spás coiteann Eorpach sonraí soghluaisteachta a thabhairt i gcrích atá idir-inoibritheach le spásanna sonraí Eorpacha eile, ba cheart stór lárnach coiteann lena gcruthaítear foinse aonair sonraí tagartha agus ointeolaíocht choiteann do chóras iarnróid an Aontais a bhunú agus a fhoilsiú trí Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais chun na sonraí is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a chumhdach. Ba cheart an stór sin a bheith bunaithe ar ailtireacht sonraí oscailte agus tairbhí suntasacha a sholáthar maidir le hinfhionntacht, inrochtaineacht, éascaíocht comhair, comhsheasmhacht agus solúbthacht laistigh de bhainistiú sonraí iarnróid. Mar údarás córais d’fheidhmchláir theileamaitice chóras iarnróid an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach, de bhun Airteagal 23, míreanna 1 agus 3, de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), as bainistiú an stóir lárnaigh sin agus as na sonraí tagartha is gá chun sonraí a chomhroinnt i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart idirthréimhse iomchuí a áirithiú chun sonraí ó na bunachair sonraí arna mbainistiú go comhpháirteach ag bainisteoirí bonneagair nó ag grúpa gnóthas iarnróid a thabhairt le chéile. |
|
(21) |
Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (23) agus (AE) 2018/1725 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara teileamaitice aitheantóir tagartha aonair a úsáid agus a n-eagrúchán agus a ról i bpróisis a bhaineann leis an iarnród á sainaithint acu. D’fhéadfadh an t-aitheantóir sin a bheith ina shonraí pearsanta nó a bheith bainteach le sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2018/1725. |
|
(22) |
Maidir le ceanglais sonraí gréasán-shonracha (amhail paraiméadair nó aitheantóirí ar cuid iad de theachtaireachtaí nó teachtaireachtaí a bhaineann go sonrach le gréasán) a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le haghaidh comhroinnt sonraí mar chuid d’imscaradh an fhochórais teileamaitice nó aon fhoráil dlí náisiúnta lena gceanglaítear iad a bheith ann, ba cheart údar cuí a bheith leo de bharr shaintréithe teicniúla an ghréasáin agus níor cheart dóibh bac a chur ar chur i bhfeidhm trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach na bpróiseas bainistithe toillte agus tráchta. |
|
(23) |
Chun na sonraíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Ghníomhaireacht nós imeachta maidir le bainistiú rialaithe athruithe a bhunú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm de bhun Airteagail 5 (9) agus 23(2) de Rialachán (AE) 2016/796. Chun forbairt chomhordaithe feidhmchlár teileamaitice a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar a n-imscaradh san Aontas de bhun Airteagal 23, míreanna 1 agus 4, de Rialachán (AE) 2016/796, ba cheart don Ghníomhaireacht nuashonruithe ar na sonraíochtaí sin a shainaithint agus, i gcás inarb ábhartha, dátaí cur chun feidhme a mholadh dá gcur i bhfeidhm. |
|
(24) |
Ba cheart creat a bhunú do ghnóthais iarnróid a roinneann róil agus freagrachtaí maidir le traein dhíreach a oibriú thar ghréasán amháin nó níos mó chun comhroinnt chomhsheasmhach sonraí a áirithiú ar fud na seirbhíse ar fad. |
|
(25) |
Chun go mbeidh digitiú na bpróiseas ilghréasáin oiriúnach do sheachadadh an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, ba cheart feidhmchláir theileamaitice le haghaidh comhroinnt idir-inoibritheach sonraí a bheith bunaithe ar APInna caighdeánaithe agus ar chomhéadain úsáideora gréasáin. Ba cheart na comhéadain idir na huirlisí sin agus na húsáideoirí a bheith i gcomhréir leis na rialacha íosta maidir le heirgeanamaíocht agus cosaint sláinte. |
|
(26) |
Chun rochtain dhigiteach ar chórais comhroinnte sonraí a éascú le haghaidh bainistiú toillte, ullmhú traenacha, agus bainistiú tráchta traenach, d’fhéadfadh bainisteoir bonneagair amháin i ngach Ballstát gníomhú mar phointe teagmhála aonair, go háirithe i ndáil le próisis ilghréasáin. |
|
(27) |
Chun iomaíocht chóir idir gnóthais iarnróid a áirithiú agus chun trédhearcacht iomlán agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar a saoráidí seirbhíse a ráthú de bhun Airteagal 13 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin an t-am íosta réamhshocraithe do phaisinéirí a bhunú chun nóid rochtana seirbhísí éagsúla iompair paisinéirí a nascadh. |
|
(28) |
Chun an straitéis a leagan amach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 4(3), pointe (h), de Threoir (AE) 2016/797, lena n-áirítear na forálacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras atá ann cheana agus na céimeanna atá le cur i gcrích le haghaidh aistriú de réir a chéile chuig sprioc-fhochóras de bhun phointe (f) den Airteagal sin, ba cheart amscála agus na garspriocanna de réir a chéile de bhun Airteagal 4(4) den Treoir sin a bhunú. |
|
(29) |
Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2016/796 maidir le faireachán a dhéanamh ar imscaradh feidhmchlár teileamaitice i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don Ghníomhaireacht an fhaisnéis bailithe dhigitigh ó pháirtithe leasmhara teileamaitice a uathoibriú maidir lena bpleananna cur chun feidhme agus maidir le stádas chur chun feidhme an Rialacháin seo agus figiúirí arna gcomhiomlánú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a fhoilsiú. Ba cheart oibleagáidí tuairiscithe a theorannú do phríomhpháirtithe leasmhara teileamaitice agus d’fhaireachán ar chur chun feidhme go dtí go mbainfear amach ceanglais an Rialacháin seo. |
|
(30) |
Chun faireachán a éascú ar chur chun feidhme na bhfeidhmchlár teileamaitice i gcomhréir leis an Rialachán seo agus chun gníomhaíochtaí leantacha a chumasú bunaithe ar thoradh meastóireachta arna déanamh ag an nGníomhaireacht, ba cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo ar chumas na Gníomhaireachta, mar an t-údarás córais le haghaidh teileamaitice, measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag feidhmchláir theileamaitice, i ndáil leis na sonraí a chomhroinntear tríothu i gcás amhrais nó gearán agus atá bunaithe ar fhéindhearbhú páirtithe leasmhara teileamaitice. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht feidhmchláir ghréasáin a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas páirtithe leasmhara teileamaitice a bhféindearbhú comhlíontachta a uathoibriú bunaithe ar na nósanna imeachta tástála a shonraítear sa Rialachán seo agus na torthaí comhfhreagracha a chur in iúl don Ghníomhaireacht. |
|
(31) |
Chun tacú le forfheidhmiú gníomhartha eile de chuid an Aontais ar ina leith a leagtar amach sa STI seo sonraíochtaí comhchuibhithe maidir le húsáid modhanna digiteacha, teicneolaíochtaí cumarsáide digití agus formáidí inrochtana is gá chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh, féadfaidh comhlachtaí náisiúnta ábhartha, amhail údaráis náisiúnta sábháilteachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), a cheangal ar an nGníomhaireacht meastóireacht a dhéanamh i ndáil le cumarsáid oibríochtúil, comhlachtaí rialála dá dtagraítear i Roinn 4 de Threoir 2012/34/AE i ndáil le cur i bhfeidhm trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach próiseas bainistithe toillte agus tráchta agus an pacáiste rochtana íosta a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, comhlachtaí forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2021/782 maidir le sonraí taistil náisiúnta i ndáil le hiompar paisinéirí ar iarnród, agus údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 maidir le sonraí taistil agus tráchta arna gcomhroinnt trí phointí rochtana náisiúnta. |
|
(32) |
Chun tacú le cur chun cinn STI arna bhunú leis an Rialachán seo ag an nGníomhaireacht, ba cheart don Choimisiún a chur de chúram ar an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2016/796 nuálaíocht a chur chun cinn arb é is aidhm di feabhas a chur ar úsáid nuatheicneolaíochtaí faisnéise, faisnéise tráthchláir agus córas rianaithe agus lorgaireachta. |
|
(33) |
Chun cur chun feidhme comhordaithe agus comhleanúnach an Rialacháin seo a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart do phointí teagmhála náisiúnta, arna mbunú de bhun Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 454/2011, tacú leis an nGníomhaireacht. Chun go bhféadfar seirbhísí lastais agus seirbhísí paisinéirí a chur chun feidhme go comhleanúnach, ba cheart d’aon eintiteas amháin tabhairt faoi chúraimí an phointe teagmhála náisiúnta. Féadfar a chur de chúram ar bhainisteoir bonneagair gníomhú mar phointe teagmhála náisiúnta, i gcás inar gá i gcomhar le heintitis eile a sholáthraíonn saineolas sonrach. |
|
(34) |
Cuirfear faisnéis maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a bhaineann le nóid rochtana chun críoch ilmhódach ar fáil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926. Chun comhsheasmhacht na faisnéise sin le foinse aonair sonraí tagartha ar leibhéal an Aontais a áirithiú, ba cheart do shealbhóirí sonraí úsáid chomhsheasmhach a bhaint as sonraí tagartha amhail cóid suímh arna sannadh ag an nGníomhaireacht agus rochtain ar shonraí á soláthar acu trí phointí rochtana náisiúnta. Chuige sin, ba cheart don phointe teagmhála náisiúnta idirghníomhaíocht a éascú idir páirtithe leasmhara teileamaitice náisiúnta agus na Ballstáit, atá freagrach as pointí rochtana náisiúnta a bhunú. Tagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún do na sonraíochtaí teicniúla atá le cur i bhfeidhm maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí. Chun cur chun feidhme comhleanúnach na sonraíochtaí sin a áirithiú bunaithe ar fhormáidí agus prótacail idir-inoibritheacha i gcomhthéacs ilmhódach ag sealbhóirí sonraí a bhfuil baint acu le próisis a bhaineann le hiarnród, ba cheart sonraíochtaí comhchuibhithe a leagan amach sa STI seo a bheidh le cur i bhfeidhm ag sealbhóirí sonraí i ndáil le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí. Mar sin féin, féadfar téarmaí agus coinníollacha breise maidir le rochtain dhíreach ar shonraí agus maidir le húsáid tráchtála sonraí ag dáileoirí agus ag miondíoltóirí a chomhaontú le gnóthais iarnróid ar bhonn conarthach agus na forálacha dlí is infheidhme á gcur san áireamh. |
|
(35) |
Chun digitiú faisnéise taistil paisinéirí agus ticéad taistil paisinéirí a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782, ba cheart sonraíochtaí comhchuibhithe a leagan amach sa STI seo maidir le húsáid modhanna digiteacha iomchuí, teicneolaíochtaí cumarsáide digití agus formáidí inrochtana. |
|
(36) |
Tá an Ghníomhaireacht, ag gníomhú di mar an t-údarás córais d’fheidhmchláir theileamaitice de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/796, le forbairt feidhmchlár teileamaitice a chomhordú, iarrataí ar athruithe agus leaganacha córais a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh ar imscaradh feidhmchlár teileamaitice trí mheithleacha ábhartha arna mbunú de bhun Chaibidil 2 den Rialachán sin. |
|
(37) |
Ós rud é go nglactar go forleathan le téarmaí áirithe a léiríonn struchtúr na sonraí a chomhroinntear agus go n-úsáidtear iad i dteanga theicniúil amháin, ba cheart na téarmaí sin san Iarscríbhinn a fhágáil sa teanga theicniúil sin a nglactar go forleathan léi agus a úsáidtear le haghaidh códú i bhfeidhmchláir teileamaitice. |
|
(38) |
Chun sábháilteacht an cheanglais fhíor-riachtanaigh shonraigh maidir leis an bhfochóras teileamaitice a leagtar amach i bpointe 2.7.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 a chomhlíonadh, ba cheart na feidhmeanna atá ábhartha do shábháilteacht na n-oibríochtaí a shainaithint leis an Rialachán seo. Sainmhínítear bunleibhéal ionracais agus iontaofachta sa Rialachán seo. Gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfochóras um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht, ba cheart leibhéil bhreise a bheith infheidhme maidir le córais dhigiteacha atá faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina bhfuil sé beartaithe sonraí a úsáid ar mhaithe le sábháilteacht oibríochtaí. I gcás nár comhchuibhíodh na leibhéil sin ar leibhéal an Aontais go fóill, ba cheart iad a shainaithint mar phointe oscailte de bhun Airteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797. Go dtí go mbainfear comhchuibhiú amach, ba cheart aon leibhéil bhreise a bhfuil sé beartaithe ag geallsealbhóirí iad a chur i bhfeidhm a mheasúnú agus a bhunú, agus féadfar iad a chur chun feidhme trí chomhaontú frithpháirteach, gan bacainní a chruthú ar rochtain ar an limistéar Eorpach aonair iarnróid. |
|
(39) |
Ba cheart an Rialachán seo a ailíniú le STInna eile arna bhforbairt de bhun Threoir (AE) 2016/797, go háirithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta (‘STI OBT’) (27), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún maidir le rialú agus ceannas agus comharthaíocht (‘STI CCS’) (28), Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún maidir le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (‘STI PRM’) (29), Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 ón gCoimisiún maidir le torann rothstoic (‘STI NOI’) (30), Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún (31) maidir leis an bhfochóras fuinnimh (‘STI ENE’), agus Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (32) (‘STI Loc&Pas’) maidir le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí. |
|
(40) |
Le pointe 4.2.3.3.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (‘STI OBT’), ceanglaítear ar an ngnóthas iarnróid an bainisteoir bonneagair a chur ar an eolas nuair atá traein réidh le rochtain a fháil ar an ngréasán. Faoi láthair, cuirtear an ceanglas sin chun feidhme ar bhealaí éagsúla ag brath ar shaintréithe an bhonneagair (mar shampla, córais Raidió Mhóibíligh Iarnróid, ETCS L2, comhghlasáil thiomnaithe ag an bpointe imeachta, teachtaireacht thiomnaithe teileamaitice). Le pointe 4.2.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 (‘STI CCS’) leagtar amach ceanglais maidir le feidhmeanna cumarsáide móibílí d’iarnróid, lena sainordaítear, i gcás feidhmeanna gutha GSM-R agus feidhmeanna cumarsáide oibríochtúla, cur i bhfeidhm shonraíocht na gceanglas córais dá dtagraítear in innéacs [33] d’Fhoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin. Sonraítear sna ceanglais sin an cód diailithe atá le húsáid le haghaidh ‘traein réidh’ agus ‘níl an traein réidh’ faoi seach. Le pointe 4.2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 (‘STI CCS’) leagtar amach ceanglais maidir le feidhmiúlachtaí ETCS ar bord, a shainítear le haghaidh an nós imeachta ‘Tosach misin’ in ETCS L2 i sonraíocht na gceanglas córais arb é innéacs [4] is tagairt di, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart na roghanna sin chun cumarsáid a dhéanamh maidir le hullmhacht traenach a theorannú agus a chomhchuibhiú. |
|
(41) |
Le hAirteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777, ceanglaítear ar bhainisteoirí bonneagair luachanna pharaiméadair a ghréasáin iarnróid a fhoilsiú sa chlár bonneagair (‘RINF’) dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil. Le pointí 4.2.1.2.2 agus 4.8.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (‘STI OBT’), ceanglaítear ar bhainisteoirí bonneagair aon athrú ar shaintréithe an bhonneagair ainmniúil a fhoilsiú i RINF, aon uair a bhíonn an fhaisnéis sin ar fáil agus a dhéanann difear d’oibriú traenach ar an ngréasán, lena n-áirítear srianta agus modhnuithe buana nó sealadacha. Mar a leagtar amach i bpointe (8) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE, cumhdaítear leis an bhfaisnéis sin srianta luais, ualach acastóra, fad traenach, fórsa tarraingthe, nó imchlúdach struchtúir a áirítear le srianta ar an toilleadh. Aon athrú sealadach ar luach ainmniúil paraiméadair gréasáin, a eascraíonn as srianta nó modhnuithe den sórt sin, tá sé le foilsiú in RINF mar luach sealadach, mar aon leis na dátaí bailíochta a bhaineann leis an srian nó leis an modhnú sin. |
|
(42) |
Chun go mbeidh toradh leordhóthanach ar infheistíochtaí tionscadal a bhfuil sé d’aidhm acu an fochóras teileamaitice a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus (AE) Uimh. 1305/2014 agus atá, ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag céim mhór forbartha de réir bhrí Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2016/797, is gá idirthréimhse iomchuí a shocrú do pháirtithe leasmhara teileamaitice comhfhreagracha chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, gan dochar d’Airteagal 7(1), pointe (a), den Treoir sin. |
|
(43) |
Chun tacú le digitiú na bpróiseas a bhaineann leis an iarnród laistigh de shaoráidí seirbhísí lastais iarnróid agus chun cur chun feidhme tráthúil agus de réir a chéile na comhroinnte sonraí idir-inoibritheacha ag a n-oibreoirí a éascú, is gá idirthréimhse iomchuí a leagan síos chun go mbeidh oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh, mura rud é go n-eisiatar iad ó raon feidhme Threoir (AE) 2016/797 i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Treoir sin. |
|
(44) |
Chun imscaradh céimseach tráthúil na n-uirlisí teicniúla atá le soláthar ag an nGníomhaireacht le haghaidh forbairt chomhordaithe feidhmchlár teileamaitice san Aontas agus bainistiú a sonraíochtaí a éascú, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar i ndáil le seachadadh na n-uirlisí sin ag an nGníomhaireacht. |
|
(45) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus (AE) Uimh. 1305/2014 a aisghairm. |
|
(46) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 28 Aibreán 2025 (33). |
|
(47) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais choiteanna, shonracha agus chomhéadain maidir le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí in iompar ar iarnród trí shonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht (STI) a bhunú a bhaineann le fochóras ‘feidhmchláir theileamaitice do sheirbhísí paisinéirí agus lastais’ an chórais iarnróid san Aontas, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lastais’ dá dtagraítear i bpointe 1(b), an tríú fleasc, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 agus a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.6 den Iarscríbhinn sin, maidir leis na próisis seo a leanas:
|
(a) |
a mhéid a bhaineann le seirbhís iarnróid do phaisinéirí agus lasta araon:
|
|
(b) |
a mhéid a bhaineann le seirbhísí iompair iarnróid do lasta amháin: bainistíocht a dhéanamh ar vaigíní lastais agus a n-ualach; |
|
(c) |
a mhéid a bhaineann le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí amháin:
|
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le córas iarnróid an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/797.
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí iompair d’iarnród a fhágann an tAontas nó a thagann isteach san Aontas chuig tríú tír nó ó thríú tír nach bhfuil faoi réir rialacha comhchosúla faoi chomhaontú idirnáisiúnta. Mar sin féin, féadfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice bearta malartacha a chur i bhfeidhm idir an teorainn agus an stáisiún teorann atá ainmnithe le haghaidh oibríochtaí trasteorann.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘sonraí’ léiriú meaisín-inléite ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin a bheartaítear a chomhroinnt i bhformáid chomhchuibhithe agus struchtúrtha; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘comhroinnt sonraí’ sonraí a bheith á soláthar ag sealbhóir sonraí d’fhaighteoir sonraí chun úsáid chomhpháirteach nó úsáid indibhidiúil a bhaint as na sonraí sin, go díreach nó trí idirghabhálaí, mar shampla faoi cheadúnais oscailte nó tráchtála atá faoi réir táille nó atá saor in aisce; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘ticéadú iarnróid’ an próiseas lena gcuimsítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí:
|
|
(4) |
ciallaíonn ‘táirge iarnróid’ seirbhís shaincheaptha i ndáil le seirbhís iarnróid do phaisinéirí atá nasctha le taraif; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘ticéad’ ticéad mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2021/782; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘áirithint’ áirithint mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2021/782; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘seirbhís iompair iarnróid’ seirbhís sceidealaithe le haghaidh iompair ar iarnród idir pointe imeachta agus pointe teachta agus cumhdaítear leis seirbhísí iompair d’earraí, paisinéirí, bagáiste, rothair nó gluaisteáin, agus socruithe saincheaptha iompair, chomh maith le cúnamh paisinéirí lena n-áirítear seirbhísí le haghaidh athródú agus leanúint ar aghaidh le turas; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘oibreoir saoráide seirbhíse lasta iarnróid’ oibreoirí saoráidí seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Threoir 2012/34/AE, a sholáthraíonn na seirbhísí is gá chun seirbhís iompair lasta iarnróid a oibriú agus a liostaítear a saoráidí seirbhíse i bpointe (2), fophointí (b), (c), (d) agus (g), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/34/AE agus atá nasctha leis an ngréasán tras-Eorpach iompair mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1679, atá teoranta do na críochfoirt lasta ilmhódacha a shainaithnítear de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘páirtí leasmhar teileamaitice’ na sealbhóirí sonraí nó na faighteoirí sonraí seo a leanas a mbaineann úsáid as feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lastais lena gcuid gníomhaíochtaí’:
|
|
(10) |
ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27), de Rialachán (AE) 2023/2854; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ comhlacht earnála poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de Rialachán (AE) 2023/2854; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart aige sonraí a úsáid nó a bhfuil sé d’oibleagáid air sonraí a tháirgeadh agus a chur ar fáil; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘faighteoir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart aige rochtain a fháil ar na sonraí a tháirgeann agus a chuireann an sealbhóir sonraí ar fáil faoi choinníollacha sonraithe rochtana maidir le húsáid; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘rochtain ar shonraí’ an ceart chun na sonraí a cheadú, bíodh smacht acu orthu nó ná bíodh, go sainiúil ó chearta agus oibleagáidí eile a bhaineann lena n-úsáid chun críocha neamhthráchtála nó tráchtála; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘pointe rochtana náisiúnta’ pointe rochtana náisiúnta de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún; |
|
(16) |
Ciallaíonn ‘Ointeolaíocht ERA’ doiciméad teicniúil arna eisiúint ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 4(8) de Threoir (AE) 2016/797, ina leagtar amach sainmhínithe sonraí agus cuir i láthair atá inléite ag an duine agus meaisín-inléite agus na ceanglais cháilíochta agus chruinnis ghaolmhara le haghaidh eilimintí sonraí de chóras iarnróid an Aontais; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘eilimint sonraí’ réimse, luach, nó aitreabúid de na sonraí a chomhroinntear, atá struchtúrtha ar bhealach comhsheasmhach leis an bprótacal foriomlán a úsáidtear le haghaidh comhroinnt sonraí agus a bhfuil faisnéis fhíor-riachtanach aige a chuireann le brí agus le cuspóir na sonraí a chomhroinntear, lena gcumasaítear comhroinnt sonraí idir córais, feidhmchláir nó eagraíochtaí; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘sonraí tagartha’ tacar sonraí d’aitheantóirí aonair caighdeánaithe agus idir-inoibritheacha atá le húsáid mar bhonn do chomhroinnt sonraí i bhfearann sonrach; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘meiteashonraí’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2854; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘próiseas ilghréasáin’ próiseas dá ndéanann oibriú seirbhíse iompair ar iarnród difear thar dhá ghréasán nó níos mó arna mbainistiú ag bainisteoirí bonneagair éagsúla nó ag oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘seirbhís iompair iarnróid dhíreach’ seirbhís iompair iarnróid a bhféadfadh stadanna tráchtála idirmheánacha a bheith ar áireamh inti idir a tionscnamh agus a ceann scríbe ach nach mbaineann aon aistriú paisinéirí ná lasta idir traenacha léi; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘comhéadan feidhmchláir’ nó ‘API’ tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacal le haghaidh comhroinnt sonraí idir-inoibritheach idir feidhmchláir theileamaitice; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘bainisteoir stáisiún’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2021/782; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘nasc-am íosta’ an t-íosmhéid ama ar leor é chun go bhféadfaidh paisinéir nascadh idir nóid rochtana dhá sheirbhís iompair paisinéirí as a chéile a áirítear i dturas; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ agus ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ duine faoi mhíchumas agus duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 (‘STI PRM’); |
|
(26) |
ciallaíonn ‘turas’ turas paisinéara ó cheann go ceann nó ualach a bhféadfadh níos mó ná céim amháin a bheith san áireamh ann; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘am imeachta poiblí’ an teorainn ama bordála do phaisinéirí, is é sin an pointe ama a dhúntar rochtain ar an traein, ar an ardán nó ar an stáisiún ag ullmhú don imeacht agus nach gceadaítear do phaisinéirí dul ar bord ina dhiaidh sin agus lena gcuirtear san áireamh an t-am a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun paisinéirí, rothair nó bagáiste a sheiceáil isteach; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘am teachta poiblí’ an t-am tuirlingthe do phaisinéirí, is é sin an pointe ama ina n-osclaítear doirse na traenach ag an ardán nó ag an gcríochfort cinn scríbe agus ina gceadaítear do phaisinéirí díbhordáil; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘tráthchlár oibre’ tráthchlár oibre mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (28), de Threoir 2012/34/AE a úsáidtear le haghaidh bainistiú toillte agus tráchta dá dtagraítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘meitea-stáisiún’ grúpa stáisiún laistigh de limistéar uirbeach feidhmiúil, lena n-áirítear nód uirbeach amháin nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1679, a d’fhéadfadh síneadh thar roinnt Ballstát agus inar féidir stáisiúin ar leith a bhaint amach trí mhodhanna iompair uirbeacha agus seirbhísí iompair uirbeacha a nascadh, bídís sceidealaithe nó neamhsceidealaithe; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘nód rochtana’ nód rochtana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘iarratasóir’ iarratasóir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Threoir 2012/34/AE; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘tráthchlár paisinéirí’ dáta agus am na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí arna n-oibriú mar sheirbhís tráchtála ag gnóthas iarnróid le linn eatramh ama ar leith a úsáidtear i gcomhthéacs ticéadú iarnróid agus faisnéis faoi thaisteal paisinéirí ar iarnród dá dtagraítear i Roinn 4 den Iarscríbhinn; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘gluaiseacht siúnta’ gluaiseachtaí siúnta mar a shainmhínítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (‘STI OBT’); |
|
(35) |
ciallaíonn ‘custaiméir lastais’ an t-eintiteas a d’eisigh an fhaisnéis coinsíneachta don ghnóthas iarnróid lastais ábhartha agus a d’fhéadfadh a bheith ina sholáthraí seirbhísí lóistíochta, ina oibreoir iompair idirmhódúil, ina sheoltóir lastais, ina bhainisteoir flít ar vaigíní folmha, nó i gcás inarb ábhartha, ina shealbhóir sonraí, a bhfuil conradh iompair lena gcumhdaítear seirbhísí iompair le haghaidh earraí tugtha i gcrích aige; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘oibreoir iompair idirmhódúil’ eintiteas a eagraíonn seirbhísí iompair lasta lena nasctar dhá chríochfort lasta nó níos mó le níos mó ná modh iompair amháin; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘nóta coinsíneachta’ doiciméad iompair dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 11 ón gComhairle (34); |
|
(38) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ eintiteas, a eascraíonn as forálacha conarthacha, a bhfuil an méid seo a leanas aige:
|
|
(39) |
ciallaíonn ‘pleanálaí turais’ inneall cuardaigh a úsáidtear chun turas optamach a aimsiú bunaithe ar chritéir shainithe arna leagan amach ag a úsáideoir; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘eisitheoir’ eintiteas a bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil agus theicniúil aige, a eascraíonn as forálacha conarthacha, ticéad a eisiúint do mhiondíoltóir ar a léirítear na páirtithe sa chonradh iompair; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘córas sannta’ córas digiteach an ghnóthais iarnróid a óstálann catalóg ar líne de sheirbhísí iompair iarnróid aonair agus a chuireann ar chumas dáileoirí infhaighteacht na seirbhísí sin a sheiceáil agus áirithintí a dhéanamh; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘miondíoltóir’ eintiteas:
|
|
(43) |
ciallaíonn ‘taraif’ na sonraí comhiomlánaithe arna mbunú ag gnóthas iarnróid, nó, i gcás inarb ábhartha, ag an sealbhóir sonraí, a sholáthraíonn na sonraí ábhartha uile maidir le taraif, lena n-áirítear an praghas seirbhíse iompair iarnróid atá dlite ag dáileoir don ghnóthas iarnróid agus na tréithe agus na coinníollacha gaolmhara; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘tairiscint’ na sonraí comhiomlánaithe arna mbunú ag dáileoir lena gcomhcheanglaítear taraifí is infheidhme, lena n-áirítear praghas an táirge iarnróid atá dlite ag an miondíoltóir don dáileoir agus a d’fhéadfadh athrú ón bpraghas a leagann an gnóthas iarnróid amach i ngeall ar chur i bhfeidhm rialacha praghsála uathoibrithe, lascainí nó coinníollacha tráchtála eile; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘praghas táirgeachta’ an praghas a bhaineann le taraif a eascraíonn as algartam a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar athróga, dá ngairtear an riail toraidh; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘eagraíocht um rialú ticéad’ nó ‘TCO’ eagraíocht a bhfuil sé de chumhacht aici cigireacht a dhéanamh ar thicéid paisinéirí, lena n-áirítear ag doirse rochtana ardáin; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘cáilíocht sonraí’ an leibhéal oiriúnachta le haghaidh úsáide ag a gcomhlíonann saintréithe na sonraí an leibhéal cruinnis, iomláine, comhsheasmhachta, tráthúlachta agus uathúlachta sonraithe agus intuigthe a bhaineann le tacair sonraí, agus léargais inghníomhaithe a chruthú d’úsáideoirí eile faoi choinníollacha sonraithe. |
CAIBIDIL 2
RIALACHA AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Airteagal 4
Comhroinnt sonraí idir páirtithe leasmhara teileamaitice agus cearta chun rochtain a fháil ar shonraí
1. I gcás ina bhfuil cearta nó oibleagáidí ag páirtithe leasmhara teileamaitice a bhfuil baint acu leis na seirbhísí iompair iarnróid céanna agus leis na próisis ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 2(1), ar cearta nó oibleagáidí iad a eascraíonn as forálacha dlíthiúla nó conarthacha le haghaidh na bpróiseas sin, deonóidh siad rochtain dá chéile lena n-úsáid nó comhroinnfidh siad na sonraí a shonraítear san Iarscríbhinn is gá chun na próisis sin a chur i gcrích.
Cé is moite de na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c)(i), féadfaidh na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith mar thoradh freisin ar fhreagracht oibríochtúil aon eintitis lena mbaineann sna próisis sin.
