This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0916
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/916 of 26 March 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2021/17 establishing a list of variations not requiring assessment in accordance with Regulation (EU) 2019/6 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/916 ón gCoimisiún an 26 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 lena mbunaítear liosta athruithe nach n-éilíonn measúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/916 ón gCoimisiún an 26 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 lena mbunaítear liosta athruithe nach n-éilíonn measúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/1602
IO L, 2024/916, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/916/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/916 |
27.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/916 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 lena mbunaítear liosta athruithe nach n-éilíonn measúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 60(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta athruithe nach n-éilíonn measúnú. |
|
(2) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/875 (3) ón gCoimisiún leagtar amach liosta de ghiorrúcháin agus de phicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais agus atá le húsáid ar phacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta chun críocha Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/6. Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh giorrúcháin nó picteagraim den sórt sin orthu ná nach gcomhlíonfaidís na ceanglais a bhunaítear leis, agus dá bhrí sin éilíonn siad athrú ar théarmaí an údaraithe margaíochta. Ní gá measúnú eolaíoch a dhéanamh ar na hathruithe sin agus ba cheart iad a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17. |
|
(3) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/878 (4) ón gCoimisiún, leagtar amach rialacha aonfhoirmeacha maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta. Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfaidís na ceanglais a bhunaítear leis, agus dá bhrí sin éilíonn siad athrú ar théarmaí an údaraithe margaíochta. Ní gá measúnú eolaíoch a dhéanamh ar na hathruithe sin agus ba cheart iad a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17. |
|
(4) |
Chuir an Coimisiún san áireamh na coinníollacha uile is gá atá le comhlíonadh chun an t-athrú a aicmiú mar athrú nach n-éilíonn measúnú agus an doiciméadacht atá le cur isteach in éineacht leis an iarratas ar an athrú nach n-éilíonn measúnú. Chun dea-úsáid an táirge íocshláinte tréidliachta a áirithiú, níor cheart athrú a liostú mar athrú nach n-éilíonn measúnú ach amháin ar choinníoll nach bhfuil tionchar diúltach ag an ngné bhreise ar inléiteacht an lipéid. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/2022-01-28
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2021 lena mbunaítear liosta athruithe nach n-éilíonn measúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 7, 11.1.2021, lch. 22, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/17/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/875 an 21 Márta 2024 ón gCoimisiún lena nglactar liosta de ghiorrúcháin agus de phicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais agus atá le húsáid ar phacáistiú táirgí íocshláinte tréidliachta chun críocha Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/875, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/875/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/878 an 21 Márta 2024 ón gCoimisiún lena nglactar rialacha aonfhoirmeacha maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/878, 22.3.2024, ELI: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/878).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17, cuid C, iontráil 10, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
|
Athrú |
Ceanglais Na ceanglais a shonraítear sa líne don phríomhroinn, tá siad bailí le haghaidh gach foroinn den roinn ar leith. Ba cheart aon cheanglas breise a shonraítear san fhoroinn a léamh in éineacht leis na ceanglais a shonraítear sa phríomhroinn. |
|||||
|
Uimhir |
|
Coinníollacha |
Na doiciméid atá le soláthar |
||||
|
‘d) |
|
Áirítear an giorrúchán nó an picteagram nua in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/875 ón gCoimisiún lena nglactar liosta de ghiorrúcháin agus de phicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais agus atá le húsáid ar phacáistíocht táirgí íocshláinte tréidliachta chun críocha Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/875, 22.3.2024, . ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/875/oj). Níl tionchar diúltach ag an ngné bhreise ar inléiteacht an lipéadaithe. |
|
||||
|
e) |
Lipéadú an neasphacáistíochta a ailíniú leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6 |
Cáilíonn an phacáistíocht mar aonad beag neasphacáistíochta faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/878 ón gCoimisiún lena nglactar rialacha aonfhoirmeacha maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/878, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/878/oj).’ |
|
||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/916/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)