2. Arna iarraidh go cuí-réasúnaithe don Choimisiún, do chomhlacht de chuid an Aontais nó do chomhlacht earnála poiblí, déanfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice a shealbhaíonn sonraí a shonraítear san Iarscríbhinn rochtain dhíreach saor in aisce ar shonraí loma sonracha a dheonú chun ceann amháin de na críocha seo a leanas:
|
(a) |
faireachán ar bhunú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid nó an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair; |
|
(b) |
idir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid a fhorbairt san Aontas; |
|
(c) |
faireachán nó iniúchadh a dhéanamh ar shreabhadh paisinéirí nó lasta san Aontas. |
Airteagal 5
Rochtain ar shonraí tráchta traenach agus ar shonraí maidir le comhdhéanamh traenacha
1. I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh gach bainisteoir bonneagair nó, i gcás inarb ábhartha, oibreoir saoráidí seirbhísí lastais iarnróid rochtain a dheonú do páirtithe leasmhara teileamaitice de bhun Airteagal 4(1) ar na sonraí seo a leanas trí chomhéadan coiteann úsáideora gréasáin de chuid an Aontais (‘CÚ gréasáin’) i réimse an bhainistithe tráchta dá dtagraítear in Airteagal 14 (5) den Rialachán seo, agus mar chuid den phacáiste íosrochtana a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/34/AE, ar na sonraí amha seo a leanas i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha rochtana a leagtar amach in Iarscríbhinn:
|
(a) |
sonraí an tráthchláir oibre, dá dtagraítear i bpointe 2.3.10 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, arna nginiúint ag na bainisteoirí bonneagair nó, i gcás inarb ábhartha, sealbhóir na sonraí; |
|
(b) |
sonraí tráchta traenach, dá dtagraítear i bpointe 2.6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, arna nginiúint ag na bainisteoirí bonneagair mar shealbhóirí na sonraí sin; |
|
(c) |
sonraí maidir le comhdhéanamh traenach, dá dtagraítear i bpointe 2.5.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a fhaightear ó ghnóthais iarnróid mar shealbhóirí na sonraí sin; |
|
(d) |
taifead stairiúil ar shonraí traenach, dá dtagraítear i bpointe 2.7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
2. Beidh rochtain phoiblí agus saor in aisce ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 trí chomhéadan coiteann gréasáin de chuid an Aontais a bhfuil rochtain ag an bpobal air.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le hiompar earraí contúirteacha faoi réir fhorálacha Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35).
4. I gcás seirbhísí iompair lasta d’iarnród, ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin i gcás ina roghnaíonn gnóthas iarnróid lasta na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh maidir le cuid dá sheirbhísí iompair nó maidir leo go léir ar bhonn deonach.
5. Áiritheoidh CÚ coiteann gréasáin an Aontais dá dtagraítear i mír 1 cur chun feidhme uathoibrithe na srianta agus na dteorainneacha rochtana dá dtagraítear san Airteagal seo bunaithe ar an bhfaisnéis mar a shonraíonn an sealbhóir sonraí.
6. Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le seirbhísí iompair iarnróid do na fórsaí armtha ná maidir le seirbhísí iompair iarnróid eile atá faoi réir bearta slándála arna nglacadh ag Ballstát ina n-oibrítear na seirbhísí sin.
Airteagal 6
Rochtain ar shonraí chun turais a phleanáil maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus ar shonraí taraife
1. Deonóidh gach gnóthas iarnróid paisinéirí, nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), nó an sealbhóir sonraí, rochtain phoiblí agus saor in aisce ar shonraí a shonraítear i bpointí 4.2.1 agus 4.4 den Iarscríbhinn maidir le tráthchlár paisinéirí na seirbhíse iompair iarnróid a oibríonn sé agus le haghaidh coinníollacha comhfhreagracha iompair, faoi seach.
Deonófar rochtain ar a laghad trí na pointí rochtana náisiúnta i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha rochtana a leagtar amach san Iarscríbhinn.
2. Deonóidh gach bainisteoir stáisiúin, nó, i gcás inarb ábhartha, an bainisteoir bonneagair nó eintiteas eile arna ainmniú ag ceann acu nó ag an mBallstát, mar shealbhóir sonraí, rochtain phoiblí agus saor in aisce ar shonraí a luaitear i bpointe 4.2.2 den Iarscríbhinn maidir le nasc-amanna idir nóid rochtana.
Deonófar rochtain ar a laghad trí na pointí rochtana náisiúnta i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha rochtana a leagtar amach san Iarscríbhinn.
3. I gcás ina bhfuil cearta nó oibleagáidí ar ghnóthas iarnróid paisinéirí, nó i gcás inarb ábhartha ar an sealbhóir sonraí, a eascraíonn as forálacha conarthacha rochtain a thabhairt ar a shonraí taraife, deonófar an rochtain sin ar a tharaifí uile trí na pointí rochtana náisiúnta ar a laghad i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha rochtana a leagtar amach i bpointe 4.3 den Iarscríbhinn.
Féadfar téarmaí agus coinníollacha breise maidir le rochtain dhíreach ar na sonraí sin agus maidir lena n-úsáid tráchtála a chomhaontú ar bhonn conarthach.
4. I gcás ina bhfuil cearta nó oibleagáidí ag dáileoir, a eascraíonn as forálacha conarthacha, chun rochtain a fháil ar shonraí infhaighteachta agus áirithinte táirgí iarnróid gnóthais iarnróid paisinéirí, lena n-áirítear le haghaidh praghsanna toraidh, deonóidh an gnóthas iarnróid sin an rochtain sin ar a laghad trí nasc díreach lena chóras sannta i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.5 den Iarscríbhinn.
Déanfar téarmaí agus coinníollacha breise maidir le rochtain dhíreach ar na sonraí sin agus maidir lena n-úsáid a chomhaontú ar bhonn conarthach.
5. Beidh feidhm ag an Airteagal seo i dteannta na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4.
Airteagal 7
Cibearshlándáil agus formáid sonraí
1. Déanfar páirtithe leasmhara teileamaitice, comhlachtaí de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo a shainaithint trí aitheantóir aonair dá n-eagraíocht arna shannadh agus arna bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 9.
2. I gcás ina gcomhroinneann agus ina ndeonaíonn páirtithe leasmhara teileamaitice rochtain ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh na gréasáin chumarsáide agus na prótacail chumarsáide, na córais, na comhéadain nó na bunachair sonraí a úsáideann sé na bearta cibearshlándála a leagtar amach i bpointe 1.3 den Iarscríbhinn.
3. I gcás ina gcomhroinneann páirtithe leasmhara teileamaitice sonraí agus ina ndeonaíonn sé rochtain ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sé na séimeantaic a shonraítear sna heilimintí catalóige sonraí mar fhothacair d’Oineolaíocht ERA agus den seicheamh sonraí dá dtagraítear i bpointe 1.4 den Iarscríbhinn.
4. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go léireofar forbairtí rialála agus teicniúla a dhéanann difear do chóras iarnróid an Aontais in Ointeolaíocht ERA agus eilimintí gaolmhara sonracha catalóige sonraí.
Airteagal 8
An lárstóras coiteann agus na sonraí tagartha
1. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht lárstóras coiteann mar fhoinse aonair de shonraí coiteanna iarnróid an Aontais le haghaidh teileamaitice. Cuirfear an stór lárnach ar fáil don phobal agus stórálfar an fhaisnéis uile seo a leanas ann:
|
(a) |
meiteashonraí agus eilimintí catalóige sonraí sonracha gaolmhara, dá dtagraítear i bpointe 1.4 den Iarscríbhinn mar fhothacar d’Oineolaíocht ERA, lena sonraítear inneachar agus struchtúr na sonraí; |
|
(b) |
liosta d’údaráis deimhniúcháin le haghaidh bonneagar eochrach poiblí (‘PKI’) a bhunaítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.3 den Iarscríbhinn; |
|
(c) |
sonraí tagartha coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 9, arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht; |
|
(d) |
nasc chun rochtain a fháil ar fhoinse na sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lasta, dá dtagraítear i bpointe 3.3 den Iarscríbhinn, arna mbainistiú ag an earnáil iarnróid. |
2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar chumas aon pháirtí leasmhar teileamaitice liostáil d’fhógraí uathoibrithe maidir le haon nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an lárstóras coiteann.
3. Féadfaidh páirtí leasmhar teileamaitice na sonraí atá ar fáil sa lárstóras coiteann a mhacasamhlú dá úsáid oibríochtúil féin.
4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus gach páirtí leasmhar teileamaitice atá freagrach as sonraí tagartha coiteanna i gcomhréir le pointí 1.2 agus 4.8 den Iarscríbhinn na céimeanna seo a leanas:
|
(a) |
a sonraí tagartha a chur ar fáil go poiblí agus saor in aisce lena n-athúsáid i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha rochtana a leagtar amach san Iarscríbhinn, chomh maith le coinníollacha an leibhéil seirbhíse a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht stóir chomhfhreagraigh; |
|
(b) |
sannadh, cothabháil agus stóráil a sonraí tagartha agus rochtain orthu a bhainistiú ar bhealach trédhearcach, cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. |
Airteagal 9
Rialachas na sonraí tagartha coiteanna
1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht feidhmchláir ghréasáin ar fáil do pháirtithe leasmhara teileamaitice chun go mbeidh siad in ann iarrataí a chur isteach maidir le cóid a shannadh agus eilimintí sonraí gaolmhara a thabhairt cothrom le dáta.
Saineoidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht lámhleabhar úsáideora ina mbeidh tuairisc ar fheidhmeanna éagsúla na bhfeidhmchlár gréasáin.
2. Saineoidh, foilseoidh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na nósanna imeachta chun iarrataí a bhainistiú maidir le cóid a shannadh agus eilimintí sonraí gaolmhara a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear socruithe teanga gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) 2016/796 agus spriocdhátaí. Cuirfear treoir ar fáil sa lámhleabhar sin do pháirtithe leasmhara teileamaitice maidir le hiarrataí a chur isteach.
3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí tagartha coiteanna a bhainistiú agus a shannadh i bhfoirm aitheantóirí tagartha aonair (‘cóid’), a úsáideann nó a bheartaíonn páirtithe leasmhara teileamaitice a úsáid maidir leis na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1) chun na heilimintí sonraí seo a leanas a shainaithint:
|
(a) |
eintitis (‘cóid eagraíochta’) a bhfuil baint acu le comhroinnt sonraí i gcomhréir le gníomhartha arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/797 nó Threoir (AE) 2016/798 nó Threoir 2012/34/AE, dá dtagraítear i bpointe 1.2.1 den Iarscríbhinn; |
|
(b) |
pointí geografacha (‘cóid suímh’) dá dtagraítear i bpointe 1.2.2 den Iarscríbhinn; |
|
(c) |
gnéithe ticéadaithe (‘liostaí cód le haghaidh ticéadú’) dá dtagraítear i bpointe 4.8 den Iarscríbhinn. |
4. Cuirfidh páirtí leasmhar teileamaitice iarrataí ar shannadh cód faoi bhráid na Gníomhaireachta. Beidh an iarraidh i gcomhréir leis na sonraíochtaí le haghaidh sonraí tagartha coiteanna a leagtar amach i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn.
5. I gcás ina gcuirfidh páirtí leasmhar teileamaitice iarraidh isteach chun cód a shannadh do shuíomh san Aontas atá lasmuigh de raon feidhme ghréasán iarnróid an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 1, de Threoir (AE) 2016/797, sannfaidh an Ghníomhaireacht cód suímh mar shíneadh fíorúil ar an ngréasán iarnróid (‘cód suímh fíorúil’) sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina n-úsáideann seirbhísí iompair a chuirtear in ionad seirbhísí iompair iarnróid an suíomh ar bhonn sealadach; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil an suíomh á úsáid ag seirbhísí iompair a dhíoltar mar sheirbhísí iompair iarnróid nach bhfuil á n-oibriú ag gnóthais iarnróid; |
|
(c) |
i gcás ina meastar gur meitea-stáisiún é an suíomh. |
6. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go sonrófar suíomh na gcód suímh a shanntar i ndáil leis na sonraí ábhartha bonneagair atá ar fáil i gclár an bhonneagair iarnróid (‘RINF’) dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797 agus déanfaidh sí iad a stóráil.
7. Faoin 2 Meán Fómhair 2026, sonróidh gach bainisteoir bonneagair agus gach oibreoir saoráidí seirbhísí lastais iarnróid, nó eintiteas inniúil eile atá bunaithe san Aontas arna ainmniú ag ceachtar acu, suíomh na gcód suímh, a shanntar dóibh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcoibhneas leis na sonraí bonneagair ábhartha atá ar fáil in RINF.
8. Maidir le seirbhís iarnróid do phaisinéirí, i gcás ina dtagraíonn páirtí leasmhar teileamaitice do nóid rochtana nó do shealbhóir sonraí trí phointí rochtana náisiúnta, úsáidfidh sé na sonraí tagartha coiteanna arna mbainistiú agus arna sannadh ag an nGníomhaireacht de bhun an Airteagail seo mar aitheantóirí Eorpacha.
Airteagal 10
Cáilíocht sonraí
1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus gach páirtí leasmhar teileamaitice go gcomhlíonann a sonraí tagartha na critéir cáilíochta sonraí agus na luachanna ainmniúla a leagtar amach i bpointe 1.5 den Iarscríbhinn agus go gcomhlíonann siad leibhéal iomchuí sláine agus iontaofachta.
2. I gcás ina gcomhroinneann nó ina ndeonaíonn páirtithe leasmhara teileamaitice rochtain ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, áiritheoidh sé go gcomhlíonann na sonraí sin leibhéal iomchuí sláine agus iontaofachta agus go bhfuil na sonraí tagartha dá dtagraítear i mír 1 iontu. Féachfaidh sé freisin leis na luachanna ainmniúla a leagtar amach i bpointe 1.5 den Iarscríbhinn a chomhlíonadh le corrlach lamháltais 5 % le haghaidh gach ceann de na critéir cáilíochta sonraí a leagtar amach sa phointe sin.
3. Áiritheoidh gach páirtí leasmhar teileamaitice go gcaomhnaítear an leibhéal cáilíochta céanna leis na sonraí a macasamhlófar ón lárstóras coiteann.
4. I gcás ina gcomhroinneann nó ina ndeonaíonn páirtithe leasmhara teileamaitice rochtain ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé seiceálacha dearbhaithe cáilíochta. Déanfar aon easnamh a shainaithneofar i gcáilíocht na sonraí a cheartú a luaithe is féidir.
5. Bunóidh gach páirtí leasmhar teileamaitice próisis le haghaidh seiceálacha dearbhaithe cáilíochta athfhillteacha in aghaidh gach ceann de na critéir cáilíochta sonraí, le haghaidh rogha conairí agus suíomhanna tagartha ar a laghad.
Airteagal 11
Ceanglais sonraí gréasán-shonracha
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht teimpléad a bhunú agus a fhoilsiú chun ceanglais sonraí neamh-chomhchuibhithe arna gcur i bhfeidhm nó atá beartaithe lena gcur i bhfeidhm ag páirtithe leasmhara teileamaitice a bhailiú, mar chuid den nós imeachta um rialú athruithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1).
2. Faoin 2 Nollaig 2026, comhroinnfidh gach bainisteoir bonneagair leis an nGníomhaireacht, mar chuid den nós imeachta um bainistiú rialaithe athruithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1), na ceanglais sonraí gréasán-shonracha a chuireann sé i bhfeidhm nó a bheartaíonn sé a chur i bhfeidhm agus údar leis sin agus úsáid á baint as an teimpléad dá dtagraítear i mír 1.
Áiritheoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaidh na bainisteoirí bonneagair atá faoina fhreagracht na forálacha a leagtar amach sa chéad fhomhír.
3. Mar chuid den nós imeachta um rialú athruithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo agus bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, na sonraíochtaí comhchuibhithe comhfhreagracha dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta nó molfaidh sí don Choimisiún, de bhun Airteagal 4(a) de Rialachán (AE) 2016/796, cásanna sonracha a chomhtháthú mar chuid de Roinn 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
4. Ní chuirfidh páirtithe leasmhara teileamaitice i bhfeidhm ach ceanglais sonraí a chomhchuibhítear de bhun an Rialacháin seo nó a liostaítear mar chás sonrach.
Airteagal 12
Nuashonruithe ar na sonraíochtaí dá dtagraítear
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht nós imeachta maidir le bainistiú rialaithe athruithe a bhunú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm chun na sonraíochtaí comhchuibhithe dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C den Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta agus a chothabháil.
2. I gcás ina n-eisíonn an Ghníomhaireacht tuairimí de bhun Airteagal 10, míreanna 2 agus 3, nó Airteagal 19(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/796 lena sainaithnítear athruithe ar modhanna inghlactha comhlíonta iad, molfaidh sí, i gcás inarb ábhartha, dátaí cur chun feidhme dá gcur i bhfeidhm.
3. Coinneoidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit ar an eolas faoina gníomhaíochtaí de bhun mhír 2 den Airteagal seo tríd an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797.
Airteagal 13
Príomhghnóthas iarnróid
1. I gcás ina mbeidh seirbhís iompair iarnróid dhíreach á hoibriú nó á beartú ag roinnt gnóthas iarnróid, ainmneoidh na gnóthais sin ceann amháin acu, nó eintiteas inniúil eile atá bunaithe san Aontas, le bheith ina phríomhghnóthas iarnróid, le haghaidh na seirbhíse ar fad i ndáil leis na cúraimí seo a leanas atá mar chuid de na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1):
|
(a) |
uimhir aitheantais na traenach (‘aitheantóir traenach tagartha’) a chomhtháthú go comhsheasmhach le haitheantóirí oibiachta eile i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 2.1 den Iarscríbhinn; |
|
(b) |
comhordú a dhéanamh ar na gnóthais iarnróid agus iarratasóirí eile lena mbaineann i ndáil le bainistiú toillte i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 2.3 den Iarscríbhinn; |
|
(c) |
sonraí thráthchlár na bpaisinéirí a chomhiomlánú le haghaidh na seirbhíse sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.2 den Iarscríbhinn, i gcás nach ionann é agus an tráthchlár oibre; |
|
(d) |
faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht vaigíní lastais agus ar a n-ualach, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.2 den Iarscríbhinn; |
|
(e) |
sonraí nótaí coinsíneachta a chomhtháthú agus a chomhroinnt i gcás seirbhís lasta agus gníomhú mar phointe teagmhála aonair don tseirbhís sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.1.1 den Iarscríbhinn. |
2. Féadfaidh na gnóthais iarnróid dá dtagraítear i mír 1 na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nó cuid díobh a dháileadh ar níos mó ná gnóthas amháin nó eintiteas inniúil amháin, agus gach ceann acu ag gníomhú mar an príomhghnóthas iarnróid i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a bhfuil sé freagrach as.
3. I gcás ina n-oibreoidh gnóthas iarnróid aonair seirbhís iompair dírigh d’iarnród, bíodh stadanna idirmheánacha ag gabháil léi nó ná bíodh, nó i gcás ina mbeidh sé beartaithe go n-oibreoidh gnóthas iarnróid aonair í, is é an príomhghnóthas iarnróid a bheidh sa ghnóthas sin.
4. Feidhmeoidh príomhghnóthas iarnróid atá freagrach as na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 mar phointe teagmhála aonair chun comhsheasmhacht agus comhtháthú na sonraí a chomhroinnfidh nó a chuirfidh na sealbhóirí sonraí ábhartha ar fáil de bhun an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 14
Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh comhroinnt sonraí
1. I gcás ina gcomhroinneann nó ina ndeonaíonn páirtí leasmhar teileamaitice rochtain ar shonraí de bhun an Rialacháin seo, úsáidfidh sé feidhmchlár teileamaitice. Beidh an feidhmchlár sin bunaithe ar chomhéadan feidhmchláir (‘API’) le haghaidh comhroinnt sonraí meaisín le meaisín nó comhéadan úsáideora gréasáin (‘CÚ gréasáin’) le haghaidh comhroinnt sonraí duine le meaisín a sholáthraíonn rochtain lena úsáid ag páirtí leasmhar teileamaitice eile mar mhalairt air sin.
2. Áiritheoidh gach páirtí leasmhar teileamaitice go gcomhlíonann na feidhmchláir theileamaitice a úsáideann sé nó a dtugann sé rochtain orthu lena n-úsáid na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 1.7 den Iarscríbhinn agus áiritheoidh sé comhroinnt neamh-idirdhealaitheach sonraí.
3. Féadfaidh beirt nó níos mó páirtithe leasmhara teileamaitice rochtain ar fheidhmchlár teileamaitice amháin a úsáid nó a sholáthar i gcomhpháirt le chéile.
4. I réimsí an bhainistithe toillte, an ullmhúcháin traenach agus an bhainistithe tráchta, úsáidfidh gach bainisteoir bonneagair API agus soláthróidh sé rochtain lena n-úsáid ar CÚnna gréasáin dá ghréasán mar chuid den phacáiste íosrochtana a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/34/AE.
I gcás ina bhfuil níos mó ná bainisteoir bonneagair amháin i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin a cheangal ar na bainisteoirí bonneagair sin API den sórt sin a úsáid go comhpháirteach agus rochtain a sholáthar go comhpháirteach lena húsáid ar CÚnna gréasáin dá ngréasáin. Sa chás sin, ceapfaidh an Ballstát lena mbaineann bainisteoir bonneagair amháin a bheidh freagrach as imscaradh comhpháirteach na bhfeidhmchlár teileamaitice sin.
D’fhéadfadh sé gurb iad na feidhmchláir API agus na CÚnna gréasáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo na feidhmchláir coiteanna de cuid an Aontais is gá le haghaidh próisis ilghréasáin de bhun mhír 5.
5. Le haghaidh próisis ilghréasáin i réimsí an bhainistithe toillte, an ullmhúcháin traenach agus an bhainistithe tráchta:
|
(a) |
bainfidh bainisteoirí bonneagair úsáid go comhpháirteach as API coiteann de chuid an Aontais agus soláthróidh siad rochtain go comhpháirteach lena n-úsáid ar CÚnna coiteanna gréasáin an Aontais; |
|
(b) |
féadfaidh oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid API coiteann de chuid an Aontais a úsáid go comhpháirteach agus rochtain ar CÚnna coiteanna gréasáin an Aontais a sholáthar go comhpháirteach lena n-úsáid. |
6. I réimse bhainistiú na vaigíní lastais agus a n-ualaigh, féadfaidh gnóthais iarnróid lastais API coiteann de chuid an Aontais a úsáid go comhpháirteach agus rochtain a sholáthar lena n-úsáid ar CÚnna coiteanna gréasáin an Aontais.
Airteagal 15
Nasc-am agus faisnéis faoi phaisinéirí i stáisiúin
1. Déanfaidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó eintiteas eile arna ainmniú ag ceann acu, nó ag an mBallstát, mar an sealbhóir sonraí, i gcás na stáisiún atá faoina fhreagracht, na nasc-amanna íosta seo a leanas a bhunú ar bhealach neodrach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 4.2.2.1 den Iarscríbhinn agus i gcás inarb ábhartha i gcomhar le bainisteoirí stáisiúin nó bainisteoirí bonneagair eile:
|
(a) |
an nasc-am íosta idir nóid rochtana na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
an nasc-am íosta dá dtagraítear i bpointe (a) arna n-oiriúnú don mhéid seo a leanas:
|
2. Saineoidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, i gcás na stáisiún atá faoina fhreagracht, na modhanna is infheidhme chun seirbhísí iompar a nascadh agus baileoidh sé faisnéis maidir leis an am breise a iarrfaidh gnóthas iarnróid nó údaráis phoiblí, mar chuid de na coinníollacha iompair, chun paisinéirí, rothair nó bagáiste a sheiceáil, agus áireoidh sé an fhaisnéis faoi sin sa nasc-am íosta.
3. Bunóidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, i gcás na stáisiún atá faoina fhreagracht, ar bhealach neodrach agus neamh-idirdhealaitheach, an córas faisnéise is iomchuí a bheidh le suiteáil sa stáisiún chun faisnéis faoi thrácht comhtháite iarnróid agus faoi chomhdhéanamh traenach faoi phaisinéirí a sholáthar i limistéar an stáisiúin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 4.7.1 den Iarscríbhinn.
4. Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, comhoibreoidh gnóthais iarnróid paisinéirí, eagraíochtaí paisinéirí, bainisteoirí stáisiúin, bainisteoirí bonneagair agus, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, nó i gcás inarb ábhartha leis an sealbhóir sonraí, le bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha le bainisteoir bonneagair nó leis an sealbhóir sonraí, arna iarraidh sin d’aon cheann de na trí cinn dheireanacha.
CAIBIDIL 3
CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 16
Spriocdhátaí cur chun feidhme
1. Áiritheoidh gach páirtí leasmhar teileamaitice maidir le haon fheidhmchlár teileamaitice nua a úsáidfidh sé tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go bhfuil an feidhmchlár sin ag comhlíonadh an Rialacháin seo.
2. Maidir lena fheidhmchláir teileamaitice atá ann cheana, leanfaidh gach páirtí leasmhar teileamaitice na garspriocanna a leagtar amach i bhFoscríbhinn G den Iarscríbhinn chun a áirithiú go gcomhlíonann na feidhmchláir agus na sonraí sin a chomhroinntear nó a chuirtear ar fáil tríothu an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus a dhéantar i ndáil leis na tráthchláir oibre le haghaidh 2030 a bhfuil feidhm acu ón 9 Nollaig 2029.
3. Chun críocha mhír 2, pointe (b), beidh feidhm ag idirthréimhse bhreise [12 mhí] maidir le hoibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid.
4. Féadfaidh oibreoirí saoráidí seirbhíse a liostaítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/34/AE nach dtagraítear dóibh i míreanna eile den Airteagal seo a roghnú an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach.
5. I gcás ina sroicheann pleanáil nó cur chun feidhme an fhochórais teileamaitice i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 nó Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 pointe ag a bhféadfadh comhlíonadh an Rialacháin seo inmharthanacht chur i seirbhís an fhochórais sin a chur i mbaol, féadfar síneadh [12 mhí] a chur leis na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3.
Airteagal 17
Faireachán ar an gcur chun feidhme
1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht feidhmchlár gréasáin ar fáil lena dtacófar le tuairisciú na bpáirtithe leasmhara teileamaitice. Leis an bhfeidhmchlár gréasáin sin, beifear in ann sonraí uathoibrithe a allmhairiú ó fheidhmchláir theileamaitice arna n-úsáid ag páirtithe leasmhara teileamaitice chun tacú lena dtuairisciú cur chun feidhme.
2. Go dtí go soláthrófar cruthúnas ar chomhlíonadh a bhfeidhmchlár teileamaitice de bhun Airteagal 18, tuairisceoidh páirtithe leasmhara teileamaitice don Ghníomhaireacht, trí úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár gréasáin uathoibríoch dá dtagraítear i mír 1, ina leagfar amach ar bhealach cruinn trédhearcach stádas a gcur chun feidhme agus a bpleananna cur chun feidhme chun na garspriocanna a leagtar amach i bhFoscríbhinn G den Iarscríbhinn a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tráth nach déanaí ná an 2 Meán Fómhair 2027, tuairisceoidh gach bainisteoir bonneagair sna réimsí seo a leanas:
|
|
(b) |
tráth nach déanaí ná an 2 Márta 2028:
|
3. Déanfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice a n-iarrachtaí a chomhordú maidir lena bpleananna cur chun feidhme a tharraingt suas. Tacóidh gach Ballstát leis an gcomhordú náisiúnta nó tarmligfidh sé an cúram chuig an bpointe teagmhála náisiúnta.
4. Foilseoidh an Ghníomhaireacht figiúirí comhiomlánaithe maidir le stádas an chuir chun feidhme agus na pleananna cur chun feidhme in aghaidh an Bhallstáit agus ar leibhéal an Aontais, a bhainfidh le méid an ghréasáin do bhainisteoirí bonneagair agus le sciar margaidh na ngnóthas iarnróid arna sloinneadh mar thonaí/km agus paisinéirí/km, faoi seach.
Airteagal 18
Measúnú comhlíontachta
1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht feidhmchlár gréasáin ar fáil lena gcuirfear ar chumas páirtithe leasmhara teileamaitice féinmheasúnú uathoibrithe a dhéanamh ar theachtaireachtaí aonair.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht lámhleabhar d’úsáideoirí ina mbeidh tuairisc ar fheidhmeanna éagsúla na bhfeidhmchlár gréasáin.
2. Ní dhéanfaidh gach páirtí leasmhar teileamaitice atá faoi réir oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 17 féinmheasúnú ar chomhlíonadh a bhfeidhmchlár teileamaitice ach amháin maidir leis na sonraí a chomhroinntear trí úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár gréasáin dá dtagraítear i mír 1 roimh na sprioc-amanna cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 16. Comhlíonfaidh teachtaireachtaí aonair atá féinmheasúnaithe an nós imeachta tástála a leagtar amach i bpointe 1.6 den Iarscríbhinn agus i bhFoscríbhinn D.1 a ghabhann léi.
3. I gcás ina mbeidh torthaí an fhéinmheasúnaithe dearfach, déanfaidh an feidhmchlár gréasáin dá dtagraítear i mír 1 na feidhmeanna seo a leanas go huathoibríoch:
|
(a) |
dearbhú fianaise-bhunaithe a eisiúint lena dtabharfar toimhde don pháirtí leasmhar teileamaitice féinmheasúnaithe agus don Ghníomhaireacht go bhfuil forálacha an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag na teachtaireachtaí féinmheasúnaithe arna dtíolacadh agus ag na feidhmchláir theileamaitice ghaolmhara; |
|
(b) |
an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an bhféinmheasúnú sin mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Fhoscríbhinn D.1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a thiomsú; |
|
(c) |
liosta d’fheidhmchláir theileamaitice a mheastar a bheith comhlíontach a ghiniúint agus a fhoilsiú. |
4. I gcás ina bhfuair feidhmchlár teileamaitice measúnú dearfach ar chomhlíonadh arna sheachadadh agus arna fhoilsiú ag an nGníomhaireacht roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh an measúnú sin de bheith bailí mura ndéanfar athruithe air.
5. Déanfar féinmheasúnú ar athruithe ar fheidhmchlár teileamaitice i gcás ina mbeidh tionchar ag na hathruithe sin ar aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
(a) |
na heilimintí sonraí, an struchtúr sonraí nó an seicheamh atá le comhroinnt de bhun Airteagal 7(3); |
|
(b) |
API nó comhéadan úsáideora gréasáin nua nó nuashonraithe a chur chun feidhme; |
|
(c) |
bearta cibearshlándála de bhun Airteagal 7(2). |
6. I gcás ina líomhnaítear neamhchomhlíonadh feidhmchláir teileamaitice a bhfuil údar maith leis arna úsáid ag páirtí leasmhar teileamaitice, nó i gcás ina bhfuil amhras a bhfuil údar maith leis, déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, do chomhlacht de chuid an Aontais, do chomhlacht earnála poiblí nó do pháirtí leasmhar teileamaitice, meastóireacht ar chruinneas an fhéinmheasúnaithe bunaithe ar fhaisnéis ábhartha arna tiomsú de bhun mír 3(b) agus i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a leagtar amach i bhFoscríbhinn D.2.
7. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-eintiteas iarrthach agus an páirtí leasmhar teileamaitice ar an eolas trí úsáid a bhaint as na feidhmchláir theileamaitice a ndearnadh meastóireacht orthu faoin toradh, faoina meastóireacht a fhéadfar a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí leantacha, lena n-áirítear forfheidhmiú ag údarás náisiúnta sábháilteachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), de Threoir (AE) 2016/798, nó ag údaráis náisiúnta eile atá freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme.
8. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht freisin ar chruinneas an fhéinmheasúnaithe ar bhonn na faisnéise arna tiomsú i gcomhréir le mír 3(b) le haghaidh tionscadail feidhmchlár teileamaitice i gcás inar tíolacadh iarratas ar thacaíocht airgeadais ón Aontas.
Arna iarraidh sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht den sórt sin a dhéanamh freisin ar thionscadail nach bhfuil faoi réir tacaíocht airgeadais ón Aontas mar sheirbhís de bhun Airteagal 64(2), pointe (d), agus Airteagal 80(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/796.
9. Maidir leis na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna chun meastóireacht a dhéanamh ar chruinneas an fhéinmheasúnaithe chun críocha mhír 6, 7 agus 8, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a leagadh amach, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm.
Airteagal 19
Réitigh nuálacha
1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag páirtí leasmhar teileamaitice réiteach nuálach a úsáid le haghaidh feidhmchlár teileamaitice nach bhfuil beartaithe leis an Rialachán seo, cuirfidh sé an comhad teicniúil a bhaineann leis an réiteach nuálach atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun anailís a dhéanamh air agus dearbhóidh sé conas is féidir inoibritheacht chomhéadain le páirtithe leasmhara teileamaitice comhlíontacha eile a áirithiú. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2016/796 maidir leis an réiteach nuálach atá beartaithe.
2. I gcás ina bhfuil tuairim dhiúltach ag an nGníomhaireacht, ní féidir an réiteach nuálach atá beartaithe a chur i bhfeidhm.
3. I gcás ina bhfuil tuairim dhearfach ag an nGníomhaireacht, forbrófar an tsonraíocht fheidhmiúil agus comhéadain iomchuí agus an nós imeachta tástála chun úsáid réitigh nuálaigh den sórt sin a cheadú agus féadfar iad a áireamh ina dhiaidh sin mar chuid den phróiseas athbhreithnithe a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797.
4. De bhreis ar mhír 3, féadfaidh an Ghníomhaireacht a mheas ina tuairim dhearfach gur modh inghlactha comhlíonta é an réiteach nuálach de bhun Airteagal 6(3) de Threoir (AE) 2016/797. Sa chás sin, féadfar an tuairim dhearfach sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an réitigh nuálaigh leis an Rialachán seo.
Airteagal 20
Pointe teagmhála náisiúnta
1. Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta, a bheidh neamhspleách ar ghnóthais iarnróid nó ar iarratasóirí eile, as measc ionadaithe ó chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó ó bhainisteoir bonneagair agus áiritheoidh siad acmhainní iomchuí.
2. I gcás ina gcinnfidh Ballstát gníomhaithe éagsúla a cheapadh i ndáil leis na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, áiritheoidh an pointe teagmhála náisiúnta ainmnithe comhordú na ngníomhaithe sin ar an leibhéal náisiúnta agus leanfaidh sé de bheith ina phointe teagmhála aonair don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus d’eagraíochtaí ábhartha eile.
3. Déanfaidh an pointe teagmhála náisiúnta na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
gníomhú mar ionadaí Ballstáit sa mheitheal dá dtagraítear in Airteagal 22, comhoibriú leis an nGníomhaireacht agus le pointí teagmhála náisiúnta eile, agus tuairimí oibríochtúla ábhartha agus saincheisteanna arna dtuairisciú ag páirtithe leasmhara teileamaitice a chomhroinnt leis an meitheal ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach; |
|
(b) |
sciartha ábhartha den mhargadh agus sonraí teagmhála na bpáirtithe leasmhara teileamaitice a chumhdaítear le hAirteagal 17 a bhailiú agus iad a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht; |
|
(c) |
teagmhálacha a éascú idir na Ballstáit, páirtithe leasmhara teileamaitice ar an leibhéal náisiúnta, an Ghníomhaireacht, an Coimisiún agus eagraíochtaí ábhartha eile; |
|
(d) |
tacú le cur chun feidhme comhordaithe fhorálacha an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a éascú:
|
4. Faoin 2 Nollaig 2026, cuirfidh gach Ballstát sonraí an pointe teagmhála náisiúnta ainmnithe in iúl don Ghníomhaireacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na mionsonraí sin.
Airteagal 21
Comhar agus comhordú
1. Comhoibreoidh bainisteoirí bonneagair laistigh de ghréasán Eorpach na mbainisteoirí bonneagair, dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE agus i gcomhairle le hoibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara teileamaitice eile chun an méid seo a leanas a chomhordú:
|
(a) |
sonraíochtaí coiteanna earnála a fhorbairt le haghaidh API coiteann de chuid an Aontais agus comhéadain choiteanna úsáideora gréasáin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14 (5), pointe (a), den Rialachán seo; |
|
(b) |
a bpleananna cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus an comhairliúchán le páirtithe leasmhara teileamaitice eile atá gníomhach ar an leibhéal náisiúnta le tacaíocht ó phointí teagmhála náisiúnta. |
2. Comhoibreoidh gnóthais iarnróid lastais chun sonraíocht earnála choiteann a fhorbairt le haghaidh API coiteann de chuid an Aontais agus comhéadain choiteanna úsáideora gréasáin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14(6).
3. Comhoibreoidh oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid maidir le sonraíocht earnála choiteann a fhorbairt le haghaidh API coiteann de chuid an Aontais agus comhéadain choiteanna úsáideora gréasáin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14(5), pointe (b).
4. Faoin 30 Meán Fómhair 2027, soláthróidh bainisteoirí bonneagair, gnóthais lastais iarnróid agus oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid laistigh den phróiseas arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797 a sonraíochtaí coiteanna earnála faoi seach a eascraíonn as a gcúraimí faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus obair an Chomhghnóthais um Chóras Eorpach Iarnróid a bhunaítear i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle á cur san áireamh (37).
Airteagal 22
Meitheal ERA maidir le Teileamaitic
Tabharfaidh an mheitheal nó na meithleacha arna mbunú nó arna mbunú ag an nGníomhaireacht de bhun Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2016/796 cúnamh don Ghníomhaireacht na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt tuilleadh, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas de chuid na Gníomhaireachta:
|
(a) |
comhordú agus comhar ábhartha na bpáirtithe leasmhara teileamaitice a áirithiú chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ráthú; |
|
(b) |
comhar a áirithiú idir pointí teagmhála náisiúnta ar leibhéal an Aontais agus cur chun feidhme comhchuibhithe agus comhordaithe a gcúraimí ar fud an Aontais; |
|
(c) |
faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí tagartha coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 9(3); |
|
(d) |
an lámhleabhar úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 9(1), an dara fomhír agus an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a fhorbairt agus a chothabháil chun iarrataí a chur isteach ar shannadh na gcód tagartha; |
|
(e) |
na ceanglais sonraí gréasán-shonracha dá dtagraítear i gcomhréir le hAirteagal 11(3) a chomhchuibhiú, i gcás inarb ábhartha; |
|
(f) |
an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a fhorbairt agus a chothabháil agus na sonraíochtaí comhchuibhithe arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 12 a chothabháil; |
|
(g) |
treoir a sholáthar maidir le forbairt sonraíochtaí earnála lena dtacaítear le nuashonrú na sonraíochtaí comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 21; |
|
(h) |
uathoibriú allmhairiú sonraí a thacaíonn leis na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 17 a dhearadh, a chur chun feidhme, a chothabháil agus a áirithiú; |
|
(i) |
na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear i bpointe 1.6 den Iarscríbhinn agus i bhFoscríbhinn D.1 a ghabhann léi a choinneáil ar bun; |
|
(j) |
forbairtí an Rialacháin seo amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur chun feidhme; |
|
(k) |
malartú idir páirtithe leasmhara teileamaitice ar leibhéal an Aontais a éascú agus dea-chleachtais a bhailiú uathu; |
|
(l) |
machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaíocht leantach ón nGníomhaireacht, ón gCoimisiún, nó ó na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha; |
|
(m) |
cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí leantacha ar an aiseolas arna sholáthar ag na meithleacha a mhúnlú agus rannchuidiú leis an gcur chun feidhme sin; |
|
(n) |
topaicí straitéiseacha a bhaineann le digitiú an chórais iarnróid a shainaithint agus a ullmhú a mbeidh tionchar acu ar fheidhmchláir theileamaitice an fhochórais lena bplé i gcomhthéacs beartais níos leithne; |
|
(o) |
tuarascáil a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 24. |
Airteagal 23
Forbairtí amach anseo
Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus obair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bunaíodh i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2085 agus na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 21(4) den Rialachán seo á gcur san áireamh, moladh don Choimisiún de bhun Airteagal 19(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/796 maidir leis na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla a leagtar síos sa Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta leis na cuspóirí seo a leanas agus déanfaidh sí measúnú tionchair ar an moladh sin de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/796:
|
(a) |
forbairtí rialála agus teicniúla a dhéanann difear don chóras iarnróid a léiriú; |
|
(b) |
liosta na gceanglas sonrach sonraí bunaithe ar rialacha náisiúnta a ndearnadh measúnú dearfach orthu dá dtagraítear in Airteagal 11 (5) den Rialachán seo a thiontú ina sonraíochtaí comhchuibhithe, ina gcásanna sonracha, nó ina bpointe oscailte de réir mar is iomchuí; |
|
(c) |
liosta na bpointí oscailte i bhFoscríbhinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a dhúnadh; |
|
(d) |
na tagairtí do na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta; |
|
(e) |
mar chuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C a ghabhann leis an Iarscríbhinn, lena n-áirithítear aistriú atá iomchuí agus comhoiriúnach go siarghabhálach ó dhoiciméid theicniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus ó shonraíochtaí eile atá comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na doiciméid sin chuig caighdeáin Eorpacha ábhartha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. |
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Tuarascáil
1. Áireofar sa tuarascáil a chuirfidh an Ghníomhaireacht isteach de bhun Airteagal 35(4) de Rialachán (AE) 2016/796 anailís ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo idir-inoibritheacht fhochóras iarnróid an Aontais a bhaint amach.
2. Beidh an tuairisciú ar chur chun feidhme bunaithe ar fhaisnéis arna bailiú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo.
3. Chun críocha Airteagal 40 (2) de Rialachán (AE) 2016/796, foilseoidh an Ghníomhaireacht forléargas ar thionscadail arna gcistiú ag an Aontas agus ar a hanailís ar aschuir nuálacha a bhaineann le forálacha an Rialacháin seo, chomh maith lena tograí le haghaidh gníomhaíocht leantach is gá chun forbairt chomhordaithe na bhfeidhmchlár comhfhreagrach san Aontas agus cur chun feidhme comhchuibhithe comhordaithe a áirithiú.
Airteagal 25
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus (AE) Uimh. 1305/2014.
2. Déanfar tagairtí do Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 26
Bearta idirthréimhseacha
Go dtí go soláthróidh an Ghníomhaireacht na feidhmchláir ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), sannfaidh sí cóid trí bhunachair sonraí atá ann cheana arna mbainistiú go comhpháirteach ag bainisteoirí bonneagair, nó ag oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid nó ag grúpa gnóthas iarnróid. Chun na críche sin, tabharfaidh na páirtithe leasmhara a bhainistíonn na bunachair sonraí sin rochtain don Ghníomhaireacht ar na bunachair sonraí sin lena n-úsáid.
Airteagal 27
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag na hAirteagail seo a leanas ón 2 Meán Fómhair 2026:
|
(a) |
Airteagal 8(1), pointí (a), (c) agus (d), agus Airteagal 8(2); |
|
(b) |
Airteagal 9(2); |
|
(c) |
Airteagal 11(1); |
|
(d) |
Airteagal 12(1). |
3. Beidh feidhm ag Airteagail 9(3) go (6) ón 15 Márta 2026.
4. Beidh feidhm ag na hAirteagail seo a leanas ón 2 Márta 2027:
|
(a) |
Airteagal 8(1)(b); |
|
(b) |
Airteagal 9(1); |
|
(c) |
Airteagal 17(1); |
|
(d) |
Airteagal 18. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir le sonraíochtaí teicniúla d’idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice i gcomhair seirbhísí paisinéirí’ den chóras tras-Eorpach iompair (IO L 123, 12.5.2011, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/454/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 438, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1305/oj).
(4) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2017/1474/oj).
(5) Moladh ón nGníomhaireacht an 25 Eanáir 2022 maidir le STI TAP, agus an moladh ón nGníomhaireacht an 27 Eanáir 2022 maidir le STI TAF.
(6) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/34/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO L 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj).
(8) Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/798/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2177/oj).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1926/oj).
(11) Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1056/oj).
(12) Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/782/oj).
(13) Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).
(14) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le Rialachas Sonraí na hEorpa (an Gníomh Eorpach um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/868/oj).
(15) Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/782/oj).
(16) Réitigh a shonraítear i ndoiciméad teicniúil ERA B.5:
- A1: API bunaithe ar theachtaireachtaí dénártha leagáide STI FTP;
- A2: API bunaithe ar XML/SOAP leagáide STI FTP;
- B1: API maidir leis an tSamhail Oscailte Díolacháin agus Dáileacháin (OSDM) bunaithe ar JSON/REST;
- B2: API maidir le Díolacháin Soghluaisteachta Oscailte (OMSA) bunaithe ar an Trasmhúnla (EN12896) agus JSON/REST.
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).
(18) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10306-2016-INIT/en/pdf.
(19) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj).
(20) IO C 240, 24.7.2014, lch. 1.
(21) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/863 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2017 lena nuashonraítear an ceadúnas bogearraí foinse oscailte EUPL chun comhroinnt agus athúsáid bogearraí arna bhforbairt ag riaracháin phoiblí a éascú tuilleadh (IO L 128, 19.5.2017, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/863/oj).
(22) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/796/oj).
(23) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(24) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(25) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/34/oj).
(26) Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/798/oj).
(27) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj).
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/919 (IO L 222, 8.9.2023, lch. 380, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1695/oj).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1300/oj).
(30) Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras ‘rothstoc – torann’ lena leasaítear Cinneadh 2008/232/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/229/AE (IO L 356, 12.12.2014, lch. 421, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1304/oj).
(31) Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras fuinnimh den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 179, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1301/oj).
(32) Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1302/oj).
(33) Tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí C2025-0228.
(34) Rialachán Uimh. 11 ón gComhairle maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 52, 16.8.1960, lch. 1121, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1960/11/oj).
(35) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/68/oj).
(36) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1191/69 agus (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1370/oj).
(37) Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2085/oj).
IARSCRÍBHINN
CLÁR
|
1. |
Ceanglais choiteanna | 33 |
|
1.1. |
Ceanglais fhíor-riachtanacha | 33 |
|
1.2. |
Sonraí tagartha coiteanna | 33 |
|
1.2.1. |
Sonraí tagartha na heagraíochta | 33 |
|
1.2.2. |
Sonraí tagartha suímh | 33 |
|
1.3. |
Cibearshlándáil | 34 |
|
1.4. |
Léiriú sonraí | 34 |
|
1.5. |
Critéir cháilíochta sonraí | 34 |
|
1.5.1. |
Cruinneas | 34 |
|
1.5.2. |
Iomláine | 35 |
|
1.5.3. |
Comhsheasmhacht | 35 |
|
1.5.4. |
Tráthúlacht | 35 |
|
1.5.5. |
Uathúlacht | 35 |
|
1.6. |
Measúnú comhlíontachta | 35 |
|
1.7. |
Feidhmchláir theileamaitice | 36 |
|
1.7.1. |
Comhéadain úsáideora gréasáin le haghaidh bainistiú toillte, ullmhú traenacha agus bainistiú tráchta | 36 |
|
1.7.2. |
Comhéadain úsáideora gréasáin chun vaigíní lastais agus a n-ualach a bhainistiú | 36 |
|
2. |
Bainistiú toillte, ullmhú traenacha, agus bainistiú tráchta | 36 |
|
2.1. |
Aitheantóirí oibiachta | 36 |
|
2.1.1. |
Ginearálta | 36 |
|
2.1.2. |
Aitheantóir traenach tagartha | 36 |
|
2.1.3. |
Oibiacht traenach | 37 |
|
2.1.4. |
Oibiacht na hiarrata bealaigh | 37 |
|
2.1.5. |
Oibiacht bealaigh | 37 |
|
2.1.6. |
Oibiacht chonaire | 37 |
|
2.1.7. |
Oibiacht tagartha cáis | 38 |
|
2.2. |
Toilleadh bonneagair a bhainistiú go straitéiseach | 38 |
|
2.3. |
Leithdháileadh toillte | 38 |
|
2.3.1. |
Ginearálta | 38 |
|
2.3.2. |
Iarraidh bhealaigh | 39 |
|
2.3.3. |
Sonraí bealaí | 39 |
|
2.3.4. |
Bealach deimhnithe | 40 |
|
2.3.5. |
Sonraí bealaigh diúltaithe | 40 |
|
2.3.6. |
Conair curtha ar ceal | 40 |
|
2.3.7. |
Níl bealach ar fáil | 40 |
|
2.3.8. |
Deimhniú fála | 40 |
|
2.3.9. |
An próiseas comhordaithe maidir le leithdháileadh toillte | 41 |
|
2.3.10. |
Amchlár oibre | 41 |
|
2.4. |
Srianta beartaithe ar an toilleadh | 41 |
|
2.4.1. |
Comhordú na srianta beartaithe ar an toilleadh | 41 |
|
2.4.2. |
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara a ndéanann srianta beartaithe ar an toilleadh difear dóibh | 41 |
|
2.4.3. |
Srianta beartaithe ar an toilleadh a fhoilsiú | 41 |
|
2.4.4. |
Athruithe sealadacha ar shaintréithe an bhonneagair ainmniúil mar thoradh ar shrian beartaithe ar an toilleadh | 41 |
|
2.5. |
Ullmhú traenach | 41 |
|
2.5.1. |
Comhdhéanamh traenach | 41 |
|
2.5.2. |
Traein réidh | 43 |
|
2.5.3. |
Réamhaisnéis ullmhachta traenach | 44 |
|
2.6. |
Sonraí tráchta traenach a thuairisciú | 44 |
|
2.6.1. |
Ginearálta | 44 |
|
2.6.2. |
Pointí tuairiscithe | 45 |
|
2.6.3. |
Faisnéis faoi ghluaiseacht traenach | 45 |
|
2.6.4. |
Faisnéis maidir le réamhaisnéis traenach | 45 |
|
2.6.5. |
An chúis leis an moill ar an traein | 46 |
|
2.6.6. |
Faisnéis faoi shuaitheadh seirbhíse | 46 |
|
2.6.7. |
Modhnú bealaigh i bhfeidhm | 46 |
|
2.7. |
Taifead stairiúil ar shonraí a bhaineann leis an traein | 47 |
|
2.8. |
Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile | 47 |
|
3. |
Bainistíocht a dhéanamh ar vaigíní lastais agus a n-ualach | 47 |
|
3.1. |
Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ar iarnród | 47 |
|
3.1.1. |
Nóta coinsíneachta leictreonach | 47 |
|
3.1.2. |
Córais áirithinte, íocaíochta agus sonrasctha do sheirbhísí iompair lastais ar iarnród | 48 |
|
3.2. |
Gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualaí | 48 |
|
3.2.1. |
Faisnéis maidir le gluaiseacht vaigíní | 49 |
|
3.2.1.1. |
Geoshuíomh vaigíní lastais | 49 |
|
3.2.1.2. |
Stádas vaigín | 49 |
|
3.2.1.3. |
Vaigín réidh le gluaiseacht | 49 |
|
3.2.1.4. |
Wagon pulled | 50 |
|
3.2.1.5. |
Imeacht vaigín ón túsphointe | 50 |
|
3.2.1.6. |
Teacht vaigín go suíomh idirmheánach | 50 |
|
3.2.1.7. |
Imeacht vaigín ó shuíomh idirmheánach | 50 |
|
3.2.1.8. |
Vaigín tugtha ar láimh | 50 |
|
3.2.1.9. |
Vaigín glactha ar láimh | 51 |
|
3.2.1.10. |
Wagon irregularity [Neamhrialtacht vaigín] | 51 |
|
3.2.1.11. |
Neamhrialtacht vaigín ceartaithe | 51 |
|
3.2.1.12. |
Teacht an vaigín go dtí an ceann scríbe | 51 |
|
3.2.1.13. |
Vaigín seachadta | 51 |
|
3.2.2. |
Gluaiseacht aonaid luchtaithe idirmhódúil | 51 |
|
3.2.3. |
Faisnéis réamhaisnéise vaigín | 51 |
|
3.3. |
Sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lastas | 52 |
|
3.3.1. |
Ginearálta | 52 |
|
3.3.2. |
Bunachair sonraí tagartha rothstoic | 53 |
|
3.3.3. |
Bunachair sonraí tagartha an aonaid luchtaithe idirmhódúil | 53 |
|
3.3.4. |
Bunachair sonraí oibríochtúla maidir le vaigíní agus aonaid luchtaithe idirmhódúla | 54 |
|
3.3.4.1. |
Ginearálta | 54 |
|
3.3.4.2. |
Vaigín lastais a luchtú | 55 |
|
3.3.4.3. |
Vaigín lastais luchtaithe ar thuras | 55 |
|
3.3.4.4. |
Vaigín lastais folamh ar thuras | 55 |
|
3.3.4.5. |
Vaigín lastais a dhíluchtú | 55 |
|
3.3.4.6. |
Vaigín lastais folamh faoi rialú bainistíochta flít | 55 |
|
3.4. |
Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile | 55 |
|
4. |
Ticéadú iarnróid i ndáil le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus faisnéis taistil do phaisinéirí ar iarnród | 56 |
|
4.1. |
Ginearálta | 56 |
|
4.2. |
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí | 56 |
|
4.2.1. |
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí | 56 |
|
4.2.2. |
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna | 57 |
|
4.2.2.1. |
Nasc-amanna íosta | 58 |
|
4.2.2.2. |
Nasc-amanna laistigh de stáisiún amháin | 59 |
|
4.2.2.3. |
Nasc-amanna idir dhá stáisiún | 60 |
|
4.2.2.4. |
Nasc-am a ríomh | 60 |
|
4.3. |
Sonraí taraife | 60 |
|
4.3.1. |
Sonraí taraife le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí | 60 |
|
4.3.2. |
Rialacha maidir le heisiúint ticéad agus cigireachtaí ticéad a bhainistiú | 62 |
|
4.3.3. |
Faisnéis faoi bhealaí díolacháin ar líne na ngnóthas iarnróid | 62 |
|
4.4. |
Coinníollacha iompair | 62 |
|
4.4.1. |
Ginearálta | 62 |
|
4.4.2. |
Coinníollacha maidir le hiompar paisinéirí | 63 |
|
4.4.3. |
Coinníollacha iompair agus cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (‘PRM’) | 63 |
|
4.4.3.1. |
Inrochtaineacht rothstoic | 63 |
|
4.4.3.2. |
Inrochtaineacht stáisiún | 64 |
|
4.4.4. |
Coinníoll maidir le bagáiste a iompar | 64 |
|
4.4.5. |
Coinníollacha maidir le rothair a iompar | 64 |
|
4.4.6. |
Coinníollacha maidir le hiompar gluaisteán, gluaisrothar agus bád (‘gluaisteáin’) | 64 |
|
4.5. |
Infhaighteacht agus áirithintí | 65 |
|
4.5.1. |
Ginearálta | 65 |
|
4.5.2. |
Iarraidh maidir le hinfhaighteacht agus áirithint | 66 |
|
4.5.3. |
Freagairt maidir le hinfhaighteacht agus áirithint | 66 |
|
4.5.4. |
Infhaighteacht agus áirithintí maidir le cúnamh PRM | 66 |
|
4.5.5. |
Infhaighteacht agus áirithintí maidir le háiteanna rothair | 66 |
|
4.5.6. |
Infhaighteachta agus ar áirithintí maidir le gluaisteáin a iompar | 67 |
|
4.6. |
Ticéid a eisiúint chun táirge a dháileadh | 67 |
|
4.6.1. |
Gnéithe slándála le haghaidh seachadadh leictreonach | 67 |
|
4.6.2. |
Tagairt an tsainchomhaid | 67 |
|
4.6.3. |
Cineálacha agus formáidí na dticéad | 67 |
|
4.6.4. |
Rialú ticéad agus modhnú ar staid an ticéid | 67 |
|
4.6.4.1. |
Anótáil ticéid | 68 |
|
4.6.4.2. |
Iarraidh ar aisíocaíocht nó ar chúiteamh | 68 |
|
4.7. |
Faisnéis taistil do phaisinéirí ar iarnród le linn an turais | 68 |
|
4.7.1. |
Faisnéis sa stáisiún | 68 |
|
4.7.1.1. |
Ginearálta | 68 |
|
4.7.1.2. |
Imeachtaí traenacha | 69 |
|
4.7.1.3. |
Traenacha ag teacht | 69 |
|
4.7.1.4. |
Dialltaí ó fhaisnéis sceidealaithe | 69 |
|
4.7.2. |
Faisnéis san fheithicil | 70 |
|
4.8. |
Sonraí tagartha coiteanna maidir le ticéadú iarnróid | 70 |
|
4.9. |
Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile | 71 |
|
5. |
Liosta na gcásanna sonracha | 71 |
|
5.1. |
Ginearálta | 71 |
|
5.2. |
Liosta na gcásanna sonracha | 71 |
|
FOSCRÍBHINN A |
COMHÉADAIN MAIDIR LE FOCHÓRAIS EILE | 72 |
|
A.1 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht | 72 |
|
A.2 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le bainistiú toillte, ullmhú traenacha agus bainistiú tráchta | 72 |
|
A.3 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le torann | 73 |
|
A.4 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le rialú agus ceannas agus comharthaíocht | 74 |
|
A.5 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le fuinneamh | 74 |
|
A.6 |
Ceanglais idir-inoibritheachta a bhaineann le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí | 74 |
|
FOSCRÍBHINN B |
LIOSTA NA bPOINTÍ OSCAILTE | 75 |
|
FOSCRÍBHINN C |
LIOSTA NA GCAIGHDEÁN AGUS NA NDOICIMÉAD TEICNIÚIL DÁ DTAGRAÍTEAR | 76 |
|
C.0 |
Próiseas Déanta Leaganacha séimeantacha de dhoiciméid theicniúla | 76 |
|
C.1 |
Liosta na ndoiciméad teicniúil coiteann dá dtagraítear | 76 |
|
C.2 |
Liosta na ndoiciméad teicniúil dá dtagraítear a bhaineann go sonrach le comhroinnt sonraí i ndáil le bainistiú toillte, bainistiú tráchta, agus ullmhú traenacha | 77 |
|
C.3 |
Liosta na ndoiciméad teicniúil dá dtagraítear maidir le comhroinnt sonraí a bhaineann go sonrach le bainistiú vaigíní lastais agus a n-ualach | 77 |
|
C.4 |
Liosta de na sonraíochtaí dá dtagraítear a bhaineann go sonrach le ticéadú iarnróid i ndáil le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus faisnéis taistil do phaisinéirí ar iarnród | 77 |
|
C.4.A |
Liosta caighdeán tagartha | 77 |
|
C.4.B |
Liosta na ndoiciméad teicniúil dá dtagraítear | 79 |
|
FOSCRÍBHINN D |
NÓSANNA IMEACHTA TÁSTÁLA LE hAGHAIDH MEASÚNÚ COMHLÍONTACHTA | 80 |
|
D.1 |
Féinmheasúnú agus dearbhú fianaisebhunaithe le haghaidh teachtaireachtaí TF aonair | 80 |
|
D.2 |
Meastóireacht ar chruinneas an fhéinmheasúnaithe | 80 |
|
D.3 |
Nósanna imeachta sonracha tástála maidir le ticéadú iarnróid | 81 |
|
D.3.A |
Tráthchlár paisinéirí | 81 |
|
D.3.B |
Taraifí | 81 |
|
D.3.C |
Seiceáil infhaighteachta agus áirithintí | 81 |
|
FOSCRÍBHINN E |
CRUINNEAS NA FAISNÉISE RÉAMHAISNÉISE LE HAGHAIDH GLUAISEACHTAÍ TRAENACH AGUS VAIGÍN LASTAIS | 82 |
|
FOSCRÍBHINN F |
CEANGLAIS RIACHTANACHA | 83 |
|
FOSCRÍBHINN G |
CLOCHANNA MÍLE CUR CHUN FEIDHME | 85 |
1. CEANGLAIS CHOITEANNA
1.1. Ceanglais fhíor-riachtanacha
|
(1) |
Leagtar síos i bhFoscríbhinn F a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo ceanglais fhíor-riachtanacha an fhochórais ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lastais’ dá dtagraítear i bpointe 1(b), an tríú fleasc, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 agus a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.6 d’Fhoscríbhinn F den Iarscríbhinn seo i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn III den Treoir sin. |
|
(2) |
De bhreis ar na leibhéil sláine agus iontaofachta a leagtar amach sna sonraíocha da dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [104], [1] agus [106], le haghaidh stóráil nó comhroinnt sonraí de bhun an Rialacháin seo dá dtagraítear sa cholún ‘sábháilteacht’ i bhFoscríbhinn F, féadfaidh sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí leibhéil bhreise a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeartaítear go n-úsáidfear sonraí den sórt sin le haghaidh sábháilteacht oibríochtaí nach gcumhdaítear leis na fochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht. |
|
(3) |
Sainaithnítear leibhéil bhreise sláine agus iontaofachta maidir le sonraí a stóráiltear nó a chomhroinntear de bhun an Rialacháin seo atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. I gcás ina n-úsáideann páirtithe leasmhara teileamaitice sonraí arna stóráil nó arna gcomhroinnt de bhun an Rialacháin seo atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí, leagfar amach leibhéil oiriúnacha bhreise sláine agus iontaofachta ina gcóras bainistíochta sábháilteachta bunaithe ar mhodhanna comhchoiteanna sábháilteachta le haghaidh meastóireacht agus measúnú riosca agus sonrófar iad trí chomhaontú. Ní bheidh comhaontú den sórt sin ina bac ar rochtain ar an ngréasán. |
|
(4) |
Déanfar leibhéil bhreise arna gcomhaontú ag páirtithe leasmhara teileamaitice a sholáthar laistigh den phróiseas arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797. |
1.2. Sonraí tagartha coiteanna (1)
|
(1) |
Leagtar amach an nós imeachta maidir le sannadh na gcód dá dtagraítear in Airteagal 9 sna sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [103]. |
|
(2) |
Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí tagartha coiteanna a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 agus leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [103] agus tabharfaidh sí rochtain ar na sonraí sin lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas EUPL 1.2. |
1.2.1. Sonraí tagartha na heagraíochta
|
(1) |
Comhlíonfaidh cur i láthair sonraí cóid eagraíochta na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Go dtí an 31 Nollaig 2025, forchoimeádfar raon sonrach cód eagraíochta d’eagraíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
1.2.2. Sonraí tagartha suímh
|
(1) |
Déanfar aon tagairt do phointe geografach is gá le haghaidh comhroinnt sonraí de bhun an Rialacháin seo a shainaithint le cód suímh aonair. |
|
(2) |
Comhlíonfaidh cur i láthair sonraí cóid suímh na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
1.3. Cibearshlándáil
Chun críocha Airteagal 7(2), déanfaidh gach páirtí leasmhar teileamaitice an méid seo a leanas:
|
(a) |
bearta bainistíochta riosca cibearshlándála a chur chun feidhme i gcomhréir le Treoracha (AE) 2022/2555 (2) agus (AE) 2022/2557 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
(b) |
bonneagar eochrach poiblí (‘PKI’) a úsáid i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [106]; |
|
(c) |
prótacail chumarsáide a úsáid a bhaineann leis an bhfoireann Prótacail um Rialú Tarchurtha/Phrótacail Idirlín (TCP/IP). |
1.4. Léiriú sonraí
|
(1) |
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar leagan séimeantach d’Oineolaíocht ERA dá dtagraítear in Airteagal 7, agus a ndéantar tagairt dá sonraíochtaí i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht rochtain ar gach leagan is infheidhme lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas EUPL 1.2. |
|
(2) |
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht tríd an nós imeachta um bainistíocht rialaithe athruithe dá dtagraítear in Airteagal 12 go bhfuil Ointeolaíocht ERA comhoiriúnach leis na heilimintí catalóige sonraí seo a leanas agus go n-áirítear iad mar fhothacair:
|
|
(3) |
Déanfar sonraí, oibiachtaí agus teachtaireachtaí arna gcomhroinnt de bhun an Rialacháin seo a shrathú i bhformáid arna comhaontú go frithpháirteach idir na páirtithe leasmhara lena mbaineann a chomhlíonann na fothacair a liostaítear i bpointe 1.4(2), mar a áirítear le hointeolaíocht ERA. |
|
(4) |
Comhlíonfaidh seicheamh na dteachtaireachtaí atá le malartú de bhun an Rialacháin seo na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [100]. |
1.5. Critéir cháilíochta sonraí
Chun críocha easnamh i gcáilíocht na sonraí a shainaithint mar chuid den tseiceáil dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 10, míreanna (4) agus (5), tomhaisfidh páirtí leasmhar teileamaitice diall na cáilíochta ón luach ainmniúil (%) a leagtar amach le haghaidh gach critéar, agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh sé gníomhaíocht cheartaitheach arb é is aidhm di an luach sin a chomhlíonadh.
1.5.1. Cruinneas
|
(1) |
Déanfar sonraí a chomhroinntear de bhun an Rialacháin seo a thaifeadadh uair amháin mar shonraí príomhúla gan aon phróiseáil idirmheánach, claochlú ná comhiomlánú ag an sealbhóir sonraí, is é sin le rá an páirtí leasmhar teileamaitice a ghin na sonraí. Tabharfar rochtain do pháirtithe leasmhara teileamaitice ar shonraí príomhúla i gcomhréir le hAirteagal 4. |
|
(2) |
Déanfar cruinneas na sonraí a thomhas mar chéatadán de na luachanna arna stóráil mar chuid de na sonraí tagartha dá dtagraítear i bpointí 1.2, 3.3 agus 4.8 atá ceart i gcomparáid leis an luach iarbhír. |
|
(3) |
Is é 100 % an cruinneas ainmniúil. |
1.5.2. Iomláine
|
(1) |
Sula gcomhroinnfidh sé sonraí, áiritheoidh an sealbhóir sonraí go seiceálfaidh a fheidhmchláir theileamaitice iomláine agus comhlíonadh na sonraí a chomhroinntear i gcomparáid leis na meiteashonraí dá dtagraítear in Airteagal 8. |
|
(2) |
Áiritheoidh an faighteoir sonraí, is é sin le rá an páirtí leasmhar teileamaitice a úsáideann na sonraí, go ndéanfaidh a fheidhmchláir theileamaitice iomláine agus comhlíontacht na sonraí arna dtomhailt in aghaidh na meiteashonraí a sheiceáil. |
|
(3) |
Déanfar iomláine na sonraí a thomhas mar chéatadán de na réimsí sonraí éigeantacha ina bhfuil luachanna. |
|
(4) |
Is é 100 % an iomláine ainmniúil. |
1.5.3. Comhsheasmhacht
|
(1) |
Áiritheoidh an sealbhóir sonraí go n-oibreoidh a fheidhmchláir theileamaitice i gcomhréir leis na rialacha gnó arna sainiú ag an sealbhóir sonraí chun comhsheasmhacht sonraí a ráthú. |
|
(2) |
I gcás inar gá comhsheasmhacht sonraí a sheiceáil in aghaidh foinsí éagsúla agus leaganacha de na sonraí tagartha dá dtagraítear i bpointí 1.2, 3.3 agus 4.8, cuirfidh an sealbhóir sonraí nósanna imeachta bailíochtaithe chun feidhme sula nginfear sonraí comhéadain nó sula gcuirfear leagan nua sonraí i bhfeidhm. Déanfar na sonraí a dhúblálfar ó na sonraí tagartha a bhailíochtú de réir na rialacha gnó. |
|
(3) |
Sainaithneofar an sealbhóir sonraí trína chód eagraíochta mar chuid de na sonraí a chomhroinneann sé. |
|
(4) |
Déanfar comhsheasmhacht na sonraí a thomhas mar chéatadán na luachanna meaitseála ar fud táblaí, agus taifead, agus thar phróisis. |
|
(5) |
Is é 100 % an chomhsheasmhacht ainmniúil. |
1.5.4. Tráthúlacht
|
(1) |
Comhroinnfidh páirtithe leasmhara teileamaitice sonraí atá cothrom le dáta. |
|
(2) |
Áiritheoidh an sealbhóir sonraí go gcumasóidh a fheidhmchláir theileamaitice nuashonruithe sonraí a luaithe a bheidh siad ar fáil. Leagfaidh an sealbhóir sonraí amach agaí freagartha le haghaidh fiosrúchán agus cineálacha úsáideoirí i sonraíochtaí mionsonraithe a fheidhmchláir theileamaitice. |
|
(3) |
Déanfar tráthúlacht na sonraí a thomhas mar chéatadán de na sonraí a chomhroinntear laistigh de thréimhse ama tairsí sonraithe. |
|
(4) |
Comhlíonfaidh tráthúlacht sonraí na ceanglais tairsí a leagann an sealbhóir sonraí síos le haghaidh gach feidhme gan dochar do na rialacha is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha. |
1.5.5. Uathúlacht
|
(1) |
Áiritheoidh an sealbhóir sonraí nach mbeidh aon taifid dhúblacha sna sonraí a chomhroinntear. Déanfaidh sé aon taifid iomarcacha sna sonraí a chomhroinntear a shainaithint agus a dhíothú trí úsáid a bhaint as uirlisí dídhúblála, uathoibrithe i gcás inar féidir. |
|
(2) |
Déanfar uathúlacht na sonraí a thomhas mar chomhlánú ar chéatadán na ndúblach ar fud na dtáblaí agus na dtaifead go dtí 100 %. |
|
(3) |
Is é 100 % an uathúlacht ainmniúil. |
1.6. Measúnú comhlíontachta
De bhun Airteagal 18, déanfaidh na páirtithe leasmhara teileamaitice féinmheasúnú i ndáil leis na sonraí a chomhroinntear ar chomhlíontacht na bhfeidhmchlár teileamaitice a úsáideann siad chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomparáid leis na nósanna imeachta tástála agus leis an dearbhú fianaise-bhunaithe a shainítear i bhFoscríbhinn D.
1.7. Feidhmchláir theileamaitice
|
(1) |
Cé is moite de na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), a bhfuil feidhm ag na sonraíochtaí a leagtar amach i Roinn 4 maidir leo, comhlíonfaidh na comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár (‘API’) agus na comhéadain úsáideora gréasáin (‘CÚnna’) dá dtagraítear in Airteagal 14 a úsáideann páirtithe leasmhara teileamaitice na sonraíochtaí maidir leis an gcomhéadan coiteann dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [104]. |
|
(2) |
Úsáidfear na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1], chun bailíocht, barántúlacht agus sláine formáide na sonraí a fhaightear nó a tharchuirtear a áirithiú i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil sa lárstóras coiteann dá dtagraítear in Airteagal 8. Chuige sin, beidh na heilimintí catalóige sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus a leagtar amach i bpointe 1.4 (2) den Iarscríbhinn seo nasctha leis na APInna agus na CÚnna gréasáin dá dtagraítear i bpointe (1). |
1.7.1. Comhéadain úsáideora gréasáin le haghaidh bainistiú toillte, ullmhú traenacha agus bainistiú tráchta
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht CÚnna gréasáin i réimsí an bhainistithe toillte, an ullmhaithe traenacha agus an bhainistithe tráchta, de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
1.7.2. Comhéadain úsáideora gréasáin chun vaigíní lastais agus a n-ualach a bhainistiú
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht CÚnna gréasáin i réimse bhainistiú na vaigíní lastais agus a n-ualaigh, de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2. BAINISTIÚ TOILLTE, ULLMHÚ TRAENACHA, AGUS BAINISTIÚ TRÁCHTA
|
(1) |
Leagtar síos i Roinn 2 na ceanglais maidir le comhroinnt idir-inoibritheach sonraí is gá chun na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), a chur i gcrích. |
|
(2) |
Déanfar sonraí i réimsí an bhainistithe toillte, an ullmhaithe traenach, agus an bhainistithe tráchta a chomhroinnt trí bhíthin API nó comhéadan úsáideora gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 14 agus pointe 1.7. |
|
(3) |
I réimsí an bhainistithe toillte, an ullmhúcháin traenach, agus an bhainistithe tráchta ar sheirbhís iompair iarnróid, déanfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice faoi réir Airteagal 4 sonraí a bhaineann le cuid na dtraenacha den tseirbhís iompair iarnróid sin a chomhroinnt, a rochtain agus a úsáid go frithpháirteach chun críoch oibríochtúil agus neamhthráchtála, saor in aisce araon. |
2.1. Aitheantóirí oibiachta
2.1.1. Ginearálta
|
(1) |
Comhroinnfear na príomh-aitheantóirí oibiachta a leagtar amach i bpointí 2.1.2 go 2.1.7 idir na páirtithe leasmhara teileamaitice éagsúla a bhfuil baint acu le seirbhís iompair iarnróid, agus úsáidfidh siad iad go comhsheasmhach. Marcálfar na hoibiachtaí sin le haitheantóirí uathúla i gcéim phleanála na seirbhíse iompair d’iarnród sin agus úsáidfear iad go comhsheasmhach i réimsí an ullmhúcháin traenach agus an bhainistithe tráchta le haghaidh na seirbhíse iompair iarnróid sin. |
|
(2) |
Beidh aitheantóirí oibiachta i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
2.1.2. Aitheantóir traenach tagartha
|
(1) |
Beidh na hoibiachtaí dá dtagraítear i bpointí 2.1.3 go 2.1.7 leabaithe i dteachtaireachtaí a mhalartaítear de bhun phointí 2.2 go 2.8, agus úsáid á baint as aitheantóir uathúil cobhsaí na traenach, ar a dtugtar an chuid aitheantóra traenach tagartha (cineál oibiachta ‘TR’ mar chuid den ‘PlannedTransportIdentifier’ [Aitheantóir iompair beartaithe]) ar feadh shaolré iomlán na traenach agus oibiachtaí gaolmhara thar ghréasáin. |
|
(2) |
Sonróidh an príomhghnóthas iarnróid an ‘aitheantas traenach tagartha’. |
|
(3) |
Beidh ‘aitheantas na traenach tagartha’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(4) |
I gcás ina mbeidh seirbhís iompair ar iarnród á hoibriú nó á beartú ag roinnt gnóthas iarnróid feadh na seirbhíse sin, comhordóidh an príomhghnóthas iarnróid na gnóthais iarnróid a oibríonn an tseirbhís sin trí na hoibiachtaí dá dtagraítear i bpointí 2.1.3 go 2.1.7 a chomhtháthú go comhsheasmhach. |
2.1.3. Oibiacht traenach
|
(1) |
Sonróidh an gnóthas iarnróid tosaigh an oibiacht traenach (‘TrainID’ [Aitheantas Traenach]), atá nasctha leis an aitheantóir traenach tagartha dá dtagraítear i bpointe 2.1.2. |
|
(2) |
A luaithe a chomhtháthóidh an príomhghnóthas iarnróid atá freagrach as comhordú na n-iarratasóirí ar an tseirbhís iompair iarnróid chéanna go comhsheasmhach é, seolfaidh gach iarratasóir an ‘TrainID’ comhfhreagrach chuig na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann feadh chonair na seirbhíse sin ar an gcaoi seo a leanas:
|
|
(3) |
Tugtar tuairisc san ‘TrainID’ ar an traein atá beartaithe le haghaidh seirbhís iompair iarnróid agus ar a bhealach iomlán. |
2.1.4. Oibiacht na hiarrata bealaigh
|
(1) |
Sonróidh an gnóthas iarnróid tosaigh oibiacht na hiarrata bealaigh (‘PathRequestID’), atá nasctha leis an aitheantóir traenach tagartha dá dtagraítear i bpointe 2.1.2. |
|
(2) |
A luaithe a chomhtháthóidh an príomhghnóthas iarnróid atá freagrach as comhordú na n-iarratasóirí ar an tseirbhís iompair iarnróid chéanna go comhsheasmhach í, seolfaidh gach iarratasóir oibiacht iarrata bealaigh chomhfhreagrach chuig na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann feadh chonair na seirbhíse sin. |
|
(3) |
Le hoibiacht na hiarrata bealaigh, tugtar tuairisc ar mhionsonraí an bhealaigh a iarradh don traein atá beartaithe ar an ngréasán. Beidh ann sainaithint an phríomhghnóthais iarnróid, mar aitreabúid. D’fhéadfadh uimhir na traenach oibríochtúla a bhfuil coinne léi (‘OperationalTrainNumberIdentifier’) a bheith san áireamh ann, mar aitreabúid. D’fhéadfadh uimhir na traenach tráchtála (‘RetailServiceId’) a bheith san áireamh ann freisin, mar aitreabúid |
2.1.5. Oibiacht bealaigh
|
(1) |
Sonróidh an bainisteoir bonneagair, atá freagrach as an mbealach comhfhreagrach ar a ghréasán a shonrú, an oibiacht bealaigh (cineál oibiachta ‘PA’‘mar chuid den ‘PlannedTransportIdentifier’). |
|
(2) |
Seolfaidh an bainisteoir bonneagair an oibiacht bealaigh chuig an iarratasóir. |
|
(3) |
Tugtar tuairisc san oibiacht bealaigh ar mhionsonraí an bhealaigh a leithdháiltear ar thraein. Na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann feadh chonair na traenach sin, déanfaidh siad comhordú eatarthu féin ar na hoibiachtaí bealaigh. |
|
(4) |
I gcás ina sonraíonn an t-iarratasóir uimhir traenach sonrach mar chuid d’oibiacht bealaigh na hiarrata dá dtagraítear i bpointe 2.1.4(3), beidh an uimhir traenach arna sannadh ann, mar aitreabúid, a d’fhéadfadh athrú feadh shaolré an bhealaigh nó na traenach atá nasctha leis. |
2.1.6. Oibiacht chonaire
|
(1) |
Sonróidh an gnóthas iarnróid tosaigh an oibiacht chonaire (cineál oibiachta ‘RO’ mar chuid den (‘Aitheantóir Iompair Beartaithe’)). Tagraíonn sé don líne gheografach oibríochta ó phointe tionscnaimh go ceann scríbe. |
|
(2) |
A luaithe a chomhtháthóidh an príomhghnóthas iarnróid atá freagrach as comhordú na n-iarratasóirí ar sheirbhís iompair iarnróid amháin go comhsheasmhach í, seolfaidh an t-iarratasóir an oibiacht chonaire chuig na bainisteoirí bonneagair uile lena mbaineann feadh bhealach na seirbhíse sin. |
|
(3) |
Tugtar tuairisc san oibiacht chonaire ar an bhfaisnéis íosta faoin mbealach iomlán nach mór do bhainisteoir bonneagair a dhualgais a chomhlíonadh ina leith, lena n-áirítear anailís a dhéanamh ar an ‘iarraidh bhealaigh’. |
|
(4) |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san oibiacht chonaire:
|
2.1.7. Oibiacht tagartha cáis
|
(1) |
Sonróidh sealbhóir na sonraí sin an oibiacht tagartha cáis (cineál oibiachta ‘CR’ mar chuid den (‘PlannedTransportIdentifier’). |
|
(2) |
I gcás ina n-úsáideann nó ina mbeartaíonn páirtí leasmhar teileamaitice oibiacht shonrach nó sonraí sonracha a úsáid, beidh siad ina gcuid d’‘oibiacht tagartha cáis’ thiomnaithe faoi réir an phróisis dá dtagraítear in Airteagal 11. |
|
(3) |
Cé is moite de thraenacha aonaid dá dtagraítear i bpointe 2.6.1 (6), sainaithnítear mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht comhroinnte sonraí chun gluaiseachtaí siúnta, lena n-áirítear i saoráidí seirbhísí lastais iarnróid a shainaithint agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
2.2. Toilleadh bonneagair a bhainistiú go straitéiseach
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí le haghaidh bhainistiú straitéiseach an toillte bonneagair mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.3. Leithdháileadh toillte
2.3.1. Ginearálta
|
(1) |
Na sonraí is gá agus a leithdháiltear de bhun na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (‘STI OBT’), dá dtagraítear in Foscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, i ndáil le cearta toillte agus saintréithe na traenach le haghaidh gach roinne de na cearta sin, lena n-áirítear na codanna i saoráidí seirbhíse lasta iarnróid, ainmnítear iad mar ‘bhealach’ anseo feasta. Tá an chéad fhomhír den phointe sin gan dochar don sainmhíniú ar ‘bhealach traenach’ in Airteagal 3, pointe (27), de Threoir 2012/34/AE maidir le seirbhís iompair ar iarnród, agus don sainmhíniú ar ‘thoilleadh saoráide seirbhíse’ in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 i ndáil leis na codanna den tseirbhís iompair ar iarnród sin amháin a oibrítear i saoráid seirbhíse lastais iarnróid. |
|
(2) |
I gcás ina bhfuil an toilleadh bonneagair dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE á leithdháileadh, déanfar na teachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointí 2.3.2 go 2.3.9 den Iarscríbhinn seo a mhalartú idir an t-iarratasóir agus an bainisteoir bonneagair nó an comhlacht leithdháilte arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7a (3) den Treoir sin trí úsáid a bhaint as API nó comhéadan úsáideora gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus i bpointe 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(3) |
I gcás ina bhfuil toilleadh á leithdháileadh i saoráidí seirbhíse lastais iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagail 7, 8 agus 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177, i ndáil leis na ranna de sheirbhís iompair lastais iarnróid amháin atá faoi réir conair a leithdháileadh, déanfar na teachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointí 2.3.2 go 2.3.9 den Iarscríbhinn seo a mhalartú idir an t-iarratasóir agus an bainisteoir bonneagair atá nasctha leis na saoráidí seirbhíse lastais iarnróid sin nó an comhlacht leithdháilte arna ainmniú le haghaidh an gréasán trí úsáid a bhaint as API nó CÚ gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus i bpointe 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(4) |
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí chun gluaiseachtaí siúnta agus stáblála a phleanáil mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(5) |
I gcás próisis ilghréasáin i réimse an leithdháilte toillte lena mbaineann níos mó ná bainisteoir bonneagair amháin nó oibreoir saoráidí seirbhíse lastais iarnróid feadh conaire traenach, déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí na saoráidí seirbhísí lastais iarnróid lena mbaineann, de bhun Airteagal 40(1) de Threoir 2012/34/AE, a bpróisis leithdháilte a chomhordú chun comhsheasmhacht na dtorthaí comhfhreagracha a áirithiú. Féadfaidh iarratasóirí ar thoilleadh thar ghréasáin iomadúla úsáid a bhaint as API coiteann an Aontais nó as comhéadan coiteann gréasáin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14(5) den Rialachán seo. Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí chun próisis ilghréasáin a chomhordú i réimse an bhainistithe toillte mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(6) |
I gcás ina n-oibríonn níos mó ná gnóthas iarnróid amháin seirbhís iompair iarnróid, féadfaidh na gnóthais iarnróid lena mbaineann an príomhghnóthas iarnróid a ainmniú mar an t-iarratasóir ar chonair fhoriomlán na seirbhíse sin. Áiritheoidh an príomhghnóthas iarnróid comhordú na n-iarratasóirí agus a bpróiseas leithdháilte de bhun Airteagal 13(1), pointe (b), ar a laghad, lena gcomhtháthaítear na haitheantóirí oibiachta dá dtagraítear i bpointe 2.1 le haghaidh chonair fhoriomlán na seirbhíse sin. |
|
(7) |
I gcás seirbhís iompair idirmhódúil, féadfaidh na gnóthais iarnróid lena mbaineann ról an phríomhghnóthais iarnróid nó an iarratasóra a tharmligean chuig oibreoir iompair idirmhódúil le haghaidh chonair fhoriomlán na seirbhíse comhfhreagraí chun lasta a iompar ar iarnród. |
|
(8) |
I gcás iarraidh gearrfhógra ar leithdháileadh toillte bonneagair gar don imeacht nó le linn oibríochtaí fíor-ama, cuirfear faisnéis a bhaineann leis an mbealach chomhfhreagrach in iúl mar chuid de mhodhnú ar chuid de bhealach i gcomhréir le pointe 2.6.7. An tairseach ama a bhaineann leis an am atá fágtha go dtí go n-imeoidh traein tráth na hiarrata ar leithdháileadh toillte óna measfar an iarraidh sin a bheith ad hoc, sainaithnítear í mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear í i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(9) |
I gcás seirbhís iompair lastais iarnróid ina n-éilítear le saintréithe iarbhír na coinsíneachta go ndéanfaí an bealach leithdháilte a oiriúnú, úsáidfear an fhaisnéis atá sa ‘ConsignmentNoteMessage’ dá dtagraítear i bpointe 3.1.1 mar chuid de mhodhnú ar an gcuid den bhealach i gcomhréir le pointe 2.6.7. |
|
(10) |
Sna teachtaireachtaí a mhalartófar chun bealach a leithdháileadh a bhaineann le seirbhís iompair lastais ar iarnród, beidh faisnéis lena sainaithnítear bealaí níos ciúine a bheartaítear a oibriú, más ann dóibh, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 (STI NOI), dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(11) |
I gcás seirbhís iompair idirmhódúil, sna teachtaireachtaí a mhalartaítear i gcomhréir le pointí (2) agus (3) maidir le leithdháileadh bealaí le haghaidh na seirbhíse iompair lastais comhfhreagraí d’iarnród, beidh faisnéis a bhaineann le huasphróifíl na n-aonad luchtaithe idirmhódúil a bheartaítear a úsáid le haghaidh na seirbhíse sin. |
|
(12) |
Léiríonn an tráthchlár oibre na bealaí a dheimhnítear mar leithdháilte. |
2.3.2. Iarraidh bhealaigh
|
(1) |
Beidh an ‘PathRequestMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun bealach a iarraidh, seolfaidh an t-iarratasóir ‘PathRequestMessage’ chuig na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann. |
2.3.3. Sonraí bealaí
|
(1) |
Beidh an ‘PathDetailsMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Mar fhreagra ar ‘Theachtaireacht Iarrata Bealaigh’ a fuarthas ó iarratasóir i gcomhréir le pointe 2.3.2, seolfaidh gach bainisteoir bonneagair ‘Teachtaireacht Sonraí Bealaigh’ chun mionsonraí an bhealaigh atá á thairiscint a shonrú don iarratasóir. |
2.3.4. Bealach deimhnithe
|
(1) |
Beidh an ‘PathConfirmedMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun leithdháileadh an bhealaigh arna thairiscint ag bainisteoir bonneagair sa ‘PathDetailsMessage’ dá dtagraítear i bpointe 2.3.3 a dheimhniú, seolfaidh an t-iarratasóir an ‘PathConfirmedMessage’ ar ais. |
|
(3) |
Ar an ‘PathConfirmedMessage’ a fháil, admhóidh an bainisteoir bonneagair glactha go bhfuarthas í trí ‘PathDetailsMessage’ a sheoladh chuig an iarratasóir tionscnaimh lena ndeimhnítear an áirithint agus lena gcomhtháthaítear an bealach comhfhreagrach ina thráthchlár oibre. |
|
(4) |
Tar éis dó an ‘PathDetailsMessage’ lena ndeimhnítear an áirithint a fháil, cuirfidh an t-iarratasóir an teachtaireacht sin chuig na gnóthais iarnróid a bhfuil baint acu leis an mbealach sin agus chuig an bpríomhghnóthas iarnróid freisin. I gcás seirbhís iompair lastais ar iarnród, cuirfidh an príomhghnóthas iarnróid an deimhniú ar aghaidh chuig na custaiméirí lastais. |
|
(5) |
Bealach traenach arna dheimhniú ag an iarratasóir i gcomhréir le pointe (1) ar admhaigh an bainisteoir bonneagair glactha go bhfuarthas í i gcomhréir le pointe (3), meastar í a bheith leithdháilte agus measfaidh an dá pháirtí gur deonaíodh cearta toillte comhfhreagracha. |
2.3.5. Sonraí bealaigh diúltaithe
|
(1) |
Beidh an ‘PathDetailsRefusedMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás ina ndiúltófar an bealach arna thairiscint ag an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le pointe 2.3.3, seolfaidh an t-iarratasóir ‘Teachtaireacht Diúltaithe Sonraí Bealaigh’ ar ais. |
2.3.6. Conair curtha ar ceal
|
(1) |
Beidh an ‘PathCancelledMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun bealach iomlán nó cuid de bhealach a deimhníodh i gcomhréir le pointe 2.3.4 a chealú, seolfaidh an t-iarratasóir ‘PathCanceledMessage’ chuig an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as na cearta toillte arna ndeonú. |
2.3.7. Níl bealach ar fáil
|
(1) |
Beidh an ‘PathNotAvailableMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás nach mbeidh bealach leithdháilte ar fáil a thuilleadh nó i gcás ina n-athrófar í, seolfaidh an bainisteoir bonneagair atá freagrach as an mbealach a leithdháileadh ‘PathNotAvailableMessage’ chuig an iarratasóir a luaithe a fhaigheann sé amach faoi athrú den sórt sin. |
|
(3) |
I gcás ina mbeidh rogha mhalartach ar fáil ar bhealach nach bhfuil ar fáil a thuilleadh nó a athraíodh, déanfaidh gach bainisteoir bonneagair atá freagrach as an mbealach leithdháilte, nó cuid di, an rogha mhalartach sin a thairiscint agus seolfaidh sé ‘PathDetailsMessage’ chuig an iarratasóir i gcomhréir le pointe 2.3.3, a léifear in éineacht leis an ‘Teachtaireacht nach bhfuil Bealach ar Fáil’ dá dtagraítear i bpointe (2). I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas freisin:
|
2.3.8. Deimhniú fála
|
(1) |
Beidh an ‘ReceiptConfirmationMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Admhóidh faighteoir na dteachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointí 2.3.2, 2.3.3, 2.3.5, 2.3.6, agus 2.3.7 go bhfuarthas na teachtaireachtaí trí ‘ReceiptConfirmationMessage’ a sheoladh chuig an bpáirtí leasmhar teileamaitice a sheol an teachtaireacht bhunaidh. |
2.3.9. An próiseas comhordaithe maidir le leithdháileadh toillte
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht sonraí le haghaidh fhoirm leictreonach na faisnéise a nochtar i gcás réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 46 de Threoir 2012/34/AE mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.3.10. Amchlár oibre
Déanfaidh gach bainisteoir bonneagair na bealaí a mheastar a bheith leithdháilte i gcomhréir le pointe 2.3.4, pointí (3) agus (5), a chomhtháthú agus a chur ar fáil mar chuid dá shonraí tráthchláir oibre i gcomhréir le hAirteagal 5 faoi choinníollacha an cheadúnais Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna nó coinníollacha rochtana coibhéiseacha nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann.
2.4. Srianta beartaithe ar an toilleadh
2.4.1. Comhordú na srianta beartaithe ar an toilleadh
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí le haghaidh chomhordú na srianta ar an toilleadh atá beartaithe mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.4.2. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara a ndéanann srianta beartaithe ar an toilleadh difear dóibh
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara a ndéanann na srianta ar an toilleadh atá beartaithe difear dóibh i gcomhréir le hAirteagail 43 agus 53 de Threoir 2012/34/AE mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.4.3. Srianta beartaithe ar an toilleadh a fhoilsiú
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí chun na srianta ar an toilleadh atá beartaithe a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagail 43 agus 53 de Threoir 2012/34/AE mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
2.4.4. Athruithe sealadacha ar shaintréithe an bhonneagair ainmniúil mar thoradh ar shrian beartaithe ar an toilleadh
Féadfar foilsiú athruithe sealadacha ar shaintréithe an bhonneagair ainmniúil trí luachanna sealadacha na bparaiméadar gréasáin sa chlár bonneagair (RINF) de bhun STI OBT, mar a thagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, a uathoibriú trí API comhchoiteann Eorpach a úsáidtear chun sonraí a bhaineann le srianta toillte sealadacha a chomhroinnt i gcomhréir le pointí 2.4.1, 2.4.2, agus 2.4.3.
2.5. Ullmhú traenach
2.5.1. Comhdhéanamh traenach
|
(1) |
Beidh an ‘TrainCompositionMessage’ [Teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach] le haghaidh seirbhísí iompair lastais ar iarnród agus an ‘PassengerTrainCompositionMessage’ [Teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach paisinéirí] le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí, dá ngairtear ‘teachtaireachtaí maidir le comhdhéanamh traenach’ anseo feasta, i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Aon ghnóthas iarnróid atá freagrach as traein a oibriú, seolfaidh sé teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach chun a dheimhniú go bhfuil an traein atá comhdhéanta in ord reatha de bhun STI OPE, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, chuig an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta i ndáil leis na codanna den bhealach ina mbeidh an traein ag gluaiseacht, agus i ndáil leis na codanna sin amháin. |
|
(3) |
I gcás seirbhís iompair idirmhódúil, seolfaidh an gnóthas iarnróid lasta atá freagrach as oibriú coda traenach de chonair a thagann isteach chuig saoráid seirbhíse lastais iarnróid ina bhfuil an traein comhdhéanta le díluchtú, seolfaidh sé ‘Teachtaireacht maidir le Comhdhéanamh Traenach’ chuig oibreoir na saoráide seirbhíse lasta iarnróid sin. |
|
(4) |
Déanfaidh gach bainisteoir bonneagair, i ndáil leis na codanna den tseirbhís iompair iarnróid a oibrítear ar a ghréasán de réir bealaigh, agus i ndáil leis sin amháin, rochtain a dheonú de bhun Airteagail 4 agus 5 ar na sonraí maidir le comhdhéanamh traenach a fhaigheann sé. |
|
(5) |
I gcás ina ndeonaíonn bainisteoir bonneagair rochtain ar shonraí maidir le comhdhéanamh traenach de bhun Airteagail 4 agus 5, déanfaidh sé an fhaisnéis atá i ‘dteachtaireachtaí maidir le comhdhéanamh traenacha’ a fhaightear ó ghnóthais iarnróid de bhun mhír (2) den phointe sin agus ó bhainisteoirí stáisiúin de bhun phointe 4.7.1.1 (3) a athúsáid go comhsheasmhach, agus deonóidh sé rochtain ar na sonraí sin lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(6) |
I gcás ina gcomhroinneann gnóthas iarnróid sonraí maidir le comhdhéanamh traenach le bainisteoir bonneagair nó le hoibreoir saoráidí seirbhísí lastais iarnróid i gcomhréir le pointí (2) nó (3), féadfaidh sé a iarraidh go mbeidh úsáid tráchtála na sonraí sin faoi réir comhaontú conarthach mura gcumhdaítear an úsáid sin leis an gceadúnas oscailte a úsáideann an bainisteoir bonneagair a chomhroinneann na sonraí sin de bhun Airteagal 5 agus phointe 2.5.1(5). |
|
(7) |
I gcás ina bhfuil rochtain ar shonraí maidir le comhdhéanamh traenach srianta ón bpobal de bhun Airteagal 5, míreanna (3) nó (4), áiritheoidh gach bainisteoir bonneagair gur féidir le páirtithe leasmhara teileamaitice eile rochtain a fháil ar na sonraí sin de bhun Airteagal 4 trí chomhéadan coiteann gréasáin an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(1). |
|
(8) |
Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(6), ní sheolfaidh an gnóthas iarnróid sonraí maidir le comhdhéanamh traenach ach go déthaobhach chuig páirtithe leasmhara ábhartha teileamaitice de bhun Airteagal 4. |
|
(9) |
I gcás ina modhnaítear comhdhéanamh traenach roimh imeacht nó ina dhiaidh, seolfaidh an gnóthas iarnróid atá freagrach as oibriú na traenach sin ‘teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach’ nuashonraithe ina mbeidh tagairt don suíomh inar athraíodh an comhdhéanamh. |
|
(10) |
I gcás ina mbeidh athrú ar pharaiméadair chomhdhéanamh na traenach i gceist le suaitheadh nó éigeandálaí a thagann chun cinn le linn oibriú traenach, agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige sin ar na sonraí tráchta traenach dá dtagraítear i bpointe 2.6, seolfaidh an gnóthas iarnróid atá freagrach as an traein sin ‘teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach’ nua nó cuireann sé comhdhéanamh nua na traenach in iúl i gcomhréir le Foscríbhinn C a ghabhann le STI OPE. |
|
(11) |
Beidh paraiméadair sa ‘TrainCompositionMessage’ lena bhforáiltear do chomhlíonadh chomhdhéanamh na traenach leis na rialacha sonracha maidir le hoibriú vaigíní lastais ar bhealaí níos ciúine de bhun STI NOI, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Beidh sainaithint na gconairí níos ciúine a bheartaítear a oibriú comhsheasmhach le mionsonraí an bhealaigh leithdháilte mar a shonraítear i bpointe 2.3. |
|
(12) |
Leis an ‘TrainCompositionMessage’ beifear in ann aon aonad luchtaithe idirmhódúil a luchtaítear ar vaigíní lastais a shainaithint. |
|
(13) |
Leis an ‘TrainCompositionMessage’ beifear in ann vaigíní lastais ina bhfuil earraí contúirteacha a shainaithint. I gcás ina n-iompraíonn vaigín lastais amháin ar a laghad de thraein a iompraíonn earraí contúirteacha, cuirfear srian ar an rochtain ar shonraí maidir leis an gcomhdhéanamh traenach ón bpobal de bhun Airteagal 5(3) don traein sin ar fad. |
|
(14) |
Leis an ‘teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach’ beifear in ann a shainaithint cén áit a n-oibrítear seirbhís iompair iarnróid do na fórsaí armtha, más ábhartha. |
|
(15) |
Áireofar sa ‘PassengerTrainCompositionMessage’ léarscáileanna suíochán, ar a laghad do thraenacha atá faoi réir áirithint suíochán, agus suíomh saoráidí ar bord amhail aicmí, cóistí a bhfuil rochtain ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) orthu agus spásanna rothar, i gcás ina mbeidh fáil orthu. Is éard a bheidh sa ‘PassengerTrainCompositionMessage’ formáid iomchuí agus modh teicniúil faoi seach de réir bhrí Airteagail 9(3) agus 10(4) de Rialachán (AE) 2021/782 chun rochtain dhigiteach a dheonú ar fhaisnéis a bhaineann le seirbhísí agus saoráidí ar bord mar chuid den fhaisnéis le linn an turais dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin agus lena gcomhlíontar na hoibleagáidí comhfhreagracha faoi Airteagail 9(2) agus 10(5) den Rialachán sin. |
|
(16) |
Áireofar sna ‘teachtaireachtaí maidir le comhdhéanamh traenach’ an fhaisnéis is gá chun tacú leis an bpróiseas socraíochta fuinnimh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 (‘STI ENE’), dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A. Áireofar ann go háirithe uimhir Eorpach feithiclí na coda d’aonaid tarraingthe na traenach sin agus dá dtagraítear mar aitheantas pointe ídithe na gcóras tomhais fuinnimh ar bord de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 (‘STI Loc&Pas’), dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, agus mais iomlán na traenach. Beidh an fhaisnéis sin mar chuid den teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach ag an am imeachta de bhun mír 2, nó 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí tar éis an imeachta i gcás aimhrialtachta. Comhroinnfidh an bainisteoir bonneagair na sonraí sin le córais socraíochta fuinnimh ábhartha de bhun STI ENE. |
|
(17) |
I gcás ina n-úsáideann faighteoir ‘teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach’ na sonraí atá sa teachtaireacht sin le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí i gcomhréir le pointe 1.1, míreanna (2) agus (3), nó i gcás ina gcomhaontaítear le sealbhóir sonraí na teachtaireachta sin, admhóidh an faighteoir go bhfuarthas an teachtaireacht sin trí ‘ReceiptConfirmationMessage’ a sheoladh chuig an seoltóir bunaidh i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
2.5.2. Traein réidh
|
(1) |
I gcás ina mbeidh gnóthas iarnróid atá freagrach as gluaiseacht traenach réidh chun rochtain thráthúil a fháil ar an ngréasán i gcomhréir leis an tráthchlár oibre agus leis an mbealach leithdháilte ghaolmhar, lena n-áirítear nuair a bheidh an bealach sin modhnaithe ag an mbainisteoir bonneagair arna iarraidh sin don ghnóthas iarnróid sin de bhun phointe 2.3.1(8), measfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa phointe seo a bheith comhlíonta. |
|
(2) |
I gcás ina mbeidh córais Raidió Mhóibíligh Iarnróid (RMR) nó an nós imeachta ‘Tosach misin’ in ETCS L2 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 (‘STI CCS’), dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, ar fáil mar a thuairiscítear in RINF agus mar a shainordaítear lena n-úsáid ag an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta trína ráiteas ghréasáin, measfar na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2.5.2 a bheith comhlíonta. |
|
(3) |
I gcás ina dtugann an bainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta tríd an RINF fógra faoi chórais Raidió Mhóibíligh Iarnróid (RMR) nó faoin nós imeachta ‘Tosach misin’ in ETCS L2 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le STI CCS, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, mar fheidhmeanna atá le rolladh amach laistigh de 5 bliana tar éis na cloiche míle a leagtar amach i bhFoscríbhinn G, féadfar modhanna malartacha ar na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí (6), (7) agus (8) a shainordú lena n-úsáid ag an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta trína ráiteas gréasáin. |
|
(4) |
I gcás ina mbeidh gnóthas iarnróid atá freagrach as gluaiseacht traenach réidh chun rochtain a fháil ar an ngréasán tar éis moille i gcomparáid leis an amchlár oibre agus an chonair leithdháilte ghaolmhar, cuirfidh sé an bainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta ar an eolas i gcomhréir le pointí (6), (7) agus (8). |
|
(5) |
I gcás ina mbeidh gnóthas iarnróid atá freagrach as gluaiseacht traenach réidh chun rochtain a fháil ar an ngréasán roimh an tráthchlár oibre agus an chonair leithdháilte ghaolmhar, féadfaidh sé an bainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta a chur ar an eolas i gcomhréir le pointí (6), (7) agus (8). |
|
(6) |
Beidh an ‘TrainReadyMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(7) |
I gcás ina bhfuil gnóthas iarnróid atá freagrach as gluaiseacht traenach leis an mbainisteoir bonneagair a chur ar an eolas de bhun STI OPE, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, faoi stádas na traenach sin ó thaobh a hullmhachta chun rochtain a fháil ar an ngréasán, seolfaidh an gnóthas iarnróid sin ‘TrainReadyMessage’ roimh imeacht chuig an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta. |
|
(8) |
I gcás ina n-úsáidfidh an bainisteoir bonneagair a fhaigheann ‘TrainReadyMessage’ de bhun mhír (4) na sonraí atá sa teachtaireacht sin le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí i gcomhréir le pointe 1.1, mír (3), nó chun críoch socraíochta fuinnimh, nó i gcás ina gcomhaontófar é leis an ngnóthas seolta, admhóidh an bainisteoir bonneagair go bhfuarthas í. |
2.5.3. Réamhaisnéis ullmhachta traenach
|
(1) |
I gcás nach bhfuil gnóthas iarnróid réidh chun traein a thosú de réir an tráthchláir oibre nó de réir a bhealaigh leithdháilte, lena n-áirítear nuair atá an bealach sin modhnaithe ag an mbainisteoir bonneagair arna iarraidh don ghnóthas iarnróid sin de bhun pointe 2.3.1(8), nó i gcás ina bhfuil moill air mar gheall ar aon aimhrialtacht a dhéanann difear don traein sin nó d’oibriú na traenach a d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith aige ar ghluaiseacht na traenach roimh imeacht dó, déanfaidh sé, chun faisnéis réamhaisnéise a sholáthar faoina ullmhacht rochtain a fháil ar an ngréasán, ‘TrainReadyMessage’ ar a bhfuil an stádas ‘Níl an traein réidh’ a sheoladh chuig an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an ngréasán imeachta, lena n-áirítear:
|
|
(2) |
Seolfar ‘TrainReadyMessage’ nua a luaithe a bheidh faisnéis nua nó nuashonraithe ar fáil. |
|
(3) |
I gcás ina n-úsáidfidh an bainisteoir bonneagair a fhaigheann ‘TrainReadyMessage’ de bhun mhír (1) í le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí i gcomhréir le pointe 1.1, mír (3), nó i gcás ina gcomhaontófar é leis an ngnóthas seolta, admhóidh an bainisteoir bonneagair go bhfuarthas í. |
2.6. Sonraí tráchta traenach a thuairisciú
2.6.1. Ginearálta
|
(1) |
De bhrí go léiríonn sonraí an tráthchláir oibre na bealaí a leithdháiltear agus a dheimhnítear de bhun phointe 2.3, tá na sonraí is gá chun an tráthchlár oibre a thabhairt cothrom le dáta go dinimiciúil i sonraí tráchta traenach, lena n-áirítear faisnéis faoi ghluaiseacht traenacha agus réamhaisnéis traenacha. |
|
(2) |
Beidh na teachtaireachtaí seo a leanas ina bhfuil sonraí maidir le trácht traenach, dá ngairtear ‘teachtaireachtaí tráchta traenach’ anseo feasta, i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]:
|
|
(3) |
Bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid, i ndáil leis na codanna de gach seirbhís iompair iarnróid a oibrítear ar a ngréasán de réir bealaigh, agus i ndáil leo sin amháin, agus i gcás inarb ábhartha sealbhóirí sonraí eile:
Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní bheidh feidhm ag fophointe (a) den phointe seo agus beidh sé éigeantach fophointe (b) den phointe seo a chur i bhfeidhm. |
|
(4) |
I gcás ina ndeonóidh bainisteoir bonneagair nó oibreoir saoráidí seirbhíse lastais iarnróid rochtain ar shonraí tráchta traenach de bhun Airteagal 5, déanfaidh sé an fhaisnéis atá i ‘dteachtaireachtaí tráchta traenach’ a athúsáid go comhsheasmhach agus deonóidh sé rochtain ar na sonraí sin faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-SA 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(5) |
I gcás ina ndéantar vaigíní lastais a shiúntáil agus a chábláil mar iompar vaigíní aonair i saoráid seirbhíse lastais iarnróid, comhroinnfear sonraí maidir le trácht traenach de bhun Airteagal 4 agus i gcomhréir le pointe 3.2.1. |
|
(6) |
I gcás ina n-oibrítear vaigíní lastais mar thraein aonaid i saoráid seirbhíse lastais iarnróid, comhroinnfidh oibreoir na saoráide sin sonraí maidir le trácht traenach de bhun Airteagail 4 agus 5 bunaithe ar ‘theachtaireachtaí tráchta traenach’ dá dtagraítear i bpointe (2). Chun na críche sin, úsáidfear tagairt d’aitheantóir na traenach sin don bhealach lena mbaineann a imíonn ón tsaoráid sin. I gcás inarb í an tsaoráid sin ceann scríbe deiridh na traenach aonad sin, úsáidfear aitheantóir na traenach sin don bhealach lena mbaineann a thagann chuig an tsaoráid sin. |
|
(7) |
Is éard a bheidh i gceist le ‘teachtaireachtaí tráchta traenach’ modh teicniúil iomchuí de réir bhrí Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2021/782, chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/782 a chomhlíonadh, agus chun faisnéis tráchta agus taistil a sholáthar maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí. |
|
(8) |
I gcás ina gcomhroinneann bainisteoir bonneagair nó gnóthas iarnróid paisinéirí sonraí dinimiciúla taistil agus tráchta trí phointí rochtana náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún, déanfaidh sé na sonraí atá i ‘dteachtaireachtaí tráchta traenach’ a athúsáid go comhsheasmhach agus cuirfidh sé na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.9 (d) i bhfeidhm. |
2.6.2. Pointí tuairiscithe
Seolfar teachtaireachtaí ina bhfuil sonraí tráchta traenach ag na pointí tuairiscithe seo a leanas ar a laghad, agus ag aon phointe eile a bhfuil an traein ag dul tríd, mar a chomhaontaítear idir an bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhíse lastais iarnróid, agus an gnóthas iarnróid nó an t-oibreoir iompair idirmhódúil i ndáil le traein:
|
(a) |
pointí imeachta; |
|
(b) |
pointí ina n-athraíonn an fhreagracht as bainistiú toillte nó as bainistiú tráchta idir bainisteoirí bonneagair i ndiaidh a chéile nó comhlachtaí leithdháileacháin nó idir bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid (‘pointe aistrithe’); |
|
(c) |
pointí ina n-athraíonn an fhreagracht as traein a oibriú idir gnóthais iarnróid as a chéile, oibreoirí siúnta i saoráidí seirbhísí lastais iarnróid, oibreoirí iompair idirmhódúil, nó aon mheascán díobh (‘pointe idirmhalartaithe’); |
|
(d) |
pointí mar a sroicheann an traein stáisiúin iarnróid do phaisinéirí agus saoráidí seirbhíse lastais iarnróid agus mar a n-imíonn sí uathu agus aon stad idirmheánach eile atá sceidealaithe; |
|
(e) |
pointí cinn scríbe. |
2.6.3. Faisnéis faoi ghluaiseacht traenach
|
(1) |
Beidh an ‘TrainRunningInformationMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun tuairisciú a dhéanamh ar shuíomh na traenach i bhfíor-am de bhun STI OBT, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, seolfaidh an bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhísí lastais iarnróid ‘TrainRunningInformationMessage’ ar imeacht traenach agus ar theacht isteach traenach ag pointí tuairiscithe. |
2.6.4. Faisnéis maidir le réamhaisnéis traenach
|
(1) |
Beidh an ‘TrainRunningForecastMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun faisnéis a sholáthar maidir le dialltaí ó dhátaí agus amanna sceidealaithe aon uair a tharlaíonn siad de bhun STI OBT, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, agus dá bhrí sin chun meastachán a sholáthar ar dháta agus am imeachta nó teachta traenach ó phointe tuairiscithe nó ag pointe tuairiscithe, seolfaidh bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhísí lastais iarnróid ‘TrainRunningForecastMessage’. |
|
(3) |
I gcás moilleanna ag an bpointe imeachta nó moilleanna breise idir dhá phointe tuairiscithe a mheastar a mhairfidh 15 nóiméad ar a laghad i gcás traenacha lastais nó níos mó ná 5 nóiméad i gcás traenacha paisinéirí, nó mar a cheanglaítear ar shlí eile leis an gcóras faireacháin feidhmíochta de bhun STI OBT, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, seolfar ‘TrainRunningForecastMessage’ nua. |
|
(4) |
Le ‘TrainRunningForecastMessage’ beifear in ann cruinneas an mheastacháin arna dhéanamh trí bhíthin na réamhaisnéise sin a thomhas ex post agus áireofar ann a chruinneas ionchasach i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bhFoscríbhinn E. |
2.6.5. An chúis leis an moill ar an traein
|
(1) |
Beidh an ‘TrainDelayCauseMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
A luaithe is eol cúis na moille, lena n-áirítear i gcás na chéad thoimhde, agus i gcás ina bhfuil nuashonrú ann maidir le cúis na moille, seolfaidh an bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhísí lastais iarnróid ‘TrainDelayCauseMessage’ chun faisnéis a sholáthar maidir le dialltaí ó amanna sceidealaithe de bhun STI OBT, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, aon uair a tharlaíonn siad don traein sin. |
2.6.6. Faisnéis faoi shuaitheadh seirbhíse
|
(1) |
Beidh an ‘TrainRunningInterruptionMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun faisnéis a sholáthar faoi shuaitheadh ar sheirbhís iompair iarnróid (‘suaitheadh seirbhíse’) mar gheall ar stad neamhphleanáilte, agus chun tuairisc a thabhairt ar an gcur isteach sin agus ar a shuíomh de bhun STI OBT, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, seolfaidh bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhíse lastais iarnróid na teachtaireachtaí seo a leanas:
|
|
(3) |
Chun faisnéis a sholáthar faoi shuaitheadh seirbhíse a eascraíonn as oibriú traenach, seolfaidh an gnóthas iarnróid atá freagrach as an traein sin na teachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (2) (a) agus (b) chuig bainisteoir bonneagair nó oibreoir na saoráidí seirbhíse lastais iarnróid atá freagrach as an ngréasán inar tharla an suaitheadh seirbhíse. I gcás inarb ábhartha, seolfaidh bainisteoir bonneagair fála nó oibreoir na saoráidí seirbhísí lastais iarnróid faisnéis nuashonraithe i gcomhréir le pointe 2.6.1. |
2.6.7. Modhnú bealaigh i bhfeidhm
|
(1) |
I gcás modhnuithe ar bhealach thar an tairseach dá dtagraítear i bpointe 2.3.1 (8), tabharfaidh bainisteoirí bonneagair nó oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid atá freagrach as an mbealach sin ar a ghréasán fógra do na gnóthais iarnróid lena mbaineann faoi na modhnuithe atá beartaithe don bhealach sin. |
|
(2) |
Gan dochar do phointe (3), sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht comhroinnte sonraí i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (1) mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B. |
|
(3) |
Má bhíonn athródú trí chonair eile, páirtchealú, nó baint nó cur le stadanna idirmheánacha i gceist leis an leanúint ar aghaidh a comhaontaíodh ar sheirbhís iarnróid do phaisinéirí, seolfaidh an bainisteoir bonneagair atá freagrach as an tseirbhís iarnróid do phaisinéirí sin ‘PathDetailsMessage’, dá dtagraítear i bpointe 2.3.3, ina mbeidh faisnéis a bhaineann le modhnú na coda bealaigh i gcomhréir le pointe 2.6.1. |
2.7. Taifead stairiúil ar shonraí a bhaineann leis an traein
Chun taifead a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le gluaiseacht traenacha paisinéirí agus lastais araon de bhun STI OPE, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A, tar éis don traein an ceann scríbe a bhaint amach, deonóidh gach bainisteoir bonneagair agus gach oibreoir saoráidí seirbhíse lastais iarnróid rochtain ar thaifead stairiúil ar na sonraí seo a leanas de bhun Airteagail 4 agus 5 trí comhéadan úsáideora gréasáin coiteann de chuid an Aontais (‘CÚ gréasáin’), ar a dhéanaí ó 24 uair an chloig agus ar feadh 12 mhí ar a laghad:
|
(a) |
tráthchlár oibre, dá dtagraítear i bpointe 2.3.10 |
|
(b) |
aitheantóir tagartha traenach dá dtagraítear i bpointe 2.1.2; |
|
(c) |
maidir le traenacha paisinéirí amháin: uimhir aitheantais traenach paisinéirí den traein mar ‘RetailServiceId’ i gcomhar leis an aitheantóir tagartha traenach dá dtagraítear i bpointe 2.1.2; |
|
(d) |
suíomhanna tuairiscithe agus stádas gaolmhar traenach, mar chuid den fhaisnéis faoi ghluaiseacht traenacha dá dtagraítear i bpointe 2.6.3; |
|
(e) |
dáta agus am iarbhír na ngluaiseachtaí, mar chuid den fhaisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha dá dtagraítear i bpointe 2.6.3; |
|
(f) |
an mhoill agus an chúis leis an moill, más ann di, mar chuid d’fhaisnéis faoi ghluaiseacht traenach agus d’fhaisnéis faoin gcúis leis an moill ar an traein dá dtagraítear i bpointí 2.6.3 agus 2.6.5 faoi seach; |
|
(g) |
comhdhéanamh traenach, dá dtagraítear i bpointe 2.5.1, i gcás seirbhísí iompair lastais ar iarnród, beidh sé teoranta don mhéid seo a leanas:
|
2.8. Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair, oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid agus gnóthais iarnróid sonraí a chomhroinnt i gcomhréir le hAirteagal 4 agus leis na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo le páirtithe leasmhara teileamaitice eile atá freagrach as naisc le modhanna eile iompair a bhainistiú.
3. BAINISTÍOCHT A DHÉANAMH AR VAIGÍNÍ LASTAIS AGUS A n-UALACH
Leagtar síos i bhforálacha na Roinne seo na ceanglais maidir le comhroinnt idir-inoibritheach sonraí is gá chun na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), a dhéanamh.
3.1. Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ar iarnród
3.1.1. Nóta coinsíneachta leictreonach
|
(1) |
Beidh an ‘ConsignmentNoteMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Nóta coinsíneachta a mhalartaítear go leictreonach trí bhíthin ‘ConsignmentNoteMessage’ a shínítear trí úsáid a bhaint as modhanna lena gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshéalaí cáilithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), measfar gur taifead leictreonach é ar shonraí, is é sin nóta coinsíneachta leictreonach, atá coibhéiseach le nóta coinsíneachta páipéarbhunaithe. |
|
(3) |
Malartófar an nóta coinsíneachta leictreonach mar a leanas:
|
|
(4) |
Meastar gur leor nóta coinsíneachta leictreonach a sheoltar de bhun phointe (3) chun go mbeidh na faighteoirí in ann a gcodanna den chonradh iompair a chomhlíonadh go dtí go mbainfear an ceann scríbe amach nó go dtí go ndéanfar é a idirmhalartú leis an gcéad pháirtí leasmhar eile. |
|
(5) |
I gcás ina seolann an príomhghnóthas iarnróid sonraí chuig na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/1056, déanfaidh sé na sonraí atá sa ‘ConsignmentNoteMessage’ [Teachtaireacht nóta coinsíneachta] dá dtagraítear sa phointe seo, agus i gcás inarb ábhartha sa ‘TrainCompositionMessage’ dá dtagraítear i bpointe 2.5.1 a athúsáid go comhsheasmhach. |
3.1.2. Córais áirithinte, íocaíochta agus sonrasctha do sheirbhísí iompair lastais ar iarnród
Sainaithnítear mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí agus na gcórais áirithinte, íocaíochta agus sonrasctha gaolmhara maidir le seirbhísí iompair lastais ar iarnród, lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin bunaithe ar thráthchlár dírithe ar idirmhód lena gcomhtháthaítear amanna maolánacha agus garspriocanna i gcríochfoirt lastais ilmhódacha, agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B.
3.2. Gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualaí
|
(1) |
Déanfaidh gnóthais iarnróid a bhfuil baint acu leis an tseirbhís chéanna iompair lastais ar iarnród a oibrítear mar iompar vaigíní aonair faisnéis a mhalartú go frithpháirteach agus áiritheoidh siad ina n-aonar go ndéanfar faireachán ar shuíomh agus ar stádas na vaigíní lastais, nó an tacair vaigíní lastais, a bhfuil siad freagrach as na sonraí a bhaineann le gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualaí mar a leagtar amach i bpointí 3.2.1 go 3.2.3. |
|
(2) |
Beidh forléargas ag an bpríomhghnóthas iarnróid ar shuíomh agus stádas reatha na vaigíní lastais nó an tacair vaigíní lastais, agus ar a n-ualaí, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis arna soláthar ag na gnóthais iarnróid a bhfuil baint acu leis an tseirbhís chéanna iompair lastais ar iarnród a oibrítear mar iompar vaigíní aonair. |
|
(3) |
Déanfar faireachán ar shuíomh reatha agus stádas an ualaigh, go háirithe na haonaid luchtaithe idirmhódúla, bunaithe ar shuíomh agus ar stádas na vaigíní lastais ar a bhfuil an t-ualach suite. |
|
(4) |
Féadfaidh gnóthais iarnróid lastais rannchuidiú le forbairt CÚnna gréasáin coiteanna an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14(6) agus Airteagal 21 chun rochtain a dheonú ar shonraí a bhaineann le gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualaí. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas iarnróid lastais foráil go comhpháirteach maidir le húsáid CÚnna gréasáin choitinn sin an Aontais, tabharfaidh an feidhmchlár sin rochtain ar shonraí a bhaineann le gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualach do pháirtithe leasmhara ábhartha teileamaitice de bhun Airteagal 4 agus maidir le húsáid na sonraí sin faoi choinníollacha an cheadúnais Creative Commons BY-NC-SA 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna chomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
3.2.1. Faisnéis maidir le gluaiseacht vaigíní
3.2.1.1.
|
(1) |
I gcás ina bhfuil gairis gheoshuímh feistithe ar vaigíní, tabharfaidh sealbhóir sonraí na sonraí suite geoshuíomh-bhunaithe rochtain ar na sonraí sin do na páirtithe leasmhara teileamaitice a úsáideann na vaigíní sin, nó i gcás inarb ábhartha do pháirtithe leasmhara teileamaitice eile, de bhun Airteagal 4. |
|
(2) |
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí i ndáil le suíomh geoshuíomh-bhunaithe vaigíní lastais mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
3.2.1.2.
|
(1) |
Beidh an ‘WagonStatusMessage’ [Teachtaireacht maidir le Stádas Vaigín] i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás páirtithe leasmhara teileamaitice a bhfuil baint acu le seirbhís iompair lastais ar iarnród a oibrítear mar iompar vaigíní aonair chun eolas leanúnach a bheith acu ar shuíomh agus stádas reatha vaigíní lastais:
|
|
(3) |
I gcás ina seolann páirtí leasmhar teileamaitice ‘WagonStatusMessage’, sonróidh sé an cineál teagmhais lena mbaineann an teachtaireacht sin i gcomhréir le pointí 3.2.1.3 go 3.2.1.13. |
|
(4) |
Mura bhfuil bunachar coiteann sonraí oibríochta vaigín agus aonaid luchtaithe idirmhódúil ar fáil i gcomhréir le pointe 3.3.3, nó mura n-úsáidtear CÚnna gréasáin choiteanna de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe 1.7.2, malartófar ‘WagonStatusMessage’ go déthaobhach de bhun Airteagal 4 trí fheidhmchlár teileamaitice dá dtagraítear in Airteagal 14 agus i bpointe 1.7. |
|
(5) |
Chun eolas leanúnach a bheith acu ar shuíomh agus ar stádas reatha vaigíní lastais i seirbhís iompair lasta d’iarnród nach n-oibrítear mar iompar vaigíní aonair, féadfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice a bhfuil baint acu leis an tseirbhís iompair sin na ceanglais a leagtar amach i bpointí 3.2.1.2 go 3.2.1.13 a chur i bhfeidhm go deonach bunaithe ar fhorálacha conarthacha. |
3.2.1.3.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Ready To Pull’ [Vaigín Réidh le Tarraingt] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar chuir an lódálaí nó, nuair is ábhartha, an t-é a líon an vaigín lastais, a sainítear an dá cheann acu in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/798, in iúl don phríomhghnóthas iarnróid go bhfuil a ualach, más ann dó, réidh le gluaiseacht, gan dochar do ról an ghnóthas iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/798, agus dá bhrí sin gur féidir an vaigín a tharraingt nó a bhrú ó shuíomh luchtaithe nó díluchtaithe sonraithe, déanfaidh an príomhghnóthas iarnróid, gan sábháilteacht an ualaigh a chur i mbaol i gcomhréir le STI OPE, mar a thagraítear dó i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, ‘Teachtaireacht maidir le Stádas Vaigín’ a sheoladh leis an gcineál teagmhais ‘Vaigín Réidh le Tarraingt’ i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2) den Iarscríbhinn seo chuig an ngnóthas iarnróid amach a mheastar a tharraingeoidh nó a bhrúfaidh an vaigín lastais sin ón suíomh sin. |
|
(3) |
Maidir le hiompar idirmhódúil, i gcás ina bhfuil oibreoir saoráidí seirbhíse lastais iarnróid freagrach as tacar vaigíní a luchtú nó a dhíluchtú, seolfaidh sé ‘Teachtaireacht Faisnéise Traenach’ dá dtagraítear i bpointe 2.6.1, fophointe (6), agus i bpointe 2.6.3 chuig an bpríomhghnóthas iarnróid, ina mbeidh an suíomh agus stádas na traenach agus lena ndeimhneofar dúnadh na traenach, is e sin go bhfuil an tacar vaigíní lastais luchtaithe nó díluchtaithe atá páirceáilte ag an bpointe tuairiscithe réidh le gluaiseacht gan sábháilteacht an ualaigh a chur i mbaol i gcomhréir le STI OBT. |
|
(4) |
I gcásanna eile, sainaithnítear mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí i ndáil le hullmhacht an ualaigh le haghaidh gluaiseacht idir an luchtaire nó líontóir vaigín lastais d’iompar aon vaigín amháin, ar thaobh amháin, agus an príomhgnóthas iarnróid, ar an taobh eile, agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
3.2.1.4.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Pulled’ den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar tarraingíodh nó inar brúdh vaigín lastais ó shuíomh luchtaithe nó díluchtaithe sonraithe, seolfaidh an gnóthas iarnróid amach atá freagrach as an vaigín lastais sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Pulled’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.5.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Left Origin’ [Vaigín imithe ón túsphointe] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar fhág vaigín lastais saoráid seirbhíse lastais iarnróid tionscnaimh le traein, seolfaidh an gnóthas iarnróid amach atá freagrach as an traein sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Left Origin’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.6.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Teacht an Vaigín’ den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar shroich vaigín lastais suíomh idirmheánach sonraithe le traein, seolfaidh an gnóthas iarnróid teachta atá freagrach as an traein sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Teacht an Vaigín’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.7.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Imeacht an Vaigín’ den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar fhág vaigín lastais suíomh idirmheánach sonraithe le traein, seolfaidh an gnóthas iarnróid amach atá freagrach as an traein sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘imeacht an vaigín’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.8.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Handed Over’ [Vaigín Tugtha ar Láimh] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás ina bhfuil athrú tagtha ar an bhfreagracht as gluaiseacht vaigín lastais idir gnóthais iarnróid i ndiaidh a chéile agus i gcás inar thug an gnóthas iarnróid an vaigín lastais ar láimh go fisiciúil don chéad ghnóthas eile ag pointe sonraithe idirmhalartaithe, seolfaidh an gnóthas iarnróid teachta ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Handed Over’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.9.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Taken Over’ [Vaigín glactha ar láimh] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás ina bhfuil athrú tagtha ar an bhfreagracht as gluaiseacht vaigín lastais idir gnóthais i ndiaidh a chéile agus i gcás ina bhfuil an vaigín lastais glactha ar láimh go fisiciúil ag an ngnóthas iarnróid imeachta ón ngnóthas iarnróid roimhe sin ag pointe sonraithe idirmhalartaithe, seolfaidh an gnóthas iarnróid imeachta teachtaireacht ‘Wagon Status’ [Stádas Vaigín] leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Taken Over’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2(2). |
3.2.1.10.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘WagonJourneyIrregularity’ [Neamhrialtacht i dturas an vaigín] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar gá beart a dhéanamh mar gheall ar theagmhas neamhrialta a bhaineann leis an vaigín lastais nó lena ualach a d’fhéadfadh cur isteach ar a iompar, seolfaidh an gnóthas iarnróid atá freagrach as an vaigín lastais sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘WagonJourneyIrregularity’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2), chun faisnéis a sholáthar maidir leis an teagmhas lena n-áirítear tuilleadh sonraí faoi chineál na neamhrialtachta agus a hiarmhairtí. |
3.2.1.11.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Journey Rectified’ den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar ceartaíodh neamhrialtacht i dturas vaigín lastais, seolfaidh an gnóthas iarnróid atá freagrach as an vaigín lastais sin teachtaireacht ‘Wagon Status’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Journey Rectified’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.1.12.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Reached Destination’ [vaigín ag an gceann scríbe] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar tháinig vaigín lastais le traein chuig saoráid seirbhíse lastais iarnróid cinn scríbe, seolfaidh an gnóthas iarnróid teachta atá freagrach as an traein sin teachtaireacht ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Reached Destination’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2(2). |
3.2.1.13.
|
(1) |
Beidh an cineál teagmhais ‘Wagon Delivered’ [vaigín seachadta] den ‘WagonStatusMessage’ i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás inar seachadadh vaigín lastais chuig an suíomh luchtaithe nó díluchtaithe, seolfaidh an gnóthas iarnróid teachta atá freagrach as an vaigín nó as an tacar vaigíní lastais sin ‘WagonStatusMessage’ leis an gcineál teagmhais ‘Wagon Delivered’, i gcomhréir le pointe 3.2.1.2 (2). |
3.2.2. Gluaiseacht aonaid luchtaithe idirmhódúil
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí i ndáil le gluaiseacht aonad luchtaithe idirmhódúil mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
3.2.3. Faisnéis réamhaisnéise vaigín
|
(1) |
Beidh an teachtaireacht réamhaisnéise vaigín (‘WagonETI_ETAMessage’) i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
Chun faisnéis réamhaisnéise vaigín a sholáthar do pháirtithe leasmhara teileamaitice eile a bhfuil baint acu le seirbhís iompair ar iarnród a oibrítear mar iompar vaigíní aonair, faisnéis lena ndeimhnítear uainiú comhaontaithe nó lena dtugtar fógra faoi aon athrú, seolfaidh gach gnóthas iarnróid, mar chuid den ‘Teachtaireacht Foláirimh’, an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín ag an gceann scríbe (‘ETA’) nó an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín ag an bpointe idirmhalartaithe (‘ETI’) chuig:
|
|
(3) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid faireachán ar iompar fisiceach ualaigh agus, tráth nach déanaí ná an t-am imeachta ón túsphointe, nó ón bpointe deiridh idirmhalartaithe, ríomhfaidh sé an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín a bhaineann leis na cineálacha teagmhais agus na pointí tuairiscithe seo a leanas:
|
|
(4) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid faisnéis réamhaisnéise vaigín a ríomh agus a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
|
|
(5) |
I gcás ina gcomhroinneann nó ina ndeonaíonn gnóthas iarnróid rochtain ar fhaisnéis réamhaisnéise vaigín, áiritheoidh sé gur leor cáilíocht na faisnéise sin chun go ndéanfaidh an príomhghnóthas iarnróid measúnú ar a chruinneas i gcomhréir le pointe 1.5 agus leis an modheolaíocht tomhais ex post a leagtar amach i bhFoscríbhinn E. |
|
(6) |
Cuirfidh an príomhghnóthas iarnróid an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín (‘ETA’) bunaithe ar ‘WagonETI_ETAMessage’ a fuarthas ó ghnóthas iarnróid i gcomparáid leis na hamanna a comhaontaíodh leis na custaiméirí lastais (‘ArrivalTimeAtLocation’), agus cuirfidh sé na gnóthais iarnróid lena mbaineann ar an eolas. |
3.3. Sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lastas
3.3.1. Ginearálta
|
(1) |
Chun tacú le hullmhú traenacha lastais i gcomhréir le pointe 2.5 agus le hoibríocht vaigín lastais i gcomhréir le pointe 3.2.1, áiritheoidh gach coimeádaí feithicle go ndéanfar sonraí tagartha rothstoic a chomhroinnt trí bhunachair sonraí tagartha rothstoic chaighdeánaithe agus chónasctha dá dtagraítear i bpointe 3.3.2. |
|
(2) |
Chun tacú le hoibriú an iompair idirmhódúil i gcomhréir le pointe 3.2.2:
|
|
(3) |
Na páirtithe leasmhara teileamaitice atá freagrach as sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lasta de bhun phointí (1) agus (2), déanfaidh siad a sonraí tagartha a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 8(4) agus Airteagal 10 agus tabharfaidh siad rochtain orthu lena n-úsáid faoi choinníollacha an cheadúnais Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna. |
3.3.2. Bunachair sonraí tagartha rothstoic
|
(1) |
Faoi chomhordú na Gníomhaireachta, comhoibreoidh coimeádaithe feithiclí chun bunachair sonraí tagartha rothstoic chaighdeánaithe agus chónasctha a chur ar bun, a bhainistiú agus a chothabháil ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [103]. |
|
(2) |
Tá coimeádaithe feithiclí freagrach as sonraí tagartha rothstoic a líonadh agus a chothabháil i mbunachair sonraí tagartha rothstoic i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [103], agus áiritheoidh siad cáilíocht na sonraí. Chuige sin, áiritheoidh coimeádaithe feithiclí go mbeidh na sonraí a chomhroinntear cothrom le dáta agus go léireoidh siad go cruinn stádas na bpróiseas a chuirfear ar an bhfeithicil i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. |
|
(3) |
Chun críoch phointe (1), déanfaidh coimeádaithe feithiclí aon sonraí tagartha rothstoic ó na cláir seo a leanas a athúsáid i mbunachair sonraí tagartha rothstoic:
|
|
(4) |
Chun méid na sonraí a chomhroinntear chun críoch oibríochtúil a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht oibríochtaí vaigín lastais dá dtagraítear i bpointe 3.3.1 a mhéadú, áiritheoidh coimeádaithe feithiclí go gcuirfidh bunachair sonraí tagartha rothstoic sonraí tagartha an rothstoic ar fáil go héasca agus go cothrom do pháirtithe leasmhara teileamaitice de bhun Airteagal 4 agus faoi choinníollacha an cheadúnais Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna. |
|
(5) |
Déanfar sonraí tagartha a chomhroinntear i mbunachair sonraí tagartha rothstoic a ghrúpáil mar seo a leanas:
|
3.3.3. Bunachair sonraí tagartha an aonaid luchtaithe idirmhódúil
|
(1) |
Faoi chomhordú na Gníomhaireachta, comhoibreoidh coimeádaithe aonad luchtaithe idirmhódúil (‘coimeádaithe ALIM’) chun bunachair sonraí tagartha chaighdeánaithe chónasctha a bhunú, a bhainistiú agus a choinneáil ar bun le haghaidh aonaid luchtaithe idirmhódúla (ALIManna) i gcomhréir le pointí (3), (4) agus (5) agus leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [103] agus [1]. |
|
(2) |
Beidh coimeádaithe ALIM freagrach as sonraí ardcháilíochta a líonadh agus a chothabháil sna bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (1). Chuige sin, áiritheoidh coimeádaithe ALIM go mbeidh na sonraí a chomhroinntear cothrom le dáta agus go léireofar go cruinn leo stádas na bpróiseas a dhéantar le ALIM i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. |
|
(3) |
Cuirfear na sonraí tagartha ar fáil go poiblí trí na bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (1) agus áireofar iontu na sonraí seo a leanas:
|
|
(4) |
Chun méid na sonraí a chomhroinntear chun críoch oibríochtúil a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht gluaiseachtaí ALIM dá dtagraítear i bpointe 3.2.2 a mhéadú, áiritheoidh coimeádaithe ALIM go gcuirfidh na bunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (1) sonraí tagartha an ALIM ar fáil go héasca agus go cothrom do pháirtithe leasmhara teileamaitice de bhun Airteagal 4 agus faoi choinníollacha an cheadúnais Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna. |
|
(5) |
Déanfar sonraí tagartha a chomhroinntear i gcomhréir le pointe (3) a ghrúpáil mar a leanas:
|
3.3.4. Bunachair sonraí oibríochtúla maidir le vaigíní agus aonaid luchtaithe idirmhódúla
3.3.4.1.
|
(1) |
Chun rianú ar ghluaiseacht traenach i gcomhréir le pointe 2.6 agus ar ghluaiseacht vaigín lastais agus aonaid luchtaithe idirmhódúil (ALIM) i gcomhréir le pointe 3.2 agus cumarsáid ghaolmhar idir an príomhghnóthas iarnróid agus gnóthais iarnróid eile lena mbaineann a áirithiú, féadfaidh an gnóthas iarnróid na sonraí gluaiseachta traenach a chomhroinntear le bainisteoirí bonneagair agus le hoibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid lena mbaineann agus leis an bpríomhghnóthas iarnróid i gcomhréir le pointe 2.6 a bhriseadh síos i sonraí gluaiseachta vaigín lastais i gcomhréir le pointe 3.2.1 agus sonraí a bhaineann le gluaiseacht ALIManna i gcomhréir le pointe 3.2.2. I gcásanna den sórt sin, comhroinnfear na sonraí sin i gcomhréir le pointí (4) go (8) den phointe seo. |
|
(2) |
Beidh cumarsáid oibríochtúil idir an príomhghnóthas iarnróid agus an gnóthas iarnróid eile lena mbaineann bunaithe ar shonraí tagartha arna gcomhroinnt ar na bealaí seo a leanas:
|
|
(3) |
Beidh sonraí tráchta traenach a chomhroinneann gnóthais iarnróid i gcomhréir le pointe 2.6 bunaithe freisin ar shonraí maidir le stádas oibríochtúil vaigíní lastais dá dtagraítear i bpointe 3.3.4 nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil. |
|
(4) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar mhéid na sonraí a chomhroinntear chun críoch oibríochtúil agus maidir le faisnéis do chustaiméirí lastais agus chun éifeachtúlacht bhainistiú na vaigíní lastais agus na ALIManna dá dtagraítear i bpointe 3.2 a mhéadú, féadfaidh gach gnóthas iarnróid oibriú i gcomhar chun bunachair sonraí thagartha oibríochtúla caighdeánaithe agus cónasctha maidir le vaigíní agus aonaid luchtaithe idirmhódúla (‘OVIM’) a chur ar bun, a bhainistiú agus a chothabháil i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [102]. |
|
(5) |
Le bunachair sonraí OVIM, cuirfear sonraí stádais oibríochtúil vaigíní lastais agus ALIManna dá dtagraítear i bpointe 3.3.4 ar fáil go héasca agus go cothrom do na páirtithe leasmhara teileamaitice uile de bhun Airteagal 4(1), lena n-áirítear coimeádaithe feithiclí agus bainisteoirí flíteanna, agus do na custaiméirí lastais dá dtagraítear sa chonradh iompair. Bainfear comhroinnt sonraí chomhfhreagrach amach trí fheidhmchlár teileamaitice i gcomhréir le hAirteagal 14 agus pointe 1.7. |
|
(6) |
Beidh gach gnóthas iarnróid freagrach as sonraí cáilíochta maidir le stádas vaigín lastais a chur i mbunachair sonraí OVIM agus na sonraí sin a chothabháil. Chuige sin, áiritheoidh gach gnóthas iarnróid go mbeidh na sonraí a chomhroinntear cothrom le dáta agus go léireofar go cruinn leo stádas na bpróiseas nach mór a dhéanamh ar vaigíní lastais agus ALIManna de bhun na reachtaíochta is infheidhme. |
|
(7) |
Beidh sonraí fíor-ama i mbunachair sonraí OVIM a bhaineann le gluaiseacht vaigín lastais nó ALIM ón imeacht go dtí a sheachadadh deiridh ar thaobhlaigh na gcustaiméirí lastais. Áireofar sna sonraí faisnéis reatha vaigín dá dtagraítear i bpointe 3.2.1 agus faisnéis réamhaisnéise vaigín dá dtagraítear i bpointe 3.2.3. |
|
(8) |
Déanfar sonraí tráchta traenach, faisnéis reatha vaigíní agus tuar traenach, agus faisnéis a bhaineann le gluaiseacht ALIManna a chomhroinnt trí bhunachair sonraí OVIM ag na gnóthais iarnróid ar a dhéanaí ag am scaoilte an vaigín lastais nó ALIM ón gcustaiméir lastais dá dtagraítear sa chonradh iompair. Is é an t-am scaoilte an chéad iontráil arna roinnt ag an ngnóthas iarnróid imeachta ag an tsaoráid seirbhíse lasta iarnróid (‘an gnóthas iarnróid amach’) i mbunachair sonraí OVIM maidir le gluaiseacht vaigín lastais nó ALIM le haghaidh seirbhís iompair lasta aitheanta d’iarnród. |
3.3.4.2.
Cláróidh gach gnóthas iarnróid tionscnaimh an stádas ‘luchtú an vaigín lastais’ agus tabharfaidh sé rochtain air i mbunachair sonraí OVIM. Cuirfidh sé an stádas sin i bhfeidhm go dtí go dtabharfaidh an custaiméir lasta dá dtagraítear sa chonradh iompair fógra dó faoi fhoirceannadh an luchtaithe.
3.3.4.3.
Cláróidh an gnóthas iarnróid amach an stádas ‘loaded freight wagon on journey’ agus deonóidh sé rochtain air i mbunachair sonraí OVIM ar imeacht ón tionscnamh dó, i gcomhréir le pointe 3.2.1.5, i gcás vaigín lastais atá luchtaithe.
3.3.4.4.
Cláróidh an gnóthas iarnróid amach an stádas ‘vaigín lastais folamh ar thuras’ agus deonóidh sé rochtain air i mbunachair sonraí OVIM ar imeacht ón tionscnamh dó, i gcomhréir le pointe 3.2.1.5, i gcás vaigín lastais atá folamh.
3.3.4.5.
Cláróidh an gnóthas iarnróid teachta saoráid seirbhíse lastais iarnróid cinn scríbe (‘an gnóthas iarnróid isteach’) an stádas ‘díluchtú an vaigín lastais’ agus tabharfaidh sé rochtain air i mbunachair sonraí OVIM. Cuirfidh sé an stádas sin i bhfeidhm go dtí go dtabharfaidh an custaiméir lasta dá dtagraítear sa chonradh iompair fógra dó faoi fhoirceannadh an dhíluchtaithe.
3.3.4.6.
Cláróidh an gnóthas iarnróid isteach an stádas ‘vaigín lastais folamh faoi rialú bainistithe flít’ i mbunachair sonraí OVIM, chun infhaighteacht vaigín lastais folamh a bhfuil saintréithe sonraithe aige a léiriú.
3.4. Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair, oibreoirí saoráidí seirbhísí lastais iarnróid agus gnóthais iarnróid sonraí a chomhroinnt le páirtithe leasmhara teileamaitice eile atá freagrach as naisc le modhanna eile iompair a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus na ceanglais a leagtar síos i Roinn 3.
4. TICÉADÚ IARNRÓID I NDÁIL LE SEIRBHÍSÍ IARNRÓID DO PHAISINÉIRÍ AGUS FAISNÉIS TAISTIL DO PHAISINÉIRÍ AR IARNRÓD
4.1. Ginearálta
|
(1) |
Leagtar síos le forálacha Roinn 4 seo na ceanglais maidir le comhroinnt idir-inoibritheach sonraí is gá chun na próisis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), a dhéanamh le haghaidh aon seirbhís iarnróid do phaisinéirí a oibrítear san Aontas. |
|
(2) |
Leagtar síos cearta chun rochtain a fháil ar shonraí ticéadaithe iarnróid in Airteagail 4 agus 6. |
|
(3) |
Is é a bheidh sna sonraí ticéadaithe iarnróid na nithe seo a leanas:
|
4.2. Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí
4.2.1. Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí
Tá feidhm ag forálacha an phointe seo maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí.
|
(1) |
Sonraí an tráthchláir paisinéirí a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(1), comhlíonfar na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [P.2] agus [P.4] leo sin. |
|
(2) |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i sonraí thráthchlár na bpaisinéirí:
|
|
(3) |
Deonóidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar a shonraí uile atá ann cheana maidir le tráthchlár paisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(4) |
Tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis do na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann tráthchlár críochnaitheach oibre de chuid seirbhíse iarnróid do phaisinéirí a fhoilsiú, deonóidh gach gnóthas iarnróid lena mbaineann, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar shonraí an tráthchláir bhliantúil do phaisinéirí na seirbhíse sin i gcomhréir le hAirteagal 6(1). |
|
(5) |
Tráth nach déanaí ná 3 seachtaine sula ngabhfaidh éifeacht le nuashonrú ar an tráthchlár paisinéirí le haghaidh seirbhíse iarnróid do phaisinéirí, déanfaidh gach gnóthas iarnróid lena mbaineann, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, sonraí an tráthchláir bhliantúil paisinéirí i ndáil leis an tseirbhís sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Déanfar sonraí thráthchlár bliantúil na bpaisinéirí na seirbhíse sin a thabhairt cothrom le dáta freisin i gcás ina mbeidh tionchar ag scor na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/782 air. Féadfaidh gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, in imthosca eisceachtúla, nuashonruithe éigeandála a chur i bhfeidhm laistigh de sprioc-amanna níos giorra ar a thráthchlár bliantúil paisinéirí ar sheirbhís iarnróid do phaisinéirí. |
|
(6) |
Deonóidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar shonraí tráthchláir do phaisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ar feadh 12 mhí ar a laghad tar éis don tseirbhís iarnróid chomhfhreagrach do phaisinéirí teacht. |
|
(7) |
I gcás ina n-oibreoidh roinnt gnóthas iarnróid seirbhís iarnróid dhíreach do phaisinéirí, bíodh stadanna stáisiún idirmheánacha ag gabháil léi nó ná bíodh, nó i gcás ina mbeidh sé beartaithe go n-oibreoidh roinnt gnóthas iarnróid í, comhordóidh an príomhghnóthas iarnróid, arna ainmniú de bhun Airteagal 13, le gach gnóthas iarnróid eile a oibríonn an tseirbhís sin chun sonraí an tráthchláir paisinéirí a chomhiomlánú le haghaidh na stadanna uile a bhfreastalaíonn an tseirbhís sin orthu. Maidir le gach cuid aonair de sheirbhís iarnróid do phaisinéirí a oibríonn gnóthas iarnróid aonair, leanfaidh an gnóthas sin de bheith freagrach as rochtain a dheonú de bhun Airteagal 6 ar na sonraí arna gcomhiomlánú ag an bpríomhghnóthas iarnróid. |
|
(8) |
Is éard a bheidh i sonraí thráthchlár na bpaisinéirí a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(1) an méid seo a leanas:
|
4.2.2. Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna
|
(1) |
Sonraí an tráthchláir paisinéirí i ndáil le nasc-amanna a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(2), comhlíonfar na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [P.2] agus [P.4] leo sin. |
|
(2) |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna:
|
|
(3) |
Deonóidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar a shonraí maidir lena thráthchlár paisinéirí i ndáil le nasc-amanna i gcomhréir le hAirteagal 6(2) lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(4) |
Tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis do na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann tráthchlár críochnaitheach oibre seirbhíse iarnróid do phaisinéirí a fhoilsiú, deonóidh gach bainisteoir stáisiúin lena mbaineann, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, rochtain i gcomhréir le hAirteagal 6(2) ar na nasc-amanna is infheidhme maidir leis an tseirbhís sin le haghaidh an tráthchláir bhliantúil paisinéirí atá ar na bacáin. |
|
(5) |
Tráth nach déanaí ná 3 seachtaine sula ngabhfaidh éifeacht le nuashonrú ar thráthchlár bliantúil nasc-amanna na bpaisinéirí, déanfaidh bainisteoirí stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha bainisteoirí bonneagair nó sealbhóirí sonraí, atá freagrach as na hathruithe sin sonraí comhfhreagracha an tráthchláir paisinéirí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 6(2). Féadfaidh bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha bainisteoir bonneagair nó sealbhóir sonraí, nuashonruithe éigeandála a chur i bhfeidhm go heisceachtúil laistigh de sprioc-amanna níos giorra. |
|
(6) |
Deonóidh gach bainisteoir stáisiúin lena mbaineann, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, rochtain i gcomhréir le hAirteagal 6(2) ar shonraí a bhaineann lena thráthchlár paisinéirí maidir le nasc-amanna ar feadh 12 mhí ar a laghad tar éis dheireadh bhailíocht na sonraí sin. |
|
(7) |
I gcás ina ndéanann bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, dáileoir nó miondíoltóir dhá sheirbhís iarnróid do phaisinéirí nó níos mó a chomhcheangal nó a nascadh, úsáidfidh siad na nasc-amanna a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcomhréir le pointí 4.2.2.2 agus 4.2.2.3. |
|
(8) |
Is éard a bheidh i sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(2) formáid dhigiteach mheaisín-inléite de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún chun rochtain dhigiteach a dheonú ar amanna aistrithe réamhshocraithe ag idirmhalartaithe dá dtagraítear i bpointe 1.1 (d), fophointí (i) agus (ii) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin mar chuid de shonraí taistil statacha. |
4.2.2.1.
|
(1) |
Bunóidh bainisteoirí stáisiúin, i gcomhréir leis an tábla seo a leanas, na nasc-amanna íosta de bhun Airteagal 15 i bhfianaise am teachta poiblí na seirbhíse iompair paisinéirí isteach agus am imeachta poiblí na seirbhíse iompair paisinéirí amach, lena n-áirítear an t-am breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun paisinéirí, rothair nó bagáiste a sheiceáil isteach:
|
|
(2) |
I gcás stáisiúin a bhfuil ardán aonair acu nach bhfreastalaíonn aon seirbhís sceidealaithe iompair do phaisinéirí orthu seachas iarnród, comhfhreagróidh an nasc-am íosta sa stáisiún sin d’fhad na stadanna traenach sa stáisiún sin nó beidh sé ar neamhní. |
4.2.2.2.
Úsáidfear na nasc-amanna is infheidhme laistigh d’aon staisiún amháin mar a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta le haghaidh péire sonrach seirbhísí iompair paisinéirí amach agus isteach, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na seirbhísí sin; |
|
(b) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir na seirbhísí iompair paisinéirí amach de chuid gnóthas iarnróid sonrach maidir le cineál sonrach seirbhíse nó ainm branda agus na seirbhísí iompair paisinéirí isteach de chuid gnóthas iarnróid sonrach maidir le cineál sonrach seirbhíse nó ainm branda, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na cineálacha sonracha seirbhísí sin; |
|
(c) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir seirbhísí iompair paisinéirí amach de chineál sonrach seirbhíse nó ainm branda agus na seirbhísí iompair paisinéirí isteach de chineál sonrach seirbhíse nó ainm branda, gan beann ar na gnóthais oibriúcháin lena mbaineann, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na cineálacha sonracha seirbhísí sin; |
|
(d) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir gnóthas amach sonrach agus gnóthas isteach sonrach, gan beann ar chineál seirbhíse nó ainm branda na seirbhísí iompair paisinéirí lena mbaineann, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir seirbhísí iompair paisinéirí na ngnóthas sonrach sin; |
|
(e) |
i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (d), cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí an nasc-am íosta réamhshocraithe a shonraítear don stáisiún sin i bhfeidhm. |
4.2.2.3.
Úsáidfear na nasc-amanna is infheidhme idir dhá stáisiún mar a leanas:
|
(a) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir gnóthas amach sonrach i ndáil le cineál sonrach seirbhíse iompair paisinéirí nó ainm branda agus gnóthas isteach sonrach i ndáil le cineál sonrach seirbhíse iompair paisinéirí nó ainm branda, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na seirbhísí sonracha sin; |
|
(b) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir seirbhísí iompair paisinéirí amach de chineál sonrach seirbhíse nó ainm branda agus na seirbhísí iompair paisinéirí isteach de chineál sonrach seirbhíse nó ainm branda, gan beann ar na gnóthais oibriúcháin lena mbaineann, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na cineálacha sonracha seirbhísí sin; |
|
(c) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta idir gnóthas amach sonrach agus gnóthas isteach sonrach, gan beann ar chineál nó ainm branda na seirbhísí iompair paisinéirí lena mbaineann, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar nasc-am íosta idir seirbhísí iompair paisinéirí na ngnóthas sonrach sin; |
|
(d) |
i gcás ina mbunófar nasc-am íosta réamhshocraithe idir dhá stáisiún, cuirfidh bainisteoirí stáisiúin, gnóthais iarnróid, dáileoirí agus miondíoltóirí i bhfeidhm é mar an nasc-am íosta idir na stáisiúin sin; |
|
(e) |
i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (d), ní fhéadfar aon nasc-am íosta a chur i bhfeidhm. |
4.2.2.4.
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht ríomh na ngnéithe seo a leanas mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo:
|
(1) |
nasc-am do phaisinéirí; |
|
(2) |
nasc-am oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; |
|
(3) |
nasc-am curtha in oiriúint do phaisinéirí a iompraíonn rothar; |
|
(4) |
am breise chun paisinéirí, rothair nó bagáiste a sheiceáil isteach. |
4.3. Sonraí taraife
4.3.1. Sonraí taraife le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí
|
(1) |
Sonraí faoi tharaifí a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(3), comhlíonfar na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [P.3] agus [B.16] leo sin. |
|
(2) |
Maidir le rochtain dhíreach ar shonraí taraife agus úsáid tráchtála a bhaint astu de bhun an dara habairt d’Airteagal 6(3), agus go dtí go ndéanfar na forbairtí amach anseo a liostaítear in Airteagal 23, pointí (c) agus (e), féadfar úsáid formáidí sonraí eile atá go hiomlán comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [P.7], a chomhaontú ar bhonn conarthach. |
|
(3) |
Áireofar sna sonraí taraife seirbhísí iompair do phaisinéirí d’iarnród, nó cuid de na seirbhísí sin, agus an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
|
|
(4) |
Deonóidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar a shonraí taraife uile atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 6(3) lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(5) |
Tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis do na bainisteoirí bonneagair ábhartha tráthchlár críochnaitheach oibre seirbhíse iarnróid do phaisinéirí a fhoilsiú, deonóidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, rochtain ar na sonraí taraife uile atá ann cheana le haghaidh na seirbhíse sin i gcomhréir le hAirteagal 6(3) chun a áirithiú gur féidir an tseirbhís a cheannach roimh ré, gan dochar do tharaifí eile le haghaidh na seirbhíse iarnróid do phaisinéirí céanna a chuirfí ar fáil i gcomhréir lena gcoinníollacha díolacháin faoi seach. |
|
(6) |
6 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht le nuashonrú taraife le haghaidh seirbhís iarnróid do phaisinéirí, agus gan dochar do tharaifí eile le haghaidh na seirbhíse céanna a chuirfí ar fáil i gcomhréir lena choinníollacha díolacháin faoi seach, deonóidh an gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, atá freagrach as na hathruithe sin, rochtain ar shonraí comhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 6(3). |
|
(7) |
Is éard a bheidh sna sonraí taraife a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(3):
|
4.3.2. Rialacha maidir le heisiúint ticéad agus cigireachtaí ticéad a bhainistiú
|
(1) |
Chun na rialacha maidir le heisiúint ticéad agus cigireacht ticéad a chur chun feidhme go comhsheasmhach idir gnóthais iarnróid, dáileoirí, eisitheoirí agus eagraíochtaí rialaithe ticéad, tabharfaidh gach gnóthas iarnróid rochtain ar na nithe seo a leanas:
|
|
(2) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an sealbhóir sonraí, an tuairisc ar na rialacha maidir le heisiúint ticéad agus cigireacht ticéad mar shonraí struchtúrtha i bhformáid mheaisín-inléite a chomhroinnt le haon dáileoir nó le haon eisitheoir atá údaraithe chun athnascadh le hinfhaighteacht a tháirgí, chomh maith le heagraíochtaí rialaithe ticéad. |
Sainaithnítear gnéithe a bhaineann le hidir-inoibritheacht theicniúil na comhroinnte sonraí comhfhreagraí mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
4.3.3. Faisnéis faoi bhealaí díolacháin ar líne na ngnóthas iarnróid
I gcás ina gcuirfidh páirtí leasmhar teileamaitice a bhfuil baint aige le pleanáil turas mar chuid de phróisis ticéadaithe iarnróid faisnéis i láthair a eascraíonn as pleanáil turais bunaithe ar shonraí a bhfuarthas rochtain orthu faoi Airteagail 4 go 6 le haghaidh táirgí iarnróid, ní bheidh sé údaraithe an fhaisnéis sin a dhíol ná a dháileadh, ar a laghad, athnascfaidh sé an fhaisnéis sin chuig na bealaí díolacháin ar líne dá dtagraítear i bpointe 4.2.1 (2) (u).
4.4. Coinníollacha iompair
4.4.1. Ginearálta
|
(1) |
Beidh an fhaisnéis a liostaítear i bpointí 4.4.2 go 4.4.6 sna sonraí a bhaineann leis na coinníollacha iompair. |
|
(2) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid, le haghaidh na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a oibríonn sé, rochtain a dheonú ar shonraí a bhaineann leis na coinníollacha iompair de bhun Airteagal 6(1) lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(3) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid na coinníollacha iompair is infheidhme maidir leis na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a oibríonn sé a fhoilsiú agus a thaispeáint ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. |
|
(4) |
I gcás ina gcuirfidh miondíoltóir seirbhís iarnróid do phaisinéirí i láthair, taispeánfaidh sé ar a shuíomh gréasáin agus ar a fheidhmchláir mhóibíleacha na coinníollacha iompair bunaithe ar shonraí a bhfuil rochtain aige orthu i gcomhréir le pointe (2) nó trí nasc chuig foilsiú gnóthais iarnróid ábhartha i gcomhréir le pointe (3). |
|
(5) |
Beidh an suíomh gréasáin agus na feidhmchláir mhóibíleacha a úsáidtear chun na coinníollacha iompair a thaispeáint de bhun phointí (4) agus (5) inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hinrochtaineacht a leagtar amach sna sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [P.6]. |
|
(6) |
Taispeánfar cur i láthair na gcoinníollacha iompair ar bhealach atá sainaitheanta go soiléir agus beidh rochtain air i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/782 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (7) (STI PRM), dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(7) |
6 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht le nuashonrú ar choinníollacha iompair seirbhíse iarnróid do phaisinéirí, deonóidh na gnóthais iarnróid atá freagrach as na hathruithe sin rochtain ar shonraí comhfhreagracha de bhun Airteagal 6. Liostóidh na gnóthais iarnróid na pointí a athraíodh i gcomparáid leis an leagan roimhe sin. I gcás gach athraithe, coinneoidh siad an rochtain ar an leagan níos luaithe de na sonraí ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad tar éis dó scor d’fheidhm a bheith aige. |
|
(8) |
Is éard a bheidh sna coinníollacha carráistí a chomhroinntear de bhun Airteagal 6(1) an méid seo a leanas:
|
4.4.2. Coinníollacha maidir le hiompar paisinéirí
Tarraingeoidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le coinníollacha iompair paisinéirí:
|
(a) |
coinníollacha iompair an ghnóthais iarnróid; |
|
(b) |
faisnéis faoi chearta paisinéirí de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/782; |
|
(c) |
na modhanna íocaíochta a nglactar leo; |
|
(d) |
coinníollacha díolacháin agus iardhíola, go háirithe maidir le ticéid a mhalartú agus aisíocaíocht a fháil ina leith; |
|
(e) |
nósanna imeachta maidir le gearáin a chur isteach gan dochar d’Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/782 agus i gcomhréir leis an Airteagal sin. |
4.4.3. Coinníollacha iompair agus cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (‘PRM’)
4.4.3.1.
Tarraingeoidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le hinrochtaineacht rothstoic:
|
(a) |
na cineálacha traenach agus uimhreacha traenach i gcás ina bhfuil saoráidí PRM ar fáil (uimhir na líne i gcás nach féidir uimhreacha traenacha sonracha a chur ar fáil go poiblí); |
|
(b) |
cineálacha agus íoschainníochtaí saoráidí PRM sna traenacha mar a shonraítear in STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla; |
|
(c) |
na modhanna chun cúnamh a iarraidh maidir le bordáil agus tuirlingt de thraenacha, go háirithe an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
(d) |
uasmhéid agus meáchan uasta cathaoireacha rothaí, lena n-áirítear meáchan an phaisinéara, a cheadaítear gan dochar do STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo; |
|
(e) |
coinníollacha iompair le haghaidh daoine tionlacain agus/nó ainmhithe; |
|
(f) |
nasc ina bhfuil na coinníollacha rochtana ar an stáisiún ar fáil i gcomhréir le pointe 4.4.3.2. |
4.4.3.2.
|
(1) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí a tharraingt ar fhaisnéis a bhaineann le hinrochtaineacht na stáisiún imeachta agus teachta bunaithe ar na sonraí inrochtaineachta dá dtagraítear i bpointe (2), i gcás ina mbeidh sí ar fáil. |
|
(2) |
An t-eintiteas atá i gceannas ar shonraí inrochtaineachta a bhailiú, a chothabháil agus a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 7a de STI PRM, déanfaidh sé na sonraí sin a bhailiú, a thiontú agus a aistriú chuig bunachar sonraí inrochtaineachta na stáisiún iarnróid Eorpach arna óstáil ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Aistreofar na sonraí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach sna sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.15], den Iarscríbhinn seo, agus faoi choinníollacha rochtana cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0 nó aon cheadúnas oscailte coibhéiseach nó nach bhfuil chomh sriantach céanna nó aon choinníoll rochtana coibhéiseach nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
4.4.4. Coinníoll maidir le bagáiste a iompar
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí a tharraingt ar fhaisnéis a bhaineann leis na coinníollacha a bhaineann le bagáiste a iompar, lena n-áirítear bagáiste a iompar i gcás ina dtairgtear seirbhís chun bagáiste a chlárú.
4.4.5. Coinníollacha maidir le rothair a iompar
|
(1) |
Tarraingeoidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le coinníollacha chun rothair a iompar i gcás ina dtairgtear rothair a iompar i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/782:
|
|
(2) |
Cuirfidh gach gnóthas iarnróid in iúl mura dtairgtear rothair a iompar. |
4.4.6. Coinníollacha maidir le hiompar gluaisteán, gluaisrothar agus bád (‘gluaisteáin’)
Tarraingeoidh gach gnóthas iarnróid, nó i gcás inarb ábhartha an miondíoltóir, aird na bpaisinéirí ar an bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le coinníollacha chun gluaisteáin a iompar i gcás ina dtairgtear seirbhís chun gluaisteáin a iompar:
|
(a) |
cineálacha agus líon na dtraenacha ar a bhfuil iompar gluaisteán ar fáil; |
|
(b) |
amanna agus tréimhsí ar leith ina mbeidh carraeireacht ar fáil; |
|
(c) |
na taraifí caighdeánacha ar iompar gluaisteán, lena n-áirítear taraifí ar chóiríocht do phaisinéirí i gcás inarb é an gnóthas iarnróid a thairgeann cóiríocht; |
|
(d) |
an seoladh agus an t-am sonrach chun gluaisteáin a luchtú ar an traein; |
|
(e) |
seoladh sonrach agus am teachta na traenach ag an stáisiún cinn scríbe chun gluaisteáin a dhíluchtú ón traein; |
|
(f) |
méid, meáchan agus teorainneacha eile maidir le hiompar gluaisteán. |
4.5. Infhaighteacht agus áirithintí
4.5.1. Ginearálta
|
(1) |
Féadfaidh údarú chun seirbhís a sholáthar le haghaidh socruithe pearsantaithe deimhnithe, eadhon áirithint, amhail iompar, cóiríocht nó cúnamh, arna iarraidh sin don dáileoir, a bheith mar chuid d’idirbheart aonair ina gcomhcheanglaítear conradh iompair agus cineál sonraithe cúnaimh amháin nó níos mó nó cineálacha sonracha cóiríochta. |
|
(2) |
De rogha air sin, ní fhéadfaidh baint a bheith ag áirithint, de bhreis ar an gconradh iompair, ach le díol áirithinte le haghaidh cineál sonraithe cúnaimh nó le haghaidh aon chineál cóiríochta do phaisinéirí amhail suíochán, leaba shuíocháin, urrann chodlata, suíochán tosaíochta nó spás do chathaoireacha rothaí. D’fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh sé le seirbhís iarnróid do phaisinéirí a chur in áirithe a bhaineann le bagáiste nó gluaisteán a iompar nó le spás rothair a chur in áirithe. |
|
(3) |
Le hinfhaighteacht táirge iarnróid, tagrófar do tháirge iarnróid is féidir le paisinéir a cheannach ag pointe áirithe ama le haghaidh:
|
|
(4) |
I gcás ina mbeidh taraif nó táirge faoi réir seiceáil infhaighteachta, ach má tá sé díolta amach nó nach mbeidh sí infheidhme lena ceannach ag paisinéir ag pointe áirithe ama le haghaidh traein ar leith, fanfaidh faisnéis maidir le seirbhísí comhfhreagracha ar fáil agus curtha ar fáil ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir arna iarraidh sin. |
|
(5) |
Beidh dáileoir in ann na táirgí iarnróid a fhaightear ó ghnóthas iarnróid amháin nó níos mó nó ó dháileoir eile amháin nó níos mó a chomhcheangal ar bhealach cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, go neamhspleách ar na gnóthais iarnróid lena mbaineann. Beidh an dáileoir in ann faisnéis turais a aisghabháil óna phleanálaí turais agus na praghsanna gaolmhara nó an raon praghsanna a chinneadh le haghaidh gach céime den turas paisinéara, ina hiomláine nó, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh codanna de. Beidh pleanálaí turais agus inneall praghsála an dáileora araon in ann úsáid a bhaint as sonraí a bhfuarthas rochtain orthu de bhun Airteagail 4 agus 6 den Rialachán seo. Beidh dáileoirí in ann infhaighteacht táirgí iarnróid a sheiceáil trí chóras sannta an ghnóthais iarnróid, agus ceadóidh dáileoirí na táirgí iarnróid sin a chur in áirithe. |
|
(6) |
Beidh miondíoltóir in ann na táirgí iarnróid a fhaightear ó dháileoir amháin nó níos mó a chomhcheangal ar bhealach cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. |
|
(7) |
I gcás ina gcomhcheanglaíonn dáileoir nó miondíoltóir táirgí iarnróid, tabharfaidh sé treoir d’eisitheoirí na dticéad comhfhreagrach tuairisciú, i gcomhréir le pointe 4.6, do na gnóthais iarnróid a oibríonn na seirbhísí iompair a bhaineann leis na ticéid sin faoi theaglamaí na dticéad. |
|
(8) |
Sonraíochtaí a bhaineann leis an teaglaim táirgí a dhéanann an dáileoir nó an miondíoltóir, chomh maith leis an gcumarsáid chomhfhreagrach eatarthu, sainaithnítear iad mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(9) |
Cé is moite de na sonraíochtaí a bhaineann leis na APInna atá le húsáid ag dáileoirí chun infhaighteacht táirge iarnróid a leagtar amach i bpointe 4.5 a sheiceáil nó chun é a chur in áirithe, sainaithnítear na sonraíochtaí a bhaineann leis na APInna a úsáidtear chun táirge iarnróid a leithdháileadh agus a dhíol mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.5.2. Iarraidh maidir le hinfhaighteacht agus áirithint
|
(1) |
Áiritheoidh aon dáileoir go roinnfear lena chóras dáileacháin na hiarrataí ó chustaiméirí (miondíoltóirí nó cliaint) ar infhaighteacht nó ar áirithint táirge iarnróid shonraithe a chomhroinnt leis na gnóthais iarnróid lena mbaineann trína gcórais sannta, i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.5] (8), agus bunaithe ar fhorálacha conarthacha. |
|
(2) |
I gcomhréir le Cuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/782, is mar a leanas a bheidh na cineálacha éagsúla iarrataí áirithinte:
|
|
(3) |
Beidh iarraidh ar infhaighteacht arna comhroinnt de bhun mhír (1) agus Airteagal 6(4) ina modh teicniúil iomchuí de réir bhrí Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2021/782 chun rochtain dhigiteach a dheonú ar oibríochtaí ar chórais áirithinte dá dtagraítear i gCuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin agus chun oibleagáidí comhfhreagracha faoi Airteagal 10(5) den Rialachán sin a chomhlíonadh. |
4.5.3. Freagairt maidir le hinfhaighteacht agus áirithint
|
(1) |
I gcás ina rinne dáileoir iarraidh ar infhaighteacht nó ar áirithint i gcomhréir le pointe 4.5.2, cinnteoidh na gnóthas iarnróid lena mbaineann go gcomhroinnfidh a gcórais sannta freagra le córas dáileacháin iarrthach an dáileora sin don táirge iarnróid a shonraigh sé agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.5], agus bunaithe ar fhorálacha conarthacha. |
|
(2) |
Is iad seo a leanas na cineálacha éagsúla freagraí áirithinte:
|
4.5.4. Infhaighteacht agus áirithintí maidir le cúnamh PRM
|
(1) |
Áiritheoidh gach gnóthas iarnróid agus gach dáileoir go gceadófar lena gcóras sannta agus a gcóras dáileacháin faoi seach sonraí a chomhroinnt a bhaineann le hiompar agus cúnamh PRM i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.10]. |
|
(2) |
Áiritheoidh gach gnóthas iarnróid go gceadófar lena chóras sannta uimhir dheimhnithe a eisiúint chun cúnamh PRM a chur in áirithe le haghaidh gach imeachta agus teachta de sheirbhís iarnróid do phaisinéirí arna cur in áirithint. Le huimhir dheimhnithe, tugtar ráthaíocht agus muinín don phaisinéir go soláthrófar an cúnamh agus bunaítear cuntasacht agus freagracht an ghnóthais iarnróid maidir le cúnamh a sholáthar. |
4.5.5. Infhaighteacht agus áirithintí maidir le háiteanna rothair
Le haghaidh seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar a laghad i gcás ina gceanglaítear áirithint le haghaidh áiteanna rothair i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/782, áiritheoidh gach gnóthas iarnróid go mbeidh a chóras sannta in ann seiceáil a láimhseáil maidir le hinfhaighteacht áiteanna rothair nó maidir le háiteanna rothar a chur in áirithe i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i bpointí 4.5.2 agus 4.5.3 den Iarscríbhinn seo.
4.5.6. Infhaighteachta agus ar áirithintí maidir le gluaisteáin a iompar
I gcás seirbhísí iarnróid do phaisinéirí lena bhfuil sé beartaithe gluaisteáin a iompar ar a laghad, áiritheoidh gach gnóthas iarnróid go mbeidh a chóras sannta in ann freastal ar sheiceáil le haghaidh infhaighteachta nó ar áirithintí maidir le gluaisteáin a iompar i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i bpointí 4.5.2 agus 4.5.3.
4.6. Ticéid a eisiúint chun táirge a dháileadh
Tá an t-eisitheoir freagrach as ticéid a eisiúint i gcomhréir le pointí 4.6.1, 4.6.2 agus 4.6.3, lena n-áirítear ticéid a d’eisigh sé le haghaidh seirbhís iompair paisinéirí a thuairisciú do na gnóthais iarnróid a oibríonn an tseirbhís iompair sin.
4.6.1. Gnéithe slándála le haghaidh seachadadh leictreonach
|
(1) |
Ginfidh gach eisitheoir ticéid nó áirithinte le haghaidh seirbhís iarnróid do phaisinéirí na sonraí slándála i gcomhréir leis an tsonraíocht dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.12], a luaithe a bheidh an stádas leithdháilte agus na sonraí idirbhirt díolacháin seolta chuig córas dáileacháin an dáileora. |
|
(2) |
Chun a áirithiú gur féidir le heagraíochtaí rialaithe ticéad ábhartha barántúlacht na ngnéithe slándála a sheiceáil, cruthóidh an t-eisitheoir na gnéithe slándála sin le haghaidh seachadadh leictreonach trí úsáid a bhaint as bonneagar eochrach poiblí (PKI) i gcomhréir le pointe 1.3(b). |
4.6.2. Tagairt an tsainchomhaid
|
(1) |
Soláthróidh gach eisitheoir tagairt don sainchomhad i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.5], chun na ticéid nó na háirithintí a d’eisigh sé do na gnóthais iarnróid lena mbaineann a thuairisciú. Déanfaidh gach eisitheoir na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
|
(2) |
Déanfaidh gach eisitheoir an próiseas a leagtar amach i bpointe (1) a luaithe a bheidh stádas na leithdháilte agus sonraí an idirbhirt díolacháin seolta go rathúil chuig córas dáileacháin an dáileora. |
4.6.3. Cineálacha agus formáidí na dticéad
|
(1) |
Glacfaidh gach gnóthas iarnróid agus gach eagraíocht rialaithe ticéad ar a laghad le ticéid a eisítear go leictreonach i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.11], ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
|
(2) |
Beidh gach eisitheoir in ann úsáid a bhaint ar a laghad as ceann de na cineálacha agus formáidí ticéad i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.11], chun ticéad a eisiúint le haghaidh an táirge iarnróid a ceannaíodh don phaisinéir. |
|
(3) |
Glacfaidh gnóthais iarnróid leis na cineálacha agus na bhformáidí ticéad céanna le haghaidh díolacháin a dhéanann ceann de na gnóthais iarnróid lena mbaineann (‘díolacháin dhíreacha’) agus le haghaidh díolacháin a dhéanann eisitheoir neamhspleách (‘díolacháin indíreacha’). |
4.6.4. Rialú ticéad agus modhnú ar staid an ticéid
Déanfaidh eagraíochtaí rialaithe ticéad a fuair deimhnithe slándála le haghaidh ticéad arna n-eisiúint ón eisitheoir sonraí maidir le rialú ticéad agus athruithe ar staid na dticéad a chomhroinnt le heisitheoirí ticéad i gcomhréir le pointe 4.6.4.1 agus pointe 4.6.4.2.
4.6.4.1.
|
(1) |
Na teachtaireachtaí chun teacht ar thicéid ar líne (‘RetrieveTicketRequest’ ; Beidh an teachtaireacht ‘RetrieveTrainTicketRequest’ agus an teachtaireacht maidir le hanótáil ticéid (‘AddAnnotationRequest’) i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.14]. |
|
(2) |
Seolfaidh eagraíocht rialaithe ticéad teachtaireacht chuig eisitheoir an ticéid atá á rialú aici chun an ticéad sin a aisghabháil ar líne (‘RetrieveTicketRequest’; ‘RetrieveTrainTicketRequest’). |
|
(3) |
Seolfaidh eagraíocht rialaithe ticéad teachtaireacht anótáil ticéid (‘AddAnnotationRequest’) chuig eisitheoir an ticéid agus chuig eagraíochtaí rialaithe ticéad eile a bhfuil baint acu leis an tseiceáil ticéad. |
4.6.4.2.
|
(1) |
Seolfaidh córas dáileacháin iarrthach an dáileora iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh thar ceann paisinéirí chuig córas sannta na ngnóthas iarnróid lena mbaineann i leith an ticéid nó an tréthicéid ábhartha. |
|
(2) |
Comhlíonfaidh struchtúr na n-iarrataí ar aisíocaíocht nó ar chúiteamh paisinéirí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/949 ón gCoimisiún (9). Sainaithnítear na sonraíochtaí comhfhreagracha maidir le comhroinnt sonraí idir-inoibritheach idir dáileoir agus gnóthas iarnróid lena mbaineann mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
4.7. Faisnéis taistil do phaisinéirí ar iarnród le linn an turais
4.7.1. Faisnéis sa stáisiún
4.7.1.1.
|
(1) |
Soláthróidh gach bainisteoir stáisiúin do phaisinéirí sa stáisiún de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2021/782 faisnéis amhairc agus labhartha taistil do phaisinéirí atá inrochtana i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/782 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos sa STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(2) |
Déanfaidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, faisnéis atá ina seilbh i ndáil leis an stáisiún, lena n-áirítear ardáin agus, i gcás inarb ábhartha, ranna ardáin, a chomhtháthú i gcás ina bhfuil sé beartaithe traenacha a stopadh, i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacsanna [P.2] agus [P.4], a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, leis an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le teacht agus imeacht traenacha:
|
|
(3) |
Deonóidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, rochtain ar an bhfaisnéis arna comhtháthú de bhun phointe (2) do pháirtithe leasmhara teileamaitice eile i gcomhréir le hAirteagal 4 agus trí phointí rochtana náisiúnta lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-ND 4.0 nó aon cheadúnais oscailte choibhéisigh nó nach bhfuil chomh sriantach céanna arna gcomhaontú go frithpháirteach ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann. |
|
(4) |
Tá feidhm ag forálacha phointe (1) gan dochar d’fhorálacha PRM STI, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, maidir le stáisiúin ina ndéantar córais faisnéise, eadhon fógraí gutha nó feistí amhairc dinimiciúla mar thaispeántais, a athnuachan, a uasghrádú nó a nuashuiteáil. |
|
(5) |
Déanfaidh gach bainisteoir stáisiúin, nó i gcás inarb ábhartha an bainisteoir bonneagair nó an sealbhóir sonraí, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15, míreanna (3) agus (4), maidir leis na pointí seo a leanas:
|
4.7.1.2.
Soláthróidh gach bainisteoir stáisiúin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad do phaisinéirí sa stáisiún maidir le himeacht na traenach:
|
(a) |
cineál traenach agus uimhir traenach; |
|
(b) |
stáisiúin chinn scríbe; |
|
(c) |
gach stad ag stáisiún idirmheánach agus a bpríomhsheirbhísí nasctha iompair do phaisinéirí; |
|
(d) |
am imeachta; |
|
(e) |
ardán nó rian imeachta; |
|
(f) |
comhfhreagras idir ranna ardáin agus uimhreacha iompair, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, seirbhísí agus saoráidí gaolmhara ar bord. |
4.7.1.3.
Soláthróidh gach bainisteoir stáisiúin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad do phaisinéirí sa stáisiún maidir le teacht na traenach:
|
(a) |
cineál traenach agus uimhir traenach; |
|
(b) |
stáisiúin tionscnaimh; |
|
(c) |
gach stad ag stáisiún idirmheánach; |
|
(d) |
am teachta; |
|
(e) |
ardán nó rian teachta. |
4.7.1.4.
|
(1) |
I gcás ina n-imeoidh seirbhís iarnróid do phaisinéirí ón tráthchlár oibre, soláthróidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann faisnéis ábhartha tráchta agus taistil agus dialltaí ón bhfaisnéis sceidealaithe mar a leagtar amach i bpointe (3) do bhainisteoirí stáisiúin in am trátha agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(2) |
I gcás ina n-imítear ón bhfaisnéis sceidealaithe, soláthróidh gach bainisteoir stáisiúin faisnéis fíor-ama agus réamhaisnéis maidir le gluaiseacht do phaisinéirí sa stáisiún. Déanfar dialltaí comhfhreagracha a shainaithint go soiléir agus a chur in iúl do na paisinéirí sa stáisiún. |
|
(3) |
Áireofar le diallais ón bhfaisnéis sceidealaithe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad bunaithe ar shonraí tráchta traenach mar a leagtar amach i bpointe 2.6:
|
4.7.2. Faisnéis san fheithicil
|
(1) |
Soláthróidh gach gnóthas iarnróid do phaisinéirí laistigh den fheithicil de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2021/782 faisnéis custaiméara atá cothrom le dáta agus a bhfuil rochtain uirthi i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/782 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos in STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Déanfar an fhaisnéis sin a chomhtháthú ar bhonn na sonraí maidir le trácht traenach atá sna teachtaireachtaí a fhaightear de bhun phointe 2.6 den Iarscríbhinn seo. |
|
(2) |
Beidh feidhm ag forálacha phointe (1), gan dochar d’fhorálacha STI PRM, dá dtagraítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, maidir le rothstoc nua agus rothstoc athnuaite nó uasghrádaithe i gcás ina ndéanfar córais faisnéise, eadhon fógraí gutha nó taispeáintí, a athnuachan, a uasghrádú nó a nuashuiteáil. |
|
(3) |
Soláthróidh gach gnóthas iarnróid an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad do phaisinéirí san fheithicil:
|
|
(4) |
Déanfaidh gach gnóthas iarnróid cinneadh maidir leis an méid seo a leanas:
|
4.8. Sonraí tagartha coiteanna maidir le ticéadú iarnróid
|
(1) |
Bainisteoidh an Ghníomhaireacht na liostaí cód coiteann seo a leanas maidir le ticéadú iarnróid mar shonraí tagartha coiteanna i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 agus leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [105] agus deonóidh sí rochtain orthu lena n-úsáid faoi choinníollacha cheadúnas EUPL 1.2:
|
|
(2) |
Beidh liostaí cód coiteann maidir le ticéadú iarnróid i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
4.9. Comhroinnt sonraí le páirtithe leasmhara eile
Chun sonraí a chomhroinnt ag bainisteoirí bonneagair, bainisteoirí stáisiúin agus gnóthais iarnróid le páirtithe leasmhara teileamaitice eile atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar naisc idir seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus modhanna eile iompair paisinéirí agus modhanna eile iompair a bhainistítear mar chuid de sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí nó in ionad na seirbhísí sin, tá feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i Roinn 4 den Iarscríbhinn seo maidir le sonraí a chomhroinntear de bhun Airteagal 4. Ní bheidh sonraí den sórt sin i gcomhréir ach leis na sonraíochtaí seo a leanas dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C:
|
(a) |
i gcás suíomhanna tagartha a shonraítear i bpointe 1.2.2: innéacs [P.1]; |
|
(b) |
i gcás sonraí faoi thráthchlár na bpaisinéirí a shonraítear i bpointe 4.2: innéacsanna [P.2] agus [P.4]; |
|
(c) |
i gcás sonraí taraife a shonraítear i bpointe 4.3: innéacsanna [P.3] agus [B.16]; |
|
(d) |
i gcás sonraí a bhaineann le faisnéis taistil do phaisinéirí le linn an turais traenach, lena n-áirítear sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926: innéacs [P.5] bunaithe ar an bhfaisnéis atá sna teachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointe 2.6.1(1). |
5. LIOSTA NA gCÁSANNA SONRACHA
5.1. Ginearálta
|
(1) |
Ní chuirfidh cás sonrach cosc ar ghnóthais iarnróid atá faoi réir féinmheasúnú dearfach i gcomhréir le hAirteagal 18 rochtain a fháil ar an ngréasán comhfhreagrach. |
|
(2) |
Sna cásanna sonracha a liostaítear i bpointe 5.2, tugtar tuairisc ar fhorálacha speisialta is gá agus a údaraítear ar ghréasáin ar leith i ngach Ballstát agus áirítear iontu ceanglais chomhéadain faoi réir cásanna sonracha a dhearbhaítear i ngníomhartha eile arna nglacadh faoi Threoracha (AE) 2016/797 nó (AE) 2016/798. Aicmítear cásanna sonracha mar cheachtar díobh seo a leanas:
|
5.2. Liosta na gcásanna sonracha
Níl aon chás sonrach léirithe don STI seo.
(1) Sonraítear sonraí tagartha coiteanna a bhaineann le gnéithe ticéadaithe i bpointe 4.8.
(2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(3) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh cláir feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2011 maidir le clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid (IO L 264, 8.10.2011, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2011/665/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1300/oj).
(8) Maidir le hiarrataí ar chúnamh PRM a bheith ar fáil nó a chur in áirithint agus freagraí ina dhiaidh sin, ina ionad sin leagtar síos na sonraíochtaí is infheidhme i bpointe 4.5.4.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/949 ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ó phaisinéirí iarnróid ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh i ndáil le moilleanna, naisc a chailltear agus cealuithe seirbhísí iarnróid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2024/949, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/949/oj).
Foscríbhinn A
COMHÉADAIN MAIDIR LE FOCHÓRAIS EILE
Tugtar tuairisc thíos ar chomhéadain an fhochórais ‘feidhmchláir theileamaitice’ maidir le fochórais eile.
A.1 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE hInrochtaineacht
Leagtar amach sa tábla thíos na naisc idir na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 (‘STI PRM’).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI PRM |
||
|
Saoráidí do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) |
4.4.3.1 |
Inrochtaineacht rothstoic |
4.2.2 |
Fochóras rothstoic |
|
Cathaoir rothaí |
4.4.3.1 |
Inrochtaineacht rothstoic |
App. M |
Cathaoir rothaí iniompartha ar iarnród |
|
Sonraí inrochtaineachta |
4.4.3.2 |
Inrochtaineacht stáisiún |
7.2.1.1 |
Fardal na sócmhainní – bonneagar |
|
Faisnéis do chustaiméirí |
4.4.1 |
Coinníollacha iompair |
4.2.1.10 |
Faisnéis amhairc |
|
4.7.1 |
Faisnéis sa stáisiún |
4.2.1.11 |
Faisnéis labhartha |
|
|
4.7.2 |
Faisnéis san fheithicil |
4.2.2.7 |
Faisnéis do chustaiméirí |
|
|
|
|
4.4.1 |
Rialacha oibriúcháin – fochóras bonneagair |
|
|
|
|
4.4.2 |
Rialacha oibriúcháin – fochóras rothstoic |
|
|
4.7.1.1(3) |
Faisnéis sa stáisiún |
7.1 |
An STI [PRM] seo a chur i bhfeidhm maidir le bonneagar nua agus rothstoc nua |
|
|
4.7.2(2) |
Faisnéis san fheithicil |
7.2 |
An STI [PRM] seo a chur i bhfeidhm maidir le bonneagar agus rothstoc atá ann cheana |
|
A.2 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE BAINISTIÚ TOILLTE, ULLMHÚ TRAENACHA AGUS BAINISTIÚ TRÁCHTA
Leagtar amach sa tábla thíos na naisc idir ceanglais na hIarscríbhinne a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (‘STI OBT’).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI OBT |
||
|
Traenacha a shainaithint |
2.1 |
Aitheantóirí oibiachta |
4.2.3.2 |
Traenacha a shainaithint |
|
Leithdháileadh toillte |
2.3 |
Leithdháileadh toillte |
4.2.3.1 |
Pleanáil agus tráthchlár traenach |
|
4.2.3.2 |
Traenacha a shainaithint |
|||
|
Srianta sealadacha nó modhnú sealadach |
2.4.4 |
Srianta ar an toilleadh a fhoilsiú |
4.2.1.2.2 |
Leabhar na mbealaí |
|
4.8.1 |
Faisnéis bhreise maidir le bonneagar |
|||
|
Ullmhú traenach |
2.5.1 |
Comhdhéanamh traenach |
4.2.2.5.2 |
Comhdhéanamh traenach |
|
4.2.2.7 |
Ag áirithiú go bhfuil an traein in ord reatha |
|||
|
Foscríbhinn J |
Comhdhéanamh traenach |
|||
|
2.5.2 |
Traein réidh |
4.2.3.3 |
Imeacht traenach |
|
|
Tuairisciú traenach |
2.5.3 |
Réamhaisnéis ullmhachta traenach |
4.2.3.4.2 |
Tuairisciú traenach |
|
2.6.3 |
Faisnéis faoi ghluaiseacht traenach |
|||
|
2.6.4 |
Faisnéis maidir le réamhaisnéis traenach |
|||
|
3.2.3 |
Faisnéis réamhaisnéise vaigín |
4.2.3.4.4 |
Cáilíocht oibríochtúil |
|
|
Foscríbhinn E |
Cruinneas na faisnéise réamhaisnéise le haghaidh gluaiseachtaí traenach agus vaigín |
|||
|
2.6.8 |
Taifead stairiúil ar shonraí tráchta traenach |
4.2.3.5 |
Taifeadadh sonraí |
|
|
Tuairisciú vaigín lastais |
3.2.1.3 |
Vaigín réidh le gluaiseacht |
4.2.2.4.1 |
Sábháilteacht an ualaigh |
A.3 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE TORANN
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na naisc idir na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 (‘STI NOI’).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI NOI |
||
|
Leithdháileadh toillte |
2.3 |
Leithdháileadh toillte |
Foscríbhinn D |
Bealaí níos ciúine |
|
Ullmhú traenach |
2.5.1 |
Comhdhéanamh traenach |
4.4. |
Rialacha sonracha maidir le vaigíní a oibriú ar chonairí níos ciúine |
|
7.2.2 |
Forálacha breise chun an STI seo a chur i bhfeidhm ar vaigíní atá ann cheana |
|||
A.4 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE RIALÚ AGUS CEANNAS AGUS COMHARTHAÍOCHT
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na naisc idir na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 (‘STI CCS’).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI CCS |
||
|
Ullmhú traenach |
2.5.2 |
Traein réidh |
4.2.4.2 |
Feidhmchláir chumarsáide gutha agus oibriúcháin |
|
4.2.2 |
Feidhmiúlacht ETCS ar bord |
|||
A.5 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE FUINNEAMH
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na naisc idir na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 1301/2014 ón gCoimisiún (‘STI ENE’).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI ENE |
||
|
Ullmhú traenach |
2.5.1 |
Comhdhéanamh traenach |
4.2.17 |
Córas bailithe sonraí fuinnimh ar an talamh |
A.6 CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHAINEANN LE hINNILL FÉINGHLUAISTE AGUS ROTHSTOC PAISINÉIRÍ
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na naisc idir na ceanglais san Iarscríbhinn a ghabhann leis an STI seo (‘STI Teileamaitice’) agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (STI Loc&Pas).
|
Ceanglas |
Tagairt in STI Teileamaitice |
Tagairt in STI Loc&Pas |
||
|
Ullmhú traenach |
2.5.1 |
Comhdhéanamh traenach |
4.2.8.2.8 |
Córas tomhais fuinnimh ar bord |
Foscríbhinn B
LIOSTA NA bPOINTÍ OSCAILTE
Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ceanglais agus na nósanna imeachta tástála le haghaidh teileamaitice ar pointí oscailte iad i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797. Is pointí oscailte freisin iad na nósanna imeachta tástála atá le cur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin.
|
Pointe STI teileamaitice |
Pointe oscailte |
|
Ceanglais |
|
|
1.1 |
Leibhéil bhreise ionracais agus iontaofachta maidir le sonraí atá le húsáid le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí |
|
1.7.1 |
Comhéadain úsáideora gréasáin le haghaidh bainistiú toillte, ullmhú traenacha, agus bainistiú tráchta |
|
1.7.2 |
Comhéadain úsáideora gréasáin chun vaigíní lastais agus a n-ualach a bhainistiú |
|
2.1.7(3) |
Sainaithint ghluaiseachtaí siúnta |
|
2.2 |
Toilleadh bonneagair a bhainistiú go straitéiseach |
|
2.3.1(4) |
Gluaiseachtaí siúnta agus stábláil a phleanáil |
|
2.3.1(5) |
Próisis ilghréasáin a chomhordú i réimse an bhainistithe toillte |
|
2.3.1(8) |
Tairseach ama le haghaidh iarraidh ad hoc ar leithdháileadh toillte bonneagair |
|
2.3.9 |
An próiseas comhordaithe maidir le leithdháileadh toillte |
|
2.4.1 |
Srianta ar an toilleadh a chomhordú |
|
2.4.2 |
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara a ndéanann srianta beartaithe ar an toilleadh difear dóibh |
|
2.4.3 |
Srianta ar an toilleadh a fhoilsiú |
|
2.6.7(2) |
Modhnú ar chuid den bhealach |
|
3.1.2 |
Córais áirithinte, íocaíochta agus sonrasctha do sheirbhísí iompair lastais ar iarnród |
|
3.2.1.1(4) |
Suíomh geoshuíomh-bhunaithe vaigíní lastais |
|
3.2.1.3(5) |
Ualach réidh le gluaiseacht |
|
3.2.2 |
Gluaiseacht na n-aonad luchtaithe idirmhódúil |
|
4.2.2.4 |
Nasc-amanna agus amanna breise le haghaidh seiceáil isteach a ríomh |
|
4.3.2(2) |
Bainistiú ar thicéadú iarnróid agus ar rialacha maidir le seiceáil ticéad |
|
4.5.1(7) |
Teaglaim de tháirgí iarnróid ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir, agus cumarsáid eatarthu |
|
4.5.1(8) |
APInna a úsáidtear chun táirge iarnróid a leithdháileadh agus a dhíol, ach amháin chun a infhaighteacht a sheiceáil nó é a chur in áirithe |
|
4.6.4.2(2) |
Iarrataí ar aisíocaíocht nó ar chúiteamh |
|
Nósanna imeachta tástála |
|
|
Foscríbhinn D.3.B (1) |
Nósanna imeachta tástála le haghaidh sonraí taraife |
|
Foscríbhinn D.3.C (1) |
Nósanna imeachta tástála le haghaidh seiceáil infhaighteachta agus áirithintí |
Foscríbhinn C
LIOSTA NA gCAIGHDEÁN AGUS NA nDOICIMÉAD TEICNIÚIL DÁ dTAGRAÍTEAR
C.0 PRÓISEAS DÉANTA LEAGANACHA SÉIMEANTACHA DE DHOICIMÉID THEICNIÚLA
|
(1) |
Cé nach liostaítear thíos ach leaganacha bonnlíne de dhoiciméid theicniúla, i gcás ina spreagann cothabháil doiciméad teicniúil mioneisiúint nó eisiúintí cothabhála, féadfaidh an Ghníomhaireacht é a eisiúint mar mhodh inghlactha comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 12(2). |
|
(2) |
I gcás ina spreagfar bonnlíne nua le nuashonrú ar dhoiciméad teicniúil, áireofar leis an nuashonrú sin idirthréimhse tháscach le haghaidh cur i bhfeidhm go dtí go ndéanfar athbhreithniú breise ar an Rialachán seo lena dtabharfar cothrom le dáta na tagairtí a liostaítear i dTáblaí C.1 go C.4. |
C.1 LIOSTA NA nDOICIMÉAD TEICNIÚIL COITEANN DÁ dTAGRAÍTEAR
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[1] |
Ointeolaíocht ERA – Leagan 4 Ointeolaíocht an chórais iarnróid |
||
|
|
|
1.4 |
Réimse: teileamaitic |
|
[2] |
ERA/TD/CCT – Leagan 2 Códú iompair traschórais |
||
|
|
Aitheantóirí ALIManna |
3.3.3(3)(a) |
2.3.1 |
|
|
An cineál ALIManna |
3.3.3(3)(b) |
|
|
|
Comhoiriúnacht vaigíní lastais le ALIManna agus le bealaí |
3 |
|
|
|
Deimhniú agus clárú ALIManna |
3.3.3(5)(a) |
2.3.2 |
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[100] |
ERA-TD-100 – Leagan 4 Léaráidí fíoracha agus seichimh de theachtaireachtaí teileamaitice |
||
|
|
Leithdháileadh toillte |
2.3 |
2 |
|
|
Ullmhú traenach |
2.5 |
3 |
|
|
Sonraí tráchta traenach |
2.6 |
4, 5 |
|
|
Nóta coinsíneachta |
3.1.1 |
6 |
|
|
Gluaiseacht vaigíní lastais |
3.2.1 |
7 |
|
|
Infhaighteacht agus áirithint |
4.5 |
8 |
|
|
Infhaighteacht agus áirithint maidir le cúnamh PRM |
4.5.4 |
9 |
|
[103] |
ERA-TD-103 – Leagan 4 Sonraí tagartha |
||
|
|
Sonraí tagartha coiteanna |
||
|
|
Sonraí tagartha eagraíochtaí |
1.2.1 |
3, 5, 8 |
|
|
Sonraí tagartha suíomhanna |
1.2.2 |
3, 4, 8 |
|
|
Sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lastas |
||
|
|
Sonraí tagartha rothstoic |
3.3.2 |
3, 6, 8 |
|
|
Sonraí tagartha an aonaid luchtaithe idirmhódúil |
3.3.3 |
3, 7, 8 |
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[105] |
ERA-TD-105 – Leagan 4 Sonraí XSD agus samhail teachtaireachta |
||
|
|
Léiriú sonraí |
1.4(2)(a) |
Telematics_catalogue |
|
|
Sonraí tagartha coiteanna maidir le ticéadú iarnróid |
||
|
|
Sonraí tagartha le haghaidh córais áirithinte Eorpacha |
4.8 |
Passenger_codelist |
|
|
Sonraí tagartha na gcód le haghaidh sonraí thráthchlár na bpaisinéirí |
||
|
|
Sonraí tagartha na gcód le haghaidh sonraí taraife |
||
|
|
Message-dataset catalogue |
||
|
|
Liosta cód paisinéirí |
||
|
[106] |
ERA-TD-106 – Leagan 4 Bonneagar eochrach poiblí (PKI) |
||
|
|
Criptiú neamhshiméadrach nó siméadrach, bonneagar eochrach poiblí (‘PKI’) |
1.3(b) |
6, 7, 8, 9 |
C.2 LIOSTA NA nDOICIMÉAD TEICNIÚIL DÁ dTAGRAÍTEAR A BHAINEANN GO SONRACH LE COMHROINNT SONRAÍ I nDÁIL LE BAINISTIÚ TOILLTE, BAINISTIÚ TRÁCHTA, AGUS ULLMHÚ TRAENACHA
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[104] |
ERA-TD-104 – Leagan 4 Comhéadan coiteann |
||
|
|
Comhéadan feidhmchláir (‘API’) |
1.7 |
uile |
C.3 LIOSTA NA nDOICIMÉAD TEICNIÚIL DÁ dTAGRAÍTEAR MAIDIR LE COMHROINNT SONRAÍ A BHAINEANN GO SONRACH LE BAINISTIÚ VAIGÍNÍ LASTAIS AGUS A n-UALACH
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[102] |
ERA-TD-102 – Leagan 4 Bunachar sonraí coiteann oibríochtúil maidir le vaigíní agus aonaid luchtaithe idirmhódúla (‘OVIM’) |
||
|
|
Bunachar sonraí coiteann oibríochtúil maidir le vaigíní agus aonaid luchtaithe idirmhódúla (‘OVIM’) |
3.3.4.1 |
uile |
C.4 LIOSTA DE NA SONRAÍOCHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR A BHAINEANN GO SONRACH LE TICÉADÚ IARNRÓID I nDÁIL LE SEIRBHÍSÍ IARNRÓID DO PHAISINÉIRÍ AGUS FAISNÉIS TAISTIL DO PHAISINÉIRÍ AR IARNRÓD
C.4.A Liosta caighdeán tagartha
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[P.1] |
CEN/TS 16614-1:2025 Iompar poiblí – Gréasán agus Malartú Tráthchlár (NeTEx) – Cuid 1: Formáid mhalartaithe toipeolaíochta um gréasán iompair phoiblí |
||
|
|
Sonraí suímh tagartha a chomhroinnt le modhanna eile iompair |
4.9 |
uile |
|
[P.2] |
CEN/TS 16614-2:2025 Iompar poiblí – Gréasán agus Malartú Tráthchlár (NeTEx) – Cuid 2: Formáid malartaithe tráthchláir sceidealaithe don iompar poiblí |
||
|
|
Sonraí tráthchláir paisinéirí le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí |
4.2.1 |
uile |
|
|
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna |
4.2.2 |
|
|
|
Sonraí maidir le tráthchlár paisinéirí a chomhroinnt le modhanna eile iompair |
4.9 |
|
|
|
Faisnéis taistil do phaisinéirí laistigh den stáisiún |
4.7.1 |
|
|
[P.3] |
CEN/TS 16614-3:2025 Iompar poiblí – Gréasán agus Malartú Tráthchlár (NeTEx) – Cuid 3: Formáid malartaithe táillí iompair phoiblí |
||
|
|
Sonraí taraifí le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí |
4.3.1 |
uile |
|
|
Comhroinnt sonraí taraifí le modhanna eile iompair |
4.9 |
|
|
[P.4] |
CEN/TS 16614-4:2025 Iompar poiblí - Gréasán agus Malartú Tráthchlár (NeTEx) – Cuid 4: Próifíl Eorpach maidir le Faisnéis do Phaisinéirí |
||
|
|
Sonraí tráthchláir paisinéirí le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí |
4.2.1 |
uile |
|
|
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí maidir le nasc-amanna |
4.2.2 |
|
|
|
Comhroinnt sonraí tráthchláir paisinéirí le modhanna eile iompair |
4.9 |
|
|
|
Faisnéis taistil do phaisinéirí laistigh den stáisiún |
4.7.1 |
|
|
[P.5] |
EN 15531-2:2022 Iompar poiblí – Comhéadan seirbhíse le haghaidh faisnéis fíor-ama a bhaineann le hoibríochtaí iompair phoiblí – Cuid 2: Bonneagar cumarsáide |
||
|
|
Sonraí a chomhroinnt le modhanna eile iompair i ndáil le faisnéis taistil do phaisinéirí le linn turais traenach |
4.9 |
uile |
|
[P.6] |
EN 301549:2021 Ceanglais inrochtaineachta maidir le táirgí agus seirbhísí TFC |
||
|
|
Inrochtaineacht na faisnéise atá ceaptha do phaisinéirí |
||
|
|
Inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach a úsáidtear chun na coinníollacha iompair a chur in iúl do phaisinéirí |
4.4 |
uile |
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[P.7] |
EN 12896-1:2016 Iompar poiblí – Samhail sonraí tagartha – Cuid 1: Coincheapa coiteanna |
||
|
|
Léiriú sonraí |
1.4(2)(b) |
uile |
|
|
Formáid na sonraí taraife go hiomlán comhoiriúnach agus idir-inoibritheach |
4.3.1(2) |
|
C.4.B Liosta na ndoiciméad teicniúil dá dtagraítear
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[B.5] |
ERA/TD/B.5 – Leagan 4 Suíocháin/beartanna a chur in áirithe go leictreonach agus doiciméid taistil a tháirgeadh go leictreonach – Teachtaireachtaí a mhalartú |
||
|
|
Infhaighteacht agus áirithint |
4.5.2, 4.5.3 |
2, 3, 4, 5 |
|
|
Tagairt an tsainchomhaid |
4.6.2 |
|
|
[B.10] |
ERA/TD/B.10 – Leagan 4 Cúnamh a chur in áirithe go leictreonach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe – Teachtaireachtaí a mhalartú |
||
|
|
Infhaighteacht agus áirithint maidir le cúnamh PRM |
4.5.4 |
4, 5, 6, 7, 8 |
|
[B.11] |
ERA/TD/B.11 – Leagan 4 Leagan amach na dticéad paisinéirí iarnróid a eisítear go leictreonach |
||
|
|
Cineál agus formáid na dticéad |
4.6.3 |
2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 |
|
[B.12] |
ERA/TD/B.12 – Leagan 4 Gnéithe slándála digití le haghaidh ticéadú iarnróid |
||
|
|
Gnéithe slándála le haghaidh seachadadh leictreonach |
4.6.1 |
2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12 |
|
[B.14] |
ERA/TD/B.14 – Leagan 4 Malartú Ríomhthicéad le haghaidh Rialú |
||
|
|
Anótáil ticéid |
4.6.4.1 |
2, 3, 4, 5, 6 |
|
Innéacs |
Na saintréithe a bhfuil measúnú le déanamh orthu |
Pointe STI teileamaitice |
Pointe caighdeánach éigeantach |
|
[B.15] |
ERA/TD/B.15 – Leagan 4 Próifíl Inrochtaineachta Stáisiún Eorpach um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí |
||
|
|
Coinníollacha rochtana ar an stáisiún |
4.4.3.2 |
2 |
|
[B.16] |
ERA/TD/B.16 – Leagan 4 Próifíl Faisnéise faoi Tháillí Iarnróid na hEorpa |
||
|
|
Sonraí taraifí le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí |
4.3.1 |
Gach ceann |
|
[B.17] |
ERA/TD/B.17 – Leagan 4 Nós imeachta tástála le haghaidh sonraí tráthchláir |
||
|
|
Nós imeachta tástála um measúnú comhlíontachta le haghaidh sonraí tráthchláir paisinéirí |
Foscríbhinn D.3.A |
2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 |
Foscríbhinn D
NÓSANNA IMEACHTA TÁSTÁLA LE hAGHAIDH MEASÚNÚ COMHLÍONTACHTA
D.1 FÉINMHEASÚNÚ AGUS DEARBHÚ FIANAISEBHUNAITHE LE hAGHAIDH TEACHTAIREACHTAÍ TF AONAIR
|
(1) |
Na feidhmchláir theileamaitice a úsáideann páirtithe leasmhara teileamaitice chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, beidh siad faoi réir féinmheasúnú ar chomhlíonadh na sonraí a chomhroinntear i gcoinne na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán. In éineacht leis an bhféinmheasúnú a dhéanfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice agus a chuirfear in iúl don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 18, beidh na doiciméid seo a leanas maidir le faisnéis arna dtiomsú go huathoibríoch ag an bhfeidhmchlár gréasáin arna sholáthar ag an nGníomhaireacht:
|
|
(2) |
I gcás iarrataí a chuirfear faoi bhráid na Gníomhaireachta le haghaidh seiceálacha cruinnis ar an dearbhú comhlíontachta uathoibrithe fianaise-bhunaithe a eascraíonn as féinmheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 18(8), áireofar freisin faisnéis dá dtagraítear i bhfophointe (1) den phointe seo faisnéis chúlra agus amlíne an tionscadail a bhfuil measúnú le déanamh air. |
|
(3) |
I gcás ina bhfuil féinmheasúnú atá ann cheana le hathnuachan i gcomhréir le hAirteagal 18(5), beidh an féinmheasúnú dá dtagraítear i bpointe (1) teoranta do na heilimintí a ndéanann na hathruithe a ndéantar féinmheasúnú orthu difear dóibh. Áireofar san fhaisnéis arna tiomsú de bhun pointe (1) tagairt don fhéinmheasúnú roimhe sin freisin ar tugadh fógra ina leith don Ghníomhaireacht nó don tuarascáil mheastóireachta arna soláthar ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 18(7). |
|
(4) |
Chun tástáil na dteachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (1) (b) agus a seicheamh a éascú, déanfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice féinmheasúnú ar chomhlíontacht na dteachtaireachtaí aonair arna n-imscaradh agus arna n-úsáid chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Cuirfidh an Ghníomhaireacht feidhmchlár gréasáin ar fáil chun féinmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh teachtaireachtaí i gcás ina bhfuil páirtithe leasmhara teileamaitice chun comhaid ábhartha a fhéinmheasúnú i gcomhréir le pointe (1)(d) le haghaidh tástáil uathoibrithe in aghaidh na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [1]. |
|
(6) |
Tar éis féinmheasúnaithe, eiseoidh an feidhmchlár gréasáin sin admháil uathoibrithe go bhfuarthas iad agus toradh measúnaithe ar fhéinchomhlíonadh a bheidh le húsáid ag an bpáirtí leasmhar teileamaitice a féinmheasúnaithe mar dhearbhú fianaisebhunaithe um thoimhde comhlíontachta le haghaidh na dteachtaireachtaí nó an tseichimh teachtaireachtaí a tástáladh. |
D.2 MEASTÓIREACHT AR CHRUINNEAS AN FHÉINMHEASÚNAITHE
|
(1) |
I gcás ina seiceálann an Ghníomhaireacht cruinneas an dearbhaithe fianaisebhunaithe uathoibrithe um thoimhde comhlíontachta a eascraíonn as féinmheasúnú, de bhun Airteagal 18, míreanna 6, 7, agus 8, tuairisceoidh sí a meastóireacht i dtaobh an gcomhlíonann an feidhmchlár teileamaitice a úsáidtear an STI seo. Cumhdófar ina thuarascáil mheastóireachta na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
|
D.3 NÓSANNA IMEACHTA SONRACHA TÁSTÁLA MAIDIR LE TICÉADÚ IARNRÓID
D.3.A Tráthchlár paisinéirí
Beidh nósanna imeachta tástála chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe 4.2 den Iarscríbhinn seo i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i bhFoscríbhinn C, innéacs [B.17].
D.3.B Taraifí
|
(1) |
Sainaithnítear nósanna imeachta tástála chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh i gcoinne na gceanglas a leagtar síos i bpointe 4.3 den Iarscríbhinn seo mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(2) |
Go dtí go bhforbrófar nósanna imeachta tástála ábhartha de bhun Airteagal 23, pointí (c) agus (e), féadfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice tiontairí agus bailíochtóirí uathoibríocha bunaithe ar ailtireacht oscailte a úsáid chun féinmheasúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht agus ar idir-inoibritheacht na sonraí a chomhroinntear agus na bpróiseas a chuirtear chun feidhme de réir na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.3. |
D.3.C Seiceáil infhaighteachta agus áirithintí
|
(1) |
Sainaithnítear nósanna imeachta tástála chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh i gcoinne na gceanglas a leagtar síos i bpointe 4.5 den Iarscríbhinn seo mar ‘phointe oscailte’ i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Threoir (AE) 2016/797 agus liostaítear iad i bhFoscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
|
(2) |
Go dtí go bhforbrófar nósanna imeachta tástála ábhartha de bhun Airteagal 23, pointí (c) agus (e), féadfaidh páirtithe leasmhara teileamaitice bailíochtóirí uathoibríocha atá bunaithe ar ailtireacht oscailte a úsáid chun féinmheasúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht agus ar idir-inoibritheacht na sonraí comhroinnte agus na bpróiseas a chuirtear chun feidhme de réir na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.5. |
Foscríbhinn E
CRUINNEAS NA FAISNÉISE RÉAMHAISNÉISE LE hAGHAIDH GLUAISEACHTAÍ TRAENACH AGUS VAIGÍN LASTAIS
(1)
Ós rud é go dtagraíonn an fhaisnéis réamhaisnéise traenach dá dtagraítear i bpointe 2.6.4 agus an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín lastais dá dtagraítear i bpointe 3.2.3 don am teachta tuartha do thraein agus do vaigín lastais agus a hualach, faoi seach, ag pointe tuairiscithe comhaontaithe, úsáidfidh páirtithe leasmhara agus custaiméirí a bhfuil baint acu leis an tseirbhís iompair iarnróid í chun oibríochtaí nó naisc ar aghaidh ina dhiaidh sin a phleanáil.
(2)
Ós rud é gur meastachán iad an fhaisnéis réamhaisnéise traenach dá dtagraítear i bpointe 2.6.4 agus an fhaisnéis réamhaisnéise vaigín lastais dá dtagraítear i bpointe 3.2.3 a eascraíonn as an am a bhí beartaithe ar dtús sa tráthchlár oibre +/- an diall ón tráthchlár oibre a tharla le linn na hoibríochta traenach, déanfaidh tionscnóir réamhaisnéise den sórt sin an méid seo a leanas:|
(a) |
tomhas ex-post a dhéanamh ar chruinneas a réamhaisnéise i gcomhréir le hAirteagal 10 chun muinín a chruthú sna sonraí a bheidh le hathúsáid ag an bhfaighteoir chun an oibríocht ina dhiaidh sin a phleanáil; |
|
(b) |
a áirithiú go gcuirfear faighteoir na réamhaisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) ar an eolas faoi chruinneas ionchasach na réamhaisnéise bunaithe ar thurais traenacha níos luaithe. |
(3)
Mar mhalairt ar mhodhanna líneacha aistrithe ama a chuireann roinnt páirtithe leasmhara teileamaitice i bhfeidhm go coitianta chun críocha phointe (2) (a), féadfaidh Ballstáit eile modhanna éagsúla a chur i bhfeidhm nó modhanna meaisínfhoghlama inmheánacha atá bunaithe ar algartaim a úsáid a d’fhéadfaí a chomhtháthú le hintleacht shaorga chun léargais níos cruinne agus níos cliste a bhaint amach.
(4)
Chun críoch phointe (2), déantar seiceálacha dearbhaithe cáilíochta athfhillteacha ar chruinneas na faisnéise réamhaisnéise a leagan síos mar a leanas:|
(a) |
absolute error: Ríomhtar an ‘absolute error’ [dearbhearráid] mar luach absalóideach na difríochta idir an dáta agus an t-am iarbhír teachta ag pointe tuairiscithe sonraithe agus an dáta agus an t-am tuartha teachta ag an bpointe tuairiscithe sin; |
|
(b) |
relative error: Chun an ‘absolute error’ a chur ag pointe tuairiscithe sonraithe i bpeirspictíocht le fad an turais traenach atá fágtha, déantar ‘earráid choibhneasta’ [earráid choibhneasta] a ríomh mar an cóimheas nó an céatadán a fhaightear tríd an ‘dearbhearráid’ a roinnt ar ‘fhad an turais traenach atá fágtha’; Ríomhtar ‘fad an turais traenach atá fágtha’ mar an difríocht idir dáta agus am iarbhír teachta traenach ag an bpointe tuairiscithe agus an t-am a soláthraíodh an fhaisnéis réamhaisnéise chomhfhreagrach; |
|
(c) |
cruinneas: Ríomhtar an ‘cruinneas’ mar chomhlánú ar an ‘earráid choibhneasta’ go 100 %. |
(5)
I gcás ina ndéanann sealbhóir sonraí, is é sin le rá tionscnóir na sonraí, seiceálacha dearbhaithe cáilíochta athfhillteacha dá dtagraítear i bpointe (3), déanfaidh sé measúnú ar chruinneas na sonraí mar dhóchúlacht stocastach luachanna staidrimh na faisnéise réamhaisnéise ag pointe tuairiscithe sonraithe le haghaidh grúpa atá comhdhéanta de sheirbhísí iompair iarnróid roimhe sin.
(6)
Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí seiceálacha dearbhaithe cáilíochta ar chruinneas na faisnéise réamhaisnéise traenach ach amháin nuair a shroichfidh an traein sin an pointe tuairiscithe atá faoi réir na réamhaisnéise, nó tar éis don vaigín lastais sin agus a hualach a bheith tugtha ar láimh nó seachadta chuige. Beidh seiceálacha dearbhaithe cáilíochta bunaithe ar shonraí stairiúla amháin.
(7)
Beidh táscairí a eascraíonn as na tomhais a shainítear i bpointe (3) ar fáil trí chomhéadan coiteann gréasáin an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5.
Foscríbhinn F
CEANGLAIS RIACHTANACHA
|
Pointe STI teileamaitice |
Eilimint an fhochórais teileamaitice |
Ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 |
|||||
|
Sábháilteacht |
Iontaofacht agus Infhaighteacht |
Sláinte |
Cosaint an chomhshaoil |
Comhoiriúnacht theicniúil |
Inrochtaineacht |
||
|
1.2 |
Sonraí tagartha coiteanna |
|
X |
|
|
X |
|
|
1.3 |
Slándáil |
|
X |
|
|
X |
|
|
1.4 |
Léiriú sonraí |
|
|
|
|
X |
|
|
1.5 |
Cáilíocht sonraí |
|
X |
|
|
X |
|
|
1.7 |
APInna |
|
X |
|
|
X |
|
|
CÚnna Gréasáin |
|
X |
X |
|
X |
X |
|
|
2.1 |
Aitheantóirí oibiachta |
|
|
|
|
X |
|
|
2.2 |
Toilleadh bonneagair a bhainistiú go straitéiseach |
|
X |
|
X |
X |
|
|
2.3 |
Leithdháileadh toillte |
|
X |
|
X |
X |
|
|
2.4 |
Srianta ar an toilleadh |
X |
|
X |
X |
|
|
|
2.5.1 |
Comhdhéanamh traenach |
X |
|
X |
X |
|
|
|
2.5.2 |
Traein réidh |
X |
|
|
X |
|
|
|
2.5.3 |
Réamhaisnéis ullmhachta traenach |
X |
|
|
X |
|
|
|
2.6 |
Sonraí tráchta traenach |
X |
|
|
X |
|
|
|
3.1.1 |
Nóta coinsíneachta |
|
|
|
X |
|
|
|
3.2 |
Gluaiseachtaí vaigíní lastais agus a n-ualaí |
X |
|
|
X |
|
|
|
3.3 |
Sonraí tagartha a bhaineann go sonrach le lastas |
|
X |
|
X |
X |
|
|
4.2 |
Sonraí thráthchlár na bpaisinéirí |
|
|
|
|
X |
X |
|
4.3 |
Sonraí taraife |
|
|
|
|
X |
|
|
4.4 |
Coinníollacha iompair |
|
|
|
|
X |
X |
|
4.5 |
Infhaighteacht agus áirithint |
|
|
|
|
X |
X |
|
4.6 |
Gnéithe slándála maidir le dáileadh táirgí |
|
X |
|
|
X |
|
|
4.7 |
Faisnéis taistil do phaisinéirí le linn an turais traenach |
|
|
X |
|
X |
X |
|
4.8 |
Sonraí tagartha coiteanna maidir le ticéadú iarnróid |
|
X |
|
|
X |
|
((X)) I gcás ina mbeartaítear sonraí arna stóráil nó arna gcomhroinnt de bhun an Rialacháin seo a úsáid le haghaidh sábháilteacht na n-oibríochtaí, beidh sé sin i gcomhréir le pointe 1.1 agus pointe 2.7.4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797.
Foscríbhinn G
CLOCHANNA MÍLE CUR CHUN FEIDHME
|
(1) |
Measfar gur imscaradh páirtí leasmhar teileamaitice an fochóras i gcomhréir leis an Rialachán seo nuair a bheidh na ceanglais maidir le comhroinnt sonraí agus teachtaireachtaí curtha chun feidhme go hiomlán i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus nuair a dhearbhófar go gcomhlíonann feidhmchláir theileamaitice chomhfhreagracha a úsáideadh le haghaidh comhroinnt sonraí an Rialachán seo de bhun Airteagal 18 agus phointe 1.6 den Iarscríbhinn seo agus go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán (an chéad lá oibríochta). |
|
(2) |
Chun na spriocdhátaí a leagtar síos in Airteagal 16, míreanna (2), (3) agus (4) a chomhlíonadh, déanfaidh gach páirtí leasmhar teileamaitice an fochóras teileamaitice a imscaradh i gcomhréir leis na garspriocanna atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/253/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